Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i measc na bhfíréan among the faithful
" Níl rian ar bith den chanablach ar Hannibal Ó Nuanáin níos mó agus é anois i measc na bhfíréan.
dílse faithful
" Cé nach féidir liom dul go hÉirinn ach uair nó dhó sa bhliain - agus is mór an trua é sin - faighim cóip de *Foinse *gach seachtain, in éindí le teachtaireachtaí ríomphoist ó mo chairde dílse.
fíréin faithful
" Go fóill, is ann do na fíréin i gCeanada, tír dhúchais Gretzky, nach bhfuil aon lagú ar a gcreideamh gur dia cruthanta é Gretzky.
i measc na bhfíréan poblachtánach among the republican faithful
" Bheadh a mhiotaseolaíocht, mar atá breactha síos agam san alt thuas, i dtaca lena sheasamh i measc na bhfíréan poblachtánach, slán.
i gcomhluadar na bhfíréan in the company of the faithful
" Nuair a thugtaí gach nuasachán polaitiúil as Corcaigh Thoir-Thuaidh i láithreacht an tseanlaoich, ní raibh ach freagra sásúil amháin a scaoilfeadh thar táirseach isteach i gcomhluadar na bhfíréan é - b’in an t-aon fhreagra a bhí “ceart”, dar le Martin, ar an gceist chinniúnach seo: “Are you sound on The National Question?” Tá an Fianna Fáil sin san uaigh le fada an lá, curtha le leithéid Martin Corry.
a sheanchara dílis his faithful old friend
" Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh: “Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
dílis faithful, beloved
" Sin ceann de na hathruithe is mó a tharla ó fuair mé m’iPhone dílis.
dílis faithful
" Bhíodh an stíl scríbhneoireachta dílis do na canúintí Gaeltachta.
fear feasa feachtnach fíréanta a just and faithful wise man
" Dinnius Mac Ginlicus, fathach na Gaeilge, fear feasa feachtnach fíréanta a bhí ann.