Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gorta famine
" Meastar gur cailleadh 200,000 de dhaonra 850,000 de bharr gorta, galar agus ionsaithe míleata.
Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir The Great Famine Commemoration Committee
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
an Ghorta Mhóir the Great Famine
" " Le linn an Ghorta Mhóir chuaigh cuid mhór de mhuintir an oileáin anonn go dtí na Stáit Aontaithe agus shocraigh go leor acu ar Beaver Island.
an macasamhail de long gorta the replica famine ship
" Tá sé tábhachtach do Carey go mbeadh an obair dheisiúcháin ar an ionad cuimhneacháin críochnaithe faoi lár na míosa seo mar go bhfuil imeachtaí éagsúla in ainm is a bheith ar siúl ann nuair a bhainfidh an macasamhail de long gorta, an Jeanie Johnston, Nua-Eabhrac amach i mí Iúil.
ghorta famine
" Cuireann sé an tuairim i láthair go raibh éifeacht an ghorta i bhfad ní ba láidre i Loch Garman ná mar a creideadh go dtí seo, agus go raibh baint an-mhór ag muintir Chinnéide le radacachas frith-Bhriotanach.
an Gorta Mór the Great Famine
" Arsa Paddy: "Is é sin foinse an natha, 'So-and-so snuffed it!'" Taobh amuigh de na tithe, tá cosán clúdaithe a théann trí thaispeántas faoin 19ú haois agus an Gorta Mór.
buailte go dona ag an ngorta badly affected by famine
" Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.
aimsir an Ghorta Mhóir at the time of the Great Famine
" Rugadh agus tógadh mo mháthair in áit darb ainm Town of Kildare, ceantar feirmeoireachta a bhunaigh daoine as Éirinn in áit iargúlta i lár Wisconsin aimsir an Ghorta Mhóir.
aimsir an Ghorta Mhóir at the time of the Great Famine
" Fuair siad uilig bás aimsir an Ghorta Mhóir.
ó aimsir an Ghorta Mhóir from the time of the Great Famine
" Féachann English ina leabhar nua ar an choireacht eagraithe Éireannach i dtréimhsí éagsúla de stair na Stát Aontaithe, ó aimsir an Ghorta Mhóir anuas go dtí éalú dána Whitey Bulger ó na húdaráis fheidearálacha.
gorta famine
" Ní raibh an bóthar críochnaithe go dtí na 1850í, nuair a bhí gorta ann agus íocadh daoine le bheith ar obair ar oibreacha poiblí.
an Gorta Mór the Great Famine
" Ach rinne siad an turas fada go dtí an tír iargúlta seo blianta ó shin, idir an Gorta Mór agus an Chéad Chogadh Domhanda, cosúil leis na mílte Éireannach eile le linn na tréimhse céanna.
ó aimsir an Ghorta Mhóir from the time of the Great Famine
" Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir.
an nGorta Mór the Great Famine
" Leis an nGorta Mór in 1847 agus an inimirce a lean é i Meiriceá, mhéadaigh go mór ar an mórshiúl.
ó aimsir an Ghorta Mhóir from the time of the Great Famine
" Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir.
ó aimsir an Ghorta Mhóir from the time of the Great Famine
" Leanfaidh cúrsaí na maidine le David McWilliams, tráchtaire sóisialta agus craoltóir a phléifidh an tuairim atá aige go mbeidh an Ghaeilge níos láidre i gceann cúig bliana is fiche ná mar a bhí sí riamh ó aimsir an Ghorta Mhóir.
i rith an Ghorta Mhóir. during the Great Famine.
" An síleann tusa go bhfuil sé de cheart agat ba a bheith agat? Cuimhnigh ar na mílte a fuair bás i rith an Ghorta Mhóir.
an gorta the famine
" Ina theannta sin, nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan i 1987 tar éis 14 nó 15 de bhlianta gan í, d’fhógair a gcaptaen go raibh an gorta thart! Laethanta órga cinnte! Le filleadh ar na nóchaidí, ba iad Uíbh Fhailí agus an Clár na foirne is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána agus a spreag spéis san iomáint i measc daoine a bhí neodrach.
Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir. the Great Famine Memorial.
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
aimsir an Ghorta Mhóir, the time of the Great Famine,
" Cúpla mí ó shin, bhí mé ag dráma a bhí suite in aimsir an Ghorta Mhóir, *This Piece of Earth*.
ó aimsir an Ghorta Mhóir. from the time of the Great Famine.
" Tá cainteoirí dúchais ag dul anonn chun an Oileáin Úir ó aimsir an Ghorta Mhóir.
roimh an Ghorta. before the Famine.
" Spailpíní Chúige ChonnachtSa chéad chaibidil deir sé go raibh a lán Éireannach i Learpholl roimh an Ghorta.
tríd an nGorta, tríd an mbochtanas. through the Famine, through poverty.
" Agus bhí oiread measa aige ar na glúnta a choinnigh beo é seo trí na Péindlíthe, tríd an nGorta, tríd an mbochtanas.
an Gorta Mór, the Great Famine,
" D'ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí againn – an Gorta Mór, na Trioblóidí agus mar sin de – tá ár gcultúr fós againn anseo agus tá clár imeachtaí socraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas seo Learphoill i mbliana.
i rith an Ghorta Mhóir during the Great Famine
" Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
gorta famine
" Tá nós eile acu fosta: fágann siad leathghloine Rosé ar an bhord agus bailíonn siad leo chun an bhaile! Scannalach agus an méid sin ocrais agus gorta sa domhan! Ar scor ar bith, ní hiontas go bhfuil gach duine acu chomh caol le cú! **Pétanque** Oíche amháin d’imir muid Boules, nó Pétanque mar a deir siadsan.
ar ghorta on famines
" Tá tuairisciú déanta ag Ken ar thubaistí, ar chogaí agus ar ghorta timpeall na cruinne.
faoin nGorta Mór about the Great Famine
" Dhéanainn a cuid gruaige a chíoradh gach oíche sula dtéadh sí a chodladh – céad buille na scuaibe! Ba ise a d’insíodh scéalta dom faoin nGorta Mór – faoin méid a tharla do bhaill áirithe de mo theaghlach féin, cuir i gcás – agus is dócha gurbh ise a chuir ina luí orm an tábhacht a bhaineann le coinsias sóisialta a bheith ag duine.
Ag teitheadh ón Drochshaol fleeing from the 'Famine'
" Ag teitheadh ón Drochshaol Lucht dídin an Drochshaoil ab ea an chuid is mó acu, agus cé gur lean cuid mhaith acu ar aghaidh isteach faoin tír agus go tíortha thar lear, go mór mór go dtí Na Stáit Aontaithe, d'fhán na mílte i Learpholl fosta.
Lucht dídin an Drochshaoil 'Famine' refugees
" Ag teitheadh ón Drochshaol Lucht dídin an Drochshaoil ab ea an chuid is mó acu, agus cé gur lean cuid mhaith acu ar aghaidh isteach faoin tír agus go tíortha thar lear, go mór mór go dtí Na Stáit Aontaithe, d'fhán na mílte i Learpholl fosta.
an Drochshaol The Famine
" Bhuail an Drochshaol, tógadh an barr agus ligeadh milliún Gael chun bás den ocras tríd an tír.
gorta famine
" Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor.
Drochshaoil famine
" An tarlú is mó i saol na hÉireann san 19ú aois dar ndóigh ba ea blianta an Drochshaoil.
ghorta famine
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
mbliain seo an drochshaoil this famine year
" Cén fáth mar sin gurbh ábhar iontais go bhfuil siúlóidí Oráisteacha ina thosaíocht ag an DUP i mbliain seo an drochshaoil 2009?
Drochshaol ‘Famine’
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
Drochshaol the Famine
" Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999.
an Ghorta Mhóir the Great Famine
" Sa reilig chéanna, tá siad siúd a fuair bás le linn an Ghorta Mhóir curtha.
Drochshaoil ‘Great Famine’
" Ar ndóigh, tháinig na mílte Éireannach go Ceanada le linn an Drochshaoil agus tugadh tearmann dóibh anseo i dToronto.
Drochshaol ‘Famine’
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
Drochshaol ‘Famine’
" Is coimhlint í seo a théann go smior i bpobal na hÉireann de thairbhe an dearcadh fadbhunaithe atá againn i leith úinéireacht talún, dearcadh a d'eascair cuid mhaith ón Drochshaol, ó Chogadh na Talún agus ónár n-oidhreacht iarchóilíneach.
an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol that non-writing era before the Famine
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
an leacht cuimhneachán an Drochshaoil the ‘Famine’ commemorative plaque
" Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner.
i dtaca le hocras agus gorta ar domhan in regard to world hunger and famine
" Is fada an t-úll ón úllort más ag leagan béime ar athruithe aeráide atáimid i dtaca le hocras agus gorta ar domhan.
an Ghorta Mhóir The Great Famine
" Tá an tSlí Oidhreachta Éireannach i Learpholl mar chuimhneachán ar na céadta míle de mhuintir na hÉireann a tháinig i dtír sa chathair, go háirithe le linn bhlianta an Ghorta Mhóir.
chun teitheadh ón Ghorta Mór to flee the Great Famine
" Tá cur síos i mbeathaisnéis ón naoú haois déag, atá díreach foilsithe, ar an chruatan a d'fhulaing na hÉireannaigh a thrasnaigh an tAigéan Atlantach chun teitheadh ón Ghorta Mór.
ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir Great Famine memorial
" Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh.
i mblianta an Ghorta Mhóir in the years of the Great Famine
" Tá leabhar díreach léite ag Tom Deignan faoi Phrotastúnach mná as na Stáit Aontaithe a tháinig i dtarrtháil ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach i mblianta an Ghorta Mhóir.
aimsir an Ghorta Mhóir at the time of the Great Famine
" Tá ionad nua oidhreachta tógtha i Learpholl i gcuimhne orthu siúd a thug aghaidh ar Learpholl aimsir an Ghorta Mhóir.
Drochshaoil ‘famine’
" Bhí Tony Birtill ag caitheamh súil siar na blianta ar Learpholl an Drochshaoil nuair a chas an t-iriseoir teilifíse, Donal Mac Intyre, air ar na mallaibh.