Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fanacht thar fhad na fáilte overstaying my welcome
" Ach nuair a rinne seanbhean mhór mhantach iarracht mé a mhealladh chun a leapa, bhraith mé go raibh mé ag fanacht thar fhad na fáilte.
le fanacht ar mo chiall to remain sane
" Tá cara agam as Baile Átha Cliath a chónaíonn i mBéal Feirste agus deir sise: "Caithfidh mé imeacht achan choicís le fanacht ar mo chiall.
ag fanacht le Paul waiting for Paul
" "Bhí mé ag fanacht le Paul taobh amuigh den Crown Bar, os comhair Óstán an Europa," ar sise.
fanacht ina dtost to stay silent
" " Is uirlis chumhachtach agóide í an ealaín a labhraíonn faoi dhaoine nach bhfuil sásta fanacht ina dtost.
ag fanacht lena gcuid waiting for their food
" " Shuigh siad siar ag ól an fhíona a fhad agus a bhí siad ag fanacht lena gcuid.
fanacht i do thost to stay quiet
" Saoirse talamh de do chuid féin a bheith agat nó í a fhágáil, saoirse amhráin a ghabháil nó fanacht i do thost, creidiuint nó gan creidiúint, saoirse dóchas a bheith agat nó titim in éadóchas.
a fhad is atá tú ag fanacht while you're waiting
" Ansin dúirt sí liom: "Is féidir leat a bheith i do shuí a fhad is atá tú ag fanacht.
ag fanacht faoi cheilt staying hidden
" Ach, faraor, níl sé praiticiúil iad ar fad a chur isteach i leabhar grianghraf - rud a d'fhág go mbíodh a bhformhór ag fanacht faoi cheilt.
gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna that I had to stay longer in places
" Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail.
nóiseán na fanachta the notion of waiting
" Chomh maith le léiriú a dhéanamh ar an tslí a n-éiríonn le daoine iad féin a chur in oiriúint d’áit, léiríonn Bowler nóiseán na fanachta.
chinn sé ar fhanacht sa mbaile he decided to stay at home
" Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile.
agus ar ghá fanacht bliain leis and which they had to wait for a year for
" Bhí timpeall céad duine sásta €80,000 a íoc ar ghluaisteán nár thiomáin siad riamh agus ar ghá fanacht bliain leis! Chuir Sergey Brin, duine den bheirt a bhunaigh Google, dhá Tesla Roadster in áirithe.
go raibh sé de cheart aici fanacht that she should have waited
" "Deirim le mo mháthair ó am go ham go raibh sé de cheart aici fanacht roinnt seachtainí eile agus bheinn mar leanbh de chuid na seascaidí, seachas na gcaogaidí duairice.
ag fanacht ar chomhairle ó sheandálaí waiting for advice from an archaeologist
" Bhí siad ag fanacht ar chomhairle ó sheandálaí sula ndeiseodh siad é.
fanacht i dteagmháil lena chéile stay in contact with each other
" Bhabhtálamar uimhreacha fóin ionas go mbeimis ábalta fanacht i dteagmháil lena chéile ar eagla go mbeadh fadhbanna againn leis na píosaí ceoil.
fanacht i gcumhacht stay in power
" Roimhe seo, glacadh leis go n-éireodh sé as in 2009, ach anois tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ar intinn aige fanacht i gcumhacht go dtí 2012 má thagann sé slán as an scannal seo.
ag fanacht waiting
" Mura bhfaigheann siad an coimisiún, beidh siad ag fanacht ar feadh sé mhí go dtí an chéad bhabhta coimisiúnaithe eile.
go mbeadh orm fanacht leis that I would have to stay with him
" Ba í an treoir a tugadh dom ná go mbeadh orm fanacht leis - nár chóir dom é a scaoileadh as mo radharc fiú.
iarracht a dhéanamh fanacht leis. to make an effort to keep up with him
" I bhfaiteadh na súl, bhí an leaid óg fionn a bhí á mharcáil agam imithe ar ruathar aonair, chomh sciobtha sin nárbh fhiú dom iarracht a dhéanamh fanacht leis.
ag fanacht lasmuigh waiting outside
" Ní bheidh seisean ag fanacht lasmuigh de shiopa ceirníní agus é sa tóir ar albam nua de chuid banna éigin, mar a rinne mise i gcás na Horslips.
Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain it is not unusual for asylum seekers to be waiting for as long as two years
" Ní hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le cé acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu.
ag fanacht le tamall anuas waiting for a while
" Bhí daoine ag fanacht le tamall anuas ar thuarascáil teangeolaíochta dar teideal *Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
ag fanacht orm. waiting for me
" An nóiméad a thuirling an t-eitleán in Malaga, bhí teocht ní ba theo le brath san aer – bhí mé sna flaithis! Nuair a d’fhág mé an t-aerfort, bhí fostaí de chuid an chomhlachta réadmhaoine a raibh socrú déanta agam leis ag fanacht orm.
a rabhthas ag fanacht air that was being waited for
" Faoi dheireadh, tháinig an "taispeánadh" a rabhthas ag fanacht air go dtí ardchomhairle na heaglaise, agus ligeadh isteach Gormaigh.
ag fanacht san Antartach, waiting in the Antartic
" Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadais – na Giúdaigh.
go mbíonn air fanacht that he has to wait
" Bhí go leor earraí agus bagáiste aige agus dúirt sé liom go mbíonn air fanacht ar feadh tréimhse fada ar thiománaí bus nó leoraí a bhíonn sásta na hearraí ar fad a iompar.
fanacht in oifig stay in office
" Ní raibh suim ag uachtarán an ama sin, Lyndon Johnson, fanacht in oifig níos mó, agus feallmharaíodh an t-aon iarrthóir a raibh seans aige, Robert Kennedy, cúpla mí roimh an gcoinbhinsiún.
D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann I found a nice place to stay
" D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann i sráidbhaile beag taobh amuigh de Larrasaona ar a dtugtar Akerreta.
fanacht to stay
" Bhí cead ag lucht dídine na víosaí seo fanacht san Astráil, ach ní raibh cead acu taisteal thar lear, obair a fháil, úsáid a bhaint as na seirbhísí sóisialta ná a gcuid gaolta thar lear a thabhairt isteach.
fanacht lena waiting for their
" Cén fáth a mbíonn ar mhic léinn in Éirinn fanacht chomh fada sin le torthaí scrúdaithe? Ach má tá deireadh tagtha leis an mbliain acadúil nó leis an mbliain scoile agus mic léinn ar fud na tíre anseo ag fanacht lena gcuid torthaí scrúdaithe roimh thús ceart a chur le scléip an tsamhraidh, ní hamhlaidh atá an scéal i roinnt mhaith ollscoileanna sa Fhrainc.
fhanacht staying
" Bhí ár n-aird ar thithe thar sáile, ar laethanta saoire agus cuireadh an bhéim ar fhanacht sa lúib cheart shóisialta.
fanacht liom waiting for me
" Ag fanacht liom sa chríochfort bhí John McGuire, Gael-Mheiriceánach neamhphostúil, gléasta mar a d'fheicfeá Éireannach ar bith.
fanacht wait
" B’fhada an fanacht é ach tháinig sí gan choinne sa deireadh thiar mar a bheadh gearrcach bheag ghlórach.
bréan de bheith ag fanacht sick of waiting
" Dúirt sí go raibh sí bréan de bheith ag fanacht lena hathair agus gur theastaigh uaithi dul abhaile.
fanacht ina rún remain secret
" **SMM: Níl sé i bhfad ó shin ó shiúilís amach as cruinniú nuair a d'fhógair Olli Rehn go gcaithfeadh gach ní a raibh le rá aige fanacht ina rún.
ag fanacht leo waiting for them
" Tuirlingíonn Eorpaigh isteach in aerfoirt Mheiriceá gach lá ag déanamh talamh slán de go mbeidh traenacha agus busanna poiblí ag fanacht leo chun iad a thabhairt timpeall na tíre chomh tapaidh agus chomh saor le córais iompair na hEorpa, ach ní hamhlaidh atá.
fanacht to stay
" Agus ba cheart iarraidh ar dhaoine óga fanacht in Éirinn agus sochaí nua a thógáil mar a d’iarr Theo Dorgan orthu a dhéanamh san aitheasc a thug sé ag searmanas bronnta céimeanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mí na Nollag seo caite, aitheasc a foilsíodh ina iomláine san Irish Times: *‘The nation is beaten down, but not defeated.
le fanacht to stay
" ” “Is maith sin,” a d’fhreagair Balor, “nó beidh scileanna an chluiche sin de dhíobháil uirthi le fanacht amach ó na haistritheoirí Gaeilge ar fad atá ag brath ar na haistriúcháin sin chun slí bheatha a bhaint amach.
fanacht to stay
" Mholfainn do chuairteoirí fanacht sa Pacific Resort toisc go raibh meascán iontach de ghníomhaíochtaí le déanamh ann, ach bhí sé ciúin go leor chun do scíth a ligean chomh maith.
ag fanacht rófhada leis waiting too long for
" Níl aon chlár ama oifigiúil ar fáil ach bíonn a fhios ag muintir na háite go dtiocfaidh an bus cuí tar éis dó timpeall an oileáin a chur de! Níl imlíne Rarotonga ach 20 míle (nó 32 ciliméadar) ar fhad agus ní bheidh tú ag fanacht rófhada leis an mbus mar sin.
trí fhanacht amach as by staying out
" Ach foighid a bheith acu, d’fhéadfaidís dul níos airde fós ag an gcéad toghchán eile, trí fhanacht amach as an rialtas.
fanacht siar ó stand back from
" Caitheann tú fanacht siar ó gach rud as a bhfuil tú freagrach.
ag fanacht staying
" Is ar an Oileán Fada a bhí mé féin agus m’fhear céile ag fanacht nuair a rinne muid an turas sin.
ag fanacht staying
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
Fanacht Fhada a long wait
" Fanacht Fhada ======= Bhí pleananna leagtha amach ón mbliain 1995 chun saoráid speisialta a oscailt in otharlann Naomh Uinseann d'othair na FC.
crua ar m’fhoidhne ag fanacht leis the waiting tested my patience
" Chuir *‘The Tree of Life’* crua ar m’fhoidhne ag fanacht leis an tabhartas sin.
ag fanacht tigh a dhearthár staying in his brother’s house
" Bhuail mé leis agus ní hé amháin sin ach bhí mé ag fanacht tigh a dhearthár, Pádraic, nuair a bhí mé seacht mbliain nó ocht mbliain déag d’aois.
ag fanacht tigh mo mhuintire staying at my parents’ house
" Mhínigh Daithí dom nuair a bhuail mé leis agus é sa bhaile le haghaidh saoire na Nollag cén chaoi ar tharla sé gur chuig Gaelscoileanna a cuireadh é: ‘bhíodh daltaí scoile ón Spáinn ag fanacht tigh mo mhuintire agus iad ag foghlaim Béarla.
Sheas mé ag fanacht le I stopped waiting for
" Sheas mé ag fanacht le treoir.
Bhí iachall uirthi fanacht she had to wait
" Bhí iachall uirthi fanacht ansin as radharc ar feadh trí lá na bainise.
ní gá dúinn fanacht we don’t have to wait
" Agus fiú ó bhorradh na nguthán cliste, tá athrú as cuimse ar luas earcaíochta: ní gá dúinn fanacht go dtí tráthnóna chun freagra a fháil ó iarrthóir: is léir ón trácht suímh go bhfuil an chuid is mó díobh ag póirseáil is ag cuir iarratais isteach óna ngutháin soghluaiste.
róghoirt acu fanacht le chéile too bitter to remain together
" Scrúdaíonn Duggan an toradh a bhíonn ag an chailliúint mhillteanach seo uirthi féín agus ar a fear chéile, Tony, agus ar an dóigh a scamhann an dubrón a gcaidreamh go dtí go mbíonn sé róghoirt acu fanacht le chéile.
fanacht ina ndúiche féin stay in their own country
" B'fhearr le foireann Bharcelona fanacht ina ndúiche féin le go mbainfidís sult as na tinte cnámh sa Chatalóin.
n-éireoidh leis fanacht in oifig he’ll succeed in remaining in office
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
dhiúltaigh mé fanacht leo I refused to stay the night with them
" Le barr easpa airgid agus ag cur mo mhuiníne i mo phuball féin, dhiúltaigh mé fanacht leo, ach ar son a bheith béasach, chruthaigh mé an leithscéal go raibh sé níos fearr dom siúl i rith na oíche, in ionad siúl faoi theas na gréine, scéal nach raibh iomlán bréagach.
fanacht i seilbh remain in the possession
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl to stay while the legal process runs its course
" Má táthar sásta comhoibriú, ligtear don íospartach fanacht fad a bhíonn na himeachtaí dlí ar siúl agus abhaile leis ansin – ar ais go dtí an tír ina bhféadfadh gáinneálaithe eile a bheith ag feitheamh leis, nó daoine eile nach mbeadh sásta go ndearnadh comhoibriú i gcoinne na ngáinneálaithe.
fanacht ar bhonn fadtéarmach to stay on a long term basis
" Ach fiú dá ligfí do gach íospartach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach fanacht ar bhonn fadtéarmach, rud a thabharfadh uchtach dóibh comhoibriú leis na húdaráis i gcoinne na ndaoine a thagann i dtír orthu, ní réiteofaí an fhadhb.
ag fanacht chun cabhrú leis staying on to help him
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
ag fanacht a bheas siad áfach they’ll be waiting
" Tá faitíos orm gur ag fanacht a bheas siad áfach.
fhad is nach gá dom fanacht as long as I don’t have to stay
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
Is saoire sin ná fanacht it’s cheaper than staying
"Is saoire sin ná fanacht sa mbaile,’ arsa mise liom féin.
ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach awaiting its emancipating downloading finger
" Is fearr liom an DVD ábhartha ar an tseilf ná a scáil neamhchorpartha ar line, nó a sprid faoi ghlas ar néal éigin sna spéartha ag fanacht leis an méar fhuascailte íoslódálach.
a bhfuil sé mar rún aige fanacht who intend to stay
" I gcomhthéacs na staitisticí seo is inimirceach duine a bhfuil sé mar rún aige fanacht sa Bhreatain ar feadh bliana ar a laghad.
ar mian leo fanacht who wish to remain
" I mí na Samhna, fágaim, gan ach foláireamh 5 lá tháinig méadú 100% ar an táille atá le híoc ag daoine nach saoránaigh de chuid an AE iad ar mian leo fanacht in Éirinn níos faide ná 90 lá.
Tú ag fanacht go foighdeach you’re waiting patiently
" Tú ag fanacht go foighdeach le scannán sclábhaíochta; ansin tagann dhá cheann, tiúchosach le heirbeall a chéile.
Fanacht sna Bólaí Dúchais staying in the where one was reared
" Fanacht sna Bólaí Dúchais =========== Ó aimsir an chogaidh cathartha i leith, fanann daoine Gorma ina gceantair féin.
ag fanacht leis waiting for him
" ’ Ag Meabhrú ar an Saol ======== Faoin am a shroich Balor seomraí príobháideacha an Phápa bhí drochnéal amach is amach air, ach nuair a chonaic sé a sheanchara beag Gearmánach ag fanacht leis, chuir aoibh álainn an Phápa ar a sháimhín só arís é.
fanacht leis stick with it
" Le Minecraft feicim gur féidir leo díriú isteach ar thionscnamh agus fanacht leis go dtí go mbeidh sé curtha i gcrích acu.
ag fanacht le háiméar ar waiting for his opportunity
" Agus é i bhfolach i bhforaois i dtuaisceart Mharacó, ag fanacht le háiméar ar an teorainn le Melilla a thrasnú, tháinig saighdiúirí Mharacó air.
ní hí is údar liom fanacht ann it’s not the reason I’m staying there
" Más í an Ghaeilge a mheall go Cois Fharraige mé 40 bliain ó shin, ní hí is údar liom fanacht ann.
le fanacht going to remain
" Ag Socrú Síos Abhus ===== Na Polannaigh atá linn le breis is ceithre bliana, tá siad le fanacht mar is abhus amháin atá siad i dteideal íocaíochtaí leas sóisialta.
sásta fanacht in áit na leathphingne content to remain bereft of respect
" "Ceann de na rudaí a tharla sna 70í a bhí difriúil ná, i ndiaidh an imtheoranaithe, gur léir nach raibh an pobal náisiunaíoch sásta fanacht in áit na leathphingne.
ag fanacht leis an daonlathas waiting for democracy
" “Táimid fós ag fanacht leis an daonlathas a gealladh dúinn an tráth sin,” a dúirt sí liom.
faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha about his fight for life
" Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
bhí ‘ga seá ionam féin ag fanacht I was waiting with bated breathe
" Sea, bhí ‘ga seá ionam féin ag fanacht’, más fior don journal.
Ní thig liom fanacht I can’t wait
" Ní thig liom fanacht go dtí 2018.
fanacht ina phost i ndiaidh an eolais stay in his position considering the information
" Léiríonn sé a mhífheidhmiúil is atá an córas polaitíochta anseo gur féidir le Adams fanacht ina phost i ndiaidh an eolais atá ag teacht amach faoi.
seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód as against those who could stay at home
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.
cé ar mhaith leis fanacht beo who’d like to stay alive
" Ba dheas a cheapadh go dtiocfadh duine thall is abhus slán i ndiaidh an tríú cogadh domhanda, ach cé ar mhaith leis fanacht beo faoin talamh ar feadh breis is sé mhí le teacht aníos ina dhiaidh sin chuig domhan nach mbeadh aon léas de sholas na gréine le feiceáil ann ar feadh blianta fada? Dá gcuimhneodh daoine go leor ar a leithéid in am, d’fhéadfaí é sheachaint.
daoine macánta ag fanacht le good people waiting on (jobs)
" San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.
gur fanacht in aisce a bhí ann she had waited for nothing
" Dúirt sí gur mhaith a bhí a fhios aici sin, mar gur sheas sí go minic ag an bheár i dTeach Laighean ag fanacht le go gceannódh Liam deoch di, ach gur fanacht in aisce a bhí ann.
ag fanacht anois le glaoch ón otharlann waiting for a call from the hospital
" Ta sé ag fanacht anois le glaoch ón otharlann le go rachaidh sé faoi scian agus cromán nua saorga a fháil dó féin.
ag fanacht leis waiting for him
" Bhí an tUasal Poitín ag fanacht leis os cionn an chuain.
fanacht sa mbaile stay in the home
" ** Th’éis don páiste theacht ar an saol, ba cheart don bhean agus a páiste fanacht sa mbaile ar feadh 40 lá.
ag fanacht le scéal go fóill still waiting for news
" Ní fheadar an dtarlóidh sin riamh i gCromghlinn, Baile Atha Cliath? Ghiolc mé ceist chucu faoin bhfadhb seo ach am scríofa an ailt seo agus tá mé ag fanacht le scéal go fóill.
ag fanacht thar oíche staying overnight
" 8 m duine ar chuid den chósan sa chéad bhliain, le 800,000 cuairteoirí ag fanacht thar oíche i dtithe aíochta agus óstáin ar an tslí.
ar chóir fanacht sa pholaití úd ought (they) stay in that polity
" I mí Meán Fómhair, nuair a bheidh reifreann in Albain, beidh cuid den Riocht Aontaithe ag freagairt na ceiste ar chóir fanacht sa pholaití úd ar chor ar bith.
fanacht ina Uachtarán stay as president
" (D’fhéadfadh Gerry Adams fanacht ina Uachtarán ar an bpáirtí ach gan seasamh don Dáil.
fanacht san áitreabh naofa seo to stay in this saintly abode
" Cuireann na mná brú ar an sagart ligean d’Alina fanacht san áitreabh naofa seo agus ní bhíonn de rogha aige ach géilleadh dá n-achainí nó nach bhfuil áit ar bith eile aici le cur fúithi ann.
B’éigean fanacht one had to wait
" B’éigean fanacht go dtí 2007 le go mbuafadh Éireannach eile.
B’éigean do mhná fanacht le women had to wait for
" B’éigean do mhná fanacht le neamhspléachas na tíre le cead iomlán vóta a bhaint amach i 1922 ach ó shin i leith, níorbh ionann sin agus ról lárnach a bheith acu i ngnóthaí polaitíochta, i rialtas nó sna forais sin a chum na rialacha faoina mairfeadh siad.
an mbeidh sé in ann fanacht ina phost? will he be able to stay in his job?
" Tá creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh sé in ann fanacht ina phost?
fanacht wait
" Is é sin, ar an ríomhphost agus cá mbeimis dá uireasa? Tá sé díreach agus bíonn sé dírithe ar dhuine amháin, nó ar shlua, ach caithfear fanacht taobh istigh den dlí ina thaobh.
fanacht le waiting for
" Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach.
fanacht i dtaobh leis to restrict (oneself)
" Tá ‘fíricí’ agus fíricí sa saol, dar le Donncha Ó hÉallaithe, ach is fearr fanacht i dtaobh leis an daonáireamh le teacht ar an gcineál fírice atá ceart!
a raibh tú ag fanacht leis you were waiting for
" Dála an scéil, ar mhaith leat do shiopa féin a chruthú ar Facebook? B’fhéidir gur seo é an tús a raibh tú ag fanacht leis.
fanacht glan ar to steer clear of
" Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh.
ag fanacht taobh leis confined to
" Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.
fanacht faoi shuan go fóilleach stay under wraps for the present
" Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.