Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díograiseoir fanatic, enthusiast
" Ba bheag an mhaith breis agus deich míle díograiseoir ag glacadh an darna morgáiste amach ar an teach agus ag díol a gcuid leanaí le sclábhaíocht le go mbeidís in ann bheith in éineacht leis an fhoireann sa Chian-Oirthear.
gealtán iomána hurling fanatic
" An bhfuil cúrsaí iománaíochta in umar na haimléise? B'fhéidir go ndéarfadh léitheoirí gur gealtán iomána mé ach braithim easpa cur chuige i mbliana ó thaobh cur chun cinn an tseanchluiche ársa.
fhanaiceach spóirt sports fanatic
" Tá an tír siúlta aige féin ó shin mar iriseoir agus mar fhanaiceach spóirt agus tá peann curtha le pár aige chun cuntas a thabhairt dúinn, ní hamháin ar na cluichí ar fhreastail sé orthu, ach ar dhaoine a casadh dó, eachtraí a tharla dó, scéalta a insíodh dó agus amhráin a canadh dó.
fanaiceach, fanatic,
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
tacaíocht fhanaiceach fanatic support
" Is é leabhar Sharansky bíobla na nuachoimeádach, grúpa a thugann tacaíocht fhanaiceach d’Iosrael.
Is saghas andúiligh mé i leith I’m a kind of fanatic about
" Is saghas andúiligh mé i leith rac-amhránaithe móra na 1990í freisin – go háirithe iad siúd a bhí ar i mbarr a réime ag tús na nóchaidí! **M.
i measc na bhfanaiceach spóirt among sports fanatics
" Féachann Colm Mac Séalaigh ar chuid de na conspóidí a ndéantar plé orthu go rialta i measc na bhfanaiceach spóirt.