Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éide bréige fancy dress
" An t-imeacht is fearr liomsa ná carnabhal na bpáistí agus iad gléasta in éide bréige.
nóisean a fancy
" Ní thiocfadh leis muinín a chur i gcomhairle Pheadair nó bhí a fhios aige go maith go raibh nóisean aige d'Aoife ar fad, is cuma cad é a déarfadh sé.
an-ghalánta very fancy
" Thaistil mé suas ar eitleán beag an chomhlachta – an-ghalánta i gcomparáid le bheith suite ar chúl sean-*pickup* éigin! Bhí an turas go hálainn; bhí Loch na Maláive le feiceáil thíos fúinn, bailte beaga scaipthe i ngach áit, agus bóithríní cúnga dearga ag casadh trí na sléibhte glasa.
snasta fancy
" Pasáil – nó mar a deir lucht na Gaeilge snasta seachadadh na liathróide – sin an scil is mó atá agamsa agus sin an ceacht is mó a d’fhoghlaim mé ón pheil.
gléasta i mbréagriocht in fancy dress
" Bhí na céadta daoine óga ann, iad ar fad idir ceithre bliana déag agus ocht mbliana déag d’aois, iad gléasta i mbréagriocht agus ag ól deochanna glana.
thoighsí a bpátrún nua their new patrons’ fancies
" Bhí ealaíontóirí na hÍsiltíre ar an neamhacra don chéad uair riamh i stair Iarthar na hEorpa le saothar a dhéanamh nach raibh ag brath ar choimisiúin ó na heaglaisí amháin agus thosaigh siad ag cruthú pictiúr a bhí dírithe ar thoighsí a bpátrún nua.