Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoiseamh relief
" Tá sé furasta gluaisrothar a fháil ar cíos fosta agus is faoiseamh iontach é san aimsir the a bheith ag tiomáint a leithéid in aice na farraige.
faoiseamh relief
" Ba mhór an faoiseamh dom an bheirt acu a fheiscint.
Faoiseamh relief
" Faoiseamh a bhíonn ann nuair a chuirtear dráma Gaeilge ar an stáitse ar féidir sult a bhaint as agus nach fulaingt a bhíonn i gceist dul chuige.
faoiseamh relief
" Tá moladh mór acu d'ardchaighdeán na gceoltóirí sráide sa Danmhairg agus deir go bhfuair siad faoiseamh teanga sa Spáinn, áit a ndearna siad roinnt gigeanna i mBarcelona.
faoiseamh ollmhór great relief
" "Laetha deireanacha na síochána " a thuar an *Belfast Newsletter* an mhí seo caite, ach le faoiseamh ollmhór, tá mé sásta a rá nach dtáinig an *Armageddon* a raibh an *Newsletter* ag súil leis.
faoiseamh relief
" Braithimid saoirse éigin anseo, nó faoiseamh ba chirte dhom a rá, i ndiaidh anord na hIndia.
ábhar faoisimh comfort
" An t-aon ábhar faoisimh a bhí ag na O'Driscolls ná go bhfuarthas corp Stephen.
faoiseamh relief
" Tar éis an chéad chúpla nóta bhí faoiseamh agam.
faoiseamh relief
" Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé tugtha go hiomlán don chluiche.
faoiseamh relief
" Nuair a éiríonn rudaí go holc i mo shaol pearsanta, tá faoiseamh beag amháin agam - ní mé David Trimble.
faoiseamh relief
" Ba mhór an faoiseamh dom é nuair a fuaireas amach nár mise an t-aon duine aisteach sa chathair.
faoiseamh relief
" Tá chuile sheans go mbeidh sé trí mhí nó cheithre mhí ar a laghad sula mbeidh faoiseamh le fáil.
a bhéarfaidh faoiseamh éigin which will give some relief
" Anois, caithfidh siad na himpleachtaí a mheas a bhaineann le toradh a bhéarfaidh faoiseamh éigin agus muinín úr d'aontachtaithe.
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt which is supposed to offer respite
" Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
faoiseamh relief
" Is féidir leis na turasóirí seo faoiseamh a fháil i dtír ghlas shléibhtiúil, atá beagáinín fliuch ach grianmhar go leor, in áiteanna ar nós La Costa del Sol.
fhaoiseamh relief
" Bhí daoine tosaithe ag déanamh trua dhó agus b'fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d'éirigh leis sa Ghearmáin.
beagán faoisimh some relief
" Laigí: Tá easpa spáis san Áras i láthair na huaire, cé go mbeidh beagán faoisimh againn ón bhfadhb seo go luath de bhrí go bhfuil muid ag athchóiriú Choláiste Cholumba, foirgneamh atá in aice an Árais, a ceannaíodh cúpla bliain ó shin, agus tá súil againn aistriú ann tar éis na Nollag.
faoiseamh relief
" Tá linnte snámha ansin, linnte speisialta i gcomhair teiripe, trá phríobháideach in aice na farraige féin agus gach áis eile a bheadh uait chun saoire thaitneamhach chiúin a bheith agat, agus faoiseamh a fháil ón saol mór.
faoiseamh rest, relief
" Ach, mar a dúirt sí lá amháin, agus í ag ligean a taca le balla i nGaillimh agus scíth á tógáil aici le faoiseamh a thabhairt dá cosa spuaiceacha, ní raibh an dara rogha aici: "Should I sleep the sleep of death, with my head pillowed against this wall, no matter.
faoiseamh relief
" Ach tá faoiseamh áirithe faighte agam le déanaí toisc go bhfuil scagaire in úsáid agam chun an turscar a aithint agus a chur ar leataobh.
fhaoiseamh relief
" Chiallaigh sé seo nach raibh tuismitheoirí Anna in ann í a chur chuig an scoil chónaithe, agus b'fhaoiseamh an-mhór é sin di.
faoiseamh relief
" " Tosaíonn McCann ag labhairt ansin faoi na cúiseanna éagsúla a bhíonn ag daoine le reiligiún a leanúint: faoiseamh ón bhrón agus ón fhoréigean; cuartú miniú ar na nithe atá dothuigthe; sólás ón tuiscint go bhfuil beatha eile i ndán dúinn agus nach mbeidh deireadh linn.
faoiseamh relief
" Ach b'fhéidir gur chóir dúinn ar fad a bheith buíoch go bhfuil áit éigin ann fós gur féidir linn faoiseamh áirithe a fháil ó theicneolaíocht cumarsáide na linne seo.
faoiseamh relief
" Tá buidéal maith fíona le fáil anseo ar níos lú ná cúig euro - mar sin, ní bhíonn mórán imní ort má dhoirteann tú cuid de! faoiseamh ======= Tá go leor leor páirceanna poiblí anseo, áit ar féidir leat do scíth a ligean agus faoiseamh a fháil ó chrá croí *la vie quotidienne*.
fhaoiseamh relief
" Ná tugaimis aon fhaoiseamh do lucht díolta agus úsáidte na ndrugaí.
faoiseamh cánach tax relief
" De réir Spencer Fitzgibbon, urlabhraí náisiúnta an Pháirtí Ghlais, is fiú £9 mbilliún gach bliain an faoiseamh cánach seo.
faoiseamh relief
" Chuirfeadh Wikipedia i gcuimhne duit nach raibh an t-idirlíon á reáchtáil ar bhonn tráchtála sna blianta tosaigh, agus go raibh tús áite ag leas an phobail seachas ag gnólachtaí móra agus airgead ponc com, agus is faoiseamh mór é ón fhógraíocht ar fad a mbíonn suímh eile breac leo.
faoiseamh relief
" faoiseamh mór ======= Luann an chuid is mó de na tuismitheoirí cúrsaí sábháilteachta nuair a iarrtar orthu a mhíniú cén fáth a bhfuil siad ag ceannach guthán dá páistí; deir siad gur faoiseamh mór é bheith ábalta teagmháil a dhéanamh lena bpáistí ag am ar bith, go háirithe i gcás éigeandála.
faoiseamh relief
" Maidir liom féin, cé nach rabhas i bhfábhar Riail 42 a chur ar ceal, faoiseamh níos mó ná aon mhothúchán eile a bhuail mé nuair a chualas an toradh, faoiseamh go raibh an cur agus cúiteamh thart agus go bhféadfaí dul ar aghaidh agus díriú isteach ar fhorbairt na gcluichí féin.
i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach in the form of tax relief or allowance
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
faoiseamh relief
" B’iontach an faoiseamh é gan a bheith buartha faoi shluaite agus faoi scuainí.
faoiseamh cánach tax relief
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
faoiseamh relief
" Nílim á rá gurb é spórt an leigheas, nó an íocshláinte ar gach galar agus tinneas, ar strus agus ar theannas, ach sílim gur féidir a rá go bhfuil suaitheadh coirp go maith don duine óg agus don seanduine araon agus go dtugann spéis agus rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt bealach éalaithe agus faoiseamh don duine ó strus an tsaoil.
faoiseamh relief
" Is faoiseamh é, tar éis an bhua sin in aghaidh Manchester United, nach mbeidh orainn bheith ag éisteacht le tagairtí don bhliain 1921 níos mó ar “Match of the Day”.
fhaoiseamh relief
" Póilíní iad na píobairí den chuid is mó, ach ar a laghad b'fhaoiseamh iad ó chiúnas agus aghaidheanna crua na saighdiúirí! Is cosúil go bhfuil banna píb ag gach roinn póilíní i Meiriceá, agus más ea, bhíodar i Nua-Eabhrac an lá seo.
faoiseamh ón ghrian relief from the sun
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
faoiseamh relief
" Bhí sé feicthe chomh minic ag Liam ó mhaidin go hoíche le trí nó ceithre lá gur faoiseamh dá shúile ab ea na maolchnoic ag síneadh ó dheas ar ardchlár na Tibéide.
faoiseamh éigin some relief
" Aithníonn Collins é seo ina shaothar agus b’fhéidir go dtugann an méid sin féin faoiseamh éigin dóibh siúd atá ag insint a scéalta.
ag lorg faoisimh is sóláis. looking for relief and solace.
" Gach nóta ag lorg faoisimh is sóláis.
faoiseamh relief
" Mhair an chneá agus é ina dhuine fásta agus ní bhfuair sé maithiúnas ná faoiseamh.
faoiseamh relief
" Níos measa fós, in ainneoin gach iarrachta chun an craos spioradálta grá ionainn a shásamh, níl faoiseamh in ann dúinn.
faoiseamh mór big relief
" Thug sin faoiseamh mór dom mar bhí mo chroí i mo bhéal go dtí sin.
mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas as a relief from the boredom and gloom
" Chuaigh cuid mhór acu i dtreo na coireachta le hairgead a fháil, agus thosaigh siad ag tógáil drugaí mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas a bhain leis an dól.
ag lorg faoisimh looking for relief
" Sa dán seo, tá Ó Direáin ag lorg faoisimh – tá sé ag iarraidh a bheith ar ais ar an oileán as ar tháinig sé.
faoiseamh relief
" ” Thaitin tuismitheoirí na ndaltaí go mór le Liam agus deir sé gur faoiseamh a bhí ann a bheith saor ó thionchar na cléire – bord tútach a bhí ag rith na scoile agus ceapann sé go ndearna sé sin an-difríocht.
faoiseamh ón obair relief from work
" ” Beathaisnéis Uí Eithir Ní raibh faoiseamh ón obair i ndán do Liam nuair a d’fhág sé an obair sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ina dhiaidh, áfach.
ag lorg faoisimh nó maithiúnais. looking for relief or forgiveness
" Is mian leis go mbeidh an t-amhrán mar a bheadh peacach ag teith – é ag saothrú anála, allas ag sileadh go trom uaidh, é ag lorg faoisimh nó maithiúnais.
go ligfidh pobal mór Mheiriceá osna fada faoisimh as that the American public will breath a long sigh of relief
" Geallaim duit go ligfidh pobal mór Mheiriceá osna fada faoisimh as ansin.
faoiseamh sealadach temporary relief
" Ach faoiseamh sealadach amháin atá ann – tá sí go mór i mbaol a spealta.
faoiseamh relief
" Ba gheall le cuairt an Phápa í an ócáid! Agus má bhí na hóráidí seo go léir i strataisféar sléibhtiúil Colorado ag cur mearbhaill ort, bhí ceoltóirí mar Stevie Wonder, Sheryl Crow, agus Jennifer Hudson ar lámh chun faoiseamh a thabhairt duit.
faoiseamh relief
" Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
thabharfadh faoiseamh would give respite
" Ní éigin a dhéanfadh próiseáil orm, a thabharfadh faoiseamh éigin dom agus a dhéanfadh na cnapáin bheaga gharbha a shnasadh agus a dhíriú! Ach b'fhéidir le sin, go ndíbreofaí an croí as an saol.
faoiseamh relief
" Go traidisiúnta sa mheánaois, ní bhíodh cead ag mná a bheith ar an ardán ar chor ar bith agus gi gur tháinig athrú ar an riail seo de réir a chéile, ní bhíodh sé go fóill inglactha go mbeadh íomhá mná rótharraingteach! San aois victeoiriach, nuair a bhí cosc ar chosa cuaracha pianó a thaispeáint, ba mhór an faoiseamh ag fir é go raibh cead acu súil a chaitheamh ar chosa dea-chumtha an ‘principal boy’ gan náire a bheith orthu! Tá an traidisiúin geamaireachta beo beathach go fóill agus bíonn amharclanna in iomaíocht lena chéile le hainmeacha móra a mhealladh leis na príomhpháirteanna a ghlacadh ina gcuid seónna.
faoiseamh cánach tax relief
" Tá na díoltóirí gluaisteáin ag cásamh ar son faoiseamh cánach ionas go mbeidh siadsan in ann níos mó carranna a dhíol.
faoiseamh respite
" Sin ráite, ní fheicim cén dóigh a leigheasfadh suim airgid an duine, is cuma cén tsuim atá i gceist, le faoiseamh a thabhairt do dhuine atá ag iarraidh faoiseamh intinne.
faoiseamh relief
" Chruinnigh na comharsana ar an tsráid agus faoiseamh orainn go léir gur tháinig muid féin agus ár dtithe slán tríd an anfa teasa.
faoiseamh respite
" Gheall sé na trúpaí a tharraingt amach as an Iaráic faoi cheann 18 mí, rud a shábhalfadh na billiúin agus a d’fhéadfadh faoiseamh a thabhairt do na trúpaí san Afganastáin.
faoiseamh di respite for her
" Folcadh fuaime a thabharfadh faoiseamh di mar a thug an gnáthfholcadh domsa tar éis mo chuid cluichí peile na blianta ó shoin.
faoisimh of relief
" Ábhar faoisimh a bhí i ngach duine acu don status quo.
faoiseamh relief
" Ba mhór an faoiseamh a bheadh ag teaghlach an fhir mhairbh dá bhfoilseofaí, chomh maith le sin, an tuairisc a rinne Leas-Choimisinear an Gharda Síochána ag an am, Eugene Crowley, ar bhás Mc Anespie, ach tá An Garda Síochána ag diúltú sin a dhéanamh "le finnéithe a chosaint.
faoiseamh respite
" Rud inteacht a thugann faoiseamh dúinn ón uaigneas agus ón dorachadas.
bhfaoiseamh cánach tax relief
" Sin an fáth nár ghlacamar le moltaí go gcuirfí deireadh leis an bhfaoiseamh cánach a fhaigheann siad.
faoiseamh relief
" Faoi dheireadh, thug an Páirtí Daonlathach faoiseamh beag dóibh agus tharraing na moltaí ar ais, rud a d'fhág gur thosaigh an díospóireacht.
faoiseamh relief
" Ag breathnú ar na lasracha ag briseadh amach tríd na fuinneoga, thug dó na hAmbasáide faoiseamh áirithe dúinn.
Faoiseamh respite
" Faoiseamh do na Gaolta ach Ceist Mhór le Freagairt Fós ================ Is léir go dtugann Tuarascáil Saville Faoiseamh áirithe do na gaolta a bhí i mbun feachtais le blianta fada chun an fhírinne a aimsiú.
faoiseamh cánach tax relief
" Meallann siad comhlachtaí móra idirnáisiúnta le faoiseamh cánach agus le costais ísle.
faoiseamh respite
" Déanta na fírinne, is geall le faoiseamh é go bhfuil contae eile anois ag fógairt go bhfuilid fós beo agus go bhfuil an cluiche ársa fós á imirt le croí is le fuinneamh i gcontaetha eile.
faoiseamh cánach tax relief
" Léigh muid ailt sna nuachtáin faoi phraghas na dtithe a bheith ag méadú agus an cinneadh a bhí déanta ag an rialtas faoiseamh cánach a thabhairt do dhaoine a thógfadh tithe samhraidh.
faoiseamh éigin some relief
" Tá rialtas coimeádach Aontachtach sa Bhreatain fosta agus tá faoiseamh éigin ansin dóibh.
faoiseamh relief
" Mar a deir Eoghan Ó Colm ina leabhar Toraigh na dTonn: “Fuair sé faoiseamh agus suaimhneas intinne nach raibh sé ag dréim leis ar an charraig lom diamhrach seo.
Is beag an faoiseamh it’s a very slight relief
" Is beag an faoiseamh uimhreacha daonáirimh ag an duine atá thíos mar sin le géire na fírinne ina thimpeall.
faoiseamh relief
" Tháinig na glúnta Críostaithe ar cuairt ina sluaite chuig na taisí seo (a bhí le feiceáil go minic sna heaglaisí móra a bhí á dtógáil ag an am), agus fuair siad iontu faoiseamh, sólás agus spreagadh ó na taisí seo agus ó na cuimhneacháin, a thug siad abhaile leo.
fhaoiseamh relief, respite
" Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.
faoiseamh ar chuid acu some were relieved
" Bíodh is gur ghoill sé go mór ar lucht taca Hicks gur thug an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an cás seo ina choinne, bhí faoiseamh ar chuid acu go bhfuil an deis aige ar a laghad, faoi dheireadh thiar thall, a chás a chur os comhair cúirt aitheanta den chéad uair.
ga seá gan faoiseamh a permanent loss of breathe
" Tá sé cosúil le ga seá gan faoiseamh, nó a bheith ólta.
faoiseamh le brath ar relief was palpable
" Bhí faoiseamh le brath ar an suíomh idirlín Mathaba faoi cheann seachtain ina dhiaidh sin, an suíomh idirlín (as an tSiria) is gaire do dhearcadh Qathafi.
faoiseamh a relief
" Cér muid féin? Cén aithne a bhí ar an bhfile Mile Pesorda? Cá raibh ár dtriall? Ba léir go raibh muid ar fónamh, agus is faoiseamh a bhí ansin don reachtaire tí.
is beag faoiseamh little relief
" Nuair a dhéanann dlíodóir feall ar chliant is beag faoiseamh a fhaigheann an cliant seo ó Dhlí-Chumann na hÉireann.
faoiseamh relief
" Tháinig fear céile na Banríona, an Prionsa Pilib, léi mar is gnáth, agus bhí faoiseamh ar mhonarcaithe na tíre de bharr nach ndearna sé an cineál gaffe, nó botúin teanga, a bhfuil droch-chlú air astu.
Le hádh agus le faoiseamh with both relief and good luck
" Le hádh agus le faoiseamh d’éirigh liom agus bhaineamar an bhruach thall amach.
threisigh an faoiseamh increased the relief
" Mhúscail sé mo chorp agus líonadh mo chuisle le fuinneamh, a threisigh an faoiseamh agus an t-athás a bhí orm an treibh a bhaint amach faoi dheireadh.
ba faoiseamh mór it was a big relief
" Ar ndóigh is rud brónach é seo ach ba faoiseamh mór di a bás sa deireadh.
Is beag faoiseamh very little relief
" Is beag faoiseamh a bhí ag Seirbiaigh na Cosaive, ámh, ó thug “buamáil ar son na síochána” de chuid ECAT stát nua do Hashim Thaçi agus a chuid “Arm Saoirse na Cosaive,” nó an eagraíocht choiriúil atá, de réir thuarascáil Chomhairle na hEorpa, ag gáinneáil ar dhrugaí, airm agus ar orgáin an duine féin.
mbraithim faoiseamh orm a bheith I feel relieved to be
" * Caithfidh mé a admháil go mbraithim faoiseamh orm a bheith ar ais in Éirinn arís an ‘samhradh’ seo, d’ainneoin na báistí!
Is beag faoiseamh a bhí ag an earnaíl mhiondíola the retail sector had little respite
" Cuimhnímis ar ar tharla i gCorcaigh ag deireadh an Mheithimh i mbliana nuair a scrios na tuillte ba mheasa leis na cianta siopaí agus tithe, agus níor den chéad uair é! Is beag faoiseamh a bhí ag an earnaíl mhiondíola ón drochaimsir ach oiread le haon dream eile.
Faoiseamh agus sásamh relief and satisfaction
ní raibh faoiseamh ar bith ón ngréin the sun was unrelenting
" Bhí sé thar a bheith te agus ní raibh faoiseamh ar bith ón ngréin.
faoiseamh relief
" *“My God” she said, “Are you not taking this too far?”* Tháinig faoiseamh agus cothaitheachtaí spioradálta níos déanaí chuig Hugo.
Gheall tú faoiseamh dúinn you promised us an easement
" Gheall tú faoiseamh dúinn agus ansin dúirt tú ‘Nein!’ Nach fíor sin? Nár loic tú ar an ghealltanas a thug tú d’Enda bocht?” “Bhuel, a Bhaloir, níor loic mé ar rud ar bith; agus ní nein a dúirt mé ach nine – thug mé nine as ten d’Éirinn as an tsáriarracht atá á déanamh agaibh leis an déine seo.
an fhaoisimh respite
" An amhrán dírbheathaisnéisiuil atá ann, a d'fhiafraigh mé de Julie? Daoine a Mhisniú ====== "Bhuel, san amhrán sin, bhí mé ag iarraidh sprid an tsóláis, sprid an fhaoisimh a chruthu agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil an-bhrón go deo taobh istigh orthu, agus chum mé an t-amhrán seo mar mhuirniú, mar chineál barróige ar dhuine le iad a shuaimhniú.
an osna faoisimh a ligeadh the sigh of relief expelled
" Thug cairde na Gaeilge na cosa leo an iarraidh seo agus bhí an osna faoisimh a ligeadh le cluinstean ó Chnoc Fola go Céim an Fhia.
ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt they couldn’t grant relief
" Dhearbhaigh na breithimh ná féadfhaidís aon fhaoiseamh a thabhairt do Mrs Fleming toisc: ‘*the State has provided ample evidential basis to support the view that any relaxation of the ban on assisted suicide would be impossible to tailor to individual cases…*’ Ach ní fíor sin i gcás Mrs Fleming amháin toisc gur aithin na breithimh go raibh sí i bponc fisiciúil uafásach agus go raibh a fear chéile sásta cabhrú léi (amháin) deireadh a chur lena fulaingt muna gcuirfeadh an DPP isteach air ex post facto.
faoiseamh beag some relief
" Bhí ocras ar an tír sna daichidí, bhí an imirce go tréan sna caogaidí, fuaireamar faoiseamh beag sna seascaidí, ansin bhí géarchéim an ola sna seachtóidí agus phléasc tuaisceart na hÉireann.
gheobhaidh siad faoiseamh ama they’ll obtain time-relief
" Liosta a Chuideos le Daoine **Balor: Agus caidé atá sna rialacháin úra?** Richie: Leoga, a Bhaloir, duine ar bith nach bhfuil in ann an morgáiste a íoc ar ais, gheobhaidh siad faoiseamh ama faoi choinníollacha áirithe nach bhfuil ródhian.
aon radharc ná faoiseamh sight nor respite
" Ní raibh aon radharc ná faoiseamh ag an bharr ná ar an tsiúlóid fhada trasna droim an chnoic – thuas seal agus thuas seal eile.
mbeadh faoiseamh le fáil relief may be obtained
" Ach b’fhéidir go mbeadh faoiseamh le fáil ag lucht na Gaeilge i gCúirteanna na hEorpa.
gan faoiseamh ceart no real relief
" Cad a leanann an gníomh? Conas mar a théann sé i bhfeidhm orthu siúd a bhfuil an saol stróicthe as a chéile go deo na ndeor agus gan faoiseamh ceart le fáil riamh arís acu.
ag súil le faoiseamh seeking respite
" ” Céad bliain ó shin agus tuilleadh, nuair a bhí méadú rómhór ar dhaonra na hEorpa, agus gan teacht ag na daoine ar a ndóthain bia dá mbeadh an bhliain go dona, thug na mílte aghaidh ar Mheiriceá ag súil le faoiseamh.
ag iarraidh faoiseamh a fháil seeking respite
" Agus Balor an Bhéil Bhinn ar a chamchuairt thart ar oileán iathghlas na hÉireann ag iarraidh faoiseamh a fháil ó bhrothall an tsamhraidh, fuair sé amach gur mhó an deacracht a bhí aige faoiseamh a fháil ó fhógraí agus ó mheirgí móra ag fógairt *Gathering* Anseo agus *Gathering* Ansiúd.