Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faisistithe fascists
" Agus mar sin, go hoifigiúil ar a laghad, tá rudaí feabhsaithe rud beag i gcomparáid leis an seal idir 1970 agus 1999 nuair a bhí na faisistithe/dílseoirí ábalta a rogha rud a dhéanamh gan mórán airde ó na póilíní.
nuafhaisisteach neo-fascist
" Thíos staighre bhí físeán suimiúil ar siúl a phléigh an cheist dheacair seo: cad é an rud is tábhachtaí - saoirse cainte nó cosaint ón leithcheal? I measc na samplaí a pléadh, bhí páirtí nuafhaisisteach Jörg Haider atá ina pháirt de rialtas na hOstaire anois; agus naimhdeas an Phápa i leith mhórshiúl *gay pride* sa Róimh.
faisistithe fascists
" Dúirt sé fosta go bhfuair sé bagairt roimh an ócáid ó na faisistithe, ach is léir go ndeachaigh siad i bhfolach nuair a chuala siad ceol na mbannaí ag druidim leo.
faisistigh fascists
" Chuir Hitler na buamadóirí isteach chun tacaíocht a thabhairt do na faisistigh le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
ghrúpa faisisteach fascist group
" Tá dhá cheist ag muintir na háite: "An ndearna dílseoirí ó Bhéal Feirste nó Bolton an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí i mBolton? Bhí rírá sa bhaile i mí an Aibreáin 1996 nuair a d'eagraigh dílseoir áitiúil, Mark Dooley, paráid de chuid Printíseach Dhoire ansin, ócáid ag a raibh Gregory Campbell ón DUP le bheith mar aoichainteoir agus baicle ón ghrúpa faisisteach Combat 18 mar ghardaí cosanta.
fhrithfhaisisteach anti-fascist
" Bíonn siad ag seinm ag slógadh Lá Bealtaine, agóid fhrithfhaisisteach (agus in aghaidh an chogaidh san Iaráic le blianta beaga anuas), agus ag imeachtaí Éireannacha agus poblachtánacha.
claontaí faisisteacha fascist tendencies
" Bhí claontaí faisisteacha iontu, macalla na haoise.
i gcoinne fhaisistigh an Ghinearáil Franco against the fascists of General Franco
" Shínigh sé cóip dá leabhar *Connolly Column* dom leis an teachtaireacht: “With an International Solidarity Salud!” Foilsíodh an leabhar seo i 1979 agus d’inis Ó Ríordáin scéal an 145 Éireannach ann a throid i gcoinne fhaisistigh an Ghinearáil Franco sa Spáinn idir 1936 agus 1939.
gur fhaisisteach é that he was a fascist
" B’fhear bainne é Mick agus bhí iontas orm i 1975 nuair a chuala mé gur fhaisisteach é.
in aghaidh na bhfaisisteach against the fascists
" I m’alt, rinne mé cur síos ar an charachtar seo, a throid in aghaidh na nDúchrónach, na *Freestaters*, na faisistigh sa Spáinn agus, mar bhall den RAF, in aghaidh na bhfaisisteach sa Dara Cogadh Domhanda fosta.
ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh most of the people killed by the fascists were Basques, Catalans and Spaniards
" Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco.
deachtóireacht fhaisisteach. fascist dictatorship.
" Ba mhaith leo cosc a chur ar shearmanais chuimhneacháin ag uaigh Franco agus níos mó aitheantais a thabhairt dóibh siúd a d’fhulaing bás agus céasadh le linn 40 bliain den deachtóireacht fhaisisteach.
a lán dílseoirí / faisistigh. a lot of loyalists / fascists.
" Ar ndóigh, ba thuairim chontúirteach í sin i Learpholl, áit a raibh a lán dílseoirí / faisistigh.
na faisistigh the fascists
" Dé Sathairn eile, bhí sé deas ciúin mar nár tháinig na faisistigh agus bhí mé féin an-sásta gan bheith ag troid leo, ach bhí díomá ar Colin.
báúil leis na Faisistigh, sympathetic to the Fascists,
" Cé go raibh ráflaí ann go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh, chuir sé amach ráiteas i ndiaidh uafás Gernika ina ndúirt sé: Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne.
fad is a bheadh an rialtas faisisteach i réim as long as the fascist government was in power
" Shocraigh Picasso nach bhfanfadh an saothar sa Spáinn fad is a bheadh an rialtas faisisteach i réim agus bhí an pictiúr ar camchuairt ar feadh na mblianta chuig dánlanna ar fud an domhain, go dtí Meán Fómhair 1981, beagnach sé bliana i ndiaidh bhás Franco.
Naitsithe agus Faisistithe Nazis and Fascists
" Sa Chonradh tháinig polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha le chéile le Naitsithe agus Faisistithe an domhain.
nuafhaisisteach neo-fascist
" Tuigeann formhór den daonra anseo gur páirtí nuafhaisisteach atá sa BNP, d'ainneoin iarrachtaí Nick Griffin íomhá 'mheasúil' a chothú don eagraíocht.
Faisistí fascist
" ’ (Woodham-Smith, 375-6) Dá dtosófainn ar an phlé faoin Uileloscadh le “bhí barraíocht daoine san Eorpa i 1939”, thabharfaí 'Faisistí' orm, mar ba cheart a thabhairt.
dream faisisteach fascist group
" Ar 15ú Meitheamh 1974 chuaigh mé suas go Londain le haghaidh frithagóid in aghaidh an National Front, dream faisisteach a bhí le mórshiúl tríd an phríomhchathair ar an lá sin.
lucht faisistíochais fascists
" Ag an seoladh, mhínigh Séafra Ó Cearbhaill ó Chairde na Éireann faoin ionsaí a rinne dílseoirí agus lucht faisistíochais ar an mhórshiúl ar Lá Fhéile Pádraig sa chathair i 1996 agus an suaimhneas a lean é go dtí 2012, nuair a rinneadh ionsaithe ar thrí mhórshiúl.
stair na ndreamanna faisisteacha the history of the fascist groups
" Labhair sé faoi stair na ndreamanna faisisteacha sa Bhreatain: EDF, BNP,NF,CXF srl.
dílseoirí agus lucht faisisteach loyalists and a fascist group
" Bhí sé ‘cool’ a bheith i d’Éireannach tráth - ach le cúpla bliain anuas tá brú ar na hÉireannaigh aris i Learpholl, le dílseoirí agus lucht faisisteach ag ionsaí mórshiúlta Éireannach.
taispeántas mór bolscaireachta faisisteach a big fascist propaganda exhibition
" Thuig Benito Mussolini an méid sin agus bhain sé féin leas as an Biennale le taispeántas mór bolscaireachta faisisteach a dhéanamh sna 30í.
uaillmhianta na bhFaisisteach fascist ideals
" Bhunaigh Benito Mussolini stiúideonna scannánaíochta Cinecittà i 1937, i suíomh díreach taobh amuigh de chathair na Róimhe, mar ionad ina bhféadfaí friotal agus íomhá a chur ar uaillmhianta na bhFaisisteach.
in aghaidh na bhfaisisteach against the fascists
" Tá an-mheas go fóill, a deir Tony Birtill, orthu siúd as Éirinn agus an Bhreatain a throid in aghaidh na bhfaisisteach sa Spáinn le linn an Chogaidh Chathartha sna tríochaidí.