Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfábhar an chomhaontaithe in favour of the agreement
" Bhíomar ag cur agallaimh ar aontachtóir a bhí i bhfábhar an chomhaontaithe faoin gcruachás ina raibh sí toisc nach raibh ach iarrthóir aontachtach frithchomhaontaithe ag seasamh sa toghchán.
ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin in case it was thought that they were in favour of censorship
" Ní raibh fonn orthu tabhairt faoin rialtas agus bhí faitíos míréasúnta orthu, dar le Mac Coille, cur in aghaidh na cinsireachta ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin.
an ndéanfá grá Dé would you do me a favour?
" "A Derek, a chroí, an ndéanfá grá Dé agus an rud atá cruinn thart faoin doras a ghlanadh suas.
i bhfábhar an Seanad a scoir in favour of scrapping the Senate
" Tá sé íorónta gur bhain leath acu seo leis an Pháirtí Daonlathach, an páirtí a bhí cúpla bliain ó shin i bhfábhar an Seanad a scoir, toisc dar leo go raibh mí-úsáid á baint as.
i bhfách le in favour of
" Ainneoin Tuaisceart Bhéal Feirste a bheith i bhfách le cainteanna White agus a chairde le Maskey, tá an scéal ag dul in olcas sa taobh sin den chathair.
i bhfábhar in favour of
" Sin an fáth go bhfuilim go mór i bhfábhar fotheidil a bheith ar TG4.
ina fhábhar in his favour
" Léirigh an Seanadóir David Norris an méid seo go soiléir nuair a rialaigh Cúirt na hEorpa ina fhábhar.
i bhfách leis in favour of it
" Tá díospóireacht inmheánach ar siúl taobh istigh de ghluaiseacht na poblachta fán ráiteas, cuid acu i bhfách leis, cuid eile atá glan ina éadan.
i bhfábhar na nuachtán in favour of the newspapers
" Dá mba rud é go raibh ar chomhairle preas ag an am, lán le ceapacháin de chuid Fhine Gael, cinneadh a ghlacadh maidir le scéal a foilsíodh i nuachtáin áirithe maidir leis Uasal Lowry, is deacair a shamhlú go rialfaidís i bhfábhar na nuachtán.
i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú in favour of privatising state-sponsored companies
" Is é an *Bertie Speak *céanna a chuireann ar chumas an Taoisigh a rá nach bhfuil sé i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú ach, ag an am céanna, leanúint ag gearradh a mbuiséad bliantúil.
i bhfábhar a leithéid de pholasaí in favour of such a policy
" Cosaint an chultúir atá i gceist, dar leo siúd atá i bhfábhar a leithéid de pholasaí.
i bhfábhar a leithéid in favour of such a thing
" "An tImreoir Dúbailte": is féidir/ní feidir le duine peil agus iomáint a imirt; níl/tá an CLG i bhfábhar a leithéid; céard a déarfadh Teddy McCarthy? Is mór an spórt iad conspóidí spóirt gan dabht ar bith.
i bhfach le dlí agus ceart in favour of law and order
" An UUP! An páirtí is mó atá i bhfach le dlí agus ceart, dar leo féin.
miongharanna small favours
" Dheineadh an gadhairín dúr miongharanna dá mháistir an lá ar fad, idir léamair fhadruballacha, ghlice an dúthaigh a ruaigeadh uair go mbeadh a gcinn sa bhruscar bídh, agus phéint a chur ar an sciobóilín cluthar a roinneadar beirt cois Zambezi uair sa bhliain, nuair a thagadh an bláth den chéad uair ar chrainn lasracha an *savannah*.
i bhfách le in favour of
" " Tá muid uilig i bhfách le "tacaíocht trasphobail" ach ciallaíonn sé go dtig leis na haontachtaithe bac a chur ar chinneadh ar bith nach maith leo - riail an mhóraimh in éide úr, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
i bhfábhar an tsuímh in favour of the site
" Cé go bhfuil roinnt múinteoirí tar éis labhairt amach i bhfábhar an tsuímh, is féidir liom a rá ó mo thaithí féin mar mhúinteoir i meánscoil go bhfuil a bhformhór go láidir ina choinne.
i bhfábhar an tionscadail in favour of the project
" Mhaígh seisean go bhfuil 90% de mhuintir thuaisceart Mhaigh Eo i bhfábhar an tionscadail.
i bhfábhar gairmiúlachta in favour of professionalism
" Ní shílim go bhfuil mórán daoine i bhfábhar gairmiúlachta, is é sin pá nó tuarastal a thabhairt d’imreoirí idirchontae.
i bhfách le in favour of
" Níor chuir sé iontas ar aon duine gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin a bhí i bhfách le gearradh siar ar líon na gcomhairlí áitiúla ó 26 go 7 – seachas Francie Molloy, ar ndóigh.
gar favour
" D’imigh rudaí ó smacht nuair a thosaigh poblachtánaigh an trioblóid agus go tobann – rud nach rabhthas ag dúil leis – chonaic na dreamanna sin a chreideann go bhfuil an Stát, an Tíogar Ceilteach, ag déanamh neamairt iontu, chonaic siad deis le buille fuilteach a bhualadh in éadan na n-údarás.
fabhar faoi leith special favour
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
i bhfách le in favour of
" Bhí an SDLP idir dhá thine Bhealtaine – tacaíocht a thabhairt d’éilimh na bpríosúnach ainneoin go raibh siad go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA, nó bheith i bhfách le polasaí Margaret Thatcher.
i bhfabhar an ilchultúrachais in favour of multiculturalism
" Daoine áirithe go fíochmhar in aghaidh labhairt teangacha “eile” agus daoine eile i bhfabhar an ilchultúrachais.
i bhfabhar cumhachta núicléiche in favour of nuclear power
" An scéal mór ar dtús: d’fhógair Tony Blair, Príomh-Aire na Breataine, go bhfuil sé i bhfabhar cumhachta núicléiche mar réiteach ar an easpa fuinnimh a bheas ann sna blianta atá romhainn.
aon gar any favour
" Ní fios fós d’éinne ar dhein Haughey aon gar riamh dóibh san a thug tacaíocht airgid dó.
go daingean ar son na Gaeilge éigeantaí. strongly in favour of compulsory Irish.
" ” “Céad slán leis an Daingean, an áit a bhí ina dhaingean daingean acu sin a bhí go daingean ar son na Gaeilge éigeantaí.
ar son an choisc. in favour of the ban.
" Go deimhin, tá a lán Gearmánach ar son an choisc.
céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, one hundred percent in favour of torturing prisoners,
" Labhraíos le hiníon léinn le déanaí a thug le fios os comhair ranga go raibh sí céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, fiú iadsan nach mbeadh cúiseanna curtha ina leith.
ar son an chogaidh san Iaráic in favour of the war in Iraq
" D’fhiafraigh mé di an raibh sí ar son an chogaidh san Iaráic fosta.
gar a dhéanamh do bhráthair? to do a favour for a brother?
" Nach gcuireann sé ardú meanman i gcónaí orainn gar a dhéanamh do bhráthair? É tugtha faoi deara agam nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach ná gar a dhéanamh do chomharsa i ngátar.
i bhfabhar an athraithe. in favour of the change.
" Ach an uair seo, bhí an iomarca brú ar an rialtas sin: bhí gach tír Eorpach sásta leis an dréacht-chomhaontú Open Skies ach amháin an Bhreatain Mhór, agus fiú amháin bhí BMI British Midland i bhfabhar an athraithe.
atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste. which favour disadvantaged people.
" Tá sé ceart airgead poiblí a chaitheamh ar spórt in Éirinn ach is gá tosaíocht a thabhairt do pholasaithe spóirt atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
ar son an rúin in favour of the motion
" Sa vótáil ar an rún “that UK forces be used in Iraq” ar an 17 Márta 2003 i Westminster, bhí 412 Feisire ar son an rúin agus 149 ina aghaidh.
atá fós ar a shon. who are still in favour of him.
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
ina fhabhar. in his favour.
" I láthair na huaire, tá níos lú ná tríocha faoin gcéad ina fhabhar.
i bhfabhar an chogaidh in favour of the war
" Mar bharr air seo, níl sé dearmadta ag daoine gur vótáil sí i bhfabhar an chogaidh in 2003, agus beidh sé deacair di a mhíniú cén fáth a ndearna sí athmhachnamh idir an dá linn.
bhronn sí a fabhair she bestowed her favour
" Bhí clú ar Pihanga de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki.
ar son an rúin in favour of the motion
" **Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.
i bhfách le hinimirce, in favour of, sympathetic to, immigration
" ”Tá sé tábhachtach a lua go ndeir Myers go bhfuil sé go mór i bhfách le hinimirce, ach í a theorannú ionas nach mbeidh “líon criticiúil” d’eachtrannaigh sa tír.
ar son Déabhlóide in favour of Devolution
" Ar an ócáid sin vótáil tromlach na nAlbanach ar son Déabhlóide ach theip ar an iarracht mar go raibh coinníoll leagtha síos ag Rialtas na Breataine go mbeadh ar 40% den toghlach vótáil ar a son le hí a bhaint amach.
i bhfách leis an chleamhnas a bhriseadh in favour of breaking the relationship
" Lena chois sin, léiríonn pobalbhreitheanna anois go bhfuil tromlach phobal Shasana i bhfách leis an chleamhnas a bhriseadh agus gur mhaith leo tabhairt ar na hAlbanaigh cur lena gcuid olagóin.
i bhfách leis in favour of
" Éileamh eile atá ag Feachtas Rothaíochta Átha Cliath – beartas a bhfuil an Comhaontas Glas i bhfách leis freisin – ná luaisteorainn de thríocha ciliméadar san uair a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.
i bhfách lena leithéid de bheartas. in favour of, sympathetic to, this sort of policy
" ” Agus má dhiúltaíonn Éire do Chonradh Liospóin, cén phlean B atá ag an Aontas? I gcomhthéacs na hEorpa, faraor, tá rian den fhírinne i bhfocail mhagúla Bertolt Brecht ina dhán *The Solution*: “Would it not be easierIn that case for the governmentTo dissolve the peopleAnd elect another?” Is cinnte go mbeadh go leor de pholaiteoirí na hEorpa i bhfách lena leithéid de bheartas.
ar son oideachas trí Ghaeilge in favour of education through Irish
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
Shílfeá go raibh sé ag déanamh gair dom. you would think that he was doing me a favour
" Shílfeá go raibh sé ag déanamh gair dom.
ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine. in favour of leaving Gibraltar under British control
" Sa bhliain 1967, reáchtáladh reifreann inar chaith níos mó ná 95 faoin gcéad de dhaonra na háite vóta ar son Giobráltar a fhágáil faoi smacht na Breataine.
nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh. who were not in favour of it from the first day.
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
a bhí i bhfách leis an fheachtas who was sympathetic (in favour of) the campaign
" Thug mé cuairt ar an áit ar na mallaibh chun blas den earrach a fháil “Cois Mersey”! Tá an t-ionad é féin suite cúig mhíle ó lár na cathrach in Court Hey Park, ar páirc 35 acra í ina raibh teach mór William Gladstone (1809-1898), an príomh-aire Briotanach a bhí i bhfách leis an fheachtas ar son féinrialach a bhí ar siúl in Éirinn ag an am.
ar son dhaingiú an chonartha in favour of the ratification of the treaty
" * Nóta ón eagarthóir: Chuathas i dteagmháil le daoine éagsúla i rith na míosa seo caite le cuireadh a thabhairt dóibh alt a chur ar fáil do *Beo!* ina ndéanfaí argóintí ar son dhaingiú an chonartha a chur chun cinn.
i bhfách leis an aidhm in favour of the aim
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
i bhfách go mór leis an domhandú very much in favour of globalisation
" Ní ba thábhachtaí fós, chuir sé aithne ar David Rockerfeller, an baincéir agus státaire clúiteach atá i bhfách go mór leis an domhandú agus ar garmhac leis an bhfear a bhunaigh Standard Oil é.
i bhfabhar iarrthóireacht Obama in favour of the candiditure of Obama
" Ar an 26 Lúnasa, labhair Hillary Clinton go tréan agus go faghartha i bhfabhar iarrthóireacht Obama.
a bhíonn orm gar a iarraidh uirthi that I have to ask her for a favour
" Measaim go bhfuil an-jab á dhéanamh ag Máire Mhic Ghiolla Íosa agus is minic a bhíonn orm gar a iarraidh uirthi – tá scileanna iontacha taidhleoireachta aici.
tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith. she is in favour of people having the right to bear arms
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
gair a favour
" An bhfuil siad a dhéanamh go bhfuil siad ag déanamh gair do na páistí, á dtógáil le Béarla? Tá sin iontach coitianta, aithníonn tú é.
i bhfách le in favour of
" An méid sin ráite, bheinn i bhfách le féile eile a bheith ann, an darna féile.
ghar favour
" Táimid go léir, mar phobal, i bhfad róthugtha don chaidreamh pearsanta, don ghar, don chúlshocrú, agus don eisceacht.
i leith in favour
" Fad is atá bailchríoch agus snas á chur ar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, mar shampla, foilsíodh Plean Gàidhlige Rialtas na hAlban i dtús na míosa seo caite.
mórán measa much favour(ed)
" Déan an chéim seo arís agus arís eile, go dtí go bhfuil tú dubh dóite de ar aon nós – sa chruth mar a bhfuil cur síos déanta air ag Koch leantar leis na céimeanna go deo! Áille Mhór sa Mhiondúil =========== Mar is léir, faightear íomhánna gleoite as na halgartaim seo, ach ní raibh mórán measa ag lucht na matamaitice orthu roimh theacht Mandelbrot.
i bhfách le in favour of
" “Ní chreidim go bhfuil ceann ar bith de na páirtithe san Fheidhmeannas i bhfách le ciorruithe sa chaiteachas poiblí ar bonn ídéolaíochta, ach is beag scóp atá acu clár oibre a thógáil a sheachnaíonn gearradh siar agus dífhostaíocht ollmhór” arsa an tUasal Campfield.
gean an phobail public favour
" An Tánaiste agus tAire Oideachais: Éamon Gilmore ======================== Tá teacht i láthair den scoth aige agus gean an phobail saothraithe aige.
ar son in favour
" I suirbhé a d’fhoilsigh an Institut BVA, lucht taighde margaidh agus tuairimí pobail, ar son France Télévisions i dtús mhí Aibreáin i mbliana, léirítear go bhfuil 58% de phobail na Fraince fós ar son na cumhachta núicléiche in ainneoin na timpiste in Fukushima na Seapáine i mí an Mhárta seo caite.
ar son in favour of
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
gar mór a big favour
" ”* Níos aistí fós, nách ndearna Adam Gadahn gar mór dóibh nuair a tharraing sé aird ar an lúb ar lár i reachtaíocht ghunnaí sna SA.
is ansa leat you favour
" Na Duartain in Aisce ======== Is minic anois go mbíonn sé indéanta cóip a fháil go ‘mídhleathach’ nuair nach féidir aon ní a fháil go dleathach: féach mar shampla an clib TV ar do chuid iTunes: níl faic ann ach is féidir duartan a fháil den tsraith is nuaí ar teilifís áit ar bith ar domhan: ná caill do shobalchlár Filipíneach is ansa leat arís go brách! Nó an raibh tú féin chomh díomach is bhí mé féin faoi raon clár a bhí ar fáil ó Netflix nuair a seoladh iad le rí-rá mór anseo le déanaí? Is cinnte go luíonn bochtanas an rogha seo ag doras na gcomhlachtaí móra foilseacháin agus rialtas na tíre seo mar nach féidir leo réiteach a shocrú le leitheidí iTunes, Netflix, Spotify srl.
Tá gar mór déanta ag has done a great favour
" Tá gar mór déanta ag an Taoiseach, Enda Kenny, mar sin as suntas a thabhairt don ní a bhí ar eolas ag madraí na sráide le fada - nach bhfuil an Teach Uachtarach ag feidhmiú mar ba cheart dó a bheith.
claonta i leith biased in favour
" Tá sé scríofa agam roimhe seo i mBeo (eagráin 18 & 48) faoin dóigh ina bhfuil na póilíní i Learpholl claonta i leith na ndílseoirí agus i gcoinne na nÉireannach agus, ar an drochuair, bhí an claonadh seo le feiceáil arís i mbliana (18.
Tugann sé seasamh eile it gives another point in its favour
" Tugann sé seasamh eile don chomórtas nuair a fheiceann daoine go bhfuil daoine as Béal Feirste agus daoine as Baile Átha Cliath ag imirt ann.
i bhfách leis in favour
" ======== Tá an comhrialtas DUP/Sinn Fein i bhfách leis an phlean.
fíorbháúil leis an teangaidh very much in favour of the language
" Tá go leor ráite acu faoin fhreastal a dhéanaimid ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge; an bhfuil an meascán ceart ansin; tá go leor ceisteanna ardaithe, ach níl aon amhras ach go bhfuil pobal mór éisteachta amuigh ansin i saol na Gaeilge, daoine atá fíorbháúil leis an teangaidh agus leis an raidió agus tá súil agam go bhfuil siadsan in ann tairbhe a bhaint as ár gcláracha chomh maith.
i bhfách leis an iarracht ón tús in favour of the attempt from the start
" Ní raibh Páirtí an Lucht Oibre i bhfách leis an iarracht ón tús agus níor cuireadh i gClár an Rialtais é dá réir.
go láidir i bhfách le very much in favour of
" Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu.
oidhre beannaithe an athar the father’s favoured son
" B'é a dheartháir Bassel oidhre beannaithe an athar go dtí a bhás tobann i dtimpiste cairr i 1994.
a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici who has won fame and favour
" Ach cé hí Adele, le fírinne? Is amhránaí cáiliúil í Adele a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici ar fud na cruinne mar gheall ar an nguth mín, cumhachtach atá aici.
nach bhfuil geanúil ar who don’t favour (the plan)
" Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.
i bhfábhar an ionraidh in favour of the invasion
" Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.
ar son in favour
" Tá Ciarán Mac Aonghusa ar son an Seanad a choinneáil.
ó mheas out of favour
" Lowry ó mheas ach is maith leis go bhfuil Gaeil Shasana eile ag teacht faoi mheas ina áit.