Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a fheabhsú to improve
" Chuir an chuid is mó do na hathruithe biseach ar an gcathair ach theip ar "busing" na scoileanna poiblí a fheabhsú.
fheabhsú improving
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
feabhsú improving
" Cé go bhfuil na grafaicí tar éis feabhsú ón staid ag a raibh siad tamall de bhlianta ó shin, níl siad réadúil fós.
chuideodh sin leo feabhsú that would help them improve
" Dhéanfadh roinnt chluichí samhraidh leas na n-imreoirí óga agus chuideodh sin leo feabhsú.
ag feabhsú improving
" Tá Corcaigh ag feabhsú, níl aon easpa féinmhuiníne orthu, agus tá Setanta leo, ach tá DJ le pléascadh fós.
go bhfuil cúrsaí ag feabhsú that things are getting better
" ) Is cosúil gur rud é an t-idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta a tharlaíonn do dhaoine eile! "Níor cheart a bheith bogásach," ar Mike Rosie, "ach mar sin féin, sílim go bhfuil cúrsaí ag feabhsú.
a fheabhsú to improve
" Is cinnte gur féidir úsáid a bhaint as an teicneolaíocht chun saol daoine in Éirinn a fheabhsú go ginearálta - ach is cúis iontais é go bhfuil an rialtas ag iarraidh an córas toghchánaíochta a athrú.
a fheabhsú to improve
" Tá an tír iontach saibhir ó thaobh mianraí agus acmhainní nádúrtha de ach is beag iarracht atá déanta ag na rialtais dhifriúla plean tionsclaíochta a chur le chéile chun leas níos fearr a bhaint as na hacmhainní seo agus an geilleagar agus saol na ndaoine a fheabhsú.
ag feabhsú getting better
" Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí ag feabhsú.
a fheabhsú to improve
" Ar leibhéal níos leithne, ba mhaith liom rud éigin a dhéanamh chun stádas an cheoil thraidisiúnta, na teanga agus an chultúir a fheabhsú.
ag feabhsú de réir a chéile gradually improving
" Tá rudaí ag feabhsú de réir a chéile ó thaobh an chomhshaoil de, ach tá sé seo ag tarlú go han-mhall ar fad.
iad a fheabhsú to improve them
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá cuid maith acu bainte amach faoi seo ach muid ag iarraidh iad a fheabhsú agus a fhorbairt i gcónaí.
a fheabhsú to improve
" Bhí sí lonnaithe i gCanterbury agus ag obair le grúpaí mórthimpeall iardheisceart Shasana, ag eagrú imeachtaí traenála agus ag iarraidh cúrsaí bainistíochta a fheabhsú.
a phróiseáil agus a fheabhsú to process and improve
" Nuair a bhíonn tú ag clóbhualadh na ngrianghraf tú féin, bíonn a lán saoirse agat triail a bhaint as modhanna éagsúla chun iad a phróiseáil agus a fheabhsú.
a fheabhsú to improve
" Thóg mé sos gairme sa bhliain 2000, agus d'fhan mé i gConamara agus i nGaillimh ar feadh sé mhí chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
a fheabhsú go mór to improve greatly
" Ach tá neart tionscadal níos lú freisin nach dteastaíonn rianta nua uathu agus a d’fhéadfadh iompar poiblí áitiúil a fheabhsú go mór.
an pheil a fheabhsú to improve football
" Mo thuairim féin ná nár tugadh seans cóir ná dóthain ama chun tionchar bhosca na Purgóide a mheas agus go mba sheafóideach agus go mba náireach an chaoi inar ghéill an coiste a bhí freagrach as an iarracht an pheil a fheabhsú mar chluiche don lucht féachana agus don imreoir sciliúil.
a fheabhsú to improve
" Ach b’fhéidir go mbeidh na heagraíochta nuachta traidisiúnta in ann foghlaim ó na *blogs *chun guth a thabhairt don phobal agus a seirbhís féin a fheabhsú.
ag feabhsú improving
" Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi.
sceideal na gcláracha a fheabhsú to improve the programme schedule
" ” Tá sé i gceist aici chomh maith sceideal na gcláracha a fheabhsú.
a fheabhsú to improve
" Ghlac mé síntiús leis agus bhain mé leas as an bpáipéar sin (agus as *Lá *agus *Saol,* agus *Foinse *ní ba dhéanaí) chun mo chuid Gaeilge a fheabhsú.
í a fheabhsú to improve it
" Ní bhíonn go leor imeachtaí cultúrtha ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge lag acu ach suim acu í a fheabhsú.
saol an lucht oibre a fheabhsú to improve the life of the working class
" Bhí ceangal láidir idir é agus an pholaitíocht réabhlóideach agus b’aidhm thábhachtach dá chuid saol an lucht oibre a fheabhsú.
a fheabhsú to improve
" Thosaigh lánúin an scoil seo, darb ainm Triumph International, mar theastaigh uathu caighdeán an oideachais sna ceantracha tuaithe a fheabhsú.
le caighdeán na n-áiseanna a fheabhsú to improve the standard of the facilities
" Tá féidearthachtaí ag baint leis an straitéis seo, gan amhras, ach is cinnte go bhfuil infheistíocht mhór de dhíth le caighdeán na n-áiseanna a fheabhsú, chun cuairteoirí a mhealladh ó na hóstáin, lena sólanna agus linnte snámha.
ag feabhsú improving
" Go mbeadh caighdeán Gaeilge labhartha na ndéagóirí ag feabhsú i gcónaí.
a fheabhsú go mór. to improve greatly.
" Agus is beag rud a bheadh in ann do “shaol leictreonach” a fheabhsú go mór.
bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú teaching was improving
" Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin.
fheabhsú to improve
" org/wiki/Ken_Saro-Wiwa) Níor leor clú is tionchar Saro-Wiwa, áfach, chun cás a mhuintire a fheabhsú.
fheabhsú to improve
" 8 le sábháilteacht an chosáin a fheabhsú.
fheabhsú to improve
" Admhaíonn Guth na Gaeltachta nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach agus a bhíodh agus gur féidir roinnt scéimeanna a fheabhsú.
feabhsú improvement
" Is cúis mhór shásaimh dom fosta bláthú na síochána i dTuaisceart Éireann agus feabhsú an ghaoil idir pobail ar an dá thaobh den teorainn.
feabhsú improving
" Chaill mé sa chomórtas an bhliain roimhe sin, ach bhí mé ag feabhsú an t-am go léir.
fheabhsú improve
" An rud íoróineach faoi ná go mbíonn na scríbhneoirí maithe i gcónaí ag fiafrú díot: “cén chaoi go bhféadfainn an t-úrscéal nó an cnuasach gearrscéalta seo a fheabhsú?” Bíonn siad ag iarraidh go léifeá an saothar go géar agus go criticiúil agus moltaí a thabhairt dóibh.
fheabhsú improve
" Is é sin, in ionad an áit a fheabhsú, rinne an rialtas dochar don áit leis an fhorbairt amaideach atá déanta acu ansin.
fheabhsú improve
" Ach cad a tharlódh dá mba theach Dé Ioslamach é? Sin díreach atá beartaithe ag "Tionscnamh Córdoba", eagraíocht a bunaíodh chun an caidreamh idir Ioslamaigh agus pobal an Iarthair a fheabhsú agus a neartú.
fheabhsú to improve
" Ná dearmad go bhfuil straitéis fiche bliana againn, níl a leithéid i Nua-Bhrunsuic, deir sé go ndéanann chuile rannóg an méid is féidir leo as a stuaim féin chun an teanga Fraincise agus an tsaíocht a bhaineann léi a fheabhsú, ach níl aon straitéis chomhtháite amháin ann.
ag feabhsú improving
" Tá an scéal ag feabhsú sa nGalltacht, cinnte, ach is lochán tanaí é.
saol ag feabhsú life is improving
" An Ceardchumannachas ============ **SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?** SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre.
fheabhsú to improve
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
fheabhsú to improve
" Tá a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú.
fheabhsú improve
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
feabhsú to improve (it)
" Má tá tú ag úsáid ceamara cliste, tá neart sásanna ar fáil a ligfeas duit do ghriangraif a dheasú is a feabhsú.
a gcuid táirgí a fheabhsú go róghasta to improve their products in double quick time
" Bhí na comhlachtaí móra náisiúnta seo ina monaplachtaí agus dá bharr sin, ní raibh brú millteanach orthu a gcuid táirgí a fheabhsú go róghasta.
fheabhsú an gheilleagair improving the economy
" Beidh orainn obair go dian ar fheabhsú an gheilleagair, ach sílim go bhfuil an deis ag sleamhnú uainn na ceisteanna eile a chur.
ag feabhsú cinnte definitely improving
" “Tá rudaí ag feabhsú cinnte, níor mhaith liom a bheith diúltach, ach sílim go bhfuil áit ansin do bhailte Gaeltachta chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona dúchais – ar nós agallamh beirte nó lúibíní a chur ar siúl nó ceolchoirmeacha den chéad scoth ar an sean-nós.
an taithí a fheabhsú oiread na fríde eile improving the experience ever so much more
" Tá níos mó agus níos mó áiseanna dírithe ar cheisteanna taithí an úsáideora, conas gur féidir an taithí a fheabhsú oiread na fríde eile go dtí go mbíonn an taithí sin go furasta agus gan stró.
ag tuar toisc feabhsú easponantúil promising exponential improvement
" Ach tá Kurzweil ag tuar toisc feabhsú easponantúil go mbeidh ríomhairí níos cumhachtaí ná aon cheann ar domhain chomh beag le fuilchill.
fheabhsú agus a chur bord ar bord leis to improve and to stay abreast with
" ie a fheabhsú agus a chur bord ar bord leis na cleachtais chomhaimseartha is fearr i dtaca le dearadh, idirghníomhaíocht agus mar sin de.
tar éis feabhsú go mór have greatly improved
" Tuigim anois go bhfuil cúrsaí tar éis feabhsú go mór, go bhfuil muintir na hÉireann anois sásta a bheith oscailte agus a bheith ionraic nuair atá deacrachtaí an tsaoil ag luí go trom orainn.
fheabhsú to improve
" Gné a thugann sásamh do chách is ea cumas an ghutháin agus deiseanna an ríomhaire le grianghraif a tharraingt, a fheabhsú agus a roinnt le daoine eile.