Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an fheadóg stáin the tin whistle
" Tar éis bliain amháin a chaitheamh ar an uirlis bheag álainn sin, an fheadóg stáin, cheannaigh mo mháthair fidil bheag bhídeach dhom i mBaile Átha Cliath.
bhfeadóg stáin tin whisle
" AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag seinm? Ar thosaigh tú díreach ar an gcansairtín nó ar fhoghlaim tú uirlis cheoil eile ar dtús? AL: Thosaigh mé ag seinnt ar an bhfeadóg stáin agus ar an mbosca ceoil ach ní raibh mórán suime agam iontu.
fheadóg airgid silver flute
" Thug an múinteoir faoi deara go raibh mé go maith agus dá bharr sin bhog mé ar aghaidh go dtí an fheadóg airgid.
ceol na feadóige whistle music
" Thaitin an ceol Gaelach go mór liom, go háirithe an sean-nós agus ceol na feadóige.
ag múineadh na feadóige stáin teaching the tin whistle
" Nuair a bhí mé óg bhí cónaí ar Fidelma agus Mick O'Brien ceithre theach uaim agus thosaigh Fidelma ag múineadh na feadóige stáin do na páistí ar an mbóthar agus san eastát tithíochta, agus dúirt mo mháthair liom féin agus le mo bheirt deartháireacha go raibh orainn dul chuici.
ag séideadh a fheadóige blowing his whistle
" "Dála cluiche peile, más drochchluiche é, is é an chuimhne is mó a bheidh agat ná an réiteoir ag rith thart ag séideadh a fheadóige.
feadóg stáin tin whistle
" AÓF: Inis dom a Mháire, cé hiad na ceoltóirí a bheas agaibh i mbliana? MUíF: Bhuel, beidh John Regan ar na mbosca ceoil; Noel Hill agus Séamus Ó Mongáin ar an gcansairtín; Louise Mulcahy agus Sarah Jane Woods ar an bhfeadóg mhór; Mícheál Ó Briain ar an bpíb uilleann; Tadhg Ó Meachair ag plé leis an amhránaíocht; Bríd Harpur, Liam Ó Conchubhair agus Kathleen Nesbitt ar an bhfidil; Marcus Maloney ar an mbainseó; Méabh Ní Lochlainn agus Michael Tubridy ar an bhfeadóg stáin; Michelle Mulcahy ar an gcruit agus Junior Davey ar an mbodhrán.
Draoi na feadóige móire the druid of the flute
" Stony Steps – Matt Molloy ======= Draoi na feadóige móire.
le hais na feadóige compared to the whistle
" Tá réimse níos leithne nótaí le fáil ar an veidhlín freisin le hais na feadóige, rud a d’fhágfadh go mbeadh duine in ann port ar bith faoin spéir a chasadh uirthi.
na feadóga the whistles
" Bíonn Elaine agus Sarah Jane ar na feadóga – Elaine ar an bhfeadóg bheag agus Sarah Jane ar an bhfeadóg mhór.
ag cumadh fonn ar an bhfeadóg writing tunes on the whistle
" Níor thosaíos ag cumadh fonn ar an bhfeadóg go dtí go rabhas seacht mbliana déag ach bhí foinn agus píosaí ceoil á gcumadh agam go rialta ar an bpianó agus ar an ngiotár.
feadóga whistles
" Ag Féile na Bandan i gCorcaigh a tháinig an smaoineamh chun cinn banna a thosú agus tá Daire Ó Breacáin (fidil agus giotár), Éamonn de Barra (fliúit, pianó, feadóga agus bodhrán), Aogán Lynch (consairtín agus feadóga) agus Mick Broderick (basúcaí agus maindilín) ag seinm mar ghrúpa ó shin i leith.
cleas na dtrí fheadóg the trick of the three flutes
" Dhá cheolchoirm do pháistí agus cleas na dtrí fheadóg á dhéanamh againn arís – triúr, trí fheadóg agus gan aon lámh ar an bhfeadóg cheart! http://www.
an fheadóg stáin, the tin whistle,
" Ar dtús roinn mé an leabhar idir cúig uirlis: an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an fhidil, an bosca ceoil agus an consairtín.
an chéad fheadóg stáin riamh. the first tin whistle ever.
" Léigh mé thíos staighre gurbh é an Sasanach Thomas Clarke, ar spailpín ó Suffolk é, a rinne an chéad fheadóg stáin riamh.
a sheinneann an fheadóg chomh maith who also plays the whistle
" AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam? LMacM: An píobaire Mícheál Ó Briain, a sheinneann an fheadóg chomh maith ar an albam, Caoimhín Ó Raghallaigh ar an bhfidil, ar an bhfeadóg mhór agus an bhfeadóg stáin agus ar uirlis thaibhsiúil ón Iorua darb ainm an hardanger.
ag múineadh na feadóige stáin teaching the tin whistle
" Ba é an múinteoir Pádraig Ó Méalóid – a bhíodh tráth den saol ag léamh na nuachta ar RTÉ – a chuir tús lenár gceol nuair a thosaigh sé ag múineadh na feadóige stáin dúinn.
ag cur snasa ar chleasaíocht na feadóige, glossing, perfecting, his tricks on the tin whistle
" Ach lean Fiachna leis ag cur snasa ar chleasaíocht na feadóige, idir mhéaraíocht agus análú.
feadóga. whistles
" Seinneann sé an dordveidhil, píb uilleann, pianó agus feadóga.
ag seinm na feadóige móire. playing the big whistle
" Nó curtha faoi dhraíocht ag seinm Chormaic Bhreathnaigh agus é mar abhainn shíoda ag seinm na feadóige móire.
fheadóg mhór concert flute
" Tá an fheadóg mhór, an fhidil, an bosca ceoil an-traidisiúnta mar uirlisí, ach ar an láimh eile, soláthraíonn an mandola agus an bouzouki úire ó thaobh fuaime de.
fhear na feadóige the guy with the whistle
" Bíonn sé deacair gan a bheith ag scréachach ar fhear na feadóige ó thaobhlíne na páirce agus d’fhoireann féin ag imirt, nó ón ardán féin agus na mílte eile timpeall ort ag scréachach freisin.
Feadóg whistle
feadóige whistle
" Bhí an fuaimrian á thaifead agus bhí seinnteoir feadóige stáin de dhíth orthu.
feadóg whistle
" Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan (canadh agus freagra) cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou (píobaí Briotánacha) agus an bombarde (feadóg) le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile.
séid feadóg blow a whistle
" Is rud nua é an idirghníomhaíocht seo idir daoine agus na rónta, agus coinnigh an rón faoi shúil ghéar i gcónaí; - Má bhíonn tú ag snámh go beoga, stad agus athraigh an bang snámha chuig an mbang brollaigh, nó snámh mar a bheifeá i do sheasamh; - Steall uisce i dtreo an róin má tá sé ar an dromchla nó séid feadóg má bhíonn a leithéid agat; - Tabhair rabhadh do lucht snámha eile san uisce.
bhFeadóg Stáin tinwhistle
" Cód: CEFCD200 Donncha Ó Briain Ceol ar an bhFeadóg Stáin ======================= Ball de chlann cheolmhar Uí Bhriain ó Bhaile Átha Cliath ab ea Donncha.
Ceol feadóige whistle music
" Ceol feadóige den scoth atá le cloisteáil ar an albam seo - ‘The Dublin Reel’, ‘The Ivy Leaf’ agus ‘Seán sa Cheo’, píosa a thaitin go mór le Donncha.
fheadóg á séideadh whistle being blown
" Leath bealaigh tríd an chruinniú, chuala muid an fheadóg á séideadh agus rith muid trasna réamhchúirt an stáisiúin artola agus amach ar *Kilburn High Road*, rud a chuir mearbhall ar na póilíní ar dtús.
feadóige whistle
" Lánaí díreacha, agus fear feadóige réidh leis an rása a thosaí.
feadóg whistle
" Ní raibh acu ach clogad, feadóg, buicéad lán le gaineamh agus caidéal láimhe chun dochar na mbuamaí a chur ó mhaith agus tinte a mhúchadh! Phós Jim McCartney agus Mary Mohin i Aibreán 1941.
bhfeadóg whistle(s)
" Bhí blas láidir Albanach-Éíreannach le brath ar an gceol, le fuaim na bpíob uillinne, na bhfidleacha agus na bhfeadóg.
fheadóg mhór flute
" Sheinn Terry Coyne an fonn ‘Táimse i mo chodladh’ ar an fheadóg mhór roimh na mílte a bhí ag slógadh i lár Learphoill ar 12 Meán Fómhair, lá eisithe tuairisc ón *Hillsborough Independent Panel*.
ag seinnt na feadóige playing the whistle
" Bheadh aithne ag Gaeilgeoirí dheisceart Bhaile Átha Cliath air, agus é istigh sa Chultúrlann, ag seinnt na feadóige.
a sheinneann ar fheadóga móra éagsúla who plays various flutes
" Béal Feirsteach é Desi Wilkinson a sheinneann ar fheadóga móra éagsúla agus ar an fheadóg stáin.
feadóg stáin amach as a phóca a tin whistle out of his pocket
" Ansin tharraing Gearmánach feadóg stáin amach as a phóca agus thosaigh an seisiún.
casann sé ar an bhfeadóg mhór he plays the flute
" “Ceoltóir traidisiúnta atá ann, casann sé ar an bhfeadóg mhór agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí staire,” arsa Róisín.
an fheadóg mhór the concert flute
" Nuair a bhain sí an áit amach bhí sí cosúil le yeti agus consairtín aige! Ní raibh ach beirt cheoltóirí eile san áit ach tá sí cairdiúil leo ó shin, John ó York ar an fheadóg mhór agus Andy ó Londain a sheinneann ar an fhidil.
feadóg stáin tin whistle
" Ceoltóir ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfeadóg mhór í agus spéis aici san amhránaíocht freisin - ní nach ionadh ós rud é gur amhránaithe iad a huncail, Josey Sheáin Jeaic, agus a hathair, Johnny Sheáin Jeaic.