Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé he was a chatterbox at the best of times
" Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.
ag fáil an chinn is fearr getting the better of
" Faraor, is cuma cén sampla a thógann an FAI ó Rosenborg, beidh muid ag fanacht tamall eile sula bhfeicfidh muid Shelbourne ag bualadh AC Milan sa San Siro, nó Bohemians ag fáil an chinn is fearr ar Real Madrid in Dalymount.
níos fearr chuige better at it
" Tá sé an-tábhachtach bealaí a aimsiú chun é seo a dhéanamh agus tá mná níos fearr chuige ná fir.
an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta defeat the terrorists
" Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
an ceann is fearr the better
" Bhí na Brianaigh ina dtiarnaí ar thrí oileán Árann ar feadh 450 bliain go dtí 1585, tráth a bhfuair na Flaitheartaigh an ceann is fearr orthu.
Feileann sé níos fearr dom it suits me better
" "Feileann sé níos fearr dom oibriú ón mbaile mar nach gá taisteal fada a dhéanamh chuig oifig ar bith.
mar is fearr aithne uirthi as she is better known
" Ní mar sin a bhí i gcás Ghearóidín Bhreathnach, nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi.
is fearr duit leathdosaen a mhealladh leat it's better to win over half a dozen
" Ná má tá tú i gcónaí anuas ar dhaoine, tiompóidh siad i d'éadán agus is fearr duit leathdosaen a mhealladh leat nó dosaen a thiompó i d'éadan.
Chuirfeadh Nóirín conradh i gcuid comhrá agus comhairle Ita ar an lá is fearr a bhí sí Nóirín could do without her chat and advice even on her best days
" Chuirfeadh Nóirín conradh i gcuid comhrá agus comhairle Ita ar an lá is fearr a bhí sí, ach thiocfadh léi í a fheiceáil in Ifreann ar maidin inniu.
ar nós na dtuarascálacha is fearr like the best reports
" Ach cá bhfuil sé anois? "Ar an tseilf, ag bailiú deannaigh ar nós na dtuarascálacha is fearr!" a dúirt Mícheál go díomách (mar bhí sé féin ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chuir le chéile é), agus fanfaidh sé ansin go dtí tar éis na comhdhála speisialta a bheas ar siúl an chéad mhí eile chun an cháipéis eile de chuid Chumann Luthchleas Gael a phlé.
an rogha is fearr the best choice
" Ach cé go bhfuil cuma an-fhoirfe ar an socrú - is é sin, ag maireachtáil i réigiún na síorshaoire, i bhfad ó chúraimí teaghlaigh agus an chuid eile den domhan - b'fhéidir nach seo an rogha is fearr do Mheiriceá.
barúil níos fearr a better sense
" Seans dá ndéanfadh muid an méid sin, go mbeadh barúil níos fearr againn cé muid féin, fiú sa náisiún seo ina bhfuil daoine chomh scaipthe sin, agus ina bhfuil na roghanna seo gan teorainn maidir le stíl mhaireachtála, roghanna a bhíonn go minic ina mbac ar dhaoine.
chun an ceann is fearr a fháil to get the better (of)
" Ina dhiaidh sin, áfach, nílim cinnte go bhfuil an láidreacht agus an teacht i láthair atá riachtanach i bhfoireann Aontroma chun an ceann is fearr a fháil ar fhoirne áirithe níos faide ó dheas agus Craobh na hÉireann a bhaint amach, cé go mba bhreá liom féin dá ndéanfadh.
aon phioc níos fearr any better
" Déarfadh daoine, mar shampla, 'Tá leathchéad bliain caite againn ag plé le cúrsaí bochtanais san Afraic agus an bhfuil an Afraic aon phioc níos fearr as tar éis an oiread sin oibre agus airgid a chaitheamh?' Tá ana-chuid díospóireachta den tsórt sin laistigh den eagraíocht.
is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint it's best to avoid these new possibilites
" Ach toisc go bhfuil an méid sin ríomhairí éagsúla ar an idirlíon - idir shean agus nua - is fearr na féidearthachtaí nua seo a sheachaint go ceann tamaill eile.
tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge you are now where the best of Irish is to be found
" Beannacht Dé leat, a Bharra, agus tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge.
dul chun cinn níos fearr better progress
" Cé a chreidfeadh é? Maidir le pointí ísle na bliana, ba mhór an trua nár éirigh le Luimneach dul chun cinn níos fearr a dhéanamh i ndiaidh trí bhua iontacha i gCluichí Ceannais Faoi 21 bhliain ach b'fhéidir go raibh muintir Luimnigh ag súil leis an iomarca ró-luath ó imreoirí óga.
cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois although we're much better off now
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
chun an luach is fearr a fháil to get the best value for money
" Ach tá difríochtaí suntasacha idir na ceamaraí digiteacha is saoire agus na cinn is daoire agus is gá an teicneolaíocht atá le fáil iontu a thuiscint chun an luach is fearr a fháil.
a fheileann níos fearr which better suit
" Chomh maith leis sin, tá tiúin áirid a fheileann níos fearr don phortaireacht ná tiúin eile.
an luach is fearr the best value
" Is fiú féachaint timpeall chun an luach is fearr a fháil - cé go ndíolfaidh na bainc árachas leat, uaireanta bíonn luach níos fearr le fáil ar shuímh na gcomhlachtaí árachais iad féin.
d’fhaigheadh an ghramadach an ceann is fearr orm the grammar used to get the better of me
" Ó am go ham, d’osclaínn é arís, ach d’fhaigheadh an ghramadach an ceann is fearr orm gach uair agus bhraithinn pian i mo chroí.
Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile! Isn't the starter often better than the main course!
" ” “Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!” a d’fhreagair Aindí.
d’fhaigheadh an ghramadach an ceann is fearr orm the grammar used to get the better of me
" Ó am go ham, d’osclaínn é arís, ach d’fhaigheadh an ghramadach an ceann is fearr orm gach uair agus bhraithinn pian i mo chroí.
iomaíochas níos fearr greater competitiveness
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
Fuarthas an ceann is fearr orthu they were defeated
" Fuarthas an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais Chorn an FA.
formhór na mbainisteoirí agus na n-imreoirí is fearr most of the best managers and players
" Nach bhfuil a fhios acu gur cheannaigh Rúiseach Chelsea agus gur eachtrannaigh iad formhór na mbainisteoirí agus na n-imreoirí is fearr i bPríomhroinn Shasana? Ach tá na seanlaethanta thart.
Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. The Irish language fits in better with my own viewpoint.
" Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin.
iomaíochas níos fearr greater competitiveness
" Ach má tá an tAire ag lorg sochair i ndáiríre do gach éinne ón gcóras cód poist (agus ní hamháin deiseanna nua do chomhlachtaí margaíochta agus seachadta airgead a dhéanamh chun roinnt de a thabhairt do na páirtaithe polaitíochta), cuirfidh sé cúpla coinníoll i bhfeidhm nuair a thiocfaidh an córas nua, mar shampla: Nuair a cheadófar iomaíocht i gcúrsaí poist, nach millfear ról sóisialta An Post (go háirithe faoin tuath) ag cuardach an *Holy Grail *seo, “iomaíochas níos fearr”.
Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. The Irish language fits in better with my own viewpoint.
" Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin.
go bhfaighidís an margadh is fearr dúinn that they would get the best deal for us
" Bheifeá ag súil, áfach, go ndéanfadh an Rialtas iondaíocht mhaith ar an phobal, go bhfaighidís an margadh is fearr dúinn maidir lenár n-acmhainní aiceanta agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis.
a shantaíonn an chuid is fearr who wants the best
" ” Is féidir a rá gur fear é Brian Vallely a bhfuil tuairimí láidre aige, fear a shantaíonn an chuid is fearr, bíodh sin i gcúrsaí ceoil, cúrsaí lúthchleasaíochta, i gcúrsaí ealaíne, nó sa chaidreamh idir daoine.
i riocht níos fearr in a better condition
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Go dtabharfaidh muid don chéad ghlúin eile í i riocht níos fearr ná mar a fuair muid féin í.
nuair a fhaigheann na páistí an ceann is fearr ort when the kids floor you
" Ach bíonn amanna faoi leith ann, nuair a fhaigheann na páistí an ceann is fearr ort, agus is fiú cur suas leis na deacrachtaí go léir ar mhaithe leis na hamanna sin.
go bhfaigheadh an drúis an ceann is fearr ort that lust would get the better of you
" “Ó a Bhaloir, tá mé buartha,” arsa Leithléisí Lár na Tíre, “ba chóir go mbeadh a fhios agam go bhfaigheadh an drúis an ceann is fearr ort.
caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe to treat his slaves better
" In alt ar *An Phoblacht*, maítear go ndeachaigh Naomh Pádraig ar stailc ocrais le brú a chur ar rí darbh ainm Trian caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe.
chun an múnla is fearr a fhorbairt to develop the best model
" ” Tá an plean á chur i bhfeidhm cheana féin agus monatóireacht á déanamh air chun an múnla is fearr a fhorbairt, agus féachaint cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh.
go bhfuil bail níos fearr ar Amharclann na Mainistreach that the Abbey Theatre is in a better state
" Lena cheart a thabhairt dó, tá an chuma ar an scéal go bhfuil bail níos fearr ar Amharclann na Mainistreach anois ná mar a bhí le blianta fada anuas.
má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua if the Jackals fail to get the better of Nashua
" Críochnóidh an tsraith, agus b’fhéidir an séasúr iomlán, má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua, agus áit a fháil i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais dá bharr.
an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla the best and most interesting league
" Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin.
an oidhreacht is fearr the best legacy
" Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theacht ná timpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.
an ceann is fearr a fháil ar an rialtas to get the better of the government
" Bíodh sin mar atá, d'éirigh le lucht an tobac an ceann is fearr a fháil ar an rialtas go dtí seo.
Tá níos fearr ná sin tuillte againn. We deserve better than that.
" Tá níos fearr ná sin tuillte againn.
nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach that there isn't a better cure for depression
" Nach gcuireann sé ardú meanman i gcónaí orainn gar a dhéanamh do bhráthair? É tugtha faoi deara agam nach bhfuil leigheas níos fearr ar an ngalar dubhach ná gar a dhéanamh do chomharsa i ngátar.
go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr fós that things could be better still
" B’fhéidir nár tuigeadh ag an am go raibh ré órga ag tarlú nó b’fhéidir gur ceapadh go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr fós – go mbeadh níos mo cluichí iontacha agus contaetha nua ag teacht chun cinn.
gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, that broken Irish is better than clever English,
" A leithéid de rud le rá os comhair an tsaoil! Tá a fhios agam go ndeir sibhse gur fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, ach bhí an Ghaeilge sin ina smidiríní ar fad.
is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu. it seems that the Indians got the better of them.
" Cé gur éirigh leis na coilínithe seo baile beag a bhunú ar an gcósta, san áit a dtugtar South Carolina anois air, agus fanacht ann ar feadh bliain nó dhó, is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu.
an bunábhar is fearr the best material
" Ach úsáidim an bunábhar is fearr gur féidir liom a fháil.
chun na cinn is fearr a roghnú to pick the best ones
" Chuir Daire in iúl dom go scríobhann na baill na hamhráin ina n-aonar ach go dtagann siad ar fad le chéile ansin chun na cinn is fearr a roghnú le cur ar albam.
seirbhís níos fearr a better service
" I measc rudaí eile, tá feachtas curtha ar bun aige le cur ina luí ar thiománaithe tacsaí Bhéal Feirste gur chóir dóibh seirbhís níos fearr a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
níl rudaí pioc níos fearr things are no better
" Oidhreacht Bush Má tá polasaí eachtrach Mheiriceá ag titim as a chéile, níl rudaí pioc níos fearr sa mbaile.
ag déanamh gurb é is fearr ag tabhairt faoi thinking he's the best at it
" ‘Tá sé anseo ag portaireacht *Eine Kleine Nachtmusik* agus tá an scaifte uilig ag déanamh gurb é is fearr ag tabhairt faoi ó cailleadh Mozart féin,’ a d’fhreagair Bluebell.
an caighdeán maireachtála is fearr the best standard of living
" Tá muid uilig ag iarraidh go mbeadh an caighdeán maireachtála is fearr againn féin agus ag ár gcuid páistí.
saol níos fearr a better life
" Bhí siad lán dóchais agus uaillméine, iad ag súil go raibh saol níos fearr i ndán dóibh, in áit a mbeadh siad mar ríthe.
duine níos fearr a better person
" ** **Ba dhoiligh duine níos fearr a fháil le scannán mar seo a dhéanamh ná Tom Collins.
an áit is fearr the best place
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
na smaointe is fearr the best ideas
" An plean a bhí agam ná na píosaí nó na smaointe is fearr a chur ar aon dlúthdhiosca amháin agus é a thabhairt do gach duine sa bhanna le hiarracht a dhéanamh tús a chur leis an nua.
cáilíocht bheatha níos fearr a better quality of life
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
níos fearr ná éinne eile better than anyone else
" “B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’” De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó.
mar is fearr aithne air, as he is better known
" Cuirfear príosún ar an Teachta Dála Brian Ó Sé, n ó Brains Ó Shea mar is fearr aithne air, ó Pháirtí an Lucht Oibre i bPort Láirge, as siocair é a bheith ag iarraidh deireadh a chur leis an scrúdú Gaeilge atá le déanamh ag dlíodóirí na hÉireann.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
an ceann is fearr a fháil to get the better of
" “Fear margaíochta ab ea George,” a dúirt Ian Lawson, an bleachtaire a bhí bainteach leis an fhiosrúchán agus é ag cur síos ar chomh plásánta agus a bhí an pinsinéir agus ar chomh furasta is a bhí sé aige an ceann is fearr a fháil ar na saineolaithe móra ealaíne.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, that other modes of transport suit them better
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
an ceann is fearr orthu. get the better of them
" Rud eile ná, má éiríonn le Ciarraí agus Cill Chainnigh na cluichí leathcheannais a bhaint amach – agus dealraíonn sé go ndéanfaidh siad amhlaidh – ní bhfaighidh aon fhoireann sa tír an ceann is fearr orthu.
torthaí níos fearr better results
" Ní hamháin go bhfaigheann tú torthaí níos fearr tar éis duit rud éigin a chuardach, ach tá cuma níos fearr orthu freisin toisc go bhfuil comhéadain ghrafacha acu ina dtaispeántar gach rud i bhfoirm íomhánna deasa.
cuma níos fearr better appearance
" Ní hamháin go bhfaigheann tú torthaí níos fearr tar éis duit rud éigin a chuardach, ach tá cuma níos fearr orthu freisin toisc go bhfuil comhéadain ghrafacha acu ina dtaispeántar gach rud i bhfoirm íomhánna deasa.
mar is fearr aithne air as it is better known
" B'as na ceoltóirí a tháinig go dtí na cathracha a d'eascair snagcheol – nó *Jazz*, mar is fearr aithne air – agus i measc scríbhneoirí na tréimhse sin, bhí daoine mar Langston Hughes agus Zora Neale Hurston.
mar is fearr aithne uirthi, as she is better known
" B'amhrán éadrom é nach raibh mórán téagair ag baint leis, a cheap sí féin! Rugadh Eunice Kathleen Waymon, nó Nina Simone mar is fearr aithne uirthi, sa bhliain 1933 in South Carolina.
mar is fearr aithne air as he is better known
" Ealaíontóir amháin atá ag teacht i dtír ar an ghnó nua seo ná Jeffrey Lipsky, nó Filthy Fluno mar is fearr aithne air ar Second Life.
ach bheadh sé i bhfad níos fearr but it would be much better
" Tá Google Earth agus na híomhánna satailíte atá mar chuid den phacáiste sin á n-úsáid in am éigeandála cheana féin, ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá bhféadfaí teacht go tapa ar íomhánna atá suas chun dáta agus iad a scaipeadh go poiblí láithreach.
seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu there's a change that the people he will beat
" Ach an chéad uair eile, seans gurb iad na daoine a bhfaighidh sé an ceann is fearr orthu ná leithéidí Daniel Day Lewis agus Tommy Lee Jones.
is fearr go mall ná go brách. it is better late than never
" Tá go leor daoine ag cur ceiste cén fáth nach raibh ard-ghobharnóir mná san Astráil i bhfad roimhe seo, ach is fearr go mall ná go brách.
mar is fearr aithne air as it is better known
" Armán coitianta is ea an raidhfil AR-15 – nó an Armalite, mar is fearr aithne air – i measc phóilíní na Stát Aontaithe.
an rud is fearr ó thaobh caighdeán saoil de the best thing in terms of standard of life
" B’fhéidir nach sin an rud is fearr ó thaobh caighdeán saoil de ach in Éirinn atá an obair.
go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid. that they got the better of the old enemy.
" Sin an fáth a raibh an DUP agus Sinn Féin ábalta suí síos le chéile mar go raibh siad ábalta cur ina luí go réalaíoch ar thromlach a lucht tacaíochta go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid.
an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic to get the better of his opponent
" ***Buntáistí:* **Fear éirimiúil atá ann atá lán ábalta an ceann is fearr a fháil ar a chéile comhraic i ndíospóireachtaí.
margadh níos fearr a bhaint amach to get a better deal
" D’fhéadfaí an Conradh a athphlé agus margadh níos fearr a bhaint amach d’Éirinn agus do thíortha beaga eile nó d’fhéadfaí é a chaitheamh san aer agus leanúint ar aghaidh le reáchtáil an Aontais mar atá sé.
an tairbhe is fearr the most benefit
" Ba chóir dom a lua, áfach, go mbeidh ort an brabhsálaí Firefox a shocrú ar do ríomhaire más mian leat an tairbhe is fearr a bhaint as an tseirbhís.
leis na cainteoirí is fearr a aimsiú to find the best speakers
" D’fheadfaí comórtais a reáchtáil leis na cainteoirí is fearr a aimsiú – leagan Ultaise de X-Factor atá i gceist aige – agus fiafraíonn sé cén fáth nach bhfuil tionscadail dhrámaíochta, scannánaíochta, theilifíse agus raidió á moladh? Cén fáth nach bhfuiltear ag déanamh físeán d’fhilí agus d’aithriseoirí an lae inniu láithreach? Mar achoimre – agus bhí i bhfad ní ba mhó i gceist sa litir ná an méid atá scríofa sa chuntas gairid seo – bhí USAIG i bhfoirgneamh nach raibh fóirsteanach dóibh; bhí fadhbanna acu ó thaobh daoine a earcú le tabhairt faoi na tionscadail; bhí cúrsaí airgeadais – íocaíochtaí agus soláthar – ina bpraiseach agus ní raibh an grúpa ag baint úsáide as na teicneolaíochtaí is úire leis na tionscadail a chur i gcrích.
beagáinín beag níos fearr a little bit better
" Má oibríonn na córais leictreonacha seo i gceart, tá gach seans ann go ndéanfaidh siad saol chomaitéirí na hardchathrach beagáinín beag níos fearr.
todhchaí níos fearr better future
" Caithfidh muid éirí aníos go measartha gasta má tá muid chun todhchaí níos fearr a chruthú dár bpáistí.
fáil an ceann is fearr ar getting the better of
" ) Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tAire ag fáil an ceann is fearr ar ghéarchéim na scuainí agus na liostaí feithimh.
Is fearr an t-ádh ná éirí go moch it's all about luck
" Pléifidh mé an bhlagadóireacht agus a mionsonraí níos mine amach anseo, ná bíodh aon buairt ort faoi sin! Is fearr an t-ádh ná éirí go moch! Tá muintir na hÉireann loite ó thaobh rogha córais nuachtlitreach leictreonacha.
dóigh is fearr best way
" Tá comhlachtaí turasóireachta go leor ag soláthar eitiltí timpeall an cheantair agus níl aon amhras ach gurb é seo an dóigh is fearr glasú agus fliuchadh an láir a fheiceáil.
Is fearr mall better late
" Is fearr mall ná go brách, is dócha.
más fearr leat if you prefer
" Ní hea, deir tú, ach creachadh iad (nó sinn, más fearr leat).
ceann is fearr the better
" Theip ar na bainc mar go bhfuair saint na mbaincéirí an ceann is fearr ar dhea-chleachtas.
An Seanchas Gearr is Fearr least said the better
" An Seanchas Gearr is Fearr An t-ábhar iontais a bhí ag na húdair go raibh sé “*curious*”, go mbeadh buntáiste ag duine le Gaeilge agus iad ar thóir fostaíochta anseo seachas duine gan Ghaeilge agus chum siad foirmle chasta mhatamaitice leis an rúndiamhracht a réiteach.
an ceann is fearr the better
" Ach fuair de hÍde agus Mac Néill an ceann is fearr orthu.
Is Fearr Leath ná Meath half a loaf is better than none
" Is Fearr Leath ná Meath === Bhídís ag fáil deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge roimhe seo.
is amhlaidh is fearr é better again
" Dá mhéid an réimse atá ann is amhlaidh is fearr é, ach san am céanna tá sé tábhachtach go mbeadh caighdeán maith ann ó thaobh ábhar an leabhair, ó thaobh eagarthóireachta, ó thaobh dearadh agus más féidir, ó thaobh díolaíochta agus dáiliúcháin.
más fearr leat if you prefer
" Is ionann geilleagar agus eagar a chur ar an ‘gheill’, nó ‘gild’, ‘gold’, ‘guilder’agus ‘zloty’, más fearr leat.
gur fearr that it’s better
" Bhí an páirtí mar a bhí long a mbeadh poll ann faoi líne an uisce ach hiarradh orm seasamh agus mheas mé gur fearr guth a thabhairt do na daoine seo taobh istigh den pháirtí in áit gan guth bheith acu ar chor ar bith,” arsa an Críostaí athbheirthe.
is fearr bás ná náire death is better than same
" Mana na meánscoile 'is fearr bás ná náire'.
más fearr leat if you prefer
" Nuair a bhí na Gaeil, nó na Ceiltigh más fearr leat, i mbarr a réime anseo in Éirinn, is ag comóradh na féíle Imbolc a bhídís.
Foighid is Fearr patience is best
" Scéal gan Leigheas, Foighid is Fearr Air ==================== **C.
más fearr leat if you prefer
" Ar an téad seo, nó ar an ‘chnáib’ seo más fearr leat, mar a deir cara de mo chuid Tigh Fagan, “Cad a bhfuil an domhan seo ag teacht go dtí?” Agus tá Mary Loo ann, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, mar a bhí sí á shantú le fada fada an lá; agus nach mise atá sásta nach raibh an bhean sin ann le mo linn.
más fearr leat perhaps, I might say
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.