Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mheilleoga feola rolls of fat, spare tyres
" Bhí sé ina mheilleoga feola agus chuir sé a sáith iontais uirthi go raibh sé ábalta an cineál seo oibre a dhéanamh ar chor ar bith.
ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin squeezing up against those rolls of fat
" Char mhaith liom a bheith ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin," arsa Nuala.
feoil dhaonna human flesh
" Ach smaoinigh sé ansin go mb'fhéidir nach dteagmhódh madraí le feoil dhaonna.
comhlacht feola Éireannach an Irish meat company
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
feoil mhairt beef
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
ag ithe scoth feola agus aráin eating the best of meat and bread
" Tá traidisiún na fáilte go láidir i Wisconsin, agus níor chlis ar an traidisiún an oíche seo ach oiread, sinn ag ithe scoth feola agus aráin an chultúir Ghearmánaigh i Wisconsin.
tá an nimh san fheoil agaibh di you really have it in for her
" “Anois, anois, a ghirseachaí,” arsa Fíona, “tá an nimh san fheoil agaibh di agus ní dhearna sí ach beannú daoibh.
Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh. That was a thorn in the flesh for the president, however.
" Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh.
a slisní feola agus a ngircíní! their slices of meat and gherkins!
" Iad féin agus a slisní feola agus a ngircíní! D’iarr mé *schwarter tee*, ach mhothaigh mé mé féin ag socthumadh i lagar spride nuair a chonaic mé an boc seo ag líonadh cupa (sioctha) le huisce a bhí bogthe (ag an mhéid ab fhearr).
i dtaca le táirgeadh feola. as regards beef production.
" Is léir cén fáth a raibh feirmeoirí na hÉireann ag tógáil raice faoin sárú atá déanta ag feirmeoirí mairteola na Brasaíle ar an gcaighdeán sláinte agus sábháilteachta atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach (AE) i dtaca le táirgeadh feola.
an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile the two candidates really have it in for each other at the moment
" An gcaithfidh siad vóta ar son Barack Obama má bhaineann sé ainmniúchán a pháirtí amach? Go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile i láthair na huaire? Ag cur cheist an chiníochais as an áireamh, ámh, cuireann Obama ola ar chroí cheannasaithe a pháirtí.
tite go dona i bhfeoil very much overweight
" Ba as an Astráil formhór na bpaisinéirí agus caithfear a rá go raibh go leor acu tite go dona i bhfeoil, mionlach nach beag acu a bhí fíormhurtallach.
feola flesh
" Gliceas Ciarraíoch ag feidhmiú ambaist! Iomas an Imreora ======== Ach, b’fhéidir gur rud eile ar fad é an traidisiún, gur rud aigneolaíoch é seachas fíric feola is cnámh.
feoil flesh
" Glanmhalairt an Chur Chuige ========== Níor mhiste a rá ag an staid seo go bhfuil difir feoil is iasc idir staid na Gaeilge is na Gàidhlige.
nimh san fheoil tangible hate
" B’fhada nimh san fheoil ag an dá dhream dá cheile, le linn na dtrioblóidí ach ag dul siar sa stair fosta sular tháinig an tIRA ar an saol.
punt na feola the pound of flesh
" Béarfar an Bhris Isteach ========= Tiocfaidh an t-am sa tír seo a ghearrfaimid punt na feola de lucht na mbanc agus den dream daoine sin a shiúil ó theach na cúirte agus an meangadh ar a mbéal.
fheoil a roinnt meat is shared
" Déantar an fheoil a roinnt i dtrí chuid: cuid amháin don teaghlach é féin; cuid eile do theaghlaigh ghaolta; agus an train deiridh do na bochtáin.
feoil meat
" Deirtear go n-itheann na sionnaigh sméara agus ruainne ar bith a dtiocfaidh siad air san earrach, ach b’fhearr leo feoil na mionmíolta, nó creimirí beaga, in aimsir fuachta mar seo.
gan fuil gan feoil just skin and bone
" Ní raibh iontu ach creatlaigh, gan fuil gan feoil.
feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa (bring) some of his concepts into being
" Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa.
tar éis titim chun feola overweight
" ‘An baile inar féidir le duine éirí tanaí’, an mana atá ag Brides-les-Bains agus is fíor go bhfeictear go fóill céatadán ard daoine atá tar éis titim chun feola timpeall an bhaile agus é mar sprioc acu cuid den mheáchan sin a chailliúint.
nimh san fheoil the venom
" 
Ach bhí poblachtánaithe gníomhacha ina measc seo, rud a cothaigh nimh san fheoil ag na póilíní a bhí ag iarraidh na fir seo a chur i gcarcair agus chonaic baill den RUC Rosemary Nelson mar chonstaic.
go mbeadh nimh san fheoil have it in for
" Ní hiontas é mar sin go mbeadh nimh san fheoil ag na dílseoirí seo do na *“ragheads”* mar a thugann siad ar na hIoslamaigh.
feoil an duine human meat
" Ní fios cén t-achar a raibh siopa búistéara i Moscó ag díol feoil an duine in ispíní sular tháinig amhras ar lucht údaráis faoin áit agus gabhadh daoine mar gheall air.
gan feoil skinny
" Bhí sí thart ar sé bliana déag, í caol tanaí, gan feoil.
ag lorg stiall fhiall feola looking their bite of flesh
" Seans gur mór an teist ar éifeacht Oifig an Choimisinéara Teanga é gurb é a thairg Roinn na Gaeltachta mar íobairt nuair a tháinig mactírí an Aire Howlin ag lorg stiall fhiall feola.
cnámharlach gan feoil a mere skeleton
" Dá n-abródh Robinson go soiléir leis an lucht éisteachta nár cheart dá pháirtí a bheith in éadan Acht Gaeilge, go gcuirfí tithíocht ar fáil do Chaitlicigh, ar mó a n-éileamh ar a leithéid, i gceantracha "Protastúnacha", nár cheart go siúlfadh an tOrd Oráiste áit ar bith nach raibh fáilte rompu, bhuel, sin teachtaireacht ar fiú éisteacht leis, ach ní bhfuair muid ach baothchaint gan stuaim, cnámharlach gan feoil.
feoil an choiligh fhrancaigh turkey meat
" com/ca/app/gift-plan/id395091924?mt=8) Cosúil le feoil an choiligh fhrancaigh, ní don Nollaig amháin é an feidhmchláirín seo: cabhróidh sé leat bronntanais a réiteach i rith na bliana.
deis acu feoil a chur ar a gcuid mianta muirir a chance to bring their desires into being
" Arú, feckit, tá a fhios ag an saol mór nach gcoinneodh sé ciúin iad, ach cá bhfaighidís an t-airgead chun an muirear a íoc? Cén áit? Cén banc? Mo náire sibh, a léitheoirí! Ach cén mhaith dúinn a bheith ag caint faoi dhaoine nach bhfuil i gcumhacht, fós, agus nach mbeidh deis acu feoil a chur ar a gcuid mianta muirir go ceann tamaill? Maith ar bith, a deir sibh, agus an ceart ar fad agaibh.
feoil ar an tuairim sin added credence to that view
" Chuir Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin, feoil ar an tuairim sin nuair a dúirt nach dtig postanna sa Ghaeltacht a shéanadh ar dhaoine gan Ghaeilge siocair go mbeadh a leithéid ag sárú dlithe na hEorpa.
a cuid feola its meat
" Is baolach nach gcaitear a cuid feola, mar is ann di, ina spóla mór.
sa bhfeoil physically
" B’í an bhean ab áille dá bhfaca mé riamh, sa bhfeoil, mar a déarfá, os chomhair mo dhá shúil amach.
fheoil a bhí á caitheamh meat being eaten
" An sairdín an bia a shamhlaítear go traidisiúnta leis an bhféile seo, ach ba mhó go mór an fheoil a bhí á caitheamh i mbliana.
ag iarraidh feoil a chur ar fhocail Íseáia trying to bring life to the words of Joshua
" An gníomh graosta drochmheasúil a bhí ar siúl ag Pussy Riot nuair a phléasc siad isteach in Ardeaglais Chriost an Slanaitheoir nó an é nach raibh siad ach ag iarraidh feoil a chur ar fhocail Íseáia 1:17? “Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh, lorgaigí an rud cóir, cuirigí in éadan ansmachta, tugaigí a cheart don dílleachta, agraigí cúis na baintrí.
de ghrá a gcuid feola for their highly prized meat
" Bíonn fiach mór orthu de ghrá a gcuid feola.
An Nimh san Fheoil badness, spite
" An Nimh san Fheoil ====== Agus seo chugainn anois sampla eile nach bhfuil naimhde na teanga sa chóras oideachais imithe ar shiúl bíodh a fhios agat, ná baol air.
chuir David Dawaele, aisteoir, feoil acted perfectly
" ’Sé sin, munar ‘slánaitheoir’ de shaghas éigin é an t-imeallaí ciardhubh iar-Kirkegaardiach a chuir David Dawaele, aisteoir, feoil air.
feoil chapaill horse meat
" Níl siad ag maíomh as an mhéid sin ar ndóigh, ach ar a laghad ar bith tá na sluaite ag amharc ar Americas got Talent, ag ithe feoil chapaill agus ag sú isteach gach scéal i mbarr maide.
i bhfeoil in the flesh of
" Ba chealg é Krishnan Gura-Murthy i bhfeoil íocóin mhóir ‘cineama na fola’.
feoil bheo dhaonna ar brought to life
" Chuir Day-Lewis, Lee Jones agus Sally Field feoil bheo dhaonna ar phearsain ró-oirmhinneacha na staire.
feoil a ithe to eat meat
" - Níl rud ar bith cearr le bia na hÉireann: prátaí agus tornapaí agus cabáiste agus meacain dearga… Ní bheidh cead ag lucht loicthe feoil a ithe feasta ach amháin idir an dá Nollaig – aon trí lá is maith leo.
An Nimh san Fheoil very bad enmnity
" An Nimh san Fheoil ======== Nuair a chuir na Sasanaigh deireadh leis an stádas ar tugadh “Catagóir Speisialta” air sna Sé Chontae, i 1976, cuireadh an lasóg sa bharrach i gceart.
An Titim Chun Feola getting fat
" Bheadh seisean ag gearán agus ag olagón: ‘Cén fáth go bhfuil cead ag Obama agus nach bhfuil cead agamsa?’ An Titim Chun Feola ======== **Balor: Luaigh tú cúrsaí meáchain ar ball, a Michelle.
duine a bhí ag titim chun feola a person who was becoming fat
" Nuair a bhreathnaigh mé sa scáthán chonaic mé duine a bhí ag titim chun feola in ionad a bheith ag éirí níos lú.
an séantóir feola the vegetarian
" Buaileann sé an séantóir feola chomh maith leis an duine uiliteach.
an nimh san fheoil sin ina gcoinne the malevolence against it /Irish
" Ní hé nach bhfaca cuid eile againn an nimh san fheoil sin ina gcoinne a eascraíonn as aineolas an mhóraimh go bunúsach.
feoil an mhíl mhóir whale meat
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais a country where the meat is a delicacy
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
ag titim chun feola getting fat
" Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
ag titim chun feola getting fat
" Tá páistí na tíre ag titim chun feola agus cuireann Colm Mac Séalaigh an locht ar na polaiteoirí nach bhfuil sásta airgead stáit a chaitheamh ar áiseanna spóirt.
fheoil meat
" D'éalaigh Balor bundúnslán ó na lúchorpáin agus bhuail isteach sa Ghaeltacht ar thaobh Loch Michigan le gairid, mar a bhfuil an bheoir saor agus an fheoil saorga.
a bpunt feola féin their own pound of flesh
" Beidh orthu a bpunt feola féin a ghéilleadh faoi dheireadh thiar thall ar ordú ó dhream níos santaí ná iad féin, an CAI.
an nimh san fheoil don Éireannach have it in for the Irish
" Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.