Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhéith fertile
" Tá an Rinn difriúil ó na Gaeltachtaí eile ar mhórán slite; tá talamh bhreá mhéith ann, ní hionann is ceantair eile Ghaeltachta a bhfuil mórchuid cloch is gannchuid cré iontu.
torthúil fertile
" Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
méithe rich, fertile
" Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
an-torthúil very fertile/productive
" Is é "Íle Ghlas" a thugtar ar Oileán Íle go traidisiúnta - cionn is go bhfuil sí an-torthúil i gcomparáid le hoileáin eile amach ó chósta thiar na hAlban.
In áit talaimh thorthúil instead of fertile land
" In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.
méith fertile
" Agus mar a bhaineann le muintir Ráth Cairn, cé go bhfuil siad díreach socraithe síos i ndiaidh cúig bliana déag is trí scór ar thalamh méith na Mí, thig leo fios a chur ar na hasail agus ar na carranna arís.
talamh méith an chontae sin the fertile land of that county
" Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
torthúil fertile
" B'as Srath Nabhair, gleann glas torthúil a raibh daonra mór ann, cuid mhaith acu.
an talamh méith the fertile land
" Cuireadh tús le tionscal déiríochta ar an talamh méith a bhí glanta ag na foraoiseoirí.
talamh méith, fertile ground,
" Bhí gach cabhair ag an phlanda óg – grian, uisce, talamh méith, aire mhaith.
torthúil fertile
" Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh i ndán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79.
ní ba mhéithe more fertile
" Cosaint ar an Iargúil =========== Mar a bheifeá ag súil leis, tá na teangacha dúchais is láidre le sonrú sna ceantair is iargúlta sa tír agus ina ndúiche traidisiúnta, de bharr nár mheall na ceantair seo an líon céanna coilíneach is a mheall na ceantair ní ba mhéithe.
gleann mínghlas torthúil the fine green fertile valley
" Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr.
Corrán na Torthúlachta the Fertile Cresent
" Corrán na Torthúlachta ========== Míníonn sé gur in Oirthear na hEorpa/Iarthar na hÁise (An tSiria, an Tuirc, An Pheirs), réim tíre a dtugtar Corrán na Torthúlachta air, a bhí táirgeadh agus flúirse an-mhór bia ar fáil ann na mílte bliain ó shin.
thorthúil fertile
" Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
seasann sé i lár corrán torthúil an cheantair it’s in the middle of the area’s fertile crescent
" Is cloch spideoige sa Mheánoirthear é an tSiria, ó seasann sé i lár corrán torthúil an cheantair (ina gcónaíonn tromlach an phobail), agus i lár corráin pholaitiúil na Moslamach Siacha, a leanann ón Íaráin san oirthear go dtí an Liobáin san iarthar, ar chósta na Meánmhara.