Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rian a bhfiacla their teeth marks
" Tá laithreáin tógála, fuarchúiseacha le feiceáil ann, tochaltóirí móra ag fágáil rian a bhfiacla ar an talamh nocht.
a fhiacla druidte his teeth clenched
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
thaos fiacla tooth-paste
" Ach b'fhéidir go raibh sé níos éasca orthu siúd ná ar mo leithéidse, le mo ghlóthach ceatha agus glóthach speisialta do m'aghaidh, mo *factor 60*, mo thaos fiacla, mo spéaclaí gréine, mo stocaí agus bútaí siúil, mo bhríste siúlóide speisialta le pócaí agus zipeanna speisialta, mo mhála droma a dearadh go heolaíoch, agus na *plasters *speisialta do na spuaiceanna.
Ní chuireann Mac Grifín fiacail ann Mac Grifín doesn't mince his words
fiacla sáibh the teeth of a saw
" Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne.
tinneas fiacaile tootache
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
níor chuir sé fiacail ann riamh he never minced his words
" Bhíodh cruinnithe spreagúla ann i gcónaí nuair a bhíodh sé i láthair agus níor chuir sé fiacail ann riamh.
níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo he didn't mince his words this time
" Bhíodh dearcadh rómánsúil, soineanta fiú, ag King i leith na gluaiseachta ach níor chuir sé fiacail ann an iarraidh seo nuair a d'éiligh sé go neamhbhalbh go scorfaí an IRA.
Gan fiacail a chur ann not to mince one's words
" Gan fiacail a chur ann, níl cuma ná caoi ar Shlí an Iarthair.
Níor chuir sé fiacail ann he didn't mince his words
" Níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann siad ceithre bliana déag á foghlaim.
a chaill a cuid fiacla ar fad who lost all her teeth
" I measc an naonúir, bhí bean ann a chaill a cuid fiacla ar fad i ndiaidh di dul faoi scian chun a bolg a dhéanamh níos lú sa chlár “Brand New You”, agus fear óg a bhí trína chéile i ndiaidh dó a bheith ar chlár cleamhnais agus gan fhios aige gur fear a bhí sa mhainicín dathúil a raibh sé sa tóir air/uirthi.
taos fiacaile toothpaste
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
tagann uisce le mo chuid fiacla my mouth starts to water
" B’an-chócaire mo mháthair; tagann uisce le mo chuid fiacla nuair a smaoiním siar ar laethanta m’óige agus an bia seo ar fad.
fiacla bréige, false teeth
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
Ní chuirfidh mé fiacail ann: I will call a spade a spade
" Ní chuirfidh mé fiacail ann: tá sé i bhfad níos éasca ábhair mar “na meáin chumarsáide” agus “féiniúlacht agus an Ghaeilge” a scríobh i bhformaid mar seo – formaid a thaitneoidh leis an bpobal i gcoitinne – ná mar atá sé ábhair mar fhoclóireacht nó logainmneacha nó pholasaithe stáit i leith na teanga a dhéanamh tarraingteach don ghnáthdhuine.
nach mbíonn leisce air fiacail a chur ann who is not afraid to say what he thinks
" Is fear é fosta, áfach, nach mbíonn leisce air fiacail a chur ann agus é ag caint ar na rudaí agus ar dhreamanna áirithe a chuireann bac air agus é i mbun a chuid oibre.
scuaba fiacla tooth brushes
" An rud ba mhó a ghoill ormsa ná na rudaí a thug na daoine leo ón Ísiltír, ón nGearmáin, ón Ungáir agus ón nGréig; na málaí, na scuaba fiacla agus na boscaí snasáin bróg.
scuabadh na bhfiacla brushing teeth
" Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.
snáithe a chur faoin bhfiacail to keep the fox from the door
" Le bunú Banc Náisiúnta na hÉireann 1835, tugadh lámh chúnta don duine a bhí in ann punt a chur le chéile, ach má chuidigh sé le snáithe a chur faoin bhfiacail dó, chuir sé an Béarla faoin bhfiacail leis! Ar ndóigh, bhí an banc ar aon ghlúin, nach mór, le bunú Coláiste Mhaigh Nuad 1795 agus le tús an murder machine nuabhunaithe 1831 mar a chéile.
gíoscán fiacla grinding of teeth
" Fad is a bhí gíoscán fiacla ar siúl ag leithéidí an Údarás Comhionannais agus Údarás na Gaeltachta faoin €2.
Níor chuir Paul Kimmage fiacail ann Paul Kimmage didn%u2019t pull his punches
" Níor chuir Paul Kimmage fiacail ann nuair a dhiúltaigh sé fáilte a chur roimh fhilleadh Lance Armstrong ar spórt na rothar.
leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail to keep them going/fed
" Is seandaoine den chuid is mó atá i mbun an ghnó seo, daoine nach leor dóibh an liúntas pinsin atá acu leis an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail.
gan oiread agus fiacail so as to tell it as it is
" Conas san? Bheul, gan oiread agus fiacail a chur sa mhíniú, is Vaimpír í.
le snáithe a choinneáil faoin fhiacail to survive
" Fiúntas Teanga Thar a Chéile Ach cé go raibh na hÉireannaigh ábalta Gaeilge a labhairt sa gheiteo, b'éigean dóibh Béarla a fhoghlaim le snáithe a choinneáil faoin fhiacail.
snáithe a choinneáil faoin bhfiacail to survive
" Agus a n-áiteanna dúchais á leagadh ar lár, ba dheacair dóibh an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail mar fhiagaithe-cnuasaitheoirí agus thosaigh roinnt Batwa ag iompú ar mhodhanna maireachtála eile.
fiacla teeth
" Bhí blas fola i mo bhéal agus ceann de na fiacla tosaigh in easnamh.
fiacla teeth
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail make ends meet
" **CMS: Mar dhornálaí amaitéarach lán-aimseartha conas a mhaireann tú – conas a choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail?** KT: Tá deontas ón Chomhairle Náisiúnta Spóirt agam agus cuidíonn sé sin liom maidir le costais mhaireachtála a íoc.
níor chuir McGuinness fiacail ann didn’t pull his punches
" Cá bhfuil Peter Robinson, mar shampla? Le linn do Murphy a bheith ag tabhairt tacaíochta do NIW agus dá Phríomhfheidhmeannach, Laurence McKenzie, níor chuir McGuinness fiacail ann agus é ag cur an locht ar an an eagraíocht.
nár chuir an Dochtúir fiacail ann the doctor didn’t pull his punches
" Is léir nár chuir an Dochtúir fiacail ann, ach táthar ag súil go mór nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach.
Níor chuir a gceannaire, Timo Soini, fiacail their leader TS didn’t pull his punches
" Níor chuir a gceannaire, Timo Soini, fiacail sa scéal “Ní mór na ba Fionlannacha a bhleán ag baile” a dúirt sé, “agus ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile”.
fiacla teeth
" Níl go leor fiacla ag an Ombudsman Preasa ná ag an Chomhairle Preasa chun srian a chur ar an iriseoir a dhéanann treascairt ar shaol príobháideach daoine iomráiteacha.
chur faoina bhfiacail agus é a chogaint to grin and bear it
" Agus ní bheidh an dara suí sa bhuaile ag lucht an tobac ach é sin a chur faoina bhfiacail agus é a chogaint.
Rith an t-uisce le mo chuid fiacla my mouth watered
" Rith an t-uisce le mo chuid fiacla.
fiacla á nochtadh baring of teeth
" Tháinig deireadh faoi dheireadh le fiacla á nochtadh agus cloigne dá gcroitheadh, le doirne san aer, le cos ar bolg, le béiceacha agus screadanna agus scréacha.
Is beag gol nó gioscán fiacla little crying and grinding of teeth
" Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin.
saineolaithe nach gcuireann fiacail ina gcuid cainte experts who don’t pull their punches
" Is iomaí oíche a labhraíonn saineolaithe nach gcuireann fiacail ina gcuid cainte ar chlár Vincent Browne istoíche.
Níor chuir Dampier fiacail Dampier didn’t pull his punches
" Níor chuir Dampier fiacail ann ina thuairim faoi na daoine a chonaic sé: *“The inhabitants of this country are the miserablist people in the world … and setting aside their humane shape, they differ but little from brutes.
níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail art didn’t pay the bills
" Cé go ndearna Lawrence cúrsa sa Manchester Municipal College of Art i 1905, níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail - d'oibrigh sé mar bailítheoir cíosa agus shiúil sé thart Manchain ag bailiú smaointe ar phiciúir chomh maith leis an airgead cíosa.
fiacail ann (didn’t) pull his punches
" Níor chuir láithreoir *Empire*, Jeremy Paxman, fiacail ann.
Fiacail Coileáin a pup’s tooth
" Na Trí Ní is Géire: Fiacail Coileáin, Dealg Feochadáin agus Focal Amadáin ========================== Aoi ar cuireadh fáilte roimhe sa Palacio de la Zarzuela an tseachtain seo a d'imigh tharainn ba ea gobharnóir Florida, Rick Scott.
faoin bhfiacail agam tasting
" ” Domhnach an Iomraimh ====== Cúpla Domhnach ina dhiaidh sin, bhí mé féin i mo shuí sa seomra sin, mo chéad chupán den tae faoin bhfiacail agam (tá blas garg air.
a bhí gar don fhiacail which he could easily talk about
" Bhí eolas eile aige a bhí gar don fhiacail.
gur beag fiacla a bheas ag shall have very little bite
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil.
níor chuir an cróinéir fiacail ann ina thuarascáil the coroner spelt it out clearly in his report
" Reáchtáladh coiste cróinéara ar bhás Bebensee in Darwin tar éis na trialach agus níor chuir an cróinéir fiacail ann ina thuarascáil.
Ní chuireann Gibney oiread agus braon meala ar an bhfiacail G. doesn’t mince his words at all
" Ní chuireann Gibney oiread agus braon meala ar an bhfiacail.
Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo this lack of recognition is a mere petty annoyance
" Ní mó linn é ná cáithnín faoi fhiacail an easpa aitheantais seo, ach is crá croí amach is amach é an tarcaisne a thugann muintir eile na tíre dá bpríomhchathair go rialta (Eagrán 86, Meitheamh 2008).
greim fiacaile a bhaint as biting
" Seile á caitheamh le céile comhraic, satailt anuas ar imreoir atá sínte ar an talamh, céile comhraic atá ar an talamh a chiceáil sa chloigeann, greim fiacaile a bhaint as céile comhraic, sin cuid de na coireanna a tharla ar pháirceanna imeartha abhus agus i gcéin le roinnt seachtainí anuas.
fiacail a shá in ainmhí eile stabbing of teeth into another animal
" Iompar ainmhithe é fiacail a shá in ainmhí eile, plaic a bhaint as ainmhí eile agus go deimhin béilí a dhéanamh d’ainmhí eile.
a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic sinking his teeth into his opponent’s skin
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha a sentence which puts some Irish to grinding their teeth
" Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).
ná na fiacla céanna nor the same powers / teeth
" Ní bheifeá ag súil go mbeadh an réimse iniúchtha ná na fiacla céanna ag athbhreithniú is a bheadh ag fiosrúchán iomlán.
tada faoi shióg na bhfiacla nothing about the tooth fairy
" Ní chloisfeá tada faoi shióg na bhfiacla ag na comórtais seo mar níl rud ar bith aiceanta faoi! Dé réir suíomh an chomórtais, tá go leor aoisghrúpaí ann agus tabharfar cead do pháistí atá díreach saolaithe in aois cúpla mí páirt a ghlacadh ann.
tá mé in ann an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail I can get by
" Ach tá mé in ann an snáithe a choinneáil faoin bhfiacail,” ar seisean.
Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina BC didn't mince his (words)
" Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina chuid cainte agus é ag trácht ar chluiche na gCat in éadan Áth Cliath.