Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atá de dhlúth agus d'inneach iontu which are in their very fibre
" Tá go leor dá shaothar fágtha oscailte, rud a chuireann brú ar an bhreathnóir dul faoi chraiceann na bpíosaí chun teagmháil níos doimhne a dhéanamh leis na sonraí atá de dhlúth agus d'inneach iontu.
snáithín gloine fibre glass
" Is é an tslí a gcuirtear an pharáid le chéile ná go ndéantar múnlaí de choirp bhó as snáithín gloine agus iad ar lánmhéid (7 dtroithe ar fhad, 4 troithe ar airde agus 2 throigh ar leithead), ansin tugtar cuireadh d'ealaíontóirí, idir aitheanta agus amaitéaracha, as na tíortha éagsúla atá ag glacadh páirte sa pharáid iad a mhaisiú ar a ndóigh féin.
snáithíní fibre
" Dúirt sí seo sa ráiteas a thug sí don fhiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin straighre beo.
fáinní snáithíní fibre rings
" Gheall an Rialtas anuraidh, áfach, go ndéanfaí níos mó ná €60 milliún a infheistiú chun fáinní snáithíní a thógáil i gceantair nach bhfuil leathanbhanda ar fáil iontu.
snáthoptaice fibre optic
" Nuair a bhíothas ag leagan an chábla snáthoptaice PTAT-1 aniar trasna an Atlantaigh 1089-2001, ní raibh sé i gceist a thabhairt i dtír in Éirinn ar chor ar bith ach go bhfaigheadh Éire aischábla, nó folíne, anoir as Sasain, rud a chiallódh easpa neamhspleáchais, ach níos measa fós, rud a chiallódh cailleadh roinnt soicindí idirlín ar an tír seo gach lá na bliana.
ag leagadh cáblaí snáthoptaice laying out fibre optic cables
" Tá comhlachtaí na Stát ag leagadh cáblaí snáthoptaice i bhfad níos gasta ná mar atá á dhéanamh san Eoraip.
a d’fhéachfadh snáithe na matán which would test his muscle fibre
" Tar éis am fada traenála thug Brian Ó Broin faoi dhúshlán san ardchathair a d’fhéachfadh snáithe na matán agus miotal a mhisnigh.