Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na comhaid the files
" Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann "broadband" atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.
comhaid files
" Anuas air sin, úsáideann cuid mhaith suíomh comhaid bheaga ar a dtugtar "cookies" chun níos mó eolais a bhailiú ar nósanna a gcuid cuairteoirí.
comhaid files
" Is fiú mar sin smaoineamh ar thiomántán "CD-Rewriter" a cheannach leis an ríomhaire chun gur féidir comhaid agus ceol a chóipeáil ón ríomhaire chuig dlúthdhioscaí bána.
chomhaid files
" Is buntáiste mór é sin mar is féidir le gach úsáideoir a chomhaid a choimeád chuige féin, a phictiúr agus a leagan amach féin a bheith aige ar an scáileán agus go fiú a leathanach baile idirlín féin a bheith sa bhrabhsálaí idirlín aige.
comhaid files
" Cé gur míbhuntáistí iad na tréithe sin nuair a bhíonn grianghrafanna ar ardchaighdeán á lorg, is buntáiste é go mbíonn na comhaid ina stóráiltear na híomhánna réasúnta beag agus gur féidir iad a sheoladh thar an idirlíon gan mórán stró ansin.
ar fhile é who was a poet
" An nglacfaí le bainisteoir ar ospidéal nach mbeadh cur amach ceart aige/aici ar an leigheas? Féach ar an bhfeabhas a tháinig ar chúrsaí na n-ealaíon nuair a bhí Aire Ealaíon againn ar fhile é.
comhaid an-rúnda very secret files
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
Comhad file
" Comhad, ní beoshruth atá i gceist sa gcás seo, ach cén dochar i gcás teanga atá marbh? Ghlac mé scannal gan Raidió na Vatacáine a bheith ag craoladh i Súlú, ach faoiseamh ab ea *Deutsche Welle *sa nGearmáin a bheith ag craoladh sa tSanscrait (diabhal bréige é sin).
comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach files being shared on a central computer
" Is airgead é sin is fiú a chaitheamh, go háirithe i gcomhlachtaí ina mbíonn ceangaltáin á seoladh siar is aniar tríd an ríomhphost agus comhaid á roinnt ar ríomhaire lárnach.
comhad file
" Go dtí seo, níor cúisíodh aon duine as marú an Uasail Phelan agus tuigtear do *Beo! *go bhfuil an comhad fós oscailte ag na Gardaí.
comhaid fhuaime sound files
" Freisin, bíonn na comhaid fhuaime níos lú, dar leo, rud a chiallaíonn gur féidir iad a chóipeáil anuas níos tapúla ná comhaid fhuaime de shaghsanna eile.
comhad file
" Thosaigh an fiosrú i 1999, agus faoin am a tháinig deireadh leis anuraidh, bhí 22 comhad réitithe le seoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
carnán trodán a pile of files
" Beidh cuimhne orainn go fóill: Beidh carnán trodán Faoi ualach deannaigh Inár ndiaidh in Oifig Stáit.
fhormáidí comhaid file formats
" Déanann na hiarmhíreanna comhadainm seo cur síos ar fhormáidí comhaid faoi leith, is é sin an tslí ina bhfuil eolas leictreonach á stóráil ar ríomhairí.
comhaid files
" Fiosrúchán a deir tú? SUSAN: Tá siad ag dul fríd na comhaid.
comhad file
" I Meitheamh 2003 bhronn aturnae mhuintir Fullerton comhad ar an Aire McDowell ina raibh fianaise úr ó fhinné nua, fianaise ní hamháin a chaith amhras ar iompar na nGardaí, ach fianaise a thacaigh leo siúd a chreid go raibh claonpháirteachas i gceist i ndúnmharú an Uasail Fullerton.
sna comhaid in the files
" Níos luaithe i mbliana freisin dúirt an tUasal Hain go mbeadh sé ag iarraidh ar MI5 a bhfuil sna comhaid acu faoi a thaispeáint dó.
comhaid files
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
rinne siad air ina nduine agus ina nduine they headed for it single file
" Sa deireadh, bhí solas an lae le feiceáil os cionn fosclaidh sa tollán agus rinne siad air ina nduine agus ina nduine.
comhaid files
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire more than two hundred poets, visual artists and scribes
" Cuireadh foireann mhór ildánach le chéile mar chuid den tionscnamh ollmhór seo ina raibh breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire as an dá thír.
dhá chomhad two files
" Thug sé ráiteas do na Gardaí faoi agus cuireadh dhá chomhad faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí ina leith ach níor tharla a dhath ó shin.
chomhad file
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad de chuid na nGardaí chuig cara leis – ní chuig na meáin i gcoitinne mar a maíodh ag an am – a bhíonn ag scríobh altanna moltacha faoi.
comhad fianaise file of evidence
" Chuir mé féin comhad fianaise chuig an fheisire áitiúil agus chuig an National Audit Office i Londain agus tá siad ag fiosrú an scéil anois, ach tá sé rómhall – tá an damáiste déanta.
comhad files
" Mhaígh an tAire ag an am go raibh láncheart aige an comhad seo a sceitheadh mar gur mheas sé gur bagairt do shlándáil an Stáit a bhí i gceist.
comhaid fhuaime sound files
" Nótaí nó altanna gairide a bhíonn sna hiontrálacha seo go hiondúil, ach is féidir grianghraif nó comhaid fhuaime a fhoilsiú freisin – agus ní fada uainn an lá go mbeidh físeáin á bhfoilsiú go forleathan.
comhaid fhuaime sound files
" Nótaí nó altanna gairide a bhíonn sna hiontrálacha seo go hiondúil, ach is féidir grianghraif nó comhaid fhuaime a fhoilsiú freisin – agus ní fada uainn an lá go mbeidh físeáin á bhfoilsiú go forleathan.
beathaisnéis an fhile the poet's biography
" ” Cailleadh an Ríordánach i 1977 agus scríobh Ó Coileáin beathaisnéis an fhile, *Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar*, a tháinig amach i 1982 agus a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí i 1984.
sceith sé eolas rúnda ó chomhad na nGardaí he leaked secret information from Garda files
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad na nGardaí chuig a chara Sam Smyth.
file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil poet, philosopher, singer and famous musician
" Sa dara leath, seinneann muid cúpla fonn le Hiroshie Yamaguchi, file, fealsamh, amhránaí agus ceoltóir cáiliúil – Bruce Springsteen na Seapáine.
comhaid files
" Ach tá cúpla tréith nua faoi cheilt taobh thiar den chomhéadan nua casta seo agus an ceann is fearr liom féin ná gur féidir comhaid PDF a chruthú go héasca laistigh de Word – ní gá brath ar chláir ó chomhlachtaí eile chun é sin a dhéanamh.
ar file í who is a poet
" Mar shampla, tá cara agam ar file í agus chuaigh mé léi chuig seoladh leabhair i Leabharlann na Filíochta, leabharlann bheag nua in aice leis an Mhíle Ríoga, a chuireann fáilte mhór roimh dhuine ar bith a bhfuil suim aici nó aige san fhilíocht.
i gcomhad éigin in some file
" Is éard is gá dó siúd a dhéanamh ná dul tríothu agus ord éigin a chur orthu agus an t-eolas a bhreacadh síos i gcomhad éigin ar an ríomhaire.
comhaid fuaime dhigiteacha digital sound files
" Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta – comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin.
suíomh comhroinnte comhad é, file-sharing site
" Tá Limewire, ar suíomh comhroinnte comhad é, agus eile mar é anois ar fáil ónar féidir leat aon phíosa ceoil is maith leat a íoslódáil saor in aisce.
gach sórt comhad leictreonach every sort of electronic file
" Agus tá conspóid nua díreach tosaithe toisc go bhfuil an comhlacht anois ag rá go mbeidh siad ag cur seirbhís ar fáil chun gur féidir le daoine gach sórt comhad leictreonach a stóráil ar ríomhairí Google – idir theachtaireachtaí ríomhphoist, dhoiciméid Word agus Excel agus fiú amháin grianghraif agus físeáin.
an comhad the file
" ” Cé go bhfuil an comhad ag baint le Pádraig Ciosóg (Cisteoir Chraobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge i 1916) ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sa leabharliosta, níl nuachtáin mar *Fáinne an Lae* agus *An Claidheamh Soluis*, *Beo!* nó iris ar bith Ghaeilge ann.
Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise poems by twentieth century poets are included
" Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise mar Joe Steve Ó Neachtain agus Johnny Chóil Mhaidhc, mar aon le dánta traidisiúnta ón ochtú agus naoú haois déag agus ortha na tréimhse réamhChríostaí.
i dtaobh na ndánta agus na bhfilí about the poems and the poets
" Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
comhadchaibinéid, filing cabinets
" Cad é a rinne sé leis an stuif seo uilig? Is cinnte go bhfuair sé smaointe dá shaothar féin ó chuid den chnuasach, ach den chuid is mó, chuaigh gach píosa *bric-a-brac* agus bruscair a bhailigh sé – ón mbliain 1974 go dtí lá a bháis i 1987 – isteach i mboscaí cairtchláir, i gcomhadchaibinéid, agus i gcófraí móra.
nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne? when there's no special file for it?
" D'ainneoin sin, deir siad nach bhfuil aon taifead acu i leith líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu nó ainmneacha na n-eastát a bhfuil socrú dlí déanta acu leis an Chomhairle Chontae faoin choinníoll, nó go deimhin iad siúd nach bhfuil! An bhféadfadh sé seo a bheith fíor? Cén dóigh ar féidir póilíneacht cheart a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinníll nuair nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne? Ón bhliain 2003, cuireadh aon iarrthóir is tríocha faoi agallamh i nGaillimh agus bhain ceithre dhuine is fiche an caighdeán amach mar atá leagtha síos sna haontaithe dlíthiúla.
comhad fuaime sound file
" Go bunúsach, aistríonn an córas seo téacs go comhad fuaime.
comhaid files, records
" Chuirfeadh sí Maggie Thatcher i gcuimhne do dhuine lena: “Spriocdháta is ea spriocdháta is ea spriocdháta!” É sin ar fad ráite, tá Balor sásta a bheith i mbun pinn arís an mhí seo, nó tugann sé seans dó a mhachnamh a dhéanamh ar imeachtaí an tsamhraidh fhliuch anóitigh sin a bhfuil iomrá air ar tí dul isteach sna comhaid thuas i Met Éireann mar an samhradh ba mheasa a bhí riamh againn.
comhad amháin a single file
" Ach níor mhór dáiríreacht an Aire faoin mholadh a cheistiú mura bhfuil oiread is comhad amháin laistigh dá Roinn féin a phléann leis an ábhar seo.
comhaid ábhartha pertinent files
" Tuigtear dom go ndearnadh cuardach iomlán ar na comhaid ábhartha sa Roinn agus nach bhfuil taifid dá leithéid ann.
gcomhaid na Roinne Departmental files
" An mhí seo, áfach, is mian liom tabhairt faoi easnamh i bhfad níos tromchúisí i gcomhaid na Roinne sin.
chomhad fuaime sound file
" Bíonn ceart freagartha ag an té ar líne a bhreathnós feasta ar aon suíomh, ar aon fhíseán, ar chomhad fuaime, ar ábhar, íomhá, learáid gur fiú breathnú air.
chomhaid files
" leabhair i bhfoirm chomhaid leictreonacha ar féidir iad a léamh ar ghléasanna úra ar nós an "Kindle".
file fiáin wild poet
" B'é seo an Bono is fearr – an file fiáin a lean a chroí agus a d'imigh le sruth.
comhad a file
" Ní raibh muide i bhfad sa bpríosún nuair a chuir duine éicint comhad eolais chugam faoi na cásanna a lean timpiste an Bhetelgeuse.
chomhad file, class
" Cuirim sa chomhad céanna é le leithéidí Nangle agus bunadh Chromail.
daoscarshlua rank and file
" Nó an amhlaidh gur ráiteas in éadan chóras lofa na mbancanna /an chaipiliteachais atá ann - sórt scread feirge daoscarshlua dífhostaithe Mheiriceá an Spealadh Mhóir, cosmhuintir John Steinbeck sna ‘*Grapes of Wrath*’, an é sin an fonn a chóirigh Penn dúinn as bunscéal Clyde Barrow agus Bonnie Parker? Nó ar cheart an bheirt seo a thaispeáint mar shraith-dhúnmharfóirí fuara, seachas i bhfoirm Dunaway agus Beatty, atá ar an mbeirt leannán retro-chic is mealltaí sa chanóin? D’ardaigh ceisteanna dá leithéid idir theas agus sholas nuair a phléasc obair Penn ar scáileáin an domhain tá dhá bhliain le cois an dá scór anois ann.
chosmhuintir rank and file, ordinary folk
" Ag a gcomhdháil bhliantúil deir Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Trevor Sargent, go bhfuil faillí déanta ag Páirtí an Lucht Oibre sa chosmhuintir.
fhile na buile the crazy poet's
" Dúirt Socraitéas ‘Má thagann duine chuig doras na filíochta, nach raibh i dteagmháil riamh le buile seo na héigse, agus a chreideann go ndéanfaidh scileanna cumadóireachta file maith de, ní bhainfidh a shaothar stuama céim na foirfeachta amach go deo, mar a dhéanfaidh saothar fhile na buile.
filí poets
" Thosaigh muid sraith caiséidí – guth an ealaíontóra roinnt blianta ó shin, ag taifeadadh gearrscéalaithe, filí agus seanchaithe.
filí poets
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
file ainaithnid anonymous poet
" (file ainaithnid) Tá formhór na ndaoine lán in ann gabháil amach ag siúl chuig an ollmhargadh nó duine níos óige ná iad a sheoladh chuig an siopa chun greim bia a cheannach.
fillteán file
" Tá sé deartha ar nós coirdín, mionfhillte agus ar ndóigh, baineadh feidhm as dhá thaobh an chárta, nó fillteán is fearr, b’fhéidir, a thabhairt air.
filí poets
" Cheap mise go raibh chuile dhuine tógtha mar seo, ar bhealach, is go raibh tú i measc filí agus scoláirí dá leithéid agus bhí uathúlacht faoi leith ag baint leofa chomh maith.
file poet
" Ar bord chomh maith tá an staraí agus an saineolaí ar logainmneacha, Breandán Ó Cíobháin; an file agus an sárscéalaí Danny Mac an tSithigh as Corca Dhuibhne; Dónal de Barra as an gCláir agus mo chomhbhádóir as Conamara, Ruairí Ó Tuairisg.
file poet
" Aos Ealaíne gan Náire =========== Chaith Ai Weiwei a óige i gcampa sclábhaíochta, nuair a cuireadh a athair, an file Síneach Ai Qing ansin le linn Réabhlóid an Chultúir i 1958.
filí taistil travelling poets
" Ar ndóigh is féidir na filí taistil, leithéidí Raiftearaí, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Mícheál Mac Suibhne sa naoú haois déag á áireamh ina measc freisin.
comhaid files
" Seachas an ghnáthobair a dhéantar ar cháipéisí *“Office”*, is féidir comhaid a shábháil láithreach chuig GoogleDocs nó Dropbox nó neart seirbhísí néil eile.
file poet
" Nuair a casadh dom an file Mile Pesorda i Mainistir Eimhin i 2009, is beag a shíl mé go mbeadh sé ag socrú lóistín dom i Sarajevo an bhliain dár gcionn.
Léiríonn comhaid files reveal
" Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur éirigh le Ann agus Eileen Gillespie, as an Bhun Beag, Gaoth Dobhair litreacha a smuigleáil ó sciathán speisialta i bPríosún Durham agus a chur faoi bhráid cheannairí an rialtais.
file poet
" Ina measc siúd a bhí mar bhaill den chéad Seanad, bhí leithéidí an Tiarna Glenavy (Aontachtóir a bhí ina Chathaoirleach air), an file W.
d’fhéadfaí béim a chur ar thionchar an fhile one could emphasis the influence of the poet
" Agus foinsí máistreachta Milch á scagadh, d’fhéadfaí béim a chur ar thionchar an fhile Robert Penn Warren air, nó na blianta a chaith sé fé scáth Vicadin agus heroin sna 80idí a luadh, nó na hathruithe móra a chuir sé ar scéalta inmheánacha Hill Street Blues nuair a tugadh post scríbhneoireachta dó ar an gclár don chéad uair.
an file cogaidh the war poet
" “Bhí sé de fhlaithiúlacht ag Coventry lámh an chairdis a shíneadh amach roimh a naimhde, nó, mar a scríobh an file cogaidh, Wilfred Owen: *“I am the enemy you killed, my friend,”* arsa Bean Mhic Róibín.
fhilí na Mumhan the Munster poets
" Déanann teideal an leabhair tagairt don leabhar, Hidden Ireland le Daniel Corkery, a foilsíodh sa bhliain 1924, faoi fhilí na Mumhan san ochtú haois déag.
File poet
" File polaitiúil ab ea Lincoln cé ná raibh ach cúpla mí de bhunoideachas faighte aige i gKentucky agus in Illinois sna 1820idí.
comhaid de chuid files belonging to
"comhaid de chuid an Ard-Aighne agus Roinn an Taoisigh ar an chás curtha ar fáil go poiblí anois don chéad uair sa Chartlann Náisiúnta faoi ‘Riail an Tríochadú Bliain.
Ba nós le filí na Gaeilge Irish poets habitually
" Cén ‘rud’ a chiallaíonn ‘it’ sa bhfógra seo, más ea? Ba nós le filí na Gaeilge an grá a léiriú mar ghalar sna dánta grá.
nuair a ghoin saighead na seirce an file when Cupid’s arrow struck the poet
" Go deimhin nuair a ghoin saighead na seirce an file, dealraíonn sé go mbíodh sé deacair air codladh na hoíche a fháil toisc go mbíodh sé breoite, in ísle brí, ag fulaingt agus deora gan stad ar siúl aige, fiú.
n-aithneodh na filí úd those poets would recognize
" Ní dóigh liom go n-aithneodh na filí úd comharthaí sóirt an ghrá chomhaimseartha, ámh, mar galar de shaghas eile ar fad is ea an grá seo, faraor.
Bím ag caint le cosmhuintir I meet the ordinary rank and file
" Bím ag caint le cosmhuintir an Lucht Oibre i nGaillimh go rialta agus tá an-mheas a’m ar chuid mhaith acub.
na comhaid the files
" Tá an t-uafás ceisteanna le freagairt faoi cén ról a bhí ag an Stát féin? Tá freagra Seanaid faighte a’m ón Aire Shatter a deir go bhfuil athbhreithniú a dhéanamh ar na comhaid a bhaineann leis na Gardaí, le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
bunaithe ag an bhfile founded by the poet
" Tús na 1970aí bhí saol sóisialta iontach i mBleá Cliath i measc lucht na Gaeilge ag an am: Club an Chonradh faoi lán seoil agus comhluadar den scoth ann oíche ar bith den tseachtain; Tigh Néill ar Rae Muirfean lán go doras ar an Satharn le lucht na cúise ag cur is ag cúiteamh faoin saol agus faoi ghnóthaí na Gaeilge go áirid; club sóisialta eile do lucht na Gaeilge, An Bonnán Buí, bunaithe ag an bhfile Caitlín Maude ar bun ar an Domhnach.
léite sna canúintí inar chum na filí iad read in the dialects the poets composed them
" Mar go bhfuil na dánta léite sna canúintí inar chum na filí iad ar na físeáin ann, tugtar na dánta chun beochtana – PoetryBeo.
duine d’fhilí oirthear na hEorpa an east European poet
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
gach comhad a sheoladh every file sent
" ’Sé sin, tá gach ríomhphost a sheol éinne ar *Yahoo, Hotmail, Outlook*, nó *Gmail* ariamh, agus gach glaoch teileafóin a rinne éinne ar Skype nó Google ariamh, bailithe agus scagtha ag an NSA cheana féin, gach comhad a sheoladh nó a uaslódáladh tríd an idirlíon, cuma an saoránach de chuid Mheiriceá nó na hÉireann an seoltóir.
i measc na dtaifead seo amongst these files
" Bíonn ualach mór cáipéisí i nGaeilge amháin i measc na dtaifead seo – idir dhoiciméid iomlána agus nótaí atá breactha ar an imeall ag státsheirbhísigh.
an file the poet
" Bhí daoine ón dara glúin i Learpholl gníomhach sna craobhacha de Chonradh na Gaeilge: daoine mar an file Piaras Béaslaí (1881-1965), agus na healaíontóirí Cesca Trench ( 1895-1918) agus Norma Borthwick ( 1862- 1934).
dalta an fhile like the poet
" Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d'imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, "tá mo phas glas" - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn.
ina gcuid comhad in their files
" Nach é an trua Mhuire gur chaill an CIA amach ar an deis chun an fhaisnéis sin a chur isteach ina gcuid comhad.
ceapadh file teallaigh a poet in residence was appointed
" I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air.
Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair the scant number of their files despite the large extent of their work
" Laghad Líon a gComhad as Méid a Saothair ================= Ach dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta 88% de na cáipéisí a bhí acu faoin ábhar a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Liosta le háireamh de chomhaid a long list of files
" Liosta le háireamh de chomhaid a scaoileadh i mbliana ó na ranna éagsúla ach ní raibh iomrá ar bith ar bhlúire eolais ó Roinn na Gaeltachta díomaite de chorrcheann a bhain leis an Choiste Logainmneacha.
le scagadh a dhéanamh ar na comhaid to comb the files
" Bíodh sin mar atá, ach is minic go mbíonn an pobal ag brath ar iriseoirí agus ar thráchtairí le scagadh a dhéanamh ar na comhaid agus iad a chur ar an eolas faoina bhfuil iontu.
file agus amhránaí iomráiteach a poet and a famous singer
" Ani DiFranco ===== Is gníomhaire sóisialta í Ani DiFranco; is file agus amhránaí iomráiteach í a dhiúltaigh do chathú an airgid sna nóchaidí agus a ghlac ród an neamhspleáchais mar cheoltóir féinriartha.
Bhí an-tóir ar shaothar an fhile the poet’s work was much sought after
" Cruthú na hÍomhá ======= Bhí an-tóir ar shaothar an fhile, AB ‘Banjo’ Paterson, san Astráil sna blianta deiridh den naoú haois déag agus go luath san fhichiú céad.
File a poet
" Aisling eile réabtha! An ridireacht! Cé a chuir tús leis an mbréag mhór? File.
file poet
" Bhí cur is cúiteamh go leor ar siúl an mhí seo caite faoin bhfile Cathal Ó Searcaigh agus a iompar i Neipeal.
comhaid stáit state files
" Léiríonn comhaid stáit atá díreach scaoilte saor anois faoin ‘riail tríocha bliain’ ag an Chartlann Náisiúnta go raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaelacha ina chonspóid idir údaráis phoist na hÉireann is na Breataine ag deireadh na seachtóidí.
fhile Eabhraise Hebrew poet
" Dearadh deas a cuireadh le huaigh an fhile Eabhraise Rachel Bluwstein a mheabhraigh do Gabriel Rosenstock go bhfeilfeadh a leithéid go breá abhus chomh maith ag uaigheanna aos na filíochta againn féin.
gcomhaid rialtais government files
" Cíorann Breandán Delap a bhfuil le fáil i gcomhaid rialtais maidir le feidhmiú Údarás na Gaeltachta i mblianta tosaigh na heagraíochta.
i gcomhaid an rialtais in government files
" Nochtann Breandán Delap a bhfuil i gcomhaid an rialtais sa Chartlann Náisiúnta mar gheall ar chás stairiúil dlí a reáchtáladh tríocha bliain ó shin.
ina fhile árais as poet in residence
" Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig.