Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
finscéalaíochta legendary tales
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
éan na finscéalaíochta, the bird of legend,
" Ag siúl ar shráideanna ciúine Gernika (mar a thugtar air sa Bhascais), agus mé ar laethanta saoire i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin, rith sé liom go raibh an baile cosúil leis an fhéinics, éan na finscéalaíochta, a d’éirigh aníos athbheo as luaithreach tine.
finscéalaíochta of myth, fiction
" Aithneoidh lucht sacair Cantona na finscéalaíochta.
finscéalaíocht na Gréige Greek mythology
" Tá bunús an scéil Pygmalion tógtha as finscéalaíocht na Gréige, i dtaobh an dealbhadóir Pygmalion agus an dealbh a chruthaigh sé.
i bhfinscéalaíocht, i bhféiníomhá na nAontachtach in the legends and identity of the Unionist
" Ní hiontas ar bith é go bhfuil an áit chomh tábhachtach sin i stair, i bhfinscéalaíocht, i bhféiníomhá na nAontachtach.
bhfinscéalaíocht fiction, legend
" Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach mar bhunús leis.
bhí bunaithe ar an fhinscéalaíocht were based on mythology
" Chomh maith le saothar eaglaise, bhí ealaíontóirí gnóthach ag obair ar choimisiúin aonaracha d’úsairí agus do cheannaithe agus bhí an-tóir ar an saothar seo, go háirithe pictiúir aislingeacha Botticelli a bhí bunaithe ar an fhinscéalaíocht.
bhfuil gaol faoi leith idir an fhinscéalaíocht agus faisnéis documentary and fiction have special relationship
" Forbairt Earnála ======= Cé gurb é an chéad uair don stiúrthóir a bheith ag obair le haisteoirí (go leor acu aitheanta ó chompántais ardáin), measann Daniellou go bhfuil gaol faoi leith idir an fhinscéalaíocht agus faisnéis: “is dhá thaobh den chur chuige céanna iad d’fhonn teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana.
de réir na finscéalaíochta according to legend
" Is iad Jamie Smith (cairdin), Tom Callister (fidil) agus Adam Rhodes (bouzouki) an triúr i mBarrule, agus tagann an t-ainm as an chnoc Baarool Jiass (Barúl Deas), áit a raibh Mannanan beg y Leir (Manannán mac Lir) ina chónaí, de réir na finscéalaíochta .
fhinscéalaíocht romantic, legendary tales
" Is dealbhóir é Séigheann Ó Draoi atá ag cur faoi i nGaoth Dobhair agus a úsáideann an stair, an fhinscéalaíocht agus na logainmneacha mar inspioráid.
i mbun finscéalaíochta into fiction
" Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin duine meabhrach i mbun finscéalaíochta.