Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fóirsteanach fitting
" Tá sé fóirsteanach go maith, mar sin, go bhfuil Golway tar éis stair Rannóg Dóiteáin Nua-Eabhrac le trí chéad bliain anuas a scríobh, saothar dar teideal *So Others Might Live: A History of New York's Bravest - The FDNY From 1700 to the Present* ($27.
mar ba chuí as was fitting
" Theastaigh uaidh déileáil mar ba chuí le gach aon aicme sa tír agus roinnt daoine aonair chomh maith.
fóirsteanach fitting
" B'fhéidir go raibh sé fóirsteanach, agus muid ag tarraingt ar dheireadh na bliana 2002, go raibh na nuachtáin agus na meáin eile i Nua-Eabhrac agus sna Stáit Aontaithe ag díriú a n-airde ar scéal faoi ghrúpa eolaithe a mhaígh gur éirigh leo duine clónáilte a thabhairt ar an saol den chéad uair riamh.
leacht cuí cuimhneacháin fitting memorial
" Bunaíodh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir anseo i 1994 chun leacht cuí cuimhneacháin a thógáil do chomóradh 150 bliain na tubaiste.
oiriúnach fitting
" Tá sé seo oiriúnach, fosta, de bharr go dtosaíonn scéal McAuley ar an Aigéan marfach Atlantach, a d'iompar oiread Éireannach agus iad ar a mbealach go dtí na Stáit Aontaithe, agus a shlog go leor acu sular éirigh leo an áit a bhaint amach.
an-fhóirsteanach very fitting
" Macasamhail roinnt oileán eile, níl Cléire an-fhóirsteanach do shiúlóirí.
oiriúnach fitting
" Rith sé liom go raibh sé oiriúnach gurb é seo an áit a roghnaigh McCann chun dul chun cainte liom - i measc a chomhréabhlóidithe.
cuí fitting
" Glaoitear Veinéis an tuaiscirt ar Amstardam agus, ar go leor cúiseanna éagsúla, tá an chomparáid cuí.
ba dhual do Mheiriceánaigh fitting for Americans
" Thar scór bliain nó mar sin, d’fhás an cluiche go mór, agus breathnaíodh air, diaidh ar ndiaidh, mar an cluiche ba dhual do Mheiriceánaigh – ar an dóigh chéanna, b’fhéidir, a ceanglaíodh an iománaíocht le hÉirinn um an taca céanna.
san áit ba dhual dó in the place that was fitting for him
" Tá mé thar a bheith buíoch d’*<ainm ag an eagarthóir>* as an litir a scríobh sé chuig Éamonn Ó Doornail, inar bhain sé na putóga as an eagarthóir as mé a chur ar fionraí agus inar thug sé ordú dó ciall a bheith aige agus Balor a chur ar ais san áit ba dhual dó: ar leathanach tosaigh *Beo Ar Éigean*.
ómós cuí fitting reverence
" Ní raibh ann ach cur síos ar bhrionglóid a bhí agam, brionglóid álainn inar chaith Éamonn Ó Doornail liomsa mar a chaitheann gnátheagarthóirí na n-irisí agus na nuachtán agus na dtréimhseachán Gaeilge le tuairisceoirí a dhéanann iarracht mhacánta; mar a chaitheann príomhfheidhmeannaigh na n-eagraíochtaí Gaeilge le hoifigigh nach gcuireann isteach orthu barraíocht i rith na bliana; mar a chaitheann airí stáit le státseirbhísigh a thugann ómós cuí dóibh ó cheann ceann na bliana – is é atá i gceist agam, i mbeagán focal: an mhórluaíocht; an féirín; an beagchúiteamh saothair – an turas go Féile na nGael i Milwaukee.
feiliúnach fitting
" An raibh TnaG, mar a tugadh ar an tseirbhís sna blianta tosaigh sin, réidh le dhul ar an aer ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 1996 nó an raibh fonn orthu tamall eile a chaitheamh ar an réamhullmhúchán? “Bhuel, bhí go leor oibre déanta, an dtuigeann tú, agus cé nach maith liom meafair a úsáid, bhí meafar na heitleoireachta feiliúnach sa gcás seo.
ceiliúradh cuí. a fitting celebration.
" Ba é sin an chéad uair a bhuamar comórtas nó corn ar bith agus rinneamar ceiliúradh cuí.
fóirsteanacha fitting, proper
" Mhaígh an tAire Airgeadais, Brian Lenihan, sa Dáil ar na mallaibh go mbeadh sé ionann is dodhéanta iarrthóirí fóirsteanacha a aimsiú dá mbeidís á bhfiosrú nó a bpromhadh san Oireachtas mar a bheadh ‘the Star chamber of interrogation’ ann.
nach oiriúnach how fitting
" Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, nó ‘slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.
coinníollacha oiriúnacha fitting conditions
" Is tír an-tirim í an Astráil agus leis na mílte bliain anuas, bhíodh tinte á n-adhaint go nádúrtha inti ach na coinníollacha oiriúnacha a bheith i bhfeidhm.
fóirsteanaí fitting
" Tá na brandaí cearta le fáil, *Calvin Klein* agus a mhacasamhail, ach an leagan is déanaí i mbloomers a bheadh níos fóirsteanaí) do do mháthair mhór.
taithí cuí fitting experience
" An Chontúirt Os rud é nach raibh aimsir mar seo sa tír le fada, ní raibh an trealamh geimhridh ceart nó an taithí cuí ag a lán siúlóirí agus thosaigh na timpistí marfacha.
is fóirsteanaí most suitable, fitting
" Is féidir nach é ‘tuilleann’ an focal is fóirsteanaí don íocaíocht a fhaigheann sé, ach is é an scéal céanna é i gcás go leor daoine eile ar na saolta seo.
fóirstineach proper, fitting
" ” Nach iontach an léargas é sin ar chur chuige, ar aigne, ar fhís, ar dhearcadh an DUP i leith na cothromaíochta? Tá taithí fada ag an Uasal McCausland, iarbhall den UUP a d’iompaigh chuig an DUP, i bpolaitíocht na sáraíocht (adversarial politics) agus is iad an CLG, an Ghaeilg agus an cultúr Gaelach, na clocha is mó ar a phaidrín má tá an abairt sin fóirstineach don Phrotastúnach Soiscéalach! Dúirt an ceimí de chuid Oxford, i ndiaidh a cheaptha, nach dtabharfadh sé cuairt ar ionad CLG a bhí baiste as poblachtánaithe agus é ag tagairt do Pháirc Mhic Easmainn ach go háirithe.
in oiriúint fitting, apt
" Is iomaí seanfhocal a bhaineann le ballaí i nGaeilge ach, chan ionann agus seanfhocail eile, tá siad in oiriúint do shaol an lae inniu i mBéal Feirste.
fóirsteanach fitting
" Is é Willie dum daighdeal dum diddle O Dea teideal an duain bhig aoibhinn seo, agus iad siúd a bhfuil guth fóirsteanach acu fána choinne, thig leo é a cheol ar an phort céanna le *The Cod Liver Oil*: Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Is é lóchrann na dílse i gCathair Luimnigh.
cuí fitting
" Nuair a mhol Conradh na Gaeilge i Learpholl cuimhneachán cuí a eagrú ar an Drochshaol i 1997, bhí Ian ina rúnaí don choiste agus nochtadh dealbh iontach de chuid Éamonn Uí Dhochartaigh sa chathair i 1998.
oiriúnach fitting, proper
" Tá a lán léaráidí de Claude Chevasse sa leabhar Cesca’s Diary- nach mbeadh sé oiriúnach cóip de cheann acu a chur ar an bhalla san Institiúid i gcuimhne Ian McKeane agus chun cothrom na Féine a thabhairt do gach géag ginealaigh mhuintir Chvasse? Cúnamh Meyer leis an Chéasar ============= Is ceist chonspóideach, ealaín agus Éire in Ollscoil Learphoill.
ag cur cistine isteach fitting a kitchen
" Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha! Díbirt an Uaignis ======== Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad.
fóirsteanach fitting, proper
" Ba thráthúil an t-am é ré an tíogair cheiltigh chun tabhairt faoi athnuachan a dhéanamh ar innealra daonlathach an stáit le go mbeadh sé fóirsteanach don aonú aois is fiche.
focail chuí fitting words
" Bhí sé de ghrástúlacht ag Christy Cooney focail chuí an mhaithiúnais a aimsiú.
in oiriúint fitting, proper
" D’ionsaigh siad é sna meáin chumarsáide, ag rá nach raibh na buamaí baisce in oiriúint do chúrsaí cogaidh, agus go mba chóir dó úsáid a bhaint as na buamaí ladrainn mar a dhéanann siad féin.
cuí sainiúil particular and fitting
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
oiriúnach fitting
" Liosta le hÁireamh ======== Ceapim go bhfuil sé oiriúnach agus Steve Jobs ag éirí as a phost mar phrîomfheidhmeannach Apple, ceiliúradh a dhéanamh ar bhuaicphointe a shaothair dar liom.
an-fhóirsteanach very fitting
" Chomh maith le siamsa Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Scoil Rince Mhic Fhearghusa, d'inis complacht aisteoirí áitiúla scéal faoi dhídeanaí ón Drochshaol a tháinig i dtír sa chathair i 1847, dráma a bhí an-fhóirsteanach mar labhair Séamas Ó Duineacháin ag Cuimhneachán ar an Drochshaol an tráthnóna sin i lár na cathrach.
oiriúnach fitting
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
ag trealmhú an bháid fitting out the boat
" Tá siad ag trealmhú an bháid le rudaí fíor-Lochlannacha, málaí codlata déanta as craiceann róin, fágaim.
fear diongbhála an stócaigh a fitting opposition for the young man
" Dá mbeadh fear diongbhála an stócaigh san áit ag an am, mórán ar aon aois leis, níor ghá go gcaillfí an áit.
tá sé sách oiriúnach gur it’s fitting that
" Ós rud é gurb ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) a fuarthas roinnt mhaith de na hairm, na hacmhainní is an oiliúint a lig d’fhórsaí míleata Ghuatamala ár a dhéanamh ar mhuintir na tíre, tá sé sách oiriúnach gur ar na Stáit Aontaithe a thug na mílte Guatamalach aghaidh agus iad ag iarraidh teitheadh ón sléacht is ó na héagóracha a bhí ar siúl ina dtír dhúchais.
Tráthúil timely, fitting
" Tráthúil atá tiomnú an leabhair seo – do na fonnadóirí agus do na filí a bhí ann ach a d’imigh, a mhair ar an mbeagán, ach a d’fhág mórán.
Is cuí agus is tráthúil it’s fitting and timely
" Is cuí agus is tráthúil go bhfuil an taispeantas seo le feiceáil sa Róimh agus a bhfuil de chosúlachtaí idir griangrafadóireacht Jeffries agus saothar na n-ealíontóirí móra ón Ré Bharócach, atá le feiceáil go forleathan sa chathair sin.
Is oiriúnach an rud é mar sin so it’s fitting
" Is oiriúnach an rud é mar sin gurbh é Hitchens féin a shainmhínigh príomhthábhacht an leasaithe chéanna sa leabhar seo nuair a scríobh go healaíonta: *“So now every day I go to a waiting room, and watch the awful news from Japan on cable TV (often closed-captioned, just to torture myself) and wait impatiently for a high dose of protons to be fired into my body at two-thirds the speed of light.
taithí fóirsteanach fitting experience, skill
" Chomh maith le líofacht sa Ghaelg, is amhránaí agus ceoltóir í Isla (fidil agus consairtín), taithí fóirsteanach do Culture Vannin, an eagraíocht stáit a spreagann gach gné de chultúr an oileáin, idir theanga, cheol, rince, stair agus ailtíreacht.