Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go flúirseach abundantly
" Tá láithreacha seandálaíochta anseo againn, iarsmaí ón luath-Chríostaíocht ann go flúirseach agus cultúr na nGael le blaiseadh ann.
go flúirseach plentiful
" É ag iarraidh triail a bhaint as an spórt mar ghairm i dtír ina mbíonn an ghrian ag taitneamh agus an t-airgead go flúirseach.
fearthainn go flúirseach rain in abundance
" Drochaimsir a fhaigheann sí ar ndóigh, agus fearthainn go flúirseach - ach cuidíonn sin leis an uisce bheatha is blasta in Albain a cruthú, leithéidí Ardbeg, Bowmore agus Caol Íle! Ach anois, táthar ag tabhairt "glas" ar Íle ar chúis eile: an clú atá saothraithe ag an oileán mar ionad nua-teicneolaíochta, ach go háirithe maidir le fuinneamh athnuaite.
le fáil go flúirseach widely available
" Ní hiontas, mar sin, go bhfuil earraí a bhaineann le *An Scréach *le fáil go flúirseach - go deimhin tá sraith tábhairní sa Bhreatain, fiú, a úsáideann an t-ainm agus an íomhá mar chomhartha aitheantais! Rócháiliúil ======= Níl duine ar bith cinnte cad é a dhéanfaidh na gadaithe leis na pictiúir.
flúirseach plentiful
" Ach tá pointe suimiúil eile anseo: in ainneoin an phlámáis ó lucht tógtha na n-imoibreoirí gur foinse fuinnimh saor agus flúirseach í an chumhacht núicléach, ní mar sin atá, agus is infheistíocht phriaclach é stáisiún nua cumhachta núicléiche a thógáil.
in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach supposed to be widely available
" ” Is cinnte nach é Hirst an t-aon ealaíontóir atá faoi ionsaí ag na falsaitheoirí - tá na céadta prionta bréagach de shaothar na n-ealaíontóirí Chagall, Miró agus Dalí in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach ar an mhargadh ealaíne.
go flúirseach plentifully
" Ag bogadh isteach ón chósta, tagann tú ar ghoirt ríse atá le feiceáil go flúirseach thart timpeall an cheantair agus níos faide ar aghaidh, tagann tú ar chnoic ghlasa atá trom le tae agus cardamam cumhra.
níos flúirsí more plentiful
" Tá óstáin ag éirí níos flúirsí ná mar a bhíodh, tá feabhas ag teacht ar an chóras iompair, ainneoin go bhfuil cuid mhór eile le déanamh agus tá níos mó aerbhealaí ag nascadh an tuaiscirt le cuid mhór den Eoraip.
chomh flúirseach as plentiful
" Tá daoine ag déileáil leis na dúshláin seo ina mbealaí féin, ach is cinnte nach mbeidh airgead a chaitheamh chomh flúirseach agus a bhíodh.
flúirseach aplenty
" Bhí an dá chúis aige leis an mholadh sin, a dúirt sé: ar an chéad dul síos, níl rud ar bith ar thalamh na hÉireann chomh glas leis an Ghaeilge, agus ar an dara dul síos, níl duine ar bith ar chlár na cruinne a chruthaíonn an oiread sin CO2 lena bhladar gan stad gan staonadh chomh flúirseach fras fairsing leis an Ghaeilgeoir dhúthrachtach.
flúirseach plentiful
" Admhaíonn Guth na Gaeltachta nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach agus a bhíodh agus gur féidir roinnt scéimeanna a fheabhsú.
go flúirseach a plenty
" Nuair a thug mise faoi Chorrán Tuathail don chéad uair breis is scór bliain ó shin bhí féar is nóiníní ag fás go flúirseach ar an dréimire, ach níl ann ach clabar deargtha is carraigeacha amha anois, mar thoradh ar shíorchreimeadh agus ar an ró-úsáid.
go flúirseach plentifully
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
flúirseach numerous
" Tháinig na hionaid i bhfad níos luaithe go Meiriceá, ámh - chomh fada siar leis na fichidí, nuair a tógadh ‘sraithshiopalanna’ chun freastal ar lucht tiomána na tíre, a d'éirigh flúirseach san am sin.
flúirseach aplenty
" Fuair siad beannú na ndaoine fad is a bhí an t-airgead flúirseach ach bhí an bhunsraith tacaíochta a bhí fúthu fíorleochaileach.
flúirseach plentiful
" Ní hé go bhfuil siopaí gunnaí chomh flúirseach feiceálach ann agus atá sna Stáit Aontaithe, ach tá fáil sách éasca ar arm tine ag duine a dteastaíonn ceann uaidh.
go flúirseach a plenty
" Bhi crainnte plumaí go flúirseach ar fud an ghleanna agus dath aibí ar na torthaí.
don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu to the mistake(s) which arise easily and a plenty as a result
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
flúirseach plentiful
" Bhí an t-airgead flúirseach, bhí rath ar na daoine, bhí an tír ag preabadh chun cinn.
chomh flúirseach is a bhíodh as plentiful as they used to be
" Níl na deiseanna chomh flúirseach is a bhíodh áfach.
chomh flúirseach as plentiful
" Is í an chosaint is mó a bhíonn ag tráchtairí áirithe (mé féin ina measc) ar chinnidh chonspóideacha an rialtais seo i leith na teanga, ná nach bhfuil an t-airgead chomh flúirseach is a bhí nuair a bhí an rialtas deireanach i gcumhacht.