Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a n-aird a dhíriú focusing their attention
" ie/)) tar éis a n-aird a dhíriú ar Éirinn.
a dhírigh aird which focused attention
" Tháinig cuntas na bliana sin ar shála fheachtas Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta, a dhírigh aird ar an leatrom in éadan na gCaitliceach agus bhí leisc ar naisiúnaithe a gcreideamh a fhógairt ar fhoirm oifigiúil.
gan díriú without focusing on
" Bhí baint mhór ag cúrsaí airgid le meath na Gaeilge agus, faraor géar, ní féidir í a láidriú mar theanga phobail sa Ghaeltacht gan díriú ar cheist seo an airgid.
dírithe ar focused on
" Bhí sé ina chogadh dearg sa cheantar agus bhí aird na tíre dírithe ar Bhoston ar feadh tamaill.
le haird a tharraingt to focus attention on
" Sheas Bernadette mar iarrthóir i dtoghchán Eorpach na bliana 1979 le haird a tharraingt ar na cimí a bhí ar an phluid sna Blocanna H.
aird focus, attention
" Is iondúil gur ar na cluichí móra peile agus iománaíochta idir-chontae a bhíonn aird an phobail agus na dtuairisceoirí dírithe.
d'aird a choimeád i gceart to focus properly
" Bíonn sé níos éasca d'aird a choimeád i gceart ar an gcomhlacht nuair nach bhfuil tú fós san ollscoil, áit a bhfuil do chairde ar fad fós.
na ceisteanna ar dhírigh sé orthu the issues he focused on
" Ní raibh a fhios ag na "seanpháirtithe" agus a gcuid ceannairí cén dóigh ab fhearr le déileáil le stíl ionsaitheach díospóireachta Fortuyn nó le dul i ngleic leis na ceisteanna ar dhírigh sé orthu.
díriú ar focus/concentrate on
" Bhí sé i gceist againn ó thosach díriú ar mhuintir na hÉireann, idir leanaí scoile agus dhaoine fásta, *agus *ar an sliocht Éireannach ar fuaid an domhain.
chaitheamair díriú air we had to focus/concentrate on it
" Ach is mó i bhfad é an chéad mhargadh, agus chun a bheith praiticiúil gnóthúil, chaitheamair díriú air.
díriú ar focus on
" com le fáil amach cén dóigh! Beo!: Cad iad na tionscadail eile Ghaeilge a bhfuil tú ag smaoineamh orthu? AH: Ba mhaith liom díriú ar scríbhneoireacht chruthaitheach, bíodh sé i bhfoirm drámaí, scríbhneoireacht scripte, nó scríbhneoireacht "thraidisiúnta" phróis.
a n-aird a dhíriú to focus their attention
" Tharraing Trump, O'Reilly agus daoine eile neart airde orthu féin nuair a shroich siad Michael's an oíche sin, ach bhí an 150 nó níos mó duine eile a bhí i láthair don ócáid bhailithe airgid seo sásta a n-aird a dhíriú ar theaghlach Mike Kelly.
dírímis ar an neart atá ag an teanga let us focus on the strength the language has
" Tá an Ghaeilge láidir agus lag ach dírímis ar an neart atá ag an teanga.
ag díriú a n-airde focussing
" An cheist mhór, dar le Dennehy, nó: "An éireoidh leo an áit a bhaint amach choíche?" Tá daoine eile ag díriú a n-airde orthu siúd atá anseo cheana.
a dhíriú to focus, direct
" Beidh orthu siúd atá ag iarraidh go fóill a theacht i dtír ar an chlú a tharraing *Ryan’s Daughter *ar an chontae a n-aird a dhíriú ar an am atá romhainn agus bheith straitéiseach agus cruthaitheach ina gcuid pleanála.
ag díriú aird an phobail focusing the public's attention
" Tá conspóid ar siúl in Dingle i Learpholl faoi láthair atá ag díriú aird an phobail sa tír seo ar pholasaí tithíochta an rialtais.
go ndíreofaí aird an phobail that the public's focus would be directed
" Bhí mé den tuairim ag an am a cuireadh Riail 42 ar leataobh go ndíreofaí aird an phobail ar ábhair eile a d’fhéadfadh bheith conspóideach ar nós íocaíochtaí d’imreoirí CLG.
díriú ar focussing on
" Caithfidh siad díriú ar a leas féin i gcomhpháirtíocht leis an aicme oibre Caitliceach.
ag díriú ar focusing on
" Comhlachtaí ======= Ach ní comhluadair amháin atá ag díriú ar an mblagadóireacht.
ag díriú ar focusing on
" Comhlachtaí ======= Ach ní comhluadair amháin atá ag díriú ar an mblagadóireacht.
dírithe focussed
" Bhí aird na meán cumarsáide dírithe ar an Derry Club i Learpholl i mí Iúil nuair a gearradh téarmaí príosúin ar bheirt bhall den chlub a bhí ina mbaill den “UVF Liverpool Battalion”, a bhí lonnaithe ansin.
chun a n-aird a dhíriú ar ábhair eile to get them to focus their attention on other matters
" Ach tar éis do na saighdiúirí a mbairéid ghorma a bhaint díobh, ba leor agus ba shaoire don Rialtas dhá phiolla bheaga ghorma a sholáthar dóibh in aghaidh na míosa chun a n-aird a dhíriú ar ábhair eile.
chun a n-aigne a dhíriú ar chúrsaí eile to focus their attention on other matters
" An réiteach ar an scéal ansin ná dáta cinnte a shocrú chun na saighdiúirí a aistarraingt ón Afganastáin — nó dhá phiolla bheaga ghorma an duine a thabhairt do phobal Cheanada in aghaidh na míosa chun a n-aigne a dhíriú ar chúrsaí eile.
dírithe go huile is go hiomlán totally focussed
" Uaireanta croitheann sí a ceann siar lena gruaig fhada chatach a bhogadh óna bogha agus uaireanta eile tagann meangadh áthais chun a béil ach, tríd síos, dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol a bhíonn sí.
ag díriú ar an eite dheis focusing on the right wing
" Is dócha gur cinneadh chun feabhais é ceapachán Michael McDowell mar cheannaire sa mhéid is go bhfuil sé ag díriú ar an eite dheis – áit nach bhfuil róphlódaithe i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair.
dírithe focussed
" Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin.
dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann full attention is focused on Poles who are dead
" Ar an lá seo dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann agus is beag duine nach dtugann aghaidh ar reilig le coinnle a lasadh nó bláthanna a chur ar uaigh.
ag díriú ar cheist an ionracais focussing on the question of honesty
" An fiú dúinn aird a thabhairt ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann nó an séitéireacht chliste a bhíonn ar siúl acu – éadaí nua an impire, mar a déarfá? Is é an déantóir scannán Phil Collins an duine is mó as an cheathrar atá ar ghearrliosta an chomórtais atá ag díriú ar cheist an ionracais leis an tsraith cláracha a rinne sé bunaithe ar iar-iarrthóirí cláracha de chuid Theilifís na Réaltachta.
ag díriú a n-airde focusing their attention
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
dírithe go huile is go hiomlán totally focused
" Cleachtadh ar maidin Roinnt blianta ó shin nuair a bhí cónaí orm in árasán in aice le Sráid Uí Chonaill, chaithinn uair an chloig gach maidin dírithe go huile is go hiomlán ar chanadh.
dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha. totally focussed on his prayers.
" Tá hata d’éadach garbh ar an tábla taobh leis agus tá sé ina sheasamh agus é dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha.
dírithe focused
" Ach ba chuma liom ar dtús – bhí muid dírithe ar an dreapadóireacht oighir.
dírithe focused
" I lár an 19ú haois, bhí aird an phobail dírithe ar ghleann darbh ainm Strathcarron.
an aird attention, focus
" Faoi Mhícheál atá an rud uilig – ní bheidh an aird ar dhuine ar bith faoi leith.
dírithe ar rudaí focused on things
" Tá sé go maith a bheith dírithe ar rudaí agus a bheith diongbháilte mar gheall orthu.
ag díriú ar an todhchaí focusing on the future
" Tá ráite ag Ombudsman úr na bpóilíní, Al Hutchinson, gur cheart do mhuintir an tuaiscirt bheith ag díriú ar an todhchaí agus ní ar mhíghníomhartha na bpóilíní san am atá thart.
ag díriú isteach ar an Ghaeilge. focussing on the Irish language.
" I ndiaidh na n-ionsaithe ar Shráid Bombay, thosaigh muid ag díriú isteach ar an Ghaeilge.
á díriú ar an UDA, being focused on the UDA,
" Má tá an aird uilig á díriú ar an UDA, ná déanaimis dearmad gur chuir na Red Hand Commandos trí philéar chuig UTV ag deireadh na míosa seo caite agus ainmneacha agus sonraí uimhirphláta charranna Robin Livingstone, eagarthóir an *Andersonstown News*, agus Richard McAuley, Oifigeach Preasa Shinn Fein, leo.
ag díriú ar thionscadal mór: focusing on a big project:
" Taobh istigh d’achar gairid, bhí sé ag díriú ar thionscadal mór: beathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, an scríbhneoir, iriseoir agus criticeoir as Árainn, a fuair bás sa bhliain 1990.
dírithe ar ainm an bhaile a athrú focused on changing the name of the town
" Bhí an feachtas dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis.
díriú isteach focus on
" Agus ba chóir d'Éirinn díriú isteach ar na cúrsaí seo ar chúiseanna eacnamúla chomh maith.
an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin to you focus on the politics of the language itself
" Aithním an dúshlán iriseoireachta a bhaineann le foilsiú nuachtáin i mionteanga: an ndíríonn tú ar pholaitíocht na teanga féin nó an ndéanann tú iarracht cothromaíocht a bhaint amach idir "gnáthscéalta" agus scéalta na teanga? D’fhéadfaí a rá gur maith liom an teoiric: gur chun tairbhe phobal na mionteanga é nuachtán laethúil sa teanga sin.
dírithe ar focused on
" “Oideachas leathan atá ann, i ndáiríre – ní bhíonn tú dírithe ar aon ábhar amháin.
díriú ar an ghné sin dá saol to focus on that aspect of her life
" Dúirt sí go bhfuil sé de nós ag iriseoirí díriú ar an ghné sin dá saol le fada ach gur “iriseoireacht leisciúil” é a leithéid a dhéanamh.
díriú isteach i gceart to focus properly
" ” **Ar an stáitse** Rinne Carrie aisteoireacht ó am go chéile thar na blianta, fiú agus obair eile idir lámha aici, ach rinne sí cinneadh roinnt blianta ó shin díriú isteach i gceart ar an obair sin.
dírithe ar fhonn agus ar fhocail amhrán Stivell. focused on the tune and words of Stivell's song.
"dírithe ar fhonn agus ar fhocail amhrán Stivell.
dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid focused on the sliotar or ball
" Ní féidir leo géilleadh do smaointe diúltacha – a bheith ag ceapadh go bhfuil an fhoireann nó imreoir ar leith níos fearr, cuir i gcás – agus caithfidh a n-aird a bheith dírithe ar an sliotar nó ar an liathróid i gcónaí.
a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, to focus mentally on the game,
" Bítear ag cur ina luí ar imreoirí a thábhachtaí is a bhíonn sé a n-inchinn a dhíriú ar an gcluiche, lena linn agus roimh ré.
a aird agus a chuid fuinnimh a dhíriú to focus his attention and energy
" Is “fear cúise agus feachtas” é, agus níl aon dabht ach go mbeidh an Ghaeilge thuas lena chinneadh a aird agus a chuid fuinnimh a dhíriú ar an teanga.
ag díriú isteach ar focusing on
" Tá Gaelchultúr anois ag díriú isteach ar nideoga ar leith: forbairt acmhainní teagaisc, cuir i gcás, agus seirbhísí a chur ar fáil atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
ag díriú ar focusing on
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
dírithe ar focused on
" Ní háibhéil é a rá go raibh aird na hAstráile dírithe ar an bpríomhchathair, Canberra, ar an 19 agus an 20 Aibreán i mbliana agus comhdháil náisiúnta – ar a tugadh Australia 2020 Summit – ar siúl.
sular dhírigh sé ar before he focused on
" ” Tharla gur fhoghlaim Bishop bunús a chuid Gaeilge ó chluas agus ó bhéal sular dhírigh sé ar an bhfocal scríofa.
Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile but voters focused their attention on other policies
" Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile le linn an fheachtais agus theip ar Latham.
dreamanna fócais focus groups
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
díreoidh mé I’ll focus
" In ionad an tsionnaigh nó in ionad tabhairt faoi na hainmhithe atá níos coitianta agus a bhfuil cur amach againn orthu anseo in Éirinn, díreoidh mé ar an Loscann (Rana temporaria), ar an gCnádán (Bufo calamita) agus ar an Earc Luachra (Triturus vulgaris) an t-am seo.
lárionad airde a focus point
" Níl aon duine ina chónaí ann go fóill, ach feidhmíonn an Ghaeltacht seo mar lárionad airde do phobal Gaeilge Cheanada a bhfuil fonn orthu deireadh seachtaine, nó seachtain iomlán, a chaitheamh faoin tuaith ag foghlaim Gaeilge i gceantar atá curtha ar leith do labhairt na teanga.
ag teannadh isteach is amach focusing in and out
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
mbeadh an aird uilig ar all the focus would be on
" An Cheannasaíocht Toilteanach ============== D'fhágfadh sé sin go mbeadh an aird uilig ar Shinn Féin, mar gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar an tríú páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile.
díriú ar an oideachas to focus on education
" Bhí na tuismitheoirí i gcónaí ag iarraidh ar a bpáistí bheith go maith ar an scoil agus ag iarraidh orthu díriú ar an oideachas mar ní raibh sé acusan.
ní leor díriú ar it’s not enough to focus on
" Ceacht a haon: ní leor díriú ar na meáin sóisialta – tá i bhfad níos mó i gceist le gnó a chur chun cinn, ar líne nó di.
bhí aird an phobail dírithe go mór air public attention was strongly focused on him
" Chuir an bua sin ionadh ar go leor agus bhí aird an phobail dírithe go mór air ón mbliain sin ach go háirithe.
a dhíríonn ar which focuses
" Labhair Ciara Nic Gabhann leis an ghrianghrafadóir digiteach Diane Fenster, atá lonnaithe i San Francisco, faoi shuiteáil dá cuid a dhíríonn ar an ábhar céanna.
ag díriú ar ghnéithe éagsúla focussing on various aspects
" Tá institiúid oideachais ardleibhéil, a bheas ag díriú ar ghnéithe éagsúla de thraidisiúin na hÉireann, curtha ar bun ag grúpa daoine i gContae an Chláir.
ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha focussing in his work on vulnerable people
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.