Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
foireann shinsear senior team
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
foireann bhídeach a very small team
" Gan ríomhairí, ar bheagán airgid agus ag obair le foireann bhídeach, tháinig Niall Ó Dónaill i gcomharbacht ar an Athair Pádraig Ó Duinnín, a scríobh an foclóir deireanach údarásach i 1904.
fhoireann tarrthála rescue team
" D'éirigh léi leanúint ar aghaidh go dtí an sráidbhaile mar sin féin agus chuir sí fios ar fhoireann tarrthála Lochaber (www.
foirne mór le rá notable teams
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana Irish people support the English team
" *400 céim: Reonn Ifreann* Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana.
foireann staff
" An phríomhláidreacht atá againn ná go bhfuil foireann óg fhuinniúil againn agus go bhfuil aitheantas faighte againn i gcéin agus i gcóngar as ardchaighdeán ár gcuid foilseachán litríochta agus ceoil.
foireann a íocadh a paid force
" Tá cur síos den scoth ag Golway are an FDNY le linn an Chogaidh Chathartha, an t-athrú trioblóideach ó fhoireann dheonach go foireann a íocadh sna 1860í, agus "blianta cogaidh" na 1960í agus na 1970í, ach tá dhá théama a thagann chun cinn arís agus arís eile in *So Other Might Live*: uafás an 11 Meán Fómhair agus an ról lárnach a bhí ag na hÉireannaigh sa rannóg.
bhaill de na foirne tarrthála members of the rescue teams
" "Ní taispeántas ealaíne é seo sa ghnáthchiall," a dúirt sé, "ach seasann sé mar chomhartha tacaíochta do na daoine a bhí mar bhaill de na foirne tarrthála.
foireann na brionglóide the dream team
" Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
foireann rúnaithe a team of secretaries
" Tá guth ag clubanna trí bhallraíocht ar choiste agus tá foireann rúnaithe ag an stiúrthóir.
bhaill foirne staff members
" do rannpháirtithe na ranganna, do bhaill foirne agus do mhic léinn.
allúntas foirne staff allowance
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir).
líon foirne numbers of staff
" I rith an bliana seo caite, bhí sé le feiceáil gur tháinig méadú mór ar thionscadail, líon foirne agus imeachtaí an Ghaelárais.
foireann den scoth an excellent team
" Léirigh an dá chontae sin gur féidir éacht a dhéanamh agus an dá phríomhchomórtas a bhuachaint nuair atá foireann den scoth i gceist.
atógáil foirne team rebuilding
" Uíbh Fhailí v Loch Garman sa chluiche leathcheannais eile - dhá fhoireann iad seo atá lag faoi láthair agus i mbun atógáil foirne.
fhoireann chaide Chiarraí the Kerry football team
" Bhí sé le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó Sé, traenálaí fhoireann chaide Chiarraí.
an fhoireann sinsear the senior team
" Bhain an fhoireann sinsear Craobh an Chontae amach i 1996 agus Craobh Chomórtas Peile na Gaeltachta i 1997.
foirne teams
" Buíochas le Dia ní tharlaíonn an saghas iompar frithspórtúil seo an t-am ar fad agus is breá an rud é imreoirí agus foirne a fheiceáil ag déanamh a seacht míle dícheall chun an bua a fháil agus ag croitheadh láimhe lena chéile ag deireadh an chomhraic.
foireann ollmhór huge
" Bhí sé i gceist foireann ollmhór a chur ag obair air agus, sna blianta tosaigh, "bhí atmaisféar ana-spreagúil san áit.
foireann a earcú to recruit a crew
" De thairbhe an Tíogair Cheiltigh, mhéadaigh go háirithe ar chostas ola agus d'éirigh sé níos deacra ag úinéirí foireann a earcú.
foireann dlí legal team
" Ach chruthaigh foireann dlí McKevitt go raibh Rupert tar éis a chur in iúl don bhanc seachtain sular tharla an taisme go raibh an comhlacht bancbhriste.
fhoireann tarrthála sléibhe mountain rescue team
" Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
an fhoireann a ghnóthaigh the team that won
" Chaith an fhoireann a ghnóthaigh bliain ag réiteach don rása seo.
ag greamú a fhoirne don talamh chúng tying his team to the narrow ground
" Agus laetha saoire na Nollag ag tarraingt orainn go gasta, beidh seans ag na páirtithe a gcuid straitéisí a oibriú amach, ach le hancaire Ian Paisley ag greamú a fhoirne don talamh chúng, is doiligh a fheiceáil cad é mar is féidir dul chun cinn a dhéanamh.
foireann den scoth a first-class team
" "Táimid an-sásta le cúrsaí agus, mar a luaigh mé cheana, tá foireann den scoth againn.
muna sciobfadh an fhoireann pheile é if the football team didn't snatch him
" Mar sin, chomh fada is a bhain sé le lucht iomána Átha Cliath ba chailliúint an-mhór é Niall Ó Cuinn dá gcúis mar bhí blianta maithe roimhe ag iomáint d'Áth Cliath, is é sin muna sciobfadh an fhoireann pheile é, mar a tharla i gcás Mick Holden.
foireann chumasach dhíograiseach an enthusiastic capable team
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
foireann team
" Deirtear nach ualach do dhuine an léann ach an mbaineann sé sin le teangacha chomh maith céanna? Go dtí seo ní raibh freagra simplí le fáil ar an gceist sin ach tá anois de bharr taighde a rinne foireann ag an Brain Research Institute i Melbourne.
fhoireann thánaisteach second team
" Le ceathracha bliain anuas, is iad Loch Garman agus Uíbh Fháilí atá san iomaíocht don stádas mar fhoireann thánaisteach Chúige Laighean (Cill Chainnigh na taoisigh).
cuma cé na foirne atá ag imirt no matter what teams are playing
" Tá aithne agam ar dhaoine a théann go dtí cluichí móra na gCraobhchomórtas Peile agus Iomána ar fud na tíre, cuma cé na foirne atá ag imirt.
ball d'fhoireann Stephens a member of the Stephens team
" Robálaí agus cladhaire ======= Le déanaí, in agallamh leis na meáin sa Bhreatain, dúirt ball d'fhoireann Stephens atá in Éirinn ag fiosrú claonpháirteachais sa Tuaisceart, an tArd-Cheannfort Richard Turner, gur "robálaí agus cladhaire" é Kevin Fulton agus nach bhfuil sé iontaofa.
an fhoireann cheamara the camera crew
" B'éigean dom áiteanna áille a aimsiú don léiritheoir a bheadh an fhoireann cheamara ábalta a bhaint amach.
bhall foirne staff member
" " Thosaigh Mairéad ag obair ansin mar shaoririseoir le Raidió na Gaeltachta tar éis do bhall foirne de chuid an stáisiúin, Seán Ó Cuirreáin (atá ina Choimisinéir Teanga anois), an deis a chur ar fáil di.
fhoireann lúthcleasa athletics team
" Fear breá aclaí ab ea an t-athair nuair a bhí sé óg - bhí sé ar fhoireann lúthcleasa Chontae Thír Eoghain tráth.
chuile bhall den fhoireann every member of staff
" " Is léir go bhfuil an-mheas ag chuile bhall den fhoireann san ionad ar Ray.
ar fheabhas a fhoirne on how good his staff is
" " Tá sé an-bhródúil as an méid atá bainte amach aige san ionad, ach cuireann sé béim ar fheabhas a fhoirne agus ar an spreagadh atá faighte acu ó mhuintir Bhaile Munna chomh maith.
Easpa foirne agus acmhainní lack of staff and resources
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an COGG? Laigí: Easpa foirne agus acmhainní.
fhoireann bhuan permanent staff
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag AnBL anois? Tá seisear eile ar fhoireann bhuan an Bhrainse: beirt Ardoifigeach Logainmneacha, beirt Oifigeach Logainmneacha agus beirt Oifigeach Cléireachais.
fhoireann an chéid the team of the century
" Tharla sin i gcás Brian Whelehan i 1994, iománaí a roghnaíodh ar fhoireann an chéid ina dhiaidh sin.
foirne cúige provincial teams
" Mholfainn go roghnófaí foirne cúige díreach i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann gach bliain, go n-imreodh na cúigí i gcoinne a chéile le haghaidh Chorn an Bhóthair Iarainn agus go roghnófaí na Réaltaí as na himeoirí sin a d'imreodh ar son a gcúige.
ionadaí foirne staff representative
" Ó tharla gur ionadaí foirne a bhí ann agus go raibh sé lárnach sa cheardchumann, bhí dualgas air freastal ar mhianta na bhfeidhmeannach.
foirne sinsearacha senior teams
" Agus má tá fir agus mná eile sa chás céanna, agus beidh tuilleadh má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, céard a bheas in ann do na foirne sinsearacha sa chlub sin? Mar, nuair a phósfaidh na daoine óga seo, beidh sé fíordheacair orthu an t-am a fháil chun uaillmhian an chlub a shásamh.
foireann uile-Éireann sacair an all-Ireland soccer team
" An mhí seo caite, mhol George Best, mar a mhol Derek Dougan roimhe, gur cheart foireann uile-Éireann sacair a bhunú.
foireann team
" ” Éacht ======= Is éacht nach beag é an t-éacht a bhain foireann *Amharc Éireann *amach nuair a chuirtear san áireamh nach raibh áiseanna nua-aimseartha acu nó fiú saotharlann ar fáil dóibh in Éirinn.
foireann oibre mheasctha mixed staff
" Sílim go raibh foireann oibre mheasctha i ngach aon áit ar oibrigh mé.
thuairt eitleán na foirne the team's plane crashed
" Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan.
Easpa foirne lack of staff
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PCT? Na laigeachtaí: Easpa foirne.
foireann riaracháin administrative staff
" Glactar leis go bhfuil gá le foireann riaracháin chun eagraíocht chomh mór le CLG a reáchtáil.
fhoireann píob a set of pipes
" Bhí obair aige teacht ar fhoireann píob ach, sa deireadh, rinne Frank McFadden ó Bhóthar Chluanaí i mBéal Feirste foireann dó.
fhoireann staff
" Cad iad na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an Acadamh faoi láthair? Is iad láidreachtaí an Acadaimh na mic léinn atá agus a bheas againn, an fhoireann atá againn agus na dreamanna éagsúla a thugann tacaíocht dúinn, san Ollscoil agus lasmuigh di.
líon teoranta foirne a limited number of staff
" Sílim go bhfuil an bhunchloch leagtha síos anois, is é sin go bhfuil an oifig tosaithe, tá líon teoranta foirne ag obair.
earcú foirne the recruiting of staff
" An dara ceann, ó thaobh earcú foirne, riachtanas teanga a bheith fréamhaithe san earcú sin.
dóthain foirne enough staff
" Ach ná bíodh aon dallamullóg uirthi: níl dóthain foirne sna hotharlanna le dul i ngleic le MRSA.
mana na foirne the team's slogan
" Deirtear go mbíonn oiread Gaeilge le cloisteáil is a bhíonn de Bhéarla ag seisiúin traenála na foirne agus gur i nGaeilge atá mana na foirne.
i gceannas ar fhoireann in charge of a team
" Aon uair a bhíos féin i gceannas ar fhoireann, cuma cén grád nó aois, bhínn an-dian orm féin aon uair a bhí cluiche caillte.
dhá foireann lánaimseartha two full-time teams
" Imreoidh dhá foireann lánaimseartha i gcluiche ceannais Chorn an FAI den chéad uair riamh i gceann cúig seachtaine nuair a thabharfaidh Cathair Chorcaí agus Droichead Átha aghaidh ar a chéile.
bhogás na foirne slándála the complacency of the security staff
" Arsa aeróstach de chuid aerlíne idirnáisiúnta liom agus mé ag eitilt idir an tSionainn agus Nua-Eabhrac le déanaí, agus é ag clamhsán faoi bhogás na foirne slándála in Aerfort na Sionainne, "Ní thuigeann Éireannaigh in aon chor.
ar an bhfoireann shinsear on the senior team
" Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin.
do phá na foirne for the staff's pay
" An coláiste a bhí ag íoc as gach rud, ar ndóigh, agus nuair nach raibh airgead ar bith fágtha do phá na foirne, tugadh an bóthar do níos mó ná céad acu (cf.
foireann díospóireachta debating team
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
foireann díospóireachta debating team
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
fhoireann riaracháin administrative staff
" Nuair a d’fhiosraigh an Coimisinéir Teanga an cheist, dúradh leis nach bhfuil ach 3% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
san fhoireann mhírathúil Cheanadach in the unsuccessful Canadian team
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
foireann díospóireachta debating team
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
foireann dhíograiseach an enthusiastic staff
" Nil mórán áiseanna acu, ach tá foireann dhíograiseach agus fís acu agus tá atmaisféar bríomhar, sona sa scoil.
dá bhfoireann riaracháin of their administrative staff
" Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe to build buildings for their decentralised staff
" Agus ainneoin na himní atá léirithe ag an Roinn Oideachais ina scéim teanga, tá an rialtas ar tí an dlaoi mhullaigh a chur ar chonradh, ar fiú €300m é, le foirgnimh a thógáil dá bhfoireann díláraithe.
cúraimí laethúla na foirne the staff's daily responsibilities
" Cén obair a dhéantar i RnaL ó lá go lá?***Tá éagsúlacht mhór ag baint cúraimí laethúla na foirne.
buachan ar aon fhoireann to beat any team
" Tuigfidh siad gur féidir leo buachan ar aon fhoireann faoi láthair, seachas an dá cheann sin, b’fhéidir.
ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh promoting the strong teams more
" Ardaíonn sé an cheist arís: an bhfuil deireadh ré ag druidim le Craobhchomórtas Peile na Mumhan nó an bhfuil córas an chúldorais ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh seachas na contaetha laga a thabhairt chun cinn? Bealach éasca a fuair foireann Átha Cliath tríd go dtí an leathchraobh, gan aon fhoireann taobh amuigh de Chúige Laighean le himirt acu.
foireann bhríomhar chairdiúil a lively and friendly staff
" Tá caife geal ann, agus foireann bhríomhar chairdiúil.
sonóg na foirne the team's mascot
" Agus beidh “Jack the Jackal”, sonóg na foirne, ag tabhairt amach T-léinte saor in aisce.
an chéad fhoireann ghairmiúil the first professional team
" Ba iad na Cincinnati Red Stockings, a bunaíodh in 1869, an chéad fhoireann ghairmiúil i Meiriceá.
foirne gairmiúla professional teams
" Faoin leibhéal seo, ámh, bhí na *Minor Leagues* – sraithchomórtais inar imir foirne gairmiúla a rinne freastal ar fhobhailte agus cathracha beaga.
foireann iontach a great team
" Ag an am sin, bhí Micheal Davitt ag obair leis an gclár, Mairéad Ní Nuadháin, Pat Butler – bhí foireann iontach againn.
na háiseanna agus an fhoireann the facilities and the staff
"na háiseanna agus an fhoireann sa stiúideo sin iontach go deo agus tá an radharc ón stiúideo fíorálainn.
spiorad foirne team spirit
" Seans go bhfeileann imirt agus spiorad foirne na hEorpaigh níos fearr ná na Meiriceánaigh.
ar fhoirne peile is a leithéid on football teams and the like
" Bheadh taithí ag Pádraig Harraington agus Paul McGinley, cuir i gcás, agus gach seans ag na himreoirí ón mBreatain freisin, ar imirt foirne ó bheith ar fhoirne peile is a leithéid agus iad óg.
an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin the lecturing and administrative staff
" Chiallódh sé seo go mbeadh an fhoireann léachtóireachta agus riaracháin ag déanamh a ngnó i nGaeilge agus go mbeadh na cleachtais oibre uilig sa teanga sin.
foireann chuí suitable staff
" Chaithfí foireann chuí a aimsiú leis an obair a dhéanamh agus an t-éiteas a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
ar fhoireann on the staff
" Cén ról atá agat féin i gCumann na bhFiann (CnaF) agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé i mo bhainisteoir ar Chumann na bhFiann le ceithre bliana anuas agus ar fhoireann Chumann na bhFiann le naoi mbliana.
foireann lánaimseartha full-time staff
" Cathain a bunaíodh Cumann na bhFiann agus cé a bhunaigh é?*** Bhunaigh foireann lánaimseartha Choláiste na bhFiann Cumann na bhFiann ag deireadh na seachtóidí.
foireann dheonach voluntary staff
" Cé mhéad duine atá fostaithe ag an eagraíocht anois?***Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha ag Cumann na bhFiann, duine amháin go páirtaimseartha, agus tá foireann dheonach d’ochtó duine ann chomh maith.
i seomra na foirne teagaisc in the teaching staff's room
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
ar na foirne thuasluaite. in the above-mentioned teams.
" Anois, cé is moite d’eisceacht nó dhó, níl seans faoin spéir ag Éireannach áit a fháil ar na foirne thuasluaite.
i gcoinne fhoireann Laighean against the Leinster team
" Bhí mé an-óg ag an am, gan dabht, ach tá cuimhne nó cineál pictiúrtha i mo cheann den laoch mór ag scóráil cúil i gcluiche ceannais Chorn an Bhóthar Iarainn i gcoinne fhoireann Laighean ar a raibh cuid mhaith *Dubs*.
ar an bhfoireann iománaíochta on the hurling team
" 1961 nó 1962 a bhí ann, measaim, agus bhí níos mó *Dubs* ar an bhfoireann iománaíochta ná mar a bhí d’imreoirí as aon chontae eile as Laighin toisc go mba iad Áth Cliath curaí Laighean na bliana 1961.
ar na foirne cúige on the provincial teams
" D’fhéadfaí, cuir i gcás, na himreoirí a bheadh ainmnithe ina n-ábhair Réalta a roghnú le himirt ar na foirne cúige agus go roghnófaí na Réalta díreach i ndiaidh na gcluichí idirchúige, a d’imreofaí thar dhá dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, coicís nó mí, abair, i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann.
go raibh an-áthas ar fad ar fhoireann iomána na Gaillimhe that the Galway hurling team were very happy
" Is cuimhin liom freisin go raibh an-áthas ar fad ar fhoireann iomána na Gaillimhe Corn an Oireachtais a bhuachaint sa bhliain 1979, b’fhéidir, agus ba chineál cloch cora é ar an mbóthar go dtí Corn Mhic Cárthaigh i 1980.
ó neart go neart mar fhoireann iomána from strength to strength as a hurling team
" Buanna éagsúla Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath.
foireann de naonúr a staff of nine
" Is é Nicholas Carolan stiúrthóir an Taisce agus tá foireann de naonúr aige.
foirne teams
" Glacann foirne ó Cream, The Picket, The Farm (banna ceoil) agus a leithéid páirt ann.
foirne idirchontae intercounty teams
" Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.
dhá fhoireann ó lártíre two teams from the middle of the country
" I mbliana tá dhá fhoireann ó lártíre ag imirt in aghaidh a chéile nach bhfuil ach 190 míle eatarthu ar bhóthar idirstáit I-65.
foirne móra réigiúnda large regional teams
" Diaidh ar ndiaidh, chuaigh na foirne beaga baile i bpáirt le chéile chun foirne móra réigiúnda a bhunú.
roghnaítear dhá fhoireann don chraobh. two teams are chosen for the final.
" Anois roghnaítear na hocht bhfoireann is fearr sa sraithchomórtas agus trí imirt dhíbeartha, roghnaítear dhá fhoireann don chraobh.
i gcás mheáin agus fhoireann Shasana, in the case of the English media and team,
" Go fiú i gcás mheáin agus fhoireann Shasana, léiríodh suim i stair Pháirc an Chrócaigh agus CLG.
a bhfoireann áitiúil their local team
" Tá sé deacair ag an chosmhuintir a thug tacaíocht don fhoireann sular bhain siad Corn an FA den chéad uair i 1965, agus a lean Liverpool FC nuair a bhain siad Corn na hEorpa ceithre huaire idir 1976 agus 1984 nuair a bhí siad in ard a réime, tá sé deacair acu sin a thuiscint gur “saincheadúnas idirnáisiúnta” is ea a bhfoireann áitiúil anois agus nach bhfuil aon spás ann dóibh in Anfield níos mó.
leis an fhoireann dhíograiseach with the enthusiastic staff
" É sin ráite, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an fhoireann dhíograiseach in Rough Magic.
na foirne láidre iomána the strong hurling teams
" Is deacair a chreidiúint leis gurb iad na foirne láidre iomána a bhí ann sa tréimhse sin idir 1993 agus 1998 ná an Clár, Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Luimneach.