Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhoirmle formula
" " Fanfaidh eachtra amháin go buan ina chuimhne: an lá a rinne sé iarracht briseadh ón mhúnla agus ón fhoirmle a bhí ann d'aistí agus rud éigin suimiúil agus cruthaitheach a scríobh.
foirmle draíochta magic formula
" Ach má shíleann siad go bhfuil foirmle draíochta acu, ní fada go bhfaighidh siad bolgam réalachais.
de réir foirmle according to a formula
" Scríobhaim i gcónaí faoi rudaí a bhaineann le mo shaol féin; ní féidir liomsa scríobh de réir foirmle.
foirmle formula
" Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta.
fhoirmle formula
" "Ní raibh mo sheanfhoirmle ag obair a thuilleadh," a deir sé, "Bhí mé ag obair agus ag obair gan bheith ag éisteacht liom féin - le mo chorp nó le mo mheon.
an fhoirmle the formula
" ‘Tuairisc’ an teideal a bhí ar an gclár a bhí agam agus tá sé fós ar an bhfód, is dócha toisc go n-oibríonn an fhoirmle.
foirmlí matamaitice mathematical formulae
" Tá gá le bogearraí cumhachtacha agus casta chun déileáil leis na foirmlí matamaitice atá i gceist le domhantarraingt – agus éiríonn rudaí níos casta fós nuair atá sreabhadh uisce á athchruthú.
foirmle formula
" Ar ndóigh is féidir leis an gcriticeoir taobh istigh bheith an-ghlórach! Cabhraíonn sé an pianó nó an giotár a bheith agam mar thacaíocht ach níl foirmle agam.
foirmle rúnda secret formula
" D'fhéadfadh an té atá ina ábhar léiritheora neart a fhoghlaim ó dhuine mar Irial, ar fear é a bhfuil foirmle rúnda an chomhlachta rathúil teilifíse aimsithe aige.
an fhoirmle rúnda secret formula
" Bíonn sé deacair a thuar céard iad na comhlachtaí a mbeidh an *X factor *nó an fhoirmle rúnda acu.
foirmle formula
" ”Is léir go bhfuil foirmle aimsithe ag Fíbín a bhfuil ag éirí go geal léi ó thaobh siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine, fiú sa chás nach mbíonn aon spéis acu sa teanga.
foirmle chasta complicated formula
" An Seanchas Gearr is Fearr An t-ábhar iontais a bhí ag na húdair go raibh sé “*curious*”, go mbeadh buntáiste ag duine le Gaeilge agus iad ar thóir fostaíochta anseo seachas duine gan Ghaeilge agus chum siad foirmle chasta mhatamaitice leis an rúndiamhracht a réiteach.
foirmle a formula
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
fhoirmle choiteann common formula
" Leanann an leabhar an fhoirmle choiteann – óige, tús ré imeartha leis an gcontae, cluichí móra, gaol le himreoirí, bainisteoirí, lucht na meán agus lucht tacaíochta, tábhacht clainne agus cairde.
De réir na foirmle seo according to this formula
" De réir na foirmle seo, is dream imeallach sa scéal iad an Lucht Siúil, dream nach ndéantar mórán forbartha pearsanta orthu ó thaobh carachtair de.
de réir chúinsí na foirmle in keeping with the formula conditions
" Más ar éigean féin a dhéantar tagairt dóibh, is de réir chúinsí na foirmle i gcónaí é, an t-eolas réamhluaite nó ‘inherited knowledge’ nó ‘epistemes’ mar a thugann criticeoirí ar nós Foucault orthu.
fhoirmle formula
" Léirítear arís agus arís eile sna pobalbhreitheanna nach bhfuil muinín ag daoine a thuilleadh as a chumas an geilleagar a láimhseáil agus nach bhfuil san fhoirmle ‘travailler plus pour gagner plus’, foirmle a bhíodh le cloisteáil go minic ó bhéal Sarkozy le linn feachtas toghchánaíochta 2007, ach focla folmha.
de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos according to the formats set down
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
foirmle rúnda secret formula
" Labhair Caoimhe Ní Laighin le bunaitheoir an chomhlachta, Irial Mac Murchú, ar na mallaibh le léargas a fháil ar an bhfoirmle rúnda atá de dhíth le haghaidh comhlachta rathúil teilifíse.