Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlúmh foliage
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
duilliúr foliage
" Deacair a chreidiúint gur imigh an duilliúr breá a mhaisigh i rith an tsamhraidh iad agus go bhfuil na duilleoga anois ag lobhadh ina screamh salachair.
duilliúir foliage
" Le teacht an duilliúir agus na dea-aimsire, bíonn aoibh eile uirthi agus meallann ceol na n-éan agus an solas uaine isteach ann mé.
dhuilliúr foliage
" Bua an cheoil sin ná nithe a bheith á gcur abhaile orainn go tréan, nithe nach bhféadfadh an intleacht amháin a chur in iúl go brách: >Cnónna capaill ar chraobh faoi dhuilliúr donn.
dhuilliúr foliage
" Sin mar a bhí sé nuair a d’phill mé anseo i Mí Meithimh agus d’oscail mé na cuirtíní ar maidin; shíl mé go raibh mé an Fómhar linn go fóill mar bhí dath donn ar dhuilliúr na gcrann agus nuair a shiúil mé síos an bóthairín bhí duilleoga faoi mo chois.
duilliúir ghlas ar gach craobh green foliage on every tree
" Ó chósta na Boisnia soir faoin tír, lean an bóthar gleann fairsing, torthúil a raibh oráistí ag fás go slaodach ann, scoth na créafóige fúthu, agus uisce mór ó na sléibhte anuas ag cur duilliúir ghlas ar gach craobh.
duilliúr a sceitheann an choill foliage which is shed
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
duilliúr foliage
" Itheann an cóála duilliúr na gcrann eoclaipe, ach tá sé fíorbheadaí ó thaobh a aiste bhia de.
an duilliúr ag imeacht go tiubh foliage is going fast
"an duilliúr ag imeacht go tiubh den chraoibh cheana féin.
duilliúr glas green foliage
" An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta.