Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
follasach clear
" Chonaic mé an colg ag géarú i súile na mBairéadach, chomh follasach leis an bhfionnach ag seasamh ar mhada oilbhéasach gan ag teastáil ach aithne na díchéille lena gcur ag pléatáil a chéile.
is follasach it is evident
" Nuair a amharcann tú air, is follasach go bhfuil ceol inmheánach á oibriú i gcónaí.
míbhuntáistí follasacha evident disadvantages
" Níor bhac sí a mhíniú cén chaoi ar réitigh a cuid tuairimí leis na míbhuntáistí follasacha atá acu maidir le sláinte, tithíocht agus fostaíocht.
follasach clear
" Is beag ceiliúradh poiblí atá déanta go dtí seo ar an cheangal láidir follasach cultúrtha atá ann idir Albain agus Éirinn.
in ainneoin na fianaise a bhí chomh follasach sin despite the evidence which was so clear
" Rinneadh iarracht a rá nach raibh aon bhaint ag ciníochas leis an scéal is deireanaí seo in ainneoin na fianaise a bhí chomh follasach sin.
na fochialla follasacha polaitiúla the clear political connotations
" Agus cé go raibh mé idir dhá chomhairle mar gheall ar na fochialla follasacha polaitiúla sna laethanta luatha seo, thosaigh mé ag amharc ar an Ghaeilge sa deireadh mar theacht abhaile teanga – tá go leor focal ón Ghaeilge inár gcaint féin, tá an ghramadach ag dul i gcion orainn go fóill agus bhraith mé go raibh sé furasta go leor í a fhoghlaim ón tús.
cead follasach explicit permission
" Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
toil fhollasach an phobail explicit will of the public
" In ainneoin gur le toil fhollasach an phobail a rinneadh an beart, chuir an National Rifle Association (NRA) an dlí ar an gceantar agus shocraigh cúirt uachtarach na tíre nach raibh cead ag Washington D.
follasach clear
" Tá an bheirt acu – Iris agus Benedictus – diongbháilte docht daingean ina gcreideamh faoin fhirinne atá follasach i leabhair an tSean-Tiomna.
follasach clear
" Is follasach go bhfuil dul chun cinn dochreidte déanta ó thaobh na Gaeilge de ó thuaidh, ach an bhfuil ardmhá, nó plateau, bainte amach i bhforbairt na Gaeilge, nó an bhfuil muid ag dul siar nó go díreach, thíos seal, thuas seal? Sa ghearrthréimhse, agus b’fhéidir sa mheánthréimhse, ní fheictear d’Aodán go mbeidh a oiread sin acmhainní breise le fáil.
is follasach it’s obvious
" Aon trian amháin den ghás aiceanta atá le haimsiú ar domhan fós, tá sé anseo, agus nuair a chuirtear san áireamh gurb í an Rúis an t-onnmhaireoir is mó de ghás aiceanta dá bhfuil ann faoi láthair, is follasach gur mian leo an ról sin a dhaingniú.
Is follasach it’s clear
" Is follasach an tubaiste maidir leis na Pailistínigh gan amhras, ach go dtí le gairid, bhí muintir an Iarthair dallta ar an tubaiste seo ag a gcuid ciníochais agus claontacht na meán, dar leis.
fianaise fhollasach go leor plenty of clear evidence
" Creidtear sa dearcadh diúltach seo d’ainneoin go bhfuil fianaise fhollasach go leor ann go bhfuil a mhalairt ar fad fíor.
Is follasaí scoilteanna na Spáinne the divisions in Spain are more evident
" Is follasaí scoilteanna na Spáinne ná deighiltí na Fraince a dhéanamh amach; ceantair chumhachtacha iad an Chatalóin agus Tír na mBascach maidir le geilleagar na Spáinne de (murab ionann agus an Ghailís) a bhíonn ag éileamh de shíor scarúint ó fhlaitheas na Spáinne (mar a dhéanann polaiteoirí Gailíseacha ó thráth go chéile).
teip fhollasach pholatiúil a clear political failure
" Muna bhfuil sé ar chumas an Taoisigh castachtaí teicniúla na polaitíochta a mhíniú dom, creidim féin gur teip fhollasach pholatiúil is ea í sin.
mbagairtí fhollasacha clear threats
" Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag streachailt na teanga le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil bóthar fada corraitheach le taisteal againn go fóill le contúirtí an domhandaithe is nósmhaireacht an bhéil bháin i measc bhunaíochta na tíre seo ina mbagairtí fhollasacha ag fís athghabhála na Gaeilge.
Bhí sé follasach don domhan mór it was clear to the whole world
" Bhí sé follasach don domhan mór in ochtóidí an chéid seo caite go raibh na hainmhithe mara thuasluaite i mbaol a n-éaga agus chuir Coimisiún Idirnáisiúnta an Mhíl Mhóir státchairde uilechoiteann ar a seilg sa bhliain 1986.