Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
frustrachas frustration
" Ní hé sin le rá nár chuir sé agus nach gcuireann sé frustrachas mór orm go minic, agus ba bheag nár éirigh mé as cúpla uair.
frustrachais frustration
" Is cúis mhór frustrachais é gan a bheith ábalta comhrá ceart a dhéanamh le daoine.
frustrachas frustration
" Mothaíonn siad frustrachas fán dóigh a gcailleann rialtas na Breataine suim sna Sé Chontae am ar bith a mbíonn tréimhse mheasartha síochána ann.
údar frustrachais a reason to feel frustrated
" Ach, mar a dúirt an té a dúirt, tá an daonlathas go breá nuair a oibríonn sé, agus is údar frustrachais é nuair nach n-oibríonn.
frustrachas frustration
" Éinne a bhfuil gnáthmhóideim aige, agus atá ag brath ar dhiailiú-rochtain, tuigfidh sé an frustrachas a bhaineann le nascleanúint agus scimeáil ar an idirlíon.
an iomarca frustrachais too much frustration
" Cuirim an ríomhaire ar siúl, fágaim é agus imím chun mo bhricfeasta a ithe agus na nuachtáin a léamh! Bheadh an iomarca frustrachais ag baint leis an obair sin níos déanaí sa lá nuair a bhíonn níos mó úsáideoirí ar líne," a deir sé.
frustrachais frustration
" Tá cuid mhór frustrachais ag baint leis an cholún seo a scríobh.
frustrachas frustration
" Éiríonn an frustrachas ionat agus tagann an t-uaigneas i ndiaidh laethanta órga na hóige.
frustrachas frustrating
" Is féidir leis an saol ansin bheith dian agus frustrachas bheith ag baint leis.
go leor frustrachais plenty of frustration
" Bíonn go leor frustrachais i gceist agus iad ag iarraidh na smaointe doimhne seo a chumadh i nGaeilge chun ceist a fhreagairt nó chun bheith ag caint leis an duine taobh leo.
frustrachas frustration
" In amanna, cuireann sé frustrachas orm mar go raibh an-dúil agam sa saol a bhí agam.
frustrachas éigin some kind of frustration
" ” FrustrachasIs léir ón dóigh a labhraíonn sé faoi Sheachtain na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith bródúil as an bhféile, ach tá frustrachas éigin le cloisteáil ina ghuth chomh maith.
fhrustrachas frustration
" Glacaim leis nach mbaineann an tAire Oideachais, an tAire Airgeadais nó an Taoiseach aon sult nó pléisiúr as a leithéid de chiorrú a chur i bhfeidhm ach thuigfeá do fhrustrachas an phobail i bhfianaise an €7bn d’athchaiptliú a déanadh ar Bhanc na hÉireann agus ar Bhanc Aontas Éireann i dtráth an ama chéanna is a fógraíodh na ciorruithe i leith múinteoirí acmhainne.
frustrachas uafásach terrible frustration
" Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte.
tagann fearg agus frustrachas orthu they become angry and frustrated
" Amharcann na daoine ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas, an chaoi ar chuir sé díomá orthu, an bhearna a tháinig idir an gealltanas agus an saol mar atá, agus tagann fearg agus frustrachas orthu ar dtús.
le barr frustrachais from pure frustration
" – (stadann, ag machnamh, tosaíonn ag caint arís) - Is é an fáth a ndeachaigh muid ar an rúidbhealach, le barr frustrachais.
bhraith sé frustrachas an-mhór he felt a great deal of frustration
" Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús.
bhraith sé frustrachas an-mhór he felt a great deal of frustration
" Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús.
frustrachas frustration
"frustrachas an-mhór ag baint le bheith ag cleachtadh do chuid Fraincise sa Fhrainc, dar le Breandán de Gallaí.