Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuinseoige ash
" An té a bhfuil dúil aige san iománaíocht, agus atá ag faire go grinn ar chluichí móra na fuinseoige chomh fada is atáimse (ó 1960 nó mar sin!), thógfadh sé ceann de bhua Bhiorra i gCluiche Ceannais Club na hÉireann ar Lá Fhéile Pádraig seo thart.
chrann fuinseoige ash tree
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
fuinseog ash tree
" Bhí siad seal ar sodar, seal ar cosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus ghleanntáin sléibhe, seal ar an N5 agus seal ar an M50, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí i dtuairisceoirí polaitiúla ó stáisiúin raidió agus ó stáisiúin teilifíse agus ó stáisiúin de gach sórt agus aicme, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
fuinseog ash
" Má fhéachaimid ar scéal na hiomána a imrítear don chuid is mó (a) in Éirinn nó i measc Éireannach lasmuigh den tír agus (b) go fairsing i gceantair áirithe agus go tearc i gceantair eile, de réir teoiric na dtosca aiceanta a tháinig an iománaíocht chun cinn i réigiún ina raibh (i) neart den ábhar cuí, fuinseog, ar fáil (ii) aeráid thais, mheasartha agus ithir dhomhain, thorthúil a chuidigh le fás na fuinseoige agus le fás féir ó cheann ceann na bliana geall leis agus (iii) dálaí aimsire a chuidigh le himirt an chluiche ar feadh formhór na bliana.
fuinseog ash
" Ansin bhí sé seal ar sodar, seal ar chosa in airde agus seal eile ar coisíocht mhall, síos mala agus suas cnoc, fríd choillte agus gleanntáin sléibhe, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí, fríd fhraoch, cíb dhubh, draighean agus fuinseog.
gcrann fuinseoige ash tree
" Galar fungais ar a tugadh chalara fraxinea a bheith tagtha ar an gcrann fuinseoige atá gceist agam.
millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn it shall ruin all of Ireland’s ash trees
" Ach de réir na saineolaithe tá an galar chomh láidir sin go bhfuil seans maith ann go millfidh sé a bhfuil de chrainn fuinseoige in Éirinn.
fuinseog allmhairithe imported ash timber
" Táirgtear 350,000 camán in Éirinn gach bliain agus is as fuinseog allmhairithe a dhéantar 65% díobh.
in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo able to depend on ash from this country
" Is é aidhm Chumann Lúthchleas Gael go mbeadh déantóirí camán in Éirinn in ann a bheith spleách ar fhuinseog na tíre seo amháin faoin mbliain 2017 ach tá amhras mór ann anois roimh fíorú na haidhme sin.
míle síol fuinseoige a thousand seeds of ash
" Sílim go bhfuil míle síol fuinseoige, fearna, fiú amháin síolta eidhneáin, curtha agam faoin am seo.