Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feidhmiú functioning
" Tá mé freagrach as feidhmiú agus forbairt na heagraíochta ó lá go lá, i gcomhar le feidhmeannach agus faoi threoir Coiste Stiúrtha.
ag feidhmiú functioning
" Is carranna príobháideacha iad seo a bhíonn ag feidhmiú mar thacsaithe, ach iad i bhfad níos saoire ná na gnáth-thacsaithe.
ag feidhmiú functioning
" Cé go bhfuil Napster ag feidhmiú go fóill, tá gach rud a bhí faoi chóipcheart air á bhaint de réir a chéile agus is beag amhrán nó píosa ceoil atá fágtha.
ag feidhmiú functioning
" An bhfuil sé in am ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn EOGO laghdú a dhéanamh ar dheontais do chomhlachtaí agus fiontair nach ndéanann a ngnó i nGaeilge? Má tá comhlacht ag feidhmiú i mBéarla, nár cheart dó a chuid tacaíochta a éileamh ó Enterprise Ireland nó ó fhoinse eile? Ar cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag Údarás na Gaeltachta agus ag an Roinn gan ach tacú le gnólachtaí atá i ndáiríre faoi fhostaíocht agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge? Tá feachtas láidir leathan de dhíth le taispeáint do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an Ghaeilge a úsáid.
ag feidhmiú functioning
" Tá gach saghas coiste, cumann, agus eagras ag feidhmiú san áit agus iad gníomhach i mbun oibre agus críochnúil i mbun beartais.
ag feidhmiú functioning
" Agus tú á leamh seo, seans mór nach mbeidh an Tionól ag Stormont ag feidhmiú níos mó.
nach bhfeidhmíonn that don't work/function
" Cé gur féidir a rá le do bhrabhsálaí idirlín gan glacadh leo, tá cuid mhaith suíomh gréasáin nach bhfeidhmíonn gan iad.
ag feidhmiú ar bhonn áitiúil functioning at local level
" Feiceann sé é mar pholaiteoir a bhíonn ag feidhmiú ar bhonn áitiúil, duine nach bhfuil idé-eolaíocht cheart forbartha aige.
feidhmiú function
" Cuirfidh an RAM breise sin ar chumas na gcláracha feidhmiú níos tapúla.
ag feidhmiú functioning
" "B'fhéidir nach drochshampla é aonad de chuid an rialtais, taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta, a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge.
feidhmiú function
" Ach céard tá i ndán do chumann ar nós Cumann Báire Caoimhín? Cen chaoi ar féidir le cumann feidhmiú i gceantar ina bhfuil bochtaineacht shoiléir agus fadhb mhór drugaí i measc daoine óga ar thaobh amháin agus pobal neamhbhuan, sealadach ar an taobh eile? Is cumann beag é, cumann gan chumhacht, a mheall isteach buachaillí a d'fhreastail ar scoileanna áirithe sa cheantar, chomh maith le corrfhear óg ó Chorcaigh nó Uíbh Fháilí a tháinig ag obair sa cheantar agus dúil san iománaíocht aige.
ag feidhmiú functioning
" Ní hamháin gur gearradh táillí an-arda ar chur le chéile suíomh ach chomh luath is a bhí suíomh ag feidhmiú, ní raibh mórán spéise ag na dearthóirí amharc ina dhiaidh ó lá go lá.
an ghalar cloíte enervating disease, disease that doesn't allow you to function well
" Bhí sé gaibhte ag an ghalar cloíte.
feidhmiú to function
" Bhíomar ag feidhmiú ar feadh blianta fada ar phinginí agus ar an ngannchuid ó thaobh foirne agus ó thaobh airgead forbartha de.
ghléas ilfheidhmeach multi-function device
" Ach ní haon rud nua é an coincheap seo de ghléas ilfheidhmeach.
feidhm function
" " Tá sé lánchinnte fosta go bhfuil feidhm agus ról thar a bheith tábhachtach ag an ailtire sa ghluaiseacht seo.
ag feidhmiú functioning
" Is ceart go mbeadh an córas naíonra seo neamhspleách ar na bunscoileanna agus ag feidhmiú lasmuigh den chóras sin.
ag feidhmiú functioning
" Is dócha gur obair é an t-aistriúchán a thiteann ar éinne a bhíonn ag feidhmiú as Gaeilge sa lá atá inniu ann.
feidhmiú function
" Creidim freisin gur chun leas an tSeanaid a bheadh sé dá gceadódh an Taoiseach don Seanad na ceapacháin a dhéanann Airí ar na boird stáit éagsúla a scrúdú agus dá ligfeadh sé don teach feidhmiú anois agus arís mar bhinse fiosraithe.
ag feidhmiú functioning
" Tá seomra san fhoirgneamh sin atá ag feidhmiú mar Chultúrlann anois.
feidhmiú to function
" Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach.
le feidhmiú to function
" Níl an seomra cruinnithe atá ag an bhForas Éireannach um Chosaint Raidghníomhaíochta (RPII) sách mór ná sách cóirithe le feidhmiú mar lárionad feidhme don Phlean Náisiúnta Éigeandála - ach sin an áit atá roghnaithe sa bplean mar lárionad.
feidhmiú mar idirghábhálaí to function as an intermediary
" Mar shampla, bhí ar chumas an iar-Thaoisigh Albert Reynolds feidhmiú mar idirghábhálaí idir an Iaráic agus An Teach Bán i 1998.
feidhmiú na ndlíthe the functioning of the laws
" Ní hamháin go bhfuil ar an gcáiníocóir íoc as feidhmiú na ndlíthe, tá sé á phlúchadh ag na dlíthe céanna.
chun feidhmiú go héifeachtach to function effectively
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
gur ceart don duine feidhmiú that a person should function
" Is éard atá i gceist leis seo go praiticiúil, dar leis, ná gur ceart don duine feidhmiú de réir a bhuanna pearsanta féin agus na buanna san a fhorbairt an méid agus is féidir.
ag feidhmiú functioning
" Is ardú meanman é do phobal a labhraíonn mionteanga, agus d'eagraíochtaí an phobail sin, bíodh siad deonach nó ag feidhmiú mar ghnó, dream a fheiceáil ag tabhairt faoi pháipéar laethúil a fhoilsiú sa teanga sin.
ag feidhmiú functioning
" Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.
ag feidhmiú functioning
" Chomh maith le hÁras Mháirtín Uí Chadhain, bíonn dhá choláiste samhraidh ag feidhmiú ar an mbaile chun freastal a dhéanamh ar dhéagóirí na tíre.
go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber that the new council would function like the Star Chamber
" Ach más rud é go bhfágtar faoin rialtas baill na comhairle preas nua a cheapadh, gach seans go bhfeidhmeoidh an chomhairle nua ar nós an Star Chamber.
feidhmeanna functions
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
ag feidhmiú functioning
" Is faoin Acadamh a bheas an tÁras ag feidhmiú as seo amach agus ar an mbealach sin beifear ag cumasú daoine agus pobal le fostaíocht theangalárnach agus phobal-lárnach a chur chun cinn.
an fheidhm chéanna the same function
"an fheidhm chéanna ag an Áras anois agus tá réimse leathan imeachtaí ar siúl ann ar bhonn lánaimseartha, agus tá breis agus tríocha grúpa difriúil ag baint úsáide as na háiseanna.
ag feidhmiú functioning
" Cén ról atá agat féin san Áras agus cén fhad atá tú sa phost? Táimse mar rúnaí ar an gcomhlacht atá i gceannas ar Áras na nGael agus ag feidhmiú mar bhainisteoir ginearálta an Árais.
ag feidhmiú functioning
" Chun stop a chur le cóipeanna mídhleathacha, caithfear gach cóip de EasyReader a chlárú ar an idirlíon laistigh de thrí seachtaine nó stopfaidh sé de bheith ag feidhmiú.
feidhmiú function
" Fíorphobal Gaeilge a bhunú sa tír seo atá ábalta feidhmiú trí Ghaeilge mar go bhfuil na seirbhísí ar fáil dóibh.
ag feidhmiú functioning
" Agus ní bheidh Coiste Feidhmiúcháin ag feidhmiú roimh 2006, rud a chuirfidh isteach ar straitéisí an dá rialtas, mar, ag an am sin, beidh an Tionól ar fionraí le ceithre bliana.
fheidhmiú na seirbhíse poiblí the functioning of the public service
" Bíonn an-tionchar ag na comhaontaithe sin ar chúrsaí eacnamaíochta sna tíortha neamhfhorbartha, agus ar fheidhmiú na seirbhíse poiblí iontu.
Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú in the highly-competitive environment in which they function
" Sa timpeallacht ghéariomaíochta ina bhfuil siad ag feidhmiú, braitheann pá agus bónais na bpríomhfheidhmeannach go mór ar luach na scaireanna.
ag feidhmiú le chéile functioning together
" Ach dá mba rud é go raibh siad ag feidhmiú le chéile, gurb iad Sinn Féin agus an DUP a bhí ag iarraidh na táillí uisce a ghearradh ar dhaoine, agus muidne i mbun feachtais ina gcoinne, sílim go mbeadh muid in áit i bhfad níos sláintiúla.
Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí songs function as vehicles
" AÓF: Dhá n-iarrfainn ort aon chúis amháin a lua a mhíníonn cén fáth go dtaitníonn amhráin leat, céard a déarfá? CÓCC: Feidhmíonn amhráin mar fheithiclí ina bhfuil tú in ann do chuid mothúchán a nochtadh go príobháideach ar shlí amháin agus go poiblí ar shlí eile, agus maolaíonn sin an phian.
ag feidhmiú functioning
" Múnlaí difriúla ======= Ar an iomlán tá 34 tionscnamh iompair áitiúil ag feidhmiú ó cheann ceann na tíre.
ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht functioning once as a monopoly
" Is é an fhadhb leis sin ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta i lámha Eircom, ar comhlacht iar-Stáit é a bhíodh ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht.
ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda functioning on an all-island basis
" Is léir go bhfuil gnéithe den pholaitíocht "ar an talamh" - sláinte, cultúr, an tslándáil féin - ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda.
ag feidhmiú i bhfolús functioning in a vacuum
" Is tuairim sheanchaite é go bhfuil aighneas idir na healaíona agus an gnáthshaol; go bhfuil na healaíona ag feidhmiú i bhfolús agus gan mórán bainte acu le gnáthdhaoine.
ag feidhmiú functioning
" Spreagadh daoine le seasamh a thógáil ní ar mhaithe leis na *cappuccinos *coipeacha agus na bonnóga mealltacha - cé go raibh siad sin iontach deas - ach mar gur creideadh gurbh fhiú féacháil le hinstitiúid dhúchasach a chaomhnú, ainneoin nach raibh sé ag feidhmiú le héifeacht sa mhargadh níos mó.
ag feidhmiú functioning
" Marc; B+ An Mhí ======= *Cathal Seoighe (Neamhspleách)* Fear eile atá ag feidhmiú mar ionadaí lánaimseartha, rud nár samhlaíodh riamh i gcás comhalta boird.
ag feidhmiú functioning
" Mar a dúirt mé chomh maith, murach Seán ní bheadh Conradh na Gaeilge ag feidhmiú i nGlaschú sa lá atá inniu ann.
feidhmeanna arda sóisialta high social functions
" Tá na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin.
feidhmiú to function
" Cúrsa é atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla a chur ar fáil a bhíonn in ann feidhmiú go hoilte sa ghnó.
feidhmeanna arda sóisialta high social functions
" Tá na feidhmeanna arda sóisialta á gcroitheadh athuair agus á gcur i gceist, agus tá impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis sin.
feidhmiú to act/function
" Níl an t-oideachas céanna orainne is atá ar na náisiúnaithe, agus mar sin ní miste dúinn feidhmiú de réir an easpa oideachais atá orainn.
ag feidhmiú functioning
" Ní chuirfidh an treoir áirithe seo mórán le híomhá na caoinfhulainthe san eagraíocht dhomhanda agus cuirfear na sagairt ar homaighnéasaigh iad agus atá ag feidhmiú san eaglais cheana féin go mór faoi bhrú agus beidh orthu dul i bhfolach ar dhóigh níos doimhne sa tsochaí.
ag feidhmiú functioning
" An t-aon difríocht a thabharfaidh tú faoi deara ná an costas níos ísle! Agus, má tá do chóras leathanbhanda ag feidhmiú thar cábla na teilifíse nó thar seirbhís gan sreang, is féidir leat fáil réidh le do ghnáthlíne theileafóin go hiomlán.
feidhmiú to function
" Cúrsa é atá dírithe ar aistritheoirí gairmiúla a chur ar fáil a bhíonn in ann feidhmiú go hoilte sa ghnó.
feidhmiú to function
" ” Ach cad é mar a thig le hiriseoir feidhmiú agus an dúbhrón seo uilig thart air, bás a chairde agus a lucht aitheantais.
feidhmiú to function
" Chomh maith leis sin, éireoidh an turas laethúil i ngluaisteán ó Phort Laoise nó ón Mhuileann gCearr nó ó Chill Mhantáin go dtí an oifig i mBaile Átha Cliath ródhaor, agus lena chois sin, ní beidh tionscal na heitlíochta (agus Ryanair san áireamh) ábalta feidhmiú mar atá faoi láthair.
feidhm nádúrtha éin natural bird function
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" An ndéanfar cinneadh ar deireadh rogha a thabhairt do thuismitheoirí Gaeltachta a bpáistí a chur chuig scoil amháin sa cheantar atá ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge? An gcuirfear taisteal ar fáil do na páistí sin agus an bhféachfar le córas scolaíochta ar nós na Gaelscolaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht? Mary Harney ======= Tá Harney faoi bhrú mar go bhfuil daoine i scuainí i ngach cearn den tír ag fanacht le seirbhísí ospidéil.
ag feidhmiú functioning
" Ní haon áibhéil a rá gur ar bhonn dátheangach atáthar ag feidhmiú anois.
ag imeacht going, functioning
" Na dlíthe ======= Is é an t-uachtarán agus a chomh-aireacht a choinníonn an tír ag imeacht, ach is é an brainse reachtach a mholann, a phléann, agus a cheadaíonn na dlíthe ar a ritheann an tír.
ag feidhmiú functioning
" Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
ag feidhmiú functioning
" Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta.
ag feidhmiú functioning
" Má cuireadh córas in áit na Gaeilge éigeantaí ba cheart go mbeadh an córas sin ag feidhmiú.
ag feidhmiú go huile is go hiomlán functioning totally
" Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir so that the station will function as it should
" Tá sé éagsúil ó eagraíochtaí eile sa mhéid is go bhfuil géarghá le hinfheistíocht leanúnach i dtrealamh ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir.
feidhmeanna functions
" De réir Acht Údarás na Gaeltachta níl aon chumhachtaí ná feidhmeanna leagtha amach don eagras ó thaobh na teanga de.
ag feidhmiú acting, functioning
" Ceann de na smaointe atá ann ná go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag feidhmiú taobh istigh de gach comhlacht, agus tá an tÚdarás ag féachaint ar bhealaí chun spreagadh a thabhairt don duine sin (cúiteamh airgid, seans, a thiocfaidh ón Údarás agus ón gcomhlacht féin) ionas go dtógfaidh sé an post go dáiríre.
feidhmiú Merseyside Police the functioning of Merseyside Police
ag feidhmiú functioning
" Bhí sraithchomórtas náisiúnta ag feidhmiú ó 1876 amach agus fuair gach imreoir tuarastal.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
ar fheidhmiú an Achta, on the functioning of the act,
" I leabhrán a d’ullmhaigh an léachtóir le dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, an Dr Máire Mac Conghaíl, do Chumann Nuachtán Náisiúnta na hÉireann ar fheidhmiú an Achta, thug sí le fios gurb í a barúil gur cheart go mbeadh iriseoirí ar thóir eolais go rialta faoin ASF.
feidhmiú ar ríomhairí éagsúla to function of different computers
" Tá go leor daoine i dtaithí air anois agus ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine feidhmiú ar ríomhairí éagsúla – idir ríomhairí Windows agus cinn Apple Mac – gan traenáil nua.
ag feidhmiú functioning
" Sin an prionsabal – níl an córas ag feidhmiú 100% go fóill.
fós ag feidhmiú still functioning
" Tar éis feachtais in aghaidh an tionscadail seo, díoladh an stiúideo i mí Iúil 2006 le triúr fear gnó áitiúil – Steve Macfarlane, Gary Millar agus Tom Lang – a raibh baint acu leis an áit agus, buíochas le Dia, tá sé fós ag feidhmiú mar láthair cheoil.
ag feidhmiú mar is ceart. functioning properly.
" Tá seans go bhfuil cuid den fhírinne sa mhéid sin ach is fearr an toradh a bheadh ann dá mbeadh ár gcuid scoileanna lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ag feidhmiú mar is ceart.
feidhmiú function
" Agus, ar ndóigh, caithfidh an cadhnra go leor cumhachta a ghiniúint chun gur féidir leis an ghléas feidhmiú ar feadh roinnt uaireanta an chloig ar a laghad.
feidhmiú go héifeachtach. to function effectively.
" Braitheann muid go bhfuil dualgas ar údaráis áitiúla, Comhairle Chontae Loch Garman sa chás seo, tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach.
chun feidhmiú go héifeachtach. to function effectively.
" Nuair atá ríomhaire agat agus printéir agus b’fhéidir eochair USB is beag rud eile atá ag teastáil chun feidhmiú go héifeachtach.
a fheidhmíonn mar fhón which functions as a phone
" Sony Internet Telephone "Mouse Talk"Seo an ceann is fearr liom – luch do do ríomhaire a fheidhmíonn mar fhón nuair a osclaíonn tú é.
ag súil go bhfeidhmeodh an córas that the system would function
" Táthar ag súil go bhfeidhmeodh an córas go tapa agus go héifeachtach mar thoradh ar na hathruithe seo.
a d'fhéadfadh feidhmiú mar ghuthán which can function as a phone
" Luch do ríomhaire a d'fhéadfadh feidhmiú mar ghuthán freisin, cuir i gcás.
cén fheidhm what function
" Tá fógraí i ngach seomra, a mhíníonn cén fheidhm a bhí acu.
i leith fheidhmiú an fhórsa. with regard to the functioning of the force.
" Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa.
feidhmiú mar iriseoir function as a journalist
" Óir de bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach anois le go dtig leis feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais.
ag feidhmiú functioning
" Meastar sa todhchaí go mbeidh an teilifíseán ag feidhmiú mar a bheadh bialann ghreim gasta ann, agus é de chumas ag daoine amharc ar a rogha clár am ar bith a fhóireann dóibh.
ina bhfuil siad ag feidhmiú. in which they are functioning.
" Tá solúbthacht ag baint leo mar chomhlacht agus tuigeann siad an margadh ina bhfuil siad ag feidhmiú.
go bhfeidhmíonn an pholaitíocht that politics functions
" Deirim go minic go bhfeidhmíonn an pholaitíocht ar dhá leibhéal mhóra: leibhéal an Tionóil agus leibhéal na sráide.
ag feidhmiú functioning
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid de na raonta rothar ag feidhmiú ar bhonn “páirtaimseartha” amháin.
feidhm phoiblí public function
" (ach) bhí feidhm phoiblí aici chomh maith – dhéantaí í a aithris le linn bainise agus an fáinne á chur ar mhéar na brídeoige.
feidhm thábhachtach important function
" Caithfear a rá go bhfuil feidhm thábhachtach ag baint leis an gclár seo mar go dtugann sé cead cainte do ghnáthdhaoine.
feidhm agus paraiméadair an choinníll the function and parameters of the condition
" Bheachtaigh an Bord Pleanála feidhm agus paraiméadair an choinníll i gcásanna éagsúla ó shin i leith agus socraíodh go mairfeadh an ceangal ar feadh cúig bliana déag.
feidhmiú an choinníll the functioning of the condition
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
ag feidhmiú i mbarr a maitheasa functioning at their peak
" ” Óir is léir gur galar tadhlach í an disléicse a bhuaileann scoláirí áirithe a dhéanann staidéar ar an teanga ach a bhíonn ag feidhmiú i mbarr a maitheasa in ábhair eile.
a fheidhmíonn who functions
" Bhain an Astráil neamhspleáchas amach ag tús na haoise seo caite agus ó shin i leith déantar ard-ghobharnóir a cheapadh a fheidhmíonn mar ionadaí bhanríon nó rí na Ríochta Aontaithe.
oilte i bhfeidhmeanna saighdiúirí speisialta, trained in special soldiers' functions
" Bíonn na buíonta seo oilte i bhfeidhmeanna saighdiúirí speisialta, agus i bhfírinne, is beag difríocht a bheadh idir iad agus fórsaí speisialta an airm.
feidhm uathoibríoch automatic function
" Ar dtús, is é an chéad cheamara a d’úsáid mé riamh a bhfuil muinín iomlán agam as – is féidir brath ar an bhfeidhm uathoibríoch i gcónaí.
feidhmeanna na mball the functions of the members
" Spórt na bhfear atá faoi chaibidil agam anseo, ach gach seans gurb amhlaidh atá cúrsaí ó thaobh spórt na mban de, cé go mb’fhéidir nach bhfuil feidhmeanna na mball leagtha amach chomh soiléir céanna i gcás na mban.
ag feidhmiú functioning
" Bhí Melbourne ag feidhmiú mar phríomhchathair shealadach ag an am agus níor bhog an rialtas go Canberra go dtí an bhliain 1927.
ag feidhmiú functioning
" “Ach déarfaidh mé an méid seo faoi: bhí díospóireacht bhreá ann ar an lá! Tá dlúthbhaint ag an bhfoirgneamh sin le tús an Stáit – bhí banc Shinn Féin lonnaithe istigh ann ag tús na haoise seo caite, cuir i gcás, bhíodh Michael Collins ag feidhmiú as an áit ag tráthanna éagsúla agus rinneadh toghchán na bliana 1918 a phleanáil ansin.