Pota Focal Intergaelic
fend | find | fond | found | fuad
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
maoiniú funding
Maoiniú méadaithe increased funding
Gníomhaireacht mhaoiniúcháin funding agency
" Gníomhaireacht mhaoiniúcháin atá inti le hacmhainn phoiblí a bhronnadh ar eaglaisí agus ar dhronga cráifeacha a sholáthraíonn cabhair do na boicht.
maoiniú funding
" Seachas airgead stáit, an bhfuil aon fhoinse eile airgid agaibh? Tá dhá scéim fostaíochta pobail á maoiniú ag FÁS.
duaischiste prize fund
" Is cinnte le hairgead breise go bhféadfadh muid i bhfad níos mó a dhéanamh agus cur go mór le duaischiste Ghlór na nGael.
maoiniú financing, funding
" B'éigean na ciorruithe a dhéanamh, a dúirt bainistíocht RTÉ, mar go raibh caillteanas de £25 milliún i ndán don eagraíocht, a dhéanann maoiniú ar RnaG.
maoiniú funding
" Anois tá sé i bhfeidhm agus níl ach dhá phointe nach n-aontaíonn Sinn Féin leo, dar leis, is é sin, an dóigh nach mbeidh orthu siúd atá ina mbaill de na póilíní cheana féin an mionn nua ar chearta daonna a thabhairt agus maoiniú do na boird nua áitiúla póilíneachta.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Faigheann Oidhreacht Chorca Dhuibhne deontas ón Roinn Ealaíon Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.
easpa maoinithe san earnáil sláinte lack of funding in the health sector
" Tá cuid de na daoine seo ar shlí na fírinne anois, de bharr easpa maoinithe san earnáil sláinte, agus de bharr nach raibh daoine a raibh an chumhacht acu ábalta ná sásta dul i ngleic leis an bhfadhb agus glacadh leis an dualgas a ghabhann le cumhacht.
maoiniú funding
" An bhfuil an maoiniú sin sásúil nó an bhfuil gá le tuilleadh airgid? Bíonn gá le tuilleadh airgid cinnte, ach tá an maoiniú atá againn faoi láthair sásúil.
ciste fund
" Dúirt Fionnuala Croke, Ceannasaí Taispeántas an Ghailearaí, mar chosaint ar an athrú polasaí seo go raibh ciste breise de dhíth chun taispeántais eile ar chaighdeán na nImpriseanaithe a fháil.
maoiniú funding
" " Faigheann an Rannóg Forbartha an maoiniú a chuireann ar chumas an ionaid leanúint air ar cur seirbhísí ar fáil.
imeachtaí bailithe airgid fund-raising events
" Tagann maoiniú ón rialtas feidearálach, ó áisíneachtaí rialtais stáit, fondúireachtaí príobháideacha, airgead ó dhaoine aonair, agus imeachtaí bailithe airgid a ndéanann an t-ionad urraíocht orthu.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Fuair an eagraíocht ardú deontais an bhliain seo caite, 2001, agus ceadaíodh deontas de £250,000 dúinn.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá £100,000 sa bhliain, is é sin €126,974, ceadaithe don tionscadal ón Roinn Oideachais ar feadh trí bliana - déanfar athbhreithniú ar an tionscadal an t-am sin.
maoiniú funding
" Cén fáth, dar leat, ar cheart don stát maoiniú a chur ar fáil daoibh? Cionn is go gcuireann muid seirbhís ar fáil nach bhfuil ar fáil ó aon stáisiún raidió eile sna Sé Chontae.
mhaoiniú funding
" An bhfaigheann sibh aon mhaoiniú nó deontas ón stát? Ní fhaigheann.
ciste cúitimh compensation fund
" Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.
Oifigeach maoinithe funding officer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cá fhad atá tú sa phost? Oifigeach maoinithe mé ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? £1.
chiste caipitil capital fund
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
Oifigeach maoinithe funding officer
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cá fhad atá tú sa phost? Oifigeach maoinithe mé ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? £1.
chiste caipitil capital fund
" Tá an tsuim sin ann mar chiste caipitil agus ó tharla gur Iontaobhas muid caithfear an t-ús ar bhisiú na hearnála.
maoiniú funding
" Cé go raibh maoiniú Keough tábhachtach, deir sé: "Bhí gach rud ag brath ar an duine ceart a fháil le dul i mbun na hInstitiúide.
maoinithe funding
" Is léir toradh ar an obair seo mar fuarthas ardú maoinithe 22.
maoiniú funding
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Faigheann An Gaeláras tacaíocht go príomha ó Fhoras na Gaeilge, ó Chomhairle Chathair Dhoire agus ón Oifig Forbartha Áitiúil (DSD).
ciste príobháideach private fund
" Is léir go raibh an comhlacht á rith mar a bheadh ciste príobháideach ann ag Ray Williams, an té a bhunaigh é.
easpa maoinithe lack of funding
" Ach cheana féin tá imní ann go bhféadfadh easpa maoinithe féidearthachtaí an Choimisiúin a thachtadh.
maoiniú funding
" Ach muna ndéanann an rialtas maoiniú ceart ar an eagraíocht is é an stát seo agus ní Tuaisceart Éireann a bheidh mar ábhar náire os comhair an domhain.
maoiniú funding
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
ceisteanna maoinithe questions of funding
"ceisteanna maoinithe agus timpeallachta a bhaineann leis an tionscadal á scrúdú faoi láthair agus mura mbíonn aon deacracht ann tosófar ar an tógáil an bhliain seo chugainn agus críochnófar í sa bhliain 2007.
maoiniú funding
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
í a mhaoiniú to fund it
" "Ní fheicim go bhfuil an toil pholaitiúil ann í a mhaoiniú i gceart - sin é an chéad rud a déarfainn.
maoiniú funding
" Tá an tacaíocht seo ar fáil anois agus Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh maoiniú ar fhiontair mar *Foinse*, *Lá*, Raidió na Life, Aisling Ghéar, An Chultúrlann, Europus, Oideas Gael, Café Trí-D, Fios Feasa, Spraoi, an club Sult, na coláistí samhraidh agus go leor tionscadal eile.
maoiniú funding
" I mbliana, gearradh an bundeontas 10% agus scoireadh an maoiniú ar thionscadail, rud a fhágann nach leor ar chor bith an maoiniú reatha ón stát.
maoiniú funding
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Faighimid airgead ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon.
na heagrais mhaoinithe the funding organizations
" Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
maoiniú funding
" Bhí ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fhógairt le gairid go gcuirfí maoiniú CLÁR de €254,709 ar fáil chun seirbhísí leathanbhanda teileagrafaíochta a leathnú go dtí ceantar na Rosann i dTír Chonaill; Cill Ala, Co Mhaigh Eo (agus an dúiche máguaird); agus Béal Átha Liag, Co Longfoirt (agus dúiche Loch Rí).
maoinithe funded
" Tá deireadh curtha le "Clár na Gaeilge" ar Raidió SBS (Special Broadcasting Service), craoltóir ilchultúrtha an phobail atá maoinithe ag an rialtas.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá Lá? An leor iad na deontais sin? Is páirtí dár gcuid é Foras na Gaeilge, ach bhí go leor brú orthu sin le tamall anuas.
Easpa maoinithe lack of funding
" Tá ag teip ar an straitéis seo freisin de bharr Easpa maoinithe ón rialtas.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? Na táillí cláraithe a fhaighimid ó na scoláirí an fhoinse mhaoinithe atá againn.
maoiniú funding
" Cloistear go minic na laethanta seo go bhfuil airgead rialtais gann agus go bhfuil sé deacair maoiniú a fháil do chur chun cinn na Gaeilge.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? Táimid ag díol scaireanna faoi láthair ($300 Ceanadach ar 1%).
maoiniú funding
" D'éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad.
maoinithe funded
" Tá deireadh curtha le "Clár na Gaeilge" ar Raidió SBS (Special Broadcasting Service), craoltóir ilchultúrtha an phobail atá maoinithe ag an rialtas.
maoiniú ceart proper funding
" Beidh an líon daoine san Aontas a bheas ag labhairt teangacha eile seachas na príomhtheangacha ina chéatadán an-ard den iomlán agus, dá n-éireodh leis an Ghaeilge stádas oifigiúil a bhaint amach, bheadh lucht na teanga ábalta maoiniú ceart agus tacaíocht láidir a fháil laistigh de chórais na hEorpa méadaithe.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Faigheann Áras Mháirtín Uí Chadhain deontas reáchtála bliantúil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, chomh maith leis an maoiniú atá ag teacht ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
ag maoiniú funding
" Tá an Stát, go háirithe trí Fhoras na Gaeilge, ag tabhairt tacaíocht láidir do scéimeanna pobail, d'fhoilseacháin mar *Beo! *agus ag maoiniú fhorbairt an fhoclóra Gaeilge - Béarla, tionscadal ina mbainfear úsáid as na modhanna oibre is éifeachtaí atá ar fáil i réimse na foclóireachta.
atá á mhaoiniú which is being funded
" Tá beirt fostaithe go lánaimseartha ar an tionscadal atá á mhaoiniú ag Foras na nGaeilge, agus tá seachtar fostaithe go páirtaimseartha ar scéim FÁS.
foinsí maoinithe sources of funding
" Céard iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá foinsí éagsúla maoinithe againn, ina measc: spás san Áras a ligean amach ar cíos; teacht isteach ó imeachtaí an Chlub; Foras na Gaeilge; FÁS; urraíocht a bhaineann le Seachtain na Gaeilge; agus imeachtaí a reáchtáiltear go sonrach chun airgead a bhailiú.
Struchtúr maoinithe funding structure
" Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d'fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
maoiniú caipitil capital funding
" Struchtúr maoinithe an Árais a bhuanú; maoiniú caipitil a bheith faighte d'fhorbairt an chlóis ar chúl an Árais; agus glúin úr a bheith ag plé le himeachtaí agus riar an Árais.
á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta being funded by crime
" Ach ina ionad sin, le seachtainí anuas tá an tAire Dlí agus Cirt Michael McDowell ag craobhscaoileadh ar gach meán a thabharfaidh cuireadh dó go bhfuil Sinn Féin á mhaoiniú ag cúrsaí coireachta.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Faigheann an tSeachtain deontas ó Fhoras na Gaeilge agus faightear roinnt urraíochta an-bheag ó fhoinsí eile.
a mhaoiniú to fund
" Níl sé beartaithe ach an séú cuid a chur ar fáil den airgead atá ag teastáil chun an Ryan White CARE Act a mhaoiniú, acht a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú a chur ar fáil d'othair HIV a bhfuil ioncam íseal acu chun cur ar a gcumas cúram sláinte a fháil agus drugaí a chuirfidh fad lena saol.
maoiniú funding
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
maoiniú funding
" Thóg sé dhá bhliain déag air maoiniú a fháil don scannán, é a léiriú agus a phleanáil.
maoiniú funding
" Is ón Roinn sin a thagann maoiniú an Bhoird, leis - i mbliana, tá beagnach milliún euro faighte againn.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Fuaireamar deontais trí na blianta chun cabhrú linn ord agus eagar a chur ar Áras Chrónáin nuair a cheannaíomar é agus an Halla Nua agus an Naíonra nua a thógáil.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Is é RTÉ a mhaoiníonn RTÉ Raidió na Gaeltachta.
mhaoiniú funding
" Agus, de réir rialacha na Comhairle Ealaíon, níl cead cur isteach ar mhaoiniú má tá an obair déanta agat cheana!" Spás agus solas ======= Is mór an tábhacht a bhaineann le spás agus solas i dtaispeántas ealaíne físiúla.
ciste fund
" Ach tá difríocht shuntasach amháin - d'íoc na comhlachtaí sin agus rialtas na Gearmáine airgead isteach i gciste do na sclábhaithe sin tamall ó shin.
ag maoiniú an tionscadail seo funding this project
" "Is é Microsoft atá ag maoiniú an tionscadail seo, ach tá muid buíoch as an tacaíocht agus comhairle atá faighte againn ó na comhpháirtithe, mar go gcinnteoidh sé seo go mbeidh na haistriúcháin cruinn agus reatha," a mhínigh urlabhraí de chuid Microsoft do *Beo*!.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CGLC? An leor iad? Foras na Gaeilge, Awards for All, An Chomhairle Ealaíon, agus Comhairle an Dúin.
atá á maoiniú who are being funded
" Deir siad go bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí ar nós Microsoft agus McDonald's, agus go bhfuil dea-ainm agus dea-cháil Mheiriceá millte ag grúpa beag "*neocons*", nó fíorchoimeádaithe, atá á maoiniú ag na hollchorporáidí agus a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar pholasaithe an Tí Bháin.
maoiniú funding
" Chun maoiniú a fháil le taighde a dhéanamh dá leabhar is déanaí, *Maeve Brennan: Homesick at the New Yorker*, chuir sí isteach ar Chomhaltachtaí Taighde an Uachtaráin sa Choláiste Ollscoile agus nuair a bronnadh comhaltacht uirthi, d'imigh sí léi ar thuarastal iomlán ar feadh bliana.
maoiniú stáit state funding
" Cén fáth ar bunaíodh é? Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CBT? An leor iad? Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht fhial dúinn chun cíos na hoifige agus tuarastal bainisteora a íoc ar bhonn bliantúil, móide méid áirithe i dtreo costaisí reatha.
chiste rialtais government fund
" "Díon" an t-ainm atá ar an chiste rialtais atá i gceist.
maoiniú fial generous funding
" Ach nuair a úsáideann vótóirí - ar dream iad atá ar aon intinn, atá an-eagraithe, agus a bhfuil maoiniú fial á dhéanamh orthu - a gcumhacht chun polasaithe rialtais a dhearadh atá bunaithe go hiomlán ar na nithe a gcreideann siadsan iontu ó thaobh creidimh de, déantar imeallú atá baolach ar chearta saoránaigh eile.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag PLleG? An leor iad? Foras na Gaeilge a chuireann an chuid is mó den maoiniú ar fáil ach faighimid tacaíocht chomh maith ó na dreamanna seo: Comhairle Cathrach Phort Láirge, Comhairle Contae Phort Láirge, Bord Sláinte an Oirdheiscirt agus tógálaí nó dhó príobháideach.
mhaoiniú funding
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann le PLleG? Ceann de na laigí is mó a bhaineann linn ná go bhfuilimid ag brath go huile is go hiomlán, nach mór, ar mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge.
mhaoiniú funding
" " Maoiniú ======= Is é BRL a chuir an chuid is mó den mhaoiniú, timpeall €20,000, ar fáil don fhéile drámaíochta seo, mar gur aithin siad go bhfuil gnaoi ag muintir na háite ar an teanga agus nasc acu léi.
gciste cúitimh reparation fund
" " Ciste cúitimh ======= Chomh maith leis an chonspóid a bhaineann leis an taispeántas, táthar tar éis Flick a cháineadh de bhrí nár bhac sé le hiargead a dhíol isteach i gciste cúitimh a bhunaigh tionsclóirí na Gearmáine le hairgead a chur ar fáil dóibh siúd ar chuir na Naitsithe iachall orthu oibriú i gcoinne a dtola.
maoiniú funding
" An bhfuil fáth ar bith nach dtabharfaí stádas buan dó, agus maoiniú breise a chur ar fáil le seirbhís chuimsitheach a chur ar bun ó cheann ceann na tíre? *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir.
maoiniú ón earnáil phríobháideach funding from the private sector
" "Má ghlacann tú Sinn Fein Féin, mar shampla; bhí Martin McGuinness sásta, agus é ina Aire Oideachais, úsáid a bhaint as maoiniú ón earnáil phríobháideach le scoileanna a thógáil sa tuaisceart.
ciste fund
" Rachaidh brabús ar bith a thig as go ciste an Raidió le cuidiú linn cláracha fiúntacha dátheangacha a chur os comhair an phobail.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an COGG? An leor iad? Déanann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maoiniú na COGG a chur ar fáil.
ciste fund
" Ní leor a bhfuil againn agus tá scéala faighte againn go bhfuil ciste de €300,000 do théacsleabhair a gealladh dúinn á ghearradh siar go €100,000.
fadhbanna ollmhóra maoinithe huge funding problems
" Le cúpla mí anuas, tá achan cheann de na cúig Bhord Oideachais agus Leabharlann i dTuaisceart Éireann ag rá go bhfuil fadhbanna ollmhóra maoinithe acu.
maoiniú funding
" Is léachtóir matamaitice sna Stáit Aontaithe í a deirfiúr, tá a chomhlacht féin ag a deartháir (ag ullmhú pacáistí cianoideachais) agus oibríonn an "leanbh" (atá dhá bhliain is daichead d'aois!) le comhlacht airgeadais i dTuaisceart Éireann ag cur maoiniú ar fáil do chomhlachtaí beaga nuair nach bhfuil suim ag na bainc iontu.
de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú due to lack of a decision about funding
" Níl iomrá ar bith ar Chathaoirleach buan a cheapadh ar an bhord, tá éiginnteacht ann i gcónaí faoi struchtúr úinéireachta na haerlíne agus d'fhéadfadh brabúsacht an chomhlachta a bheith i mbaol, de cheal aon chinneadh faoi mhaoiniú.
maoiniú funding
" " Brú ón Rialtas ======= Na laethanta seo, tá athruithe móra ag titim amach sna hollscoileanna, maidir le struchtúir agus maoiniú, agus tuilleadh brú á chur orthu airgead a shaothrú iad féin.
mhodhanna maoinithe methods of funding
" Cé gur mhaith le gach duine, gan aon amhras, go bhfaigheadh dreamanna atá gníomhach i measc an phobail, leithéidí Port Láirge le Gaeluinn agus Glór Bhreifne, tacaíocht dá gcuid scéimeanna fiúntacha, scéimeanna a bhfuil oiread díograise caite leo, tá seans maith go dtiocfar ar mhodhanna maoinithe dóibh amach anseo.
maoiniú funding
" "Tá easpa airgid ann go háirithe cionn is nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh maoiniú ag teacht ón stát fad is atá an Tionól ar ceal.
maoiniú funding
" Nó tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur fhág Eoin $40,000 le huacht ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta, an eagraíocht ó thuaidh atá freagrach as maoiniú na nGaelscoileanna.
fógrófar sonraí an chiste a bhunófar details will be announced of the fund to be established
" " Ar an 16 Márta in Óstán an Hilton i mBéal Feirste, ag oíche bhliantúil na nGaelscoileanna ó thuaidh, fógrófar sonraí an chiste a bhunófar le hairgead Eoin Mhic Thiarnáin.
in éagmais tacaíocht cheart ón stát in the absence of proper state funding
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
chun scéimeanna a mhaoiniú to fund schemes
" Lena chois sin, bhronn sé na céadta míle dollar chun scéimeanna a mhaoiniú a thug deis do Ghaeil Mheiriceánacha óga seal a chaitheamh in Éirinn.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag TME? An leor iad? Is iad Foras na Gaeilge a thugann maoiniú do TME faoi scéim úr trí bliana 2005-2007.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Íocann na baill táille ballraíochta, a méadaíodh le déanaí ó €5 go €10.
chinntí maoinithe funding decisions
" Scríobh Gearóid Ó Cairealláin alt sa nuachtán *Lá *ar an 7 Iúil, mar shampla, mar gheall ar chinntí maoinithe a bhí déanta aici féin agus a comhghleacaithe.
maoiniú funding
" Taobh amuigh de mhaoiniú an Chláir Forbartha Pobail, tá gá le maoiniú fadthéarmach, go mór mór ó thaobh an chláir ealaíon de.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Clár forbartha pobail na Roinne Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; Ealaín na Gaeltachta; an Chomhairle Ealaíon; Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe; Comhairle Contae na Gaillimhe; Cumas Teo.
leibhéal maoinithe level of funding
" Ós rud é go bhfuil an leibhéal maoinithe ón stát do na healaíona ag dul i laghad sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann, agus nach cúis mhórtais dúinn féin ach an oiread an leibhéal maoinithe atá an stát a thabhairt do na healaíona sa Phoblacht, bheadh sé úsáideach plé a dhéanamh ar conas tionscnaimh áirithe a chur chun cinn trí chomhoibriú idirnáisiúnta.
duaischiste prize fund
" ” Is é Gaelsaoire príomhurra an chomórtais nua agus beidh Gael Linn ag cur le luach an duaischiste.
ciste fund
" Beidh ciste ar leith ar fáil don chomórtas nua, luach €7,000, anuas ar an gciste €100,000 atá ann cheana féin do na comórtais a bhaineann le hÉirinn amháin.
foinsí maoinithe sources of funding
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an Acadamh? An leor iad? Tá tacaíocht á fháil againn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó fhoinsí príobháideacha.