Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí it is easier to defeat a terrorist campaign
" Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí ná feachtas láidir polaitiúil.
locht a fháil go furasta to find fault easily
" Ach de bharr gur Éireannaigh a bhí ionainn, bhí an claonadh ann locht a fháil go furasta, fiú ar do mhuintir féin.
furasta a chreidbheáil easy to believe
" Tá sé furasta a chreidbheáil go bhfuil tú ar ais sa bhliain 1700 i bhfírinne, go dtí go dtagann eitleán dubh cogaidh go gasta, callánach, íseal trasna an ghleanna.
i bhfad níb fhusa a lot easier
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
furasta a thuigbheáil easy to understand
" Ach tá na hiarsmaí an-suntasach ar fad agus tá sé furasta a thuigbheáil cé chomh tábhachtach a bhí an áit seo sa seanam.
níos fusa easier
" Bíonn sé níos fusa glacadh le cuid dá thuairimí nuair a chloiseann tú é á rá os ard, tuairimí a mbeadh cuma an-ghéar go deo orthu dá mbeidís scríofa síos.
chan jab furasta í an mholtóireacht seo. this judging is not an easy job
" Mar a dúirt an té a dúirt é, is aitheantas é gur *über-*Ghael mé! Ach, chan jab furasta í an mholtóireacht seo.
níos fusa easier
" Bíonn damhsóirí idir naoi mbliana déag agus 90 bliain d'aois ag glacadh páirte iontu, idir fhir agus mhná, agus is leor a rá go raibh cinneadh níos fusa le déanamh ag Meryl Streep sa scannán sin *Sophie's Choice *ná mar a bhí le déanamh agamsa mar mholtóir!**Mealltach** Ach is é an buaiteoir is mó i ndeireadh na dála ná muidne.
iontach furasta very easy
" Tá an rud uilig iontach dian ar an chorp, agus tá sé iontach furasta géag a bhriseadh.
Is furasta a mhíniú it is easy to explain
" Is furasta a mhíniú céard is "físiriseoireacht" ann: déanann an físiriseoir chuile rud! Déanann sé an taighde agus an tiomáint; bíonn sé i mbun an cheamara agus na n-agallamh, agus go minic, na heagarthóireachta.
Is furasta taisteal it is easy to travel
" Is furasta taisteal go dtí an t-oileán álainn seo ar thuras bóthair nó iarnróid trí ghleannta is shléibhte sciamhacha maorga, agus feadh lochanna mórthaibhseacha iarthar na hAlban.
iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint really easy to defend your identity
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
is furasta na maidí a ligean le sruth. it is easy to derogate from duty
" Gan sin, is furasta na maidí a ligean le sruth.
níos fusa easier
" Agus tá sé níos fusa OpenOffice.
measartha furasta fairly easy
" Tá mé faoi bhrú anois, ach ar a laghad tá ábhar na gcúrsaí uilig cloiste agam ar na mallaibh, agus mar sin, tá aistí measartha furasta a scríobh anois.
an-fhurasta very easy to
" Caithfidh mé a rá, gur bean í Cathy Jordan, atá an-fhurasta a chur faoi agallamh.
furasta easy
" Deir an t-easaontóir Síneach, Harry Wu, a chónaíonn i Washington DC, go bhfuil an bheatha ‘iontach saor’ sa tSín agus go bhfuil sé furasta corp marbháin a fháil as an charcair nó as an otharlann agus iad a úsáid mar ‘earraí’.
is fusa it is easier
" Sin ráite, ní ógánaigh aonair ach eagraíocht mhíleata atá sna heasaontóirí agus, go híorónta, is fusa déileáil lena leithéid.
níos fusa labhairt easier to talk to
" Fritheadh fosta gur bhraith gasúirí go raibh sé níos fusa labhairt le fir faoi chúrsaí maistíneachta agus faoi fhadhbanna chaithreachais.
Is fusa go mór it's ever so much easier
" Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi.
go furasta easily
" Feictear na mothúcháin agus na smaointe atá againn go furasta – an bealach a n-amharcfadh duine ort go cionmhar nó an tslí a dtitfeadh leathmhaig a bhéil ar dhuine agus drochscéal faighte aige.
go furasta easily
" Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo.
furasta easy
" ” B’fhéidir gur furasta dul sa seans le beatha daoine eile nuair atá neart airgid le déanamh as.
níos fusa easier
" Bhí sé níos fusa deis oibre a fháil le RnaG ina dhiaidh sin, ag déanamh corrchláir, nuacht agus achan rud.
furasta an scéal a réiteach an easy solution
" com/watch?v=JuFuJ262pnY&feature=related) Cothroime do Chách Is furasta an scéal a réiteach.
fhurasta dó easy for him
" Ba fhurasta dó, a dúirt sé, a mhíniú cad é a chuireann daoine ag gáire, ach ceist eile ar fad ab ea é cén fáth go mbíonn daoine ag gáire: “*I know what makes them laugh but trying to get your hands on the why of it is like trying to pick an eel out of a tub of water*.
furasta easy
" Mar a dúirt Gary Streeter, Feisire Coimeádach: Dá mbeadh sé furasta maithiúnas a thabhairt, dhéanfadh muid uilig é.
furasta easy
" An Fotheidealú ======= Níl an fotheidealú furasta, de cheal ama.
fusa easier
" ” Déanaim iontas den phíosa eolais seo ós rud é go ndeir eachtrannaigh a bhfuil taithí acu ar an dá theanga gur fusa an Bhreatnais a shealbhú ná an Ghaeilge.
is furasta it’s easy
" Thug an léasadh a bhronn Corcaigh orthu mar sin ceacht an-tábhachtach dóibh: mura mbíonn an intinn dírithe i gceart ar chluiche, is furasta cailleadh.
chomh furasta céanna just as easily
" Tugann roinnt daoine 'rock beetles' orthu mar dá mbuailfeadh ceann acu san éadan thú lá samhraidh leagfadh sé de rothar chomh furasta céanna amhail is dá mbuailfí le cloich thú.
Níl sé furasta it’s not easy
" Níl sé furasta tuairim an phobail a athrú.
furasta a iompar easy to carry
" Thar aon ní eile is áis tagartha é *QuickGuide™ Irish Grammar* atá furasta a iompar ach mar gheall ar an bpáipéar lannaithe, tá sé láidir agus seasfaidh sé saol fada láimhseála.
an-fhurasta very easy
" Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá sé an-fhurasta teacht ar airm thine ar an margadh dubh.
Is Fusa a Rá ná a Scríobh easier said than done
" Is Fusa a Rá ná a Scríobh! ============== Tá an cúpla focal againn uilig; Júdó, súisí, agus oragámaí.
furasta go leor easy enough
" Ó thaobh comhréire agus fuaimeanna de, bíonn sé furasta go leor dul i ngleic leis an teanga labhartha.
furasta easy
" Anois, inis dom cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh bualadh le Dinny McGinley, an tAire Úr i Roinn na Gaeltachta?” “Tá an cheist sin furasta, a Bhaloir.
is furasta it’s easy
" Tá Toronto tógtha ar chóras eangaí agus mar gheall ar sin, is furasta taisteal timpeall na cathrach.
is furasta it’s easy
" Tá sé galánta agus is furasta a úsáid.
i bhfad níos fusa a lot easier
" Ghlactar le *PayPal* thall is abhus agus de réir mo thaithí, tá sé i bhfad níos fusa aighneas a réiteach tríothú ná mar atá le *Visa*.
furasta easy
" Ní raibh sé furasta comhlachtaí a mhealladh chuig cuid de na ceantair is imeallaí agus is scoite amach sa tír, gan bhonneagar sásúil, ach fríd is fríd, d'éirigh go seoigh leis an Údarás sa réimse seo.
mar ab fhurasta a dhéanamh as one could easily
" Dhein roinnt acu magadh faoi, mar ab fhurasta a dhéanamh: seanduine, raidhfil ina ghlac aige agus é ag dul ag fiach i mbrothall Bhotsuáine.
furasta easy
" Cé a dúirt go raibh saol banríona furasta? Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí ceiliúrtha, bhí Comhdháil na hEocairiste ann i mBaile Átha Cliath i lár na míosa, agus bhí na mílte ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh fána choinne – cuid mhór de na daoine cinnte gur léirsiú a bhí ann, eagraithe ag Caitlicigh Chumann Lúthchleas Gael, in éadan na gcluichí Gallda a bhí dá n-imirt sa Pholainn agus san Úcráin.
Chan fhuil sí chomh furasta leis it’s not as easy as
" (gáire sásta deimhneach) **SMM: An raibh sé deacair Gaeilg na hAlban a fhoghlaim?** AW: Chan fhuil sí chomh furasta leis an Spáinnis, ach ag an am chéanna, déarfainn go dtaitníonn sí go mór liom agus gach rud a thaitníonn leat, éascaíonn sé sin é.
ar fáil go furasta available easily
" Is fíorthábhachtach go mbeadh spórt, ceol, agus gach ní eile a chothaíonn spéis, misneach agus fiúntas i saol an duine, ar fáil go furasta ag an dream óg go háirithe.
shaol an teaghlaigh níos furasta family life easier
" Go bunúsach, tá an rialtas ag moladh go nglacfaí le hathrú bunreachtúil a thabharfadh cead don stát cur isteach ar shaol an teaghlaigh níos furasta maidir le ceisteanna a bhaineann le cúram páistí.
Nach furasta isn’t it easy (to satisfy)
" Nach furasta muintir na Gaeilge a shásamh? Go deimhin, is furasta, i ndáiríre.
Go deimhin, is furasta, i ndáiríre well it’s easy, really
" Nach furasta muintir na Gaeilge a shásamh? Go deimhin, is furasta, i ndáiríre.
go furasta easily
" Thiocfadh leat Gaza idir chorp, chleite is sciathán a leagan isteach ar an talamh idir Bhaile Dhún na nGall agus Gleann Cholm Cille, go furasta.
i bhfad níos fusa é a tholgadh a lot easier to catch it
" Tá sé i bhfad níos fusa é a tholgadh ná mar atá fríd urlacain gheimhridh nó an ulpóg is deireanaí atá ag imeacht.
a bheadh furasta go leor which would be easy enough
" Bunaíodh Coderdojo agus thángadar ar chóras a bheadh furasta go leor a chur ar bun ar fud an domhain.
go furasta ná go fánach too easily
" Caithfimid níos mó a fháil mar níl an rialtas ag tabhairt aon rud amach go furasta ná go fánach.
Is furasta it’s easy
" Is furasta i gcomhthéacs na tíre seo iad a ainmniú: Ó Sibhleáin, Mag Aonghusa, Ó Drisceoil, de Briotún, Mac Fhionnlaoich, Iníon an Táilliúra agus araile.
don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu to the mistake(s) which arise easily and a plenty as a result
" Tá An Chonair Chaoch (2012) lán de thagairtí do na codarsnaí seo a dhealaíonn T1 agus T2 óna chéile agus don neamart a eascraíonn go furasta is go flúirseach astu: ‘Cé go bhfuil cinniúint na gcainteoirí dúchais agus na bhfoghlaimeoirí i dtuilleamaí a chéile, .
na n-ábhar is fusa of the easiest subjects
" ‘Máinliacht Diúracáin’ na dTorthaí ============ D'foilsigh an *Irish Times* i mí Feabhra liosta na n-ábhar is fusa le grádanna arda a aimsiú iontu san Ardteist.
is furasta iad a aithint they’re easily recognized
" Lena gcraiceann donn agus lena gcanúint so-aitheanta, is furasta iad a aithint as daoine eile agus leithcheal a dhéanamh orthu.
is fusa do chamall it’s easier for a camel
" ” Thiontaigh Íosa thart agus dúirt lena dheisceabail: “A chlann liom, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i Ríocht Dé.
níos fusa agus níos sábháilte easier and safer
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
gurbh fhusa do dhaoine dubha that it was easier for black people
" (Gach duine ar a dhóigh féin!) Dúirt an fear seo le Bill gurbh fhusa do dhaoine dubha liostáil le hArm na Breataine in Éirinn, i gceann de na reisimintí Éireannacha, agus stádas oifigigh a bhaint amach.
níos fusa dá lucht leanta glacadh le easier for their supporters to accept
" Ar an Phort Chéanna ========= Bheadh sé níos fusa dá lucht leanta glacadh le Rialtas Náisiúnta, áfach, dá mbeadh an geilleagar fós ina chocstí.
teacht go furasta ag an phobal ar the public (would have) easy access to
" com) ina mbeadh teacht go furasta ag an phobal ar an ábhar ríluachmhar seo.
nuair nach raibh sé furasta when it wasn’t easy
" (meangadh) An Dóchas agus an Duainéis ============ **SMM: Céard a sheol i dtreo gníomhaíocht Chonradh na Gaeilge thú siar sna 70aidí agus go deimhin i dtreo pholaitíochta chomh maith nuair nach raibh sé furasta a bheith gníomach go polaitiúil?** ÍNíCh: Is dócha gurbh é tionchar mo thuismitheoirí i dtosach.
is féidir í a leigheas go furasta it can be fixed easily
" Baineann an fhadhb seo leis an rianú agus is féidir í a leigheas go furasta trí dhul chuig siopa bonn nó chuig aon mheicneoir.
Is furasta it’s easy
" Dá mbeadh dhá mhíle carr i gceist agus dá bhfeicfí greamán Gaeilge achan charr acu 20 uair sa tseachtain, chiallódh sé go mbeifí ag imirt tionchair ar 40,000 duine níos mó sa tseachtain nó breis is dhá mhilliún uaire in aghaidh na bliana ná mar a tá anois roimh an Oireachtas! Is furasta 'Éire', 'Ná póg mo thóin' nó 'Gaeltacht bheag an carr seo' a thuiscint.
go furasta easily
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
rud ab fhusa ná trácht ar which was easier than describing
" An méadú agus an laghdú sin, is ina chéadchodáin a bhíothas ag tagairt dóibh sna meáin, rud ab fhusa ná trácht ar na figiúirí féin is dóigh.
Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe it’s not easy to get to the root of the problem
" ” Cad chuige an aigne mhaol dhiúltach sin in aghaidh na Gaeilge? Ní furasta teacht ar fhoinse na faidhbe agus d'fhéadfadh an iliomad fáthanna a bheith taobh thiar de, idir sheicteachas, leithcheal, daille intinne, mhothú éada agus eile nach iad.
is furasta do mhaith féin a roinnt ar it’s easy to share your own decency with
" As do Stuaim Féin ====== Murar spéis leat dul le cumann ar bith mar oibrí deonach, is furasta do mhaith féin a roinnt ar an dream gan dídean.
furasta teacht ar easy to find
" Tá sé furasta teacht ar na coileáin ar díol ar thart ar na sé láithreán gréasáin dhéag is coitianta in Éirinn.
is furasta a thuiscint it’s easy to understand
" Níor thugas mo vóta do Shinn Féin ná do Ming Flanagan agus ní thabharfaidh, ach is furasta a thuiscint, dar liom, cé as a bhfaigheann siad a lán dá gcuid vótóirí.
Is furasta sin that’s easy
" Cé a thuigfeas i gceart mé? An té a bhfuil €92,672 (nó €87,258) aige in aghaidh na bliana, an té nach bhfuil ach a leath aige, nó an té nach bhfuil ach €34,000 aige in aghaidh na bliana? Is furasta sin a fhreagairt.
is fusa i bhfad it’s a lot easier
" In áit an algartaim chasta seo, nárbh fhearr i bhfad an logainm Gaelach a bheith greanta i gcloich mar atá i gCois Fharraige mar shampla? Tar éis an tsaoil, is fusa i bhfad duine a bheith á threorú go Baile an tSagairt ná a rá leis casadh ar dheis ag an L10352! Anuas ar sin, is dócha go bhfuil lucht cliarlathais thar a bheith bródúil fosta as na comharthaí atá crochta acu ar dhroichid anois – leithéidí GC-R344-009.
furasta easy
" Níl sé furasta teanga eile a fhoghlaim ná níl an saol sách fada le haon teanga amháin a fhoghlaim i gceart, dar le PJ Mac Gabhann.
furasta easy
" Do ghasúr óg a ligean i mbun an ríomhaire, as féin? Ba cheart go mbeadh sé furasta a dhéanamh gan buaireamh.
nach saol furasta life’s not easy
" Is eol do Ken Ó Donnchú thall sa Spáinn nach saol furasta a bhíonn ag rí atá iarriadh na meáin chumarsáide a shásamh agus eilifint a mharú.
tréimhse nach furasta a time that’s not easy
" Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.
nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht that it’s not easy to stop a commentator from commenting
" Tuigeann Gráinne nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht.
nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh that it won’t be easily cured
" Cibé póit atá ar dhaoine sa tuaisceart, tá Robert McMillen den bharúil nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh.