Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lustráil fawning, flattering to gain advantage
" " "Órú, caith canna beorach chuige," arsa Deirdre, "nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.
lustráil fawning, flattering to gain advantage
" " "Órú, caith canna beorach chuige," arsa Deirdre, "nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.
sochar advantage, gain
" Is díospóireacht shuimiúil agus chasta í - an fíorealaín é saothar a chruthaítear go speisialta do chomhlacht idirnaisiúnta le táirge dá chuid a dhíol agus íomhá a chruthú dó? An gcailleann an saothar agus an t-ealaíontóir creidiúint de bharr go bhfuil siad ag tacú le fógraíocht nó an bhfuil an dá thaobh ag baint tairbhe as? D'fhéadfá a rá gurb é Andy Warhol an saineolaí ó thaobh sochar a bhaint as cúrsaí tráchtála lena shaothar féin a chur chun tosaigh.
buntáiste airgid financial gain
" Ar an mbonn gur dócha go bhfuil árachas príobháideach ag cuid de na daoine sin, tá an argóint ann go mb'fhéidir gur aisíoc é seo ar an leatrom a dhéantar ar na hothair phoiblí sna hospidéil i gcomparáid leis na hothair phríobháideacha, ach ag deireadh an lae, is ag na cógaslanna atá ann faoi láthair atá an bua agus an buntáiste airgid.
gnóthaithe gained, achieved
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin to gain Sinn Féin a bad name
" Tá an tuairim ann leis go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin nó le spíodóireacht a dhéanamh ar an bpáirtí sin.
a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm which would gain a bad name for the profession
" Mar, i ndeireadh na dála, is chun leas Chumann na nIriseoirí féin atá sé féachaint chuige nach scríobhfadh aon duine dá bhaill rud ar bith a tharraingeodh droch-chlú ar an ngairm.
le creidiúintí a bhaint amach to gain credits
" Ba dhaoine go leor acu seo a d'fhág an scoil luath agus a raibh orthu cúrsaí de chuid an Léinn Éireannaigh a dhéanamh ar mhaithe le creidiúintí a bhaint amach.
ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil doing our utmost to gain victory
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
an lámh in uachtar a fháil ar an UUP to gain the upper hand on the UUP
" D'éirigh leis an DUP an lámh in uachtar a fháil ar an UUP agus is iad atá ag labhairt anois thar ceann an phobail aontachtaí.
chun seilbh a fháil uirthi to gain possession of it
" Nuair a bheas an riail nua i bhfeidhm, tá súil agam nach bhfeicfimid scata imreoirí ag cromadh nó ag titim síos le dhá lámh a leagan ar an liathróid chun seilbh a fháil uirthi.
gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistear without having gained anything from the journey
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
Méadú táirgiúlachta productivity gain
" "Méadú táirgiúlachta" atá ann agus sin an fáth go bhfuil rialtas Blair ag leanúint pholasaithe na gCoimeádach agus go bhfuil sé ag brú an pholasaí chéanna sna meánscoileanna.
taithí a fháil to gain experience
" Tugann sé deis do chraoltóirí nua taithí a fháil i gcúrsaí craolacháin.
nach bhfuil a dhath le gnóthú aisti that there is nothing to be gained from it
" Tá daoine ann a deir nach bhfuil aon mhaitheas ag baint leis an Ghaeilge, nach bhfuil a dhath le gnóthú aisti.
cumhacht iomlán a fháil to gain total power
" Baineadh tuisle as iarrachtaí Clinton plean sláinte uilíoch a bhunú sa tír, agus, treisithe ag seo, dhírigh an grúpa ar phleananna chun cumhacht iomlán a fháil i Meiriceá agus, i bhfad na haimsire, b'fhéidir ar an domhan féin.
smacht a fháil ar an cheantar to gain control of the area
" Sa 12ú haois, d’éirigh le taoiseach Gaelach darbh ainm Fergus smacht a fháil ar an cheantar.
le haitheantas níos forleithne a bhaint amach to gain more widespread recognition
" ***AÓF: ******Caithfidh sé go bhfuil sibh ag tnúth go mór leis sin? Deis iontach í le haitheantas níos forleithne a bhaint amach, nach ea?***SD: Críochnóidh an turas i Carnegie Hall ar Lá Fhéile Pádraig agus tá muid ag tnúth go mór leis sin.
le gnóthú to be gained
" Tá duaiseanna agus buntáistí nua le gnóthú ag an mbuaiteoir i mbliana: poiblíocht sa nuachtán áitiúil, *The Galway Advertiser* agus ar an stáisiún raidió áitiúil, Galway Bay FM; priontáil agus comhairle mhargaíochta ó Snap Printing; ballraíocht de Chumann Tráchtála na Gaillimhe agus dlúthchairdeas le Gaillimh le Gaeilge.
Smacht a fháil to gain control
" AÓF: Cad í an uaillmhian is mó ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de gur mhaith leat a bhaint amach i 2007? TM: Smacht a fháil ar na diabhal *regulators* ar an bpíb uilleann! AÓF: Cad é an rud is mó go bhfuil tú ag súil leis i 2007? TM: Tá mé ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh Na Píobairí Uilleann ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe i Sráid Henrietta.
a ghnóthú to gain
" Sna trí chomórtas, theip air an bua a ghnóthú taobh istigh de na ceithre bhabhta imeartha.
is léir nach bhfuil tada le gnóthú it is clear that there is nothing to be gained
" Diaidh ar ndiaidh, is léir nach bhfuil tada le gnóthú ó fhanacht leis an uachtarán, nach bhfuil cumhacht ar bith fágtha aige agus go bhfuil sé ag caitheamh níos mó ama ar a rainse in Texas, de cheal oibre.
tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil. Poland gained a reputation for being disagreeable and contentious
" Chuir coimeádachas agus diúnas an chúpla Kaczynski isteach go mór ar na baill eile den Aontas Eorpach agus tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil.
ar mian leo ardú céime a bhaint amach. who want to gain promotion
" Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” – mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
saoirse a bhaint amach dá thír to gain freedom for his country
" Bhí Tony McBride ag iarraidh saoirse a bhaint amach dá thír agus troid in éadan bhrúidiúlacht Arm na Breataine sna Sé Chontae.
bua a bhaint amach to gain victory
" Is í an aidhm a bhíonn i gceist, dar ndóigh, ná bua a bhaint amach agus, dá bhrí sin, is gá cúram a dhéanamh de na próisis intinne chomh maith leis na scileanna fisiceacha.
díoltas a bhaint amach to gain revenge
" Theastaigh ó Drew díoltas a bhaint amach ar Megan, agus is dócha gur éirigh lena plean, ach ar bhealach tragóideach nach raibh sí ag súil leis.
an lámh in uachtar to gain control of
" Ba gheall le bua é an toradh ó thaobh foireann Átha Cliath de sa mhéad is gur éirigh leo rud a dhéanamh nár éirigh le Tiobraid Árann ná le Corcaigh a dhéanamh agus ba é sin Cill Chainnigh a chur faoi bhrú agus an lámh in uachtar a fháil orthu ar feadh tréimhsí suntasacha den chluiche.
athneartú gaining strength
" Agus fórsaí Mheiriceá ceangailte san Iaráic, bhí Al-Qaeda ag athneartú níos faide soir.
teacht i dtír ar to gain from
" Thapaigh SAM an deis ansin teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
bhainfear as shall be gained
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
leas a bhaint gain benefit
" Is é an spríoc atá ag an chomórtas go dtaispeánfadh na hiarrthóirí go dtig leo clár cultúrtha a chur ar fáil atá cuimsitheach agus suimiúil, a bheadh ar ardchaigheán agus a thabharfadh an deis d’achan chuid den phobal páirt a ghlacadh ann agus leas a bhaint as an taithí.
níl againn ach bonnachaí we’ve gained nothing
" “Tá muidinne ag troid in éadan Acht 1737 le fiche bliain agus níl againn ach bonnachaí as an iarracht” a admhaíonn Aodán.
ag bailiú nirt gaining strength
" Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh.
ag teacht i dtreis gaining strength
" Sin rud atá ar siúl i láthair na huaire, agus tá na Briotánaigh ag teacht i dtreis ina n-oidreacht ceilteach.
fuair sí aitheantas she gained recognition
" Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.
ag bailiú nirt gaining strength
" leis an bpolaitíocht ag bailiú nirt ó thoghchán go toghchán, go dtí gur toghadh é an chéad uair don Dáil sa bhliain 1981 le 6,226 vóta.
ag bailiú nirt gaining momentum
" Ag an am ar thosaigh sí in Ollscoil na Banríona, ag déanamh staidéir ar an Léinn Ceilteach, bhí Gluaiseacht na gCeart Sibhialta ag bailiú nirt.
neartódh sí dá réir would gain strength accordingly
" Tharla an stoirm seo déanach go leor i mbiaiste na spéirlingí agus dá bhrí sin bhí seans ann go meascfadh sí le stoirmeacha geimhridh agus go neartódh sí dá réir.
bua tábhachtach atá bainte amach an important victory has been gained
" Ach is cinnte gur bua tábhachtach atá bainte amach ag an dídeanaí ón tSiria, ní hamháin dó féin, ach do gach inimirceach a mbeidh iarratas ar shaoránacht Éireannach á dhéanamh aige as seo amach.
cad é tá le gnothú ag Sinn Féin what have SF to gain
" Sin an fáth go bhfuil sé doiligh a oibriú amach cad é tá le gnothú ag Sinn Féin as vóta nó reifreann ar an teorainn a iarraidh.
a ghnóthaigh siad which they gained
" Má leanann rudaí mar atá, thiocfadh go gcaillfeadh Páirtí an Lucht Oibre breis is scór suíochán ón 37 ceann a ghnóthaigh siad in olltoghchán na bliana 2011.
le cúpla punt meáchan a chur suas to gain a couple of pound weight
" Bhí clú agus cáil ar sceallóga agus éisc Leo Burdock fiú in DC féin, agus bhí FLOTUS ag súil go mór le cúpla punt meáchan a chur suas… ar son na cúise.
an lámh in uachtar a fháil to gain the upperhand
" Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
beag sochar a bhain an stát the state gained little benefit
" Maítear go minic gur beag sochar a bhain an stát as cearta taiscéalaíochta gáis is ola a dhíol le comhlachtaí ilnáisiúnta i gcaitheamh na mblianta.
is ea is mó a thairbheoimid go léir as we’ll have all the more to be gained from it
" Ach dá mhéad an dúshlán roimh an lucht déanta beartas a thagann le chéile i Nua-Eabhrac an mhí seo chugainn is ea is mó a thairbheoimid go léir as má éirionn leo spriocanna Sutherland a bhaint amach.
uachtaránacht na Siria a bhaint amach gaining the presidency of Syria
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
ag bailiú nirt gaining strength
" com/tracks/123675191&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Tá an feachtas le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach san Astráil ag bailiú nirt le tamall anuas.
Is i dtreise a bheas shall be gaining strength
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.
féidir tairbhe a bhaint aisti one can gain (from having) it
" Sílim gur fiú feachtas leanúnach a bheith ann chun daoine óga a spreagadh agus a chur ar na súile acu go bhfuil deiseanna tríd an Ghaeilge, nach ábhar staidéir gan mhaith í, gur féidir tairbhe a bhaint aisti ó thaobh cúrsaí gairme.
ag tarraingt droch-chlú ar an rialtas gaining a bad name for the government
" Cháin dreamanna áirithe cinneadh Abbott, ina measc an freasúra, a mhaígh go tarcaisneach nach raibh ann ach cleas bolscaireacht le haird an phobail a bhaint de ghnóthaí éagsúla a bhí ag tarraingt droch-chlú ar an rialtas.
cóir ghaoithe ag feachtas the (League’s) campaign was gaining strength
" ”* Naimhdeas na hEaglaise ========== Le tacaíocht an United Ireland League, bhí cóir ghaoithe ag feachtas an Chonartha.
smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe to gain control of the House of Representatives
" Meastar go n-éireoidh leis an bPáirtí Daonlathach smacht a fháil ar Theach na nIonadaithe sna toghcháin mheántéarma ar an 7 Samhain ach, mar a mhíníonn Brian Ó Broin, rachaidh sé níos déine orthu an ceann is fearr a fháil ar na Poblachtánaigh sa Seanad.
le gnóthú to be gained
" Tá cuid mhór le gnóthú ag Aer Lingus as an chomhaontú a síníodh le déanaí idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe maidir le heitiltí trasatlantacha, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
ag teacht faoi mheas ina áit gaining respect in place of it
" Lowry ó mheas ach is maith leis go bhfuil Gaeil Shasana eile ag teacht faoi mheas ina áit.
Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn our wanderlust is a opportunity to gain insight
" Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn dar le Diarmuid Johnson.
a luach a thabhairt don daibhir to give the wealth gained to the poor
" Tá Balor ar tí a chuid sómhainní a dhíol, a luach a thabhairt don daibhir, soc a dhéanamh dá chlaíomh, é féin a bhearradh agus a lomadh, an deannach a chreathadh dá chuaráin agus dul trí chró snáthaide.