
Chan amháin nach bhfuil a fhios ag an phobal faoina raibh ar siúl ag na daoine anaithnide seo ach go minic ní bhíonn a fhios acu ach an oiread cad é go díreach nach bhfuil ar eolas acu!
Rud amháin atá ar eolas againn ná go bhfuil a leithéid d’ordú bainte amach ag daoine iomráiteacha ar nós an peileadóir John Terry, an t-iriseoir Andrew Marr, an
galfaire Colin Montgomerie, an ceoltóir Howard Donald ó *Take That* agus an bancaire Fred ‘the Shred’ Goodwin.