Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaois wisdom
" And what separates the two is the door and that's what I want to be," a dúirt Jim Morrison sa bhliain 1966 agus gaois William Blake á míniú aige do Ray Manzarek, duine den triúr ar bhunaigh sé an grúpa ceoil The Doors leo.
ag tóraíocht na gréine agus na gaoise looking for sun and wisdom
" Cúis lúcháire dúinn uilig go bhfuil Balor na Baothchainte ar ais i dtír na mbeo agus ar a sheanléim arís, i ndiaidh dó an domhan a shiúl agus é ar a chuid laethanta saoire ag tóraíocht na gréine agus na gaoise.
ghaois wisdom
" "Má tá sé mar seo inniu, cén chaoi a mbeidh cúrsaí faoin am a bheas siadsan sna fir?" Chuimhnigh mé ar ghaois an tseanfhir seo agus mé ag léamh na dtuairiscí ó Chruinniú Mullaigh an Domhain i Johannesburg.
gaoise wisdom
" Cad chuige gur roghnaíodh oíche Déardaoin? Chuir mé an cheist ar Leamh Ó Cuinneagáin, fear mór gaoise agus scolardach aitheanta.
Bhalor na Gaoise Balor of the Wisdom
" Suígí siar anois agus ligigí do Bhalor na Gaoise comhairle a chur oraibh, a lucht scríofa dhea-rúin na bliana 2004.
gaoise wisdom
" dia an chinn eilifinte, mac le Shiva agus Parvati, dia an áidh agus an rachmais, dia na gaoise is na dea-mhéine.
ghaois wisdom
" Agus mar is iondúil i gcás scúpanna móra tá Balor sásta tús áite a thabhairt daoibhse, a léitheoirí mearbhlacha *Beo Ar Éigean*, agus réamhspléachadh a thabhairt daoibh ar a bhfuil de ghaois agus de theagasc sa leabhar.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta that she would share her political wisdom with him in simple agricultural terms
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis that she'd share her political wisdom with him
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
níos mó gaoise le roinnt. more wisdom to impart.
" “Tá ilghnéitheacht ag teastáil, ní hamháin maidir leis an gcomhshaol, ach ilghnéitheacht smaointeoireachta i dtaca leis an timpeallacht chéanna chun go mbeidh níos mó guthanna ar an ngiúiré, níos mó gaoise le roinnt.
Gaois agus taithí na mblianta? The wisdom and experience of many years?
" Gaois agus taithí na mblianta? I leith an dá shuíochán deiridh, b’fhéidir.
ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise propagating my wisdom
" (Seo anois mé ag obair!) Diomaite de lá nó dhó in oifig, caithim bunús mo chuid ama ag scríobh ar an ríomhaire agus ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise fud fad na hÉireann agus na cruinne.
gaois wisdom
" Is cóir daoibh éisteacht go géar le gach uile rud a deir sé, nó tá gaois in achan uile fhocal dá dtig as a bhéal.
Gaois wisdom, meaning
" " Gaois an Fhocail Is nós le státseirbhísigh a bheith ríchúramach agus siosmaideach leis na focail a úsáideann siad i gcruinnithe agus go deimhin sna miontuairiscí a scríobhtar ar na cruinnithe sin.
gaois wisdom
"gaois phobail ann, eolas pobail ar an dóigh le déileáil le deacrachtaí mar sin, atá againn ónár sinsir.
ghaois wisdom
" A Mháistir abair liom conas teacht ar stoiteacht, ar ghaois agus ar shaoirse! A dhalta, más mian leat a bheith saor, seachain nimh na gcéadfaí.
gaois na críonnachta wisdom of age
" Ní minic a thuairiscím léiritheoir a thaispeánann úire na hóige agus gaois na críonnachta mar í san aon chéad scannán amháin.
na Gaoise the Wise
" Suígí siar anois agus ligigí do Bhalor na Gaoise comhairle a chur oraibh, a lucht scríofa dhea-rúin na bliana 2011.
gaois intelligence
" Agus tá saíocht, gaois, eagna agus críonnacht as an nua á thaispeáint aige le blianta beaga anuas.
amhrasach faoin ngaois in doubt about the wisdom
" Bíodh sin mar atá, táthar tar éis leasú a dhéanamh ar riail na ‘cearnóige’ bige chomh fada is a bhaineann sé leis an bpeil agus cé go dtuigim cén fáth go ndearnadh sin, caithfidh mé a rá go bhfuilim amhrasach faoin ngaois taobh thiar den chinneadh.
i ngaois sheanchaite a hinscne in the old wisdom of her gender
" Bean nach gcreideann a thuilleadh i ngaois sheanchaite a hinscne, an bhréagbhrionglóid thraidisiúnta – mair, a láir Mheiriceánaigh, agus gheobhair stail fir de rachmasóir groí.
agus a cuid gaoise a roinnt leis. and to share her wisdom with him.
" Bhuail an tAire Talmhaíochta isteach i bpluais Bhaloir le sú a ól agus a cuid gaoise a roinnt leis.
roinnt a gcuid gaoise sharing her wisdom
" Den dara mí as a chéile, tá an tAire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, ag roinnt a gcuid gaoise le Balor ina phluais.