Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shiollaí na gaoithe puffs of wind
" Suite mar atá sí ar chósta thiar na hÉireann, bíonn boladh na farraige agus ceol an chonsairtín ag meascadh le chéile ar shiollaí na gaoithe.
pocaire gaoithe kestrel
" "Is é an bhrí a bhainim as seo uilig go bhfuil nead pocaire gaoithe in aice leat; go bhfaca tú sionnach ocrach agus go raibh an eala róthuirseach le heitilt.
i ngeall ar neart na gaoithe because of the force of the wind
" Thrasnaigh sé an líne dhomhanfhaid chéanna le Northam ar an 3 Iúil agus é os cionn na farraige taobh ó dheas den Astráil; ach nuair a thrasnaigh sé an cósta tamall ina dhiaidh sin, bhí air fanacht san aer lá eile mar nach bhféadfadh sé tuirlingt go sábháilte i ngeall ar neart na gaoithe.
mhuileann gaoithe windmill
" An mbeidh a leithéid ar fáil d'aos óg na tíre seo gan mhoill? Lá amháin thug Kalle, ár n-óstach fáiltiúil cuireadh dúinn cuairt a thabhairt ar a mhuileann gaoithe.
séideán gaoithe puff of wind
" "Níl séideán gaoithe féin ann," arsa Bróna agus í ag déanamh trua di féin.
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe they couldn't agree on which way the wind was blowing
" An lá ab fhearr a bhí siad ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
róisteacha gaoithe móire huge gales of wind
" " Agus bhí an ceart aici, ar ndóighe, nó is fada ó chonaic Aifric a leithéid de radadh fearthainne agus róisteacha gaoithe móire.
ag tabhairt faoi na muilte gaoithe tilting with windmills
" Tógadh fréamhshamhail i Manzanares i gcúige La Mancha na Spáinne i 1982 (an ceantar céanna ina raibh Don Quixote ag tabhairt faoi na muilte gaoithe) agus cé nach raibh sé sin ach 200 méadar ar airde, lean sé leis ag giniúint 50 MW go dtí gur cuireadh deireadh leis i 1989.
séideán gaoithe gust of wind
" Bhí séideán gaoithe le mothú i mbarr na coille, bhí barr na daraí thuas ag déanamh fuaime.
macalla na gaoithe the echo of the wind
" Cac an diabhail ar an té a dúirt nach raibh sa ghlór sin ach macalla na gaoithe ag séideadh fríd an fholmhach idir a dhá chluais.
luas na gaoithe wind speed
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
cumhacht gaoithe windpower
" Agus má éiríonn leis an fhearas i ndrioglann amháin, cén fáth nach n-éireodh leis sna cinn eile?" Bealaí eile ======= Tá cumhacht gaoithe ag Íle freisin, roinnt tuirbíní, agus deirtear go bhfuil feirmeacha gaoithe ar na bacáin.
tuirbíní beaga gaoithe small wind turbines
" Tá ar a laghad dhá chomhlacht lonnaithe in Éirinn a chuireann tuirbíní beaga gaoithe ar fáil - micreathuirbíní a thugann siad orthu - ar phraghas atá thar a bheith réasúnach.
na "feilmeacha" móra gaoithe the big wind 'farms'
" ) Níl na tuirbíní beaga seo mórán níos mó ná na cinn a úsáideann bádóirí chun leictreachas a ghiniúint ar thurasanna fada farraige, agus ní ceart go gcuirfeadh siad an t-imní céanna ar dhaoine is a chuireann na "feilmeacha" móra gaoithe.
muileann gaoithe windmill
" Níor ardaigh aon duine an cheist nuair a bhí Jerzy Dudek ag geáitsíocht mar a bheadh muileann gaoithe ann os comhair Shevchenko ach rith ceisteanna fá chúrsaí cultúir, Éire aontaithe agus an chiall atá leo fríd m’intinn le linn na gciceanna éirice.
mhuilte gaoithe windmills
" Mhínigh Billy an méid seo dúinn: “Ba mhuilte gaoithe iad, agus tógadh a lán acu anseo mar nach raibh mórán sruthán fóirsteanach ann le muilte a chur ag obair.
muilte gaoithe windmills
" Agus níl sé sóiléir gur féidir leis na muilte gaoithe agus leis na hinnill tonnchumhachta an méid seo a tháirgeadh.
do mhuilte ollmhóra gaoithe for huge windmills
" Is gnáthchoincheap é an fuinneamh gaoithe, cé go mbíonn argóint agus conspóid fós faoi láithreáin nua do mhuilte ollmhóra gaoithe, ach níl an méid céanna dul chun cinn déanta fós maidir le fuinneamh toinne.
muilte gaoithe windmills
" Is í an Danmhairg an t-onnmhaireoir is mó muilte gaoithe ar domhan agus tugann an gnó seo €3 bhilliún isteach sa tír gach bliain.
na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo the gusts of wind which blow through this high gap
" Ábhar iontais dom nach scuabann na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo chun siúil iad.
bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí the road of the wind and the road of the stars
" Léim inscríbhinn ar leacht a deir: ‘Donde se cruza el camino del viento con el de las estrellas’ (An áit a dtrasnaíonn bóthar na gaoithe agus bóthar na réaltaí a chéile).
Sraith de mhuilte gaoithe bána a series of white windmills
" Sraith de mhuilte gaoithe bána ag síneadh amach ar dheis agus ar chlé.
éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi. the effect of windmills in the Gobi Desert.
" Seo an dóigh ar tharla sé: Samhradh amháin d’iarr sé orm aire a thabhairt dá chuid cabáistí orgánacha a bhí ag fás aníos as carn aoiligh taobh thiar dá theach, ’fhad agus a bheadh sé féin ar shiúl ar saoire ag déanamh staidéir ar éifeacht na muilte gaoithe i nGaineamhlach an Ghobi.
idir muilte gaoithe a fhorbairt between developing windmills
" Is airsean a thitfidh sé comhréiteach a aimsiú idir muilte gaoithe a fhorbairt agus áilleacht na timpeallachta a chaomhnú.
i dtreo na gaoithe a shéideann in the direction of the wind that blows
" Is coimisiún é a bhogann i dtreo na gaoithe a shéideann ó Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ), agus faoi láthair, ba mhaith le OTÉ brú a chur ar an DUP glacadh le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminster go dtí an Tionól, ar mór-éileamh é de chuid Shinn Féin.
muileann gaoithe windmill (turbine)
" Más mall féin an t-athrú é, gur féidir deontas a fháil le muileann gaoithe (beaga) a chrochadh agus gur féidir an fuíollach aibhléise a ghinfear leis a dhíol leis an ghréasán náisiúnta, is maith ann é.
fuinneamh gaoithe wind power
" Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
máilín gaoithe little airbag
" Ach amháin nuair a bhíonn an t-imreoir ag iarraidh scór a aimsiú, is annamh a chuireann imreoir (seachas an cúl báire) bróg leis an máilín gaoithe mar a deir Seán Bán Breathnach.
muilte gaoithe wind turbines
" Dar leis na húdair, Yves Sciama agus Nicolas Chevassus, go dtí go dtuigtear conas fuinneamh aibhléise a thaisceadh ar bhealach feidhmiúil agus saor, is beag tairbhe iad na muilte gaoithe atá á dtógáil ar fud na hEorpa.
cóir na gaoithe favorable conditions
" Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall.
leoithne gaoithe light breeze
" Buaileann gach aon chineál fuaime an tiompán - ó chogar go fothrom, ó shioscarnach duilleog i leoithne gaoithe go screadaíl linbh.
ag búir na gaoithe by the wind’s roar
" Imíonn an ghrian go tobann laistiar den chnoc is slogtar mé ag búir na gaoithe sna crainn ghiúise.
cóir na gaoithe the wind in their backs
" Is ag Sgioba na hAlba a bhí an lámh in uachtar sa chéad leath mar is acu sin a bhí cóir na gaoithe.
Cuidiú na Gaoithe a helping breeze
" Cuidiú na Gaoithe ========= A mhalairt a thit amach sa dara leath áfach.
muilte gaoithe windmills
" Mhol sé go mbrisfeadh muilte gaoithe ar an oileán uisce síos go hidrigin agus ocsaigin agus go mbunófaí gléasra buidéalaithe ar an oileán don ocsaigin.
gaoithe móire stormy
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
tholláin gaoithe wind tunnels
" Seasann na foirgnimh ilstóracha ar airde mhillteanach agus feidhmíonn siad mar tholláin gaoithe uaireanta nuair a bhíonn an lá séidte.
ar bharr na gaoithe frivolous
" Sa chruinniú deireanach a bhí ag an G20 i Cannes na Fraince, dúradh go raibh ceannairí na dtíortha tiarnasacha – an tSín, an Rúis, an Singeapór, agus an Araib Shádach – ar bharr na gaoithe.
sceo na gaoithe windburn factor
" Thuig sé trí rud: cuireann na préamhacha srian le creimeadh na talún; bíonn foscadh faoi chraobh ó sceo na gaoithe agus ó dhó na gréine; agus is leasú créafóige atá sa duilliúr a sceitheann an choill sa bhfómhar.
corradh le fiche muileann gaoithe more than 20 wind turbines
" Beidh corradh le fiche muileann gaoithe á gcrochadh in airde ar chnoic na nGleannta.
a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe who strongly support wind energy
" Maíonn an dream a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe nach bhfuil bun ar bith leis an imní seo, ach tá siad ann i measc an lucht leighis a cheapann gur chóir achar de roinnt ciliméadar a fhágáil idir muileann mór gaoithe agus teach cónaithe.
luas na gaoithe faoina gcosa they’ll move like the wind
" Bí siúráilte de go mbeidh faobhar ar a gcamán agus luas na gaoithe faoina gcosa nuair a thiocfas an samhradh.
bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte gusts of wind were bending trees
" Ba chuma linn faoin bháisteach, ámh - bhí an ghaoth ag ardú freisin, agus faoi lár an tráthnóna bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte.
ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe squealing from the force of the wind
" Ba léir go raibh tine leictreach ollmhór cúpla scór méadar ónár dteach, bhí an tsráid lán le feithiclí éigeandála, agus bhí an teach féin ag scréachaíl faoi réabadh na gaoithe.
ní bheidh iontu ach putha gaoithe they’ll only be a puff of wind
"ní bheidh iontu ach putha gaoithe le hais an cúbach a tharlódh dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge.
ar nós na gaoithe like the wind
" As go brách liom ar mo rothar ar nós na gaoithe agus ar luas lasrach.
ar bharr na gaoithe enjoying (ourselves)
" Ní iontas ar bith é go bhfuil gruaim ar mhuintir na tíre seo san am i láthair, nó chaitheamar deich mbliana ar bharr na gaoithe.
gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe with no escape from the rain and the ripping wind
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
dá mbeadh cóir na gaoithe leo if they had things going for them
" D'fhéadfadh go mbeadh idir 40 agus 45 suíochán ag Fianna Fáil sa dara Dáil is tríocha nó go deimhin leathchéad suíochán ar a mhéid dá mbeadh cóir na gaoithe leo.
ina gcur chuige i leith muilte gaoithe in their approach to windmills
" *“At least when I bugger-up, I do it consistently,”* a d'admhaigh an t-údar Ashley Newell i dtaom macántachta tráth ach ní fhéadfaí a leithéid a chur i leith údaráis phleanála na tíre seo ina gcur chuige i leith muilte gaoithe.
ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe in their dealings concerning windmills
" Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach ============= Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe.
Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna turbines wouldn’t have to be any uglier
" Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre.
i gcoinne na bhfeirmeacha gaoithe to the wind farms
" An fhreasúracht a léiríodh i gcoinne na bhfeirmeacha gaoithe i lár na tíre, ar éigean ab fhéidir a leithéid a chruthú in iarthar na hÉireann d’easpa daonra.
ina luí ar an tsráid ar lá gaoithe luying in the street on a windy day
" Cúinní Cúlánta Comhrá ========= Agus ó thaobh na teanga de bheadh sé níos éasca, faraor, teacht ar nóta céad euro ina luí ar an tsráid ar lá gaoithe ná teacht ar chomhrá Gaeilge de thaisme.
leanann fuacht na gaoithe sinn the cold follows us
" Ar thrasnú Droichead Uí Chonaill braithim an siota den chéad uair, agus leanann fuacht na gaoithe sinn an bealach ar fad suas Sráid Uí Chonaill.
a leagtar ina sraitheanna go minic le síobadh gaoithe which often suffer wind blow
" Leis na crainn a chosaint ó na caoirigh is ó na carrianna, théinn isteach i measc na gcrann síorghlaise a leagtar ina sraitheanna go minic le síobadh gaoithe.
raibh cúl gaoithe shelter
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
ar barr na gaoithe happy out, having a great time
" I lár na nóchaidí bhí Meiriceá, an tír chaipitlíoch agus dhaonlathach is mó ar domhan, ar barr na gaoithe.
bhí cóir gaoithe leis he had the wind on his back
" Mura raibh aon suí ar a thóin bhí cóir gaoithe leis, rud a bhíos garach ar dhroim sléibhe.
chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic who’ll erect wind turbines on every hilltop
" Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic.
Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire the days of the Great Wind
" Cuimhneofar Laetha na Gaoithe Móire ina measc go ceann fada an lá.
rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe to rule the wind farm industry better
" Tá sé in am ag an stát rialú níos fearr a dhéanamh ar thionscal na bhfeirmeacha gaoithe, dar le Breandán Delap.