Pota Focal Intergaelic
aol | Gael | gail | gal | gall
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaol relationship
"gaol speisialta fadbhunaithe ag an dánlann le go leor ealaíontóirí agus leis an phobal agus is dá bhrí seo atá saothar dúshlánach úr - tionscadail phoiblí, ealaín bheo (*performance*) agus taispeántais dánlainne - á chur ar fáil anois.
gaol relationship
"gaol láidir forbartha idir Éirinn agus Meiriceá le blianta anuas.
gaolta na n-íospartach the victims' relations
" Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.
gaolta relations
" Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
gaolta relations
" Daoine a raibh gaolta acu sa champa a bhí iontu den chuid is mó agus ba léir go raibh suim ag a lán acu, idir Éireannaigh agus Bhreatnaigh, sa tréimhse sin d'ár stair.
De réir gaolta according to relatives
" Duine gan trua a bhí ann, ach cad é faoi ról a mhná céile, Primrose, a bhí i láthair nuair a mharaigh sé cuid de na daoine? De réir gaolta, ghoid sí seodra agus ornáidí ó na híospartaigh, agus fuarthas earraí mar seo ina dteach.
gaol relationship
" Deirtear go bhfuil gaol maith pearsanta idir Quinn agus Ahern ach tá roinnt mhaith den Lucht Oibre den bharúil gurbh é an comhrialtas le Fianna Fáil idir 1992 agus 1994 ba chúis leis na drochthorthaí san olltoghchán i 1997, nuair a chaill siad leath a gcuid suíochán sa Dáil.
gaol relationship
" Labhrann sé faoi na ceithre dúile, an chré, an t-uisce, an tine, an t-aer - agus an cúigiú dúil, an gaol eatarthu go léir.
gaol affection
" '* Ní raibh gaol ná dáimh againn leis ach gur fhan sé féin agus a bhean ar lóistín againn nuair a thosaigh muid ar an Leaba agus Bricfeasta i dtús ama agus go mba linn uilig iad as sin amach.
a ngaolta deisceartacha their southern relatives
" Anois, agus próiseas ar bun le sin a chur i gcrích, dar le náisiúnaithe ar aon nós, beidh orthu aithne níos fearr a chur ar a ngaolta deisceartacha.
gaol suntasach distinctive relationship
" An féidir le gaol suntasach a bheith ann idir ailtireacht agus teanga, mar sin? Chuaigh mé go Béal Feirste ar thóir fheagra na ceiste seo agus chaith mé cúpla uair an chloig ar oilithreacht ailtireachta ar fud na cathrach leis an ailtire Michael Doherty.
a ngaolta their relatives
" Bhíodar ag fágáil slí mhaireachtála go raibh baint mhór aige leis an bhfarraige ina ndiaidh agus, níos deacra fós, bhíodar ag fágáil slán ag a ngaolta.
gaolta relatives
" Chuaigh cuid páistí Bresnan, a bhí fágtha gan aon tuismitheoir anois, chun cónaithe le gaolta.
gaol relationship, link
" Cé go bhfuil bunús le hargóint an Uasail Mullan, creidim féin go bhfuil an scéal níos casta agus go bhféadfadh cás de Róiste a bheith ceangailte leis an eagraíocht mhistéireach Saor Éire agus an gaol a bhí ag airí áirithe i rialtas Fhianna Fáil ag an am leis an eagraíocht chéanna.
ghaolta na n-íospartach relatives of the victims
" Bhí a lán de ghaolta na n-íospartach ansin," a dúirt sé liom.
ghaolta Éireannacha Irish relations
" Deir McEvoy gur fhoghlaim sé faoi chumacht na scéalta go luath ina shaol óna ghaolta Éireannacha.
gaol relation
" Má bhíonn mac, iníon nó gaol ar bith eile de dhuine de na daoine a chaithfidh súil suas ar an spíce ag iarraidh coinne a fháil sa chlinic seo, beidh air fanacht suas le bliain ar a laghad.
gaol relationship
" Bhí muid scriosta, agus tá mé cinnte go raibh gaol gach duine gioblach chomh maith!" An rud is deacra ar fad, a deir sé, faoi bheith ar an stáitse ná go mbíonn siad ag tabhairt an t-am ar fad agus, uaireanta, nach bhfaigheann siad mórán ar ais.
gaol relationship
" Níl an gaol idir an t-ionad agus na ranna, idir an t-ionad agus an córas riaracháin oibrithe amach ar fad, cé go bhfuil feabhas dochreidte le dhá bhliain ná mar sin.
ghaolta relations
" Tuairiscíodh sa *Guardian *go raibh ar mhná i bPeiriú a bhí ag díol seacláidí ar an idirlíon brath ar ghaolta leo a bhí ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun déileáil le seiceanna agus orduithe airgid - réiteach nach raibh sásúil sa bhfadtéarma.
gaol láidir strong relationship
" Cén áit a dtosaíonn tú agus tú ag cur agallaimh ar dhuine chomh hildánach le Robert Ballagh? Is duine é atá aitheanta mar ealaíontóir a bhfuil gaol láidir aige lena thír, lena chultúr agus leis an náisiúnachas.
gaolta relatives
" Ar thaobh amháin tá na gaolta atá go fóill ag caoineadh na n-oibrithe oifige agus na sibhialtach eile a fuair bás nach gcreideann gur cheart dream amháin a choinneáil i gcuimhne ar shlí dhifriúil.
gaol relationship
" Agus cé mhéad a thuigeann aon duine ón taobh amuigh riamh faoin ngaol idir beirt eile? Má chuireann an fhiosracht seo isteach uirthi, ní ligeann sí uirthi riamh é.
gaol an-dlúth very close relationship
" Tá an saol níos ciúine acu anois, agus is léir go bhfuil gaol an-dlúth eatarthu.
gaol fíorchasta an extremely complex relationship
" " Mar a léiríonn na tuairimí go léir nach bhfuil ag teacht le chéile ar tagraíodh dóibh san alt seo, tá gaol fíorchasta ag an duine daonna le bia.
gaolta dá gcuid relatives of theirs
" Is chun an tí tábhairne a théann turasóirí chun éisteacht leis an cheol traidisiúnta nó chun bualadh le gaolta dá gcuid nach bhfaca siad le tamall.
gaol mòr great love
" Tá an méid seo le rá ag Calum Mac Gill Eáin ina réamhrá don leabhar: "Dòmhsa dhe, thàinig seo uile à gaol mòr eadar mi fhin agus tè shònraichte bho eilean Éireann".
gaolta le related to
" Rose Kennedy ======= Tá cuntas mion, atá ar fheabhas ar fad, i leabhar Maier ar an chaidreamh rómansúil cinniúnach a bhí ag Kathleen "Kick" Kennedy, a thit i ngrá agus a phós Protastúnach a bhí gaolta le teaghlach ríoga na Breataine.
gaol relation
" Tá cosúlachtaí idir na traidisiúin seo ach rud eile a rá go bhfuil gaol acu le chéile.
gaolta relations
" Rud tábhachtach amháin nár dhírigh Sheridan air, arsa Conde, ná na gaolta nach dtéann ar imirce, iad siúd a fhanann sa bhaile agus atá den tuairim go n-éiríonn le gach duine i Meiriceá milliún dollar a shaothrú ar an toirt.
na gaolta i bhfad amach the far-out relations
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
ghaolta relations
" An lá ina dhiaidh sin, thug Rialtas na hÉireann £800,000 do ghaolta íospartartaigh Bhuama na hOmaí le cás príobháideach cúirte a leanstan.
mo ghaolta my relations
" Faighimse mórchuid de mo chuid amhrán ó mo ghaolta - m'athair go háirithe - agus ó mo chomharsanaigh i nGaoth Dobhair.
gaolta relations
" Cairde agus gaolta is mó a bhí i gceist ansin.
i gcuideachta mo ghaolta with my relations
" Ach ba mhaith liom, tar éis fiche bliain eile faoi bhláth ar an saol seo, a bheith i gcuideachta mo ghaolta is mo chairde ar neamh! Fuair tú gradam "The Greatest Living Irishman" in 2002.
mo ghaolta my relations
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
gaolta relations
" Déarfainn gur cheart do thosaitheoirí cúrsa nó dhó a dhéanamh, is cuma cén áit nó cén Ghaeltacht, go háirithe mura bhfuil gaolta agat in Éirinn.
gaol aisteach strange link
" " An pisreoga iad na reiligiúin? "Ní hea, ach go bhfuil gaol aisteach idir foinsí an chreidimh agus an tslí ina ndéileálann lucht déanta na gcuimhneachán seo leo.
gaolta na n-íospartach the relatives of the victims
" " Teistiméireacht ======= Bhí gaolta na n-íospartach ar buile nuair a dúirt Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí nach raibh cúis dlí ann agus níor tugadh duine ar bith os comhair na cúirte de thairbhe na tubaiste.
ár ngaolta a chrá to annoy our relations
" Leis na háiseanna seo ar fad, is cinnte go mbeimid in ann ár ngaolta a chrá le grianghraif leadránacha ónár gcuid laethanta saoire go ceann tamaill eile! Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel ((www.
gaol relationship
"gaol níos láidre ná riamh, mar shampla, idir Éirinn agus an tSín.
gaol link
" Déanfaidh *The Knitting Map*, tionscadal suntasach neamhghnách eile a bheidh le feiceáil i gCorcaigh, seanteicneolaíocht (cniotáil) agus nuatheicneolaíocht (satailít) a nascadh le chéile chun an gaol atá ag Éirinn le snáth a léiriú.
a ngaol their relationship
" Ach nach bhféadfadh na hoifigigh in Ard-Deoise Nua-Eabhrac am eile seachas tús an Charghais a roghnú? Is ag an am seo den bhliain a dhéanann go leor daoine a ngaol leis an pharóiste a athdhearbhú, agus filleann cuid acu ar an séipéal fiú tar éis bheith as láthair le fada.
gaol relationship
" Cháin Sinn Féin (agus an ceart acu) iadsan a dhúnmharaigh an tUasal Robert McCartney agus iadsan a robáil Bhanc an Tuaiscirt, ach má chuirtear fianaise chun tosaigh amach anseo a léiríonn gurb iad an IRA a bhí freagrach as robáil Bhanc an Tuaiscirt – agus, mar a luaigh mé, níl aon chinnteacht gurbh iad – beidh dualgas ar Shinn Féin an IRA a cháineadh go poiblí agus, dá réir, deireadh ar bhonn buan a chur le pé gaol a bhí riamh eatarthu.
ghaolta fola blood relatives
" Níl de ghaolta fola agat ach mise agus níl de ghaolta fola agam ach tusa ó, ó, fuair mo thuismitheoirí féin bás.
Gaol an ghrá agus na gránach a love-hate relationship
" Gaol an ghrá agus na gránach atá eadrainn.
cairde gaoil friends
" Má bhíonn garrán ológ agat, téann do theaghlach iomlán amach leis na torthaí a phiocadh, agus na cairde gaoil uilig freisin.
ghaolta relations
" Ní raibh aon ghaolta agam sa chathair ach, ar aon nós, ní raibh go leor airgid agam chun íoc as an traein fiú amháin.
gaol link
" Tá cuid de na hathruithe is suntasaí bainteach leis an taobh teicniúil de chúrsaí cumarsáide agus bhí tionchar mór ag na hathruithe, dá bhrí sin, ar chúrsaí spóirt agus ar an ngaol atá idir an gnáthdhuine agus spórt.
gaol relationship
"gaol maith forbartha leis na heagrais Stáit, na meáin chumarsáide, scoileanna, coistí agus eagrais phobail agus le pobal na Gaeltachta go ginearálta.
ghaoil link, tie
" D’aithin file mór na Gàidhlig, Somhairle Mac Gill-Eain, buaine agus tábhacht an ghaoil idir an dá thír nuair a scríobh sé: *an fhéile, * *an fhéile, * *Nach do reub an cuan, * *Nár réab an fharraige,* *Nach do mhill mìle bliadhna;* *Nár mhill míle bliain;* *Buaidh a’ Ghaidheil buan* *Bua an Ghaeil buan * Focail fháidhiúla, gan amhras, a chuirfeadh spiorad agus samhlaíocht an taispeántais *An Leabhar Mòr - Great Book of Gaelic*, a seoladh i Músaem Uladh, Béal Feirste ag deireadh na míosa seo caite, i gcuimhne duit.
gaolta relatives
" Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc.
gaolta leathana nua wide new relationships
" Níor mhaith liom bheith cineál patronising fúthu, mar ní seanfhear na gcnoc atá ionamsa (tá mé seacht mbliana is fíche d'aois), ach tá daoine le feiceáil ar fud na tíre anois atá, b’fhéidir, cúig nó deich bliana níos óige ná mé féin, agus tá siad ar bís le gaolta leathana nua a bhunú ar an teanga, agus le seilbh a ghlacadh uirthi.
gaol speisialta special relationship
" Tá a fhios ag Donaldson cé hé an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh! Páid sa tSráid ======= Tá Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le hé a chaitheamh i mbliana ar SUV nua nó ar shaoire in Oileáin Mhaildíve.
gaolta relations
" Go deimhin, níl dearmad déanta ag Gearmanaigh Wisconsin ar a ngaolta sa Ghearmáin.
gaolta relatives
" Ós rud é nach mbíodh ionadaí ar bith ón údarás áitiúil ag agallaimh do phostanna, thug a lán príomhoidí postanna móra do chairde agus gaolta.
ghaolta relatives
" Ar an 22 Feabhra, d’inis an PSNI do ghaolta iad siúd a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí gur thug an spiaire David Rupert réamheolas do MI5 faoi ionsaí a bhí sé i gceist ag baill den Real IRA ó cheantair Fhear Manach agus Leitir Ceanainn a dhéanamh ar chathair Dhoire nó ar bhaile na hÓmaí ar an 9 Aibreán 1998, lá roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
ghaolta relatives
" Ar an 22 Feabhra, d’inis an PSNI do ghaolta iad siúd a maraíodh i mbuamáil na hÓmaí gur thug an spiaire David Rupert réamheolas do MI5 faoi ionsaí a bhí sé i gceist ag baill den Real IRA ó cheantair Fhear Manach agus Leitir Ceanainn a dhéanamh ar chathair Dhoire nó ar bhaile na hÓmaí ar an 9 Aibreán 1998, lá roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
gaolta relations
" Thug Máirtín Ó Muilleoir, iriseoir leis an (Andersonstown)(http://Andersonstown) News (agus Comhairleoir de chuid Shinn Féin ag an am) cuidiú dom le mo chuid taighde i mBéal Feirste i samhradh na bliana 1987 agus chuir mé agallamh ar roinnt gaolta de chuid na bpríosúnach ansin, deartháir Ronnie McCartney ina measc.
gaol relationship
" Cothaíonn tú gaol leis na scoláirí agus éiríonn leat go leor leor rudaí a dhéanamh sa gcaoi sin.
gaol relationship
" D’fhéadfaí gaol seo na bPolannach lena stair a mhíniú ar roinnt leibhéal.
a gaolta her relations
" I ndiaidh an chogaidh a chuir Maria Altmann agus a gaolta tús leis an fheachtas chun sealúchas a muintire a fháil ar ais agus is léargas é ar a mbuanseasmhacht agus ar a gcreideamh an dóigh ar éirigh leo na pictiúir a fháil ar ais ó Rialtas na hOstaire.
gaol ar leith special relationship
" Ar ndóigh, tá gaol ar leith idir an Foras agus na príomheagraíochtaí Gaeilge ar nós Chonradh na Gaeilge, Ghael Linn agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
gaolta relations
" Ar ndóigh is ar uaigheanna a ndaoine muinteartha is mó a chuireann cuairteoirí coinnle agus bláthanna ach ní annamh a thagann daoine go reilig atá gar dóibh nach bhfuil gaolta leo curtha inti.
le lucht gaoil with relations
" Buailim le lucht gaoil nach bhfeicim ag aon ócáid eile sa bhliain, uncailí agus aintíní mo thuismitheoirí, mar shampla".
a chuid gaolta ó thuaidh his relations in the north
" Ar a laghad bhí a fhios ag Charlie cé mhéad contae a bhí in Éirinn, agus atá go fóill; agus go bhfuil a chuid gaolta ó thuaidh fós ina nÉireannaigh.
gaolta nó cairde thar lear relatives or friends abroad
" Chomh maith leis sin, tá gaolta nó cairde thar lear ag go leor acu cheana féin.
airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta they miss their friends and relatives
" Ar ndóigh tá siad i bhfad ó bhaile agus airíonn siad uathu a gcairde agus a gcuid gaolta agus tá a fhios acu nach féidir a bheith san Eoraip faoi cheann uair a chloig.
gaol i bhfad amach far-out relationship
" Amhránaí ab ea mo mháthair, a raibh gaol i bhfad amach aici le Mary Anne Carolan.
a chuid gaolta his relations
" Chaith sé tús a óige ann agus ní raibh a chuid gaolta feicthe aige le 20 bliain.
gaol relationship
" Agus nuair a bhuaileadar le chéile an tseachtain dár gcionn go raibh an draíocht ídithe, an gaol thart agus an Palace Bar lán.
ár ngaol our relationship
" ” Mar a deir Mairéad Perron, duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, “thosaigh ár ngaol leis an teicneolaíocht in 1881 nuair a thosaigh Mícheál Ó Lócháin ag foilsiú ár n-irise *An Gaodhal*, agus á dáileadh ar Ghaeil ar fud Mheiriceá.
faoi ghaolta about relatives
" Ach bhí daoine eile a labhair faoi thuismitheoirí agus faoi ghaolta a bhí i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola agus a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse ar son na Poblachta, agus a dúirt, cuid acu ar aon nós, go raibh an t-am tagtha an cosc ar chasadh an amhráin úd a ardú.
dá ngaolta, to their relations,
" Lig na tiarnaí an talamh ar cíos dá ngaolta, ansin lig siadsan amach ar cíos do thionóntaí é, agus seans maith go raibh fóthionóntaí ann freisin.
gaolta agus leannáin relatives and lovers
" Baineann an saothar seo leis an chorp nocht chomh maith le féinphortráidí, portráidí de chairde, gaolta agus leannáin agus iad léirithe aige ar bhealach díreach neamheaglach.
i bhfad óna muintir is óna ngaolta, far from their people and their relatives,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
ar na gaolta abhus. about their relations over here.
" “Mothaíonn na daoine atá i Sasana ciontach mar gur fhág siad a dteaghlach anseo in Éirinn agus mothaíonn siad ciontach go ndearna siad dearmad ar na gaolta abhus.
tá gaolta agam in Éirinn, I have relations in Ireland
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
gaolta relatives
" ” Bhí mé ag freastal ar ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta i Learpholl i 1985 agus chuala muid ansin go raibh athbheochan iontach ag dul ar aghaidh i mBéal Feirste, áit a bhfuil gaolta agam.
dá ghaolta. to his relations.
" In earrach na bliana 2002 d’iarr sé orm dul go hÉirinn ina theannta mar thaca dó agus é ag tabhairt cártaí Aifrinn a mhic dá ghaolta.
gaolta relatives
" Dúirt an sí linn go raibh gaolta aici féin sa cheantar agus, mar sin, bhíodh sí anseo go minic sular toghadh í mar uachtarán.
gaolta casta complicated relations
" Sa chéad chaibidil, cuireann sé síos ar a mhuintir – “an dream ar daofa mé” – agus tuigeann sé na gaolta casta agus an stair ar fad a bhaineann leo.
a ngaolta their relations
" Tá an scéal mórán mar a gcéanna in achan tír agus daoine in isle brí faoi todhchaí a dteaghlach agus a ngaolta.
gaolta relations
" Tá John ina léachtóir dlí in Ollscoil Learphoill, ach is as Trá Lí ó dhúchas é, áit a bhfuil gaolta leis ag freastal ar an nGaelscoil.
gaolta relatives
" Cinnte, bheadh Caitríona Pháidín ag tabhairt amach go mbeadh a gaolta ag fáil £12,000 cionn is gur feallmharaíodh í nuair ba uaithise ar sciobadh an bheatha.
gaolta a aimsiú to find relatives
" Deir Premier Exhibitions go raibh na marbháin gan aitheantas agus go ndearnadh gach iarracht na gaolta a aimsiú sular tugadh do na póilíní iad agus ansin chuig Ollscoil Leighis Dalian (pairtnéirí Premier Exhibitions), áit a ndearnadh teascadh, nó sceanairt agus plaistiniú orthu.
gaolta na marbh relatives of the dead
" Cibé, is cuma le gaolta na marbh.
a gcuid gaolta their relatives
" Bhí cead ag lucht dídine na víosaí seo fanacht san Astráil, ach ní raibh cead acu taisteal thar lear, obair a fháil, úsáid a bhaint as na seirbhísí sóisialta ná a gcuid gaolta thar lear a thabhairt isteach.
gaol acu le they relate to
" Léiríonn taighde agus fianaise go leor gur tábhachtaí le daoine a bheith sona, go bhfuil gaol acu le daoine eile, go bhfuil siad i bpobal a bhfuil nascanna sóisialta le daoine eile, agus ní tharlaíonn sé sin as forbairt gheilleagair.
Dílse Ghaoil loyalty toward loved ones
" “Ní bhraithim go bhfuil aon ghá mo chuid Gaeilge a bhrú ar éinne, ach cén fáth nach labhróinn í nuair a bhíonn deis agam?” Dílse Ghaoil Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm orm le linn an agallaimh ná a thábhachtaí atá a muintir d’Étaoin.
gaolta related
" Bhí mise ag siúl amach le cailín a bhí gaolta leis an naoscaire.
gaol connection
" Braithim an gaol idir mé féin agus Paul uaim chomh maith sar a dtáinig buairt agus achrann an tsaoil eadrainn.
gaol relationship
"gaol láidir ag an chomhlacht le Béal Feirste agus le pobal Gaelach na cathrach sin go háirithe.
gabhal gaoil distant relationship
" Duine chomhaimsireach le Colm Cille (521-597 AD) ab ea an Easpag Aed Mac Bric agus bhí gabhal gaoil i bhfad amach acu lena chéile.
gaol relationship
" Tá mé ag déanamh go dtiocfadh le gaol iontach deas a bheith idir an dá fhéile agus ní fheicim cúis ar bith nach dtiocfadh linn an dara féile a bheith againn.
ghaolta relations
" Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-bhrón ar ghaolta agus ar chairde an naonúir abhus, ach chuaigh an tubaiste i gcion ar mhuintir na hAstráile i gcoitinne.
gaol relationship
" ’ Ach tá gaol iontach eatarthu beirt, agus beidh tuistí Bhurt, a mhaireann sa chomharsanacht, mar chrann taca acu.
ghaolta relations
" Is maith liom am a chaitheamh le mo dheartháir, am a chaitheamh le mo ghaolta.
gaolta dear ones, relatives
" Agus smaoiním ar na cairde agus gaolta liom a chuaigh ar shlí na fírinne.
ngaol relationship
" ’I léiriú Sam Taylor Wood agus i dtaispeántas Anne-Marie Duff tá smeadairín den ngaol ar imeall na mí-oiriúnachta idir John Lennon déagórach agus a Mham Julia.