Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcomhthéacs in the context of
" Is é an deis is mó atá ann d'ár dteanga féin ná go bhfuilimid anois ag caint ar shochaí agus ar thimpeallacht atá méadaithe go mór agus is féidir labhairt ar ár dteanga i gcomhthéacs theangacha na hEorpa seachas a bheith ag plé le Gaeilge agus Béarla amháin.
i gcomhthéacs in context
" (Tá roinnt airgid curtha ar fáil acu, ach, len é a chur i gcomhthéacs, ní cheannódh an méid sin oiread is eitleán cogaidh Stealth amháin.
i gcomhthéacs praiticiúil laethúil in a practical everyday context
" " Agus í ag tagairt don tionscadal seo, dúirt Fidelma Ní Ghallchobhair ó Fhoras na Gaeilge: "Cuirfidh sé go mór le stádas na Gaeilge agus le meon dearfach i leith na Gaeilge ár dteanga a bheith le feiceáil i gcomhthéacs praiticiúil laethúil mar seo.
i gcomhthéacs in the context of
" "Measaim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an teangeolaíocht fheidhmeach i gcomhthéacs na Gaeilge.
i gcomhthéacs cultúrtha in a cultural context
" ” Breathnaíonn Ó Muirí ar an nGaeilge i gcomhthéacs cultúrtha, in ionad comhthéacs pholaitiúil amháin.
i gcomhthéacs bosca crián in the context of a box of crayons
" Níl sé ró-iontach do chultúr bheith sáite in argóintí mar gheall ar bhairéid nó fíricí reiligiúnda míthaitneamhacha nó dathanna a smaoinítear orthu de ghnáth i gcomhthéacs bosca crián.
i gcomhthéacs in the context of
" “Tá éacht déanta cinnte, ach tá sé in am anois breathnú go fuarchúiseach ar an bhfealsúnacht atá taobh thiar de TG4, i gcomhthéacs an mhéid atá ag tarlú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
ina gcomhthéacs ceart polaitiúil in their proper political context
" Ach sin ráite creidim gur theip ar an tsraith teilifíse ar Chathal Ó hEochaidh fiorléargas a thabhairt ar an chogadh a thosaigh i gclann Fhianna Fáil sna seascaidí, ar son anam nó treo an pháirtí, agus gur theip ar an tsraith Triail na nArm agus Ó hEochaidh féin a shuíomh ina gcomhthéacs ceart polaitiúil.
i gcomhthéacs in context
" “Caithfidh tú iad a chur i gcomhthéacs.
anailís ar stíl i gcomhthéacs analysis of a style on context
" Bhí anailís ar stíl i gcomhthéacs mar chuid amháin de agus rinneadh í sin sa chéad seimeastar agus ansin bhí an tionscnamh taifeadta le déanamh sa dara seimeastar.
i gcomhthéacs mar sin in such a context
" Is deacair súil a choinneáil ar chúrsaí spóirt i gcomhthéacs mar sin, in ainneoin gurb é an samhradh an t-am a tharlaíonn na hócáidí móra spóirt sa chuid seo den domhan.
i gcomhthéacs aighneas Irish Ferries. in the context of the Irish Ferries dispute.
" ” Ach seachas míshuaimhneas leis an athrú seo, ní go rómhaith a caitheadh le Justine mí na Samhna seo caite agus colún scríofa aici mar gheall ar shaint chorparáideach i gcomhthéacs aighneas Irish Ferries.
i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, in the context of today's events,
" Tá sin scanrúil agus scannalach a leithéid a scríobh agus a léamh anois i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, ach bhí sin comónta go dtí le gairid.
imeallaithe i gcomhthéacs spóirt margainalised in the context of sport
" Is gá aithint go bhfuil daoine faoi mhíbhuntáiste imeallaithe i gcomhthéacs spóirt agus go bhfuil impleachtaí aige sin ó thaobh bochtaineachta, sláinte, oideachais, obair dheonach sa phobal agus spórt sa tír é féin.
i gcomhthéacs faoi leith. in a certain context.
" “Scríobhadh é sin i gcomhthéacs faoi leith.
i gcomhthéacs nádúrtha, in a natural context
" Is damhsa é a d’fhoghlaimíodh daoine go nádúrtha, i gcomhthéacs nádúrtha, agus bíonn carachtar uathúil an damhsóra ríthábhachtach sa léiriú.
i gcomhthéacs. in context
" Tugann sé seo deis do na mic léinn a dtaithí féin a chur i gcomhthéacs.
gcomhthéacs context
" Ach ó thaobh an albaim seo de, bhí sé suimiúil agus deas a bheith i gcomhthéacs nua.
staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha. the study of global dance in a cultural context
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
i gcomhthéacs níos boichte poorer context
" Is tír shaibhir í an Astráil, agus deirtear go mbítear níos measa a bheith gan earra gan éadach i measc dhaoine ilmhaoineacha ná a bhítear i gcomhthéacs níos boichte.
i gcomhthéacs an chultúir in the cultural context
" Féile ina gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain le labhairt fá rince agus fá’n áit atá ag an rince i gcomhthéacs an chultúir.
gcomhthéacs context
" Níl luach níos lú leis an gcoincheap a bhaineann le cearta agus le comhionannas nuair is i gcomhthéacs teanga é.
gcomhthéacs na straitéise context of the strategy
" Dúirt sé gur “i gcomhthéacs na straitéise” a dhéanfaí cinneadh ar bith faoi thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta agus faoi thodhchaí Údarás na Gaeltachta fosta.
i gcomhthéacs ina context
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
i gcomhthéacs na dífhostaíochta in the context of unemployment
" B’fhéidir nach rud maith é sin ar fad i gcomhthéacs na dífhostaíochta agus an ghanntanas airgid i measc mhuintir óg na tíre seo.
Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin its being drunk is only permitted for religious purposes
" Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin: áirítear mar dhruga é, agus tá cosc air sa chuid is mó de thíortha an domhain.
cuireann sé nithe i gcomhthéacs puts things in context
" Faireoga a Mhúscailt ====== Tá cumhacht athnuachana ag an ngáire agus cuireann sé nithe i gcomhthéacs dúinn – go háirithe na fadhbanna sin a bhfuil an chuma orthu nach féidir iad a leigheas.
an iomarca de ar siúl i gcomhthéacs airgid too much of it in a context of finance
" Tá athruithe agus tá plé ar siúl, ach tá an iomarca de ar siúl i gcomhthéacs airgid.