Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó dhubh go geal from dusk to dawn
" Bhí Danú, grúpa a bhfuil ceangal aige le Gaeltacht na Rinne, ag casadh ceoil do lucht éisteachta dílis agus Robbie Hannon agus Paddy Glackin ag seinm ó dhubh go geal.
beith gheal silver birch
" Ag caint faoin suíomh ina bhfuarthas cnámha Brian McKinney agus John McClory duirt sé: "I bpáirc amháin, bhí rianta garbha a bhí fágtha ag boinn cairr le feiceáil ar an talamh agus beith gheal a bhí tarraingthe amach ag na fréamhacha agus caite ar leataobh, a fréamhacha go fóill ag coinneáil greim daingean ar an talamh a tháinig amach léi.
ghrá geal do chroí the love of your life
" "Árú anois," arsa Pádraig, "nach ndéanfá sin do ghrá geal do chroí?" "Seo," arsa Tadhg, "beidh níos lú den tseanchaint agam.
ag gealadh dawning
" Nuair nach raibh an aimsir ag athrú, b'fhacthas domh go raibh an lá céanna ag gealadh aríst agus aríst eile.
D'éirigh go geal leis an imeacht the event was a major success
" Dúirt mé le Liam Ó Cuinneagáin, 'Níl mé ábalta dul go hÉirinn, mar sin caithfidh mé Gaeltacht a chruthú anseo!' D'éirigh go geal leis an imeacht agus choinnigh muid leis.
breac geal sea trout
" Is loch mhór thorthúil í Loch an Iúir agus neart breac, bradán agus breac geal le fáil ag an iascaire.
fabraicí geala bright fabrics
" Éistíonn sí le ceol bríomhar sa chistin, agus tá pictiúirí agus fabraicí geala sa halla agus sa seomra suí.
spéir gheal ghlé bright clear sky
" I ndiaidh mo thurais gluaisteáin dhá uair an chloig as Chicago le déanaí, bhí spéir gheal ghlé - a bhí thar a bheith fairsing - romham nuair a bhain mé South Bend amach.
gile brightness
" An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroí … Bhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le clos … Bhí mo *mhagnificat *féin á chanadh agam.
veisteanna geala buí bright yellow vests
" Bhí sé lán póilíní, áfach, veisteanna geala buí ag clúdach a n-éide leamh bhuí.
aisling gheal a bright vision
" Agus é i lár an támhnéil, nochtaíodh fís dó: aisling gheal darbh ainm Conor Cruise Missile O'Brien.
ina gcóistí geala in their silver coaches
" In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
geala bright
" Ansin shiúil muid suas ar dhroim creagach, agus bhí radharc iontach ann trasna páirceanna geala glasa agus fána leo go dtí an fharraige, iad lán de bhláthanna fiáine.
geal fond
" Tá cuma ghránna ar an scalltán, ach mar a deir an seanfhocal, "Is fada dho ráite gur geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
gealadh bleaching
" Ina theannta sin, tá imní ar lucht taighde faoin ngealadh atá ag tarlú le tamall de bhlianta.
an dubh a chur ina gheal ort to bamboozle you
" * Gluais • Glossary fáilteachwelcoming iontach fiafraitheachvery inquisitive lochtblame a mhalairt ar fadquite the opposite le haoibh an gháirewith a smile fial lena ndáimhgenerous with their affection croíúilcordial cumannfriendship luachmharvaluable tá dúil mhór agamI really like saoithiúlachtoddness snagcheol preabach an tráchtathe throbbing jazz of the traffic mo chéadfaímy senses ricseánnarickshaws gíoscánsqueaking uchtógabumps ag spréachadhspluttering pléascántaexuberant dordándrone siamsánhumming crónánmurmuring rosc ceoilrhapsody clapsholastwilight mheasfáyou would think searradhstretch fonn súchaitetrite melody solúbthaflexible spleodrachboisterous castaí úranew turns tromchúiseachimportant, weighty ag súgaíochtmaking merry gan spionnadhwithout vigour spreang spreagthaimpulse to inspire a dtiúin dhiamhair féintheir own mysterious tune rúndasecret léargasinsight mo thriallmy journey gaosánnose i dtólamhalways do chuid rámhaí a ligean le sruthletting your oars go with the flow i mbéal na séibesuddenly ní aimseoidh duine é féin go deoa person will never find himself balcóiníbalconies glas olóigeolive green stainnínístands síodasilk cadáscotton glébright gleoitepretty seodajewels tráchtáilcommerce dronggang an dubh a chur ina gheal ortto bamboozle you stuaicsullen appearance dreach diúltacha negative appearance a ndíograistheir enthusiasm a gcuid pionsúr amplachtheir greedy pincers téann siad i bhfostú ionatthey become entangled in you deilín na mbacachthe rigmarole of the tramps ag margáil leatbargaining with you ag dréim leatexpecting you a athrachany better bratógrag in aicearracht aimsirein a short period of time amhrasachsuspicious tuahatchet mangairísellers seálta ollawool shawls fidileachafiddles saoltachtwordliness spioradáltachtspiritiuality neamhchoireachinnocently manaslogan teachtairímessengers smailcmouthful dúidíní draíochtamagical clay pipes smálblemish clúreputation eiteogawings áras mórluachachimportant dwelling beadaíconceited tíorántatyrannical ceannsmachtupper hand daonlathasdemocracy éileamhdemand go slachtmharneatly neartplenty giollaservant ordúilorderly fairsingspacious fionnuarcool babhta trom meitifisicea heavy session of metaphysics toiteachsmoky mífholláinunhealthy truaillithe go holcbadly polluted galsteam ag sceitheadh ina scamaill dhubha ghalrachaescaping in black sickly clouds stúrdust ina phlá phlúchtachin a suffocating plague sceadamáinthroats scamhógalungs cársánachwheezy screamh ghlas sheileogachgreen salivary scum ag spaisteoireacht thartstrolling around gnúisface gnaíúilcomely ag rúscadhrummaging i gcarn bruscairin a pile of rubbish áilleagántrinket séarachassewerage bradaílpilfering lena ruaigeadh as bealachto drive them out of the way seilbh shaoltaworldly possessions burlabundle níos tibhethicker go bhfóirfeadh na bróga i gceart dóthat the shoes would suit him fine Tír Tairngire na féilethe Promised Land of generosity miantadesires Úll Mór na bhféidearthachtaíthe Great Apple of possibilities brioscbrittle tnáiteweary dílleachtaorphan brúidiúlachtbrutality gluaiseachtaímovements go míorúilteachmiraculously méithrich cothaitheachsustaining gealbhan binnehouse-sparrow broiddistress dia an áidh agus an rachmaisthe god of luck and wealth gaoiswisdom coimirceprotection bratógachragged barróghug
deirge gheal a bright redness
" Leath bealaigh suas an staighre beo, chonaic mé deirge gheal fúm.
a ghealadh to bleach
" "Úsáideadh ceilp san 18ú haois le líon a ghealadh agus le gloine a dhéanamh.
mar a bheadh an lá geal aige ann like it was daylight
" Bhí sí ag deireadh na péice ag Ultán, a bhí ina shuí suas mar a bheadh an lá geal aige ann agus gan néal codlata air.
sceach gheal whitethorn
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
boic gheala white guys
" An raibh sé tar éis suí trí cheacht staire le déanaí faoi Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac? An bhfuair sé *Gangs of New York* ar cíos ón siopa físeán ag súil le Ja Rule agus Jay Z agus 50 Cent a fheiceáil, agus ina áit sin go bhfaca sé na boic gheala seo agus blas aisteach ar a gcuid cainte, ag caitheamh daigéar ar a chéile? Sea, tá sé dian bheith ag iarraidh 30 páiste a choinneáil ag obair agus a choinneáil ciúin, agus teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach ar bith.
An Astráil Gheal White Australia
" Bhí polasaí inimirce an rialtais (An Astráil Gheal) bunaithe ar chiníochas go dtí na seachtóidí.
i dtreo na gile towards brightness
" Tá casadh na bliana thart agus is i dtreo na gile atá muid ag dul anois.
roimh ghealadh an lae before daybreak
" Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “.
Go n-éirí go geal leis. The best of luck to him.
geal-liath pure grey
" Bíonn sé doiligh réiteach a fháil den ghruaig atá geal-liath ach dhéanfaidh mé mo dhícheall.
roimh ghealadh an lae before daybreak
" Ar oíche bhás an Phápa bhí an séipéal ar champas na hollscoile ar oscailt ar feadh na hoíche agus roimh ghealadh an lae bhí pictiúr d’Eoin Pól II ar crochadh os cionn phríomhshlí isteach na hollscoile i dteannta na bhfocal “.
gur chuir an stát an dubh ar an gheal orthu that the state tricked them
" Thiocfadh leat a rá gur chuir an stát an dubh ar an gheal orthu! Agus ós rud é go raibh na marcanna breise bunaithe ar threoracha, an bhféadfadh gur tugadh droim láimhe do threoracha ceapacháin eile? Níor mhiste é seo a shoiléiriú ar mhaithe le dea-chleachtas, ionracas agus eitic! Acht na dTeangacha ======= Ach tá ceisteanna eile fós le freagairt.
níos gile agus níos áille brighter and happier
" Agus mé in Ashan Children’s Home, bíonn an saol níos gile agus níos áille.
mo ghile mear my nimble brightness
" An síleann siad nár scanraigh Furey aon duine agus an fheadóg sin á rúisceadh thart aige ar nós coilg? Ar scor ar bith, nach bhfaca tú mé ar an tele? Nach bhfaca tú mo shúil nimhe ag glioscarnach le deora ar mhala Bhinn Éadair nuair a bhí mo ghile mear á chur sa chré? *An raibh mé ag an tsochraid? *A leithéid de cheist! “Cén dóigh nach mbeinn ann le hómós a thabhairt do Bonny Prince Charlie agus é ag gabháil faoin fhód? Prionsa cruthanta ceart amach is amach a bhí ann, bíodh a fhios agat; agus bhí sé *bonny* gan dabht.
an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre to persuade the people of the country that black was white
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
aghaidh gheal eile another white face
" Ar an gcéad dul síos, ní raibh aghaidh gheal eile le feiscint áit ar bith.
gur éirigh go geal linn maidir leis an sprioc sin that we have done well as regards that target
" Bhí 15 bhunscoil neamh-mhaoinithe go fóill san earnáil agus ba é sprioc CnaG iad sin uilig a bheith aitheanta agus maoinithe taobh istigh de cheithre bliana agus is féidir a rá gur éirigh go geal linn maidir leis an sprioc sin.
a gheal mo chroí that gladdened my heart
" Ach an oíche seo, ba iad na polcaí simplí bunscoile a gheal mo chroí agus an ceangal ait a rinne mé le mo sheanchara.
tar éis don fhear geal teacht i dtír. after the white man came ashore.
" Ach d’athraigh sé sin ar fad tar éis don fhear geal teacht i dtír.
an-gheal very bright
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
dathanna níos gile a úsáid to use brighter colours
" Chuir Pissarro ina luí air dathanna níos gile a úsáid agus roimh i bhfad bhí sé ag úsáid fíordhathanna gan truailliú agus ag péinteáil ar bhealach scaoilte agus saor.
gaibhne geala, óir, agus dubha, silversmiths, goldsmiths and blacksmiths,
" Tá gréasaithe, poitigéirí, siúinéirí, gaibhne geala, óir, agus dubha, agus eile, i mbun a gceirde sa bhaile seo díreach mar a bheadh siad sa bhliain 1775.
an sceach gheal i réim the hawthorn flourishing
" Thiomáineas féin ar ais go mall agus an ghrian ag scaladh go láidir, an sceach gheal i réim agus an aitinn ag neadú go compordach ina measc.
fíonta geala white wines
" Deirtear gur cheart blaiseadh gan slogadh – ach ní thagann scil mar sin ach le cleachtadh! Tá fíonta geala na Nua-Shéalainne an-mhaith go deo agus tá siad níos éadroime ná cinn gheala na Fraince.
na tráthnónta geala the bright evenings
" Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theas – báisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom.
éide scoile gheal, a bright school uniform,
" Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d'amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.
aer geal bright air
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
ach amháin daoine geala, only white people
" Mar gheall ar an bpolasaí seo, ní raibh cead ag inimircigh, ach amháin daoine geala, teacht chun na hAstráile.
mar a thugadh muid ar an mbreac geal. as we used to call the sea trout.
" Bhí an abhainn seo an-tábhachtach mar bhíodh sí lán bradán agus liocán, mar a thugadh muid ar an mbreac geal.
gealta lunatics
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
na bochtáin gheala the poor whites
" In ainneoin go raibh teannas idir Gormaigh bhochta agus na bochtáin gheala faoin tuath sa deisceart, bhí meánaicme na nGormach ag teacht ar an saol sna cathracha.
teitheadh na ndaoine geala the flight of the white people
" Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "*White Flight*" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte.
lena n-aghaidheanna geala with their white faces
" Lena n-airgead agus lena n-oideachas – agus lena n-aghaidheanna geala – bhí siad lánpháirtithe taobh istigh de chúpla glúin.
cultúr an duine ghil? the culture of the white man?
" Idir rud amháin agus rud eile, mar sin, tá Gormaigh an lae inniu cineál sáinnithe – ar cheart dóibh dul leis an nua-chultúr diúltach seo nó glacadh le cultúr an duine ghil? Agus sin, faraor, an chaoi a mbreathnaíonn daoine áirithe ar Barack Obama.
daoine geala white people
" Bhí an teorainn leis an Téalainn díreach i ndiaidh a bheith oscailte den chéad uair agus mise i Laos, agus ní raibh daoine geala feicthe ag muintir na tíre, den chuid ba mhó, roimhe sin – bhí chuile dhuine, na gasúir ach go háirithe, ag déanamh iontais díom.
do dhaoine geala. to white people
" Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
fear geal white man
" Is fear geal é Lipsky ach is Afra-Mheiriceánach é Filthy Fluno, a chuirfeadh Jean-Michel Basquiat – foinse inspioráide Andy Warhol – i gcuimhne duit.
tuismitheoirí geala white parents
" D’uchtaigh tuismitheoirí geala na páistí eile.
áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala. places where white people lived.
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
geal bright
" Chodail muid sa bhrú garbh tar éis céilí iontach sa chlub – bhí sé geal sula raibh muid inár luí.
fir gheala, white men
" Is é seo an t-iontas is mó is dócha: go bhfuil fear gorm agus bean ag féachaint leis an gceapachán is airde a bhaint amach i réimse a mbíonn fir gheala, go príomha, ag plé leis.
daoine geala de chuid an lucht oibre. white working class people
" Agus ní chuidíonn sé léi gurb na vótálaithe is mó a thugann tacaíocht di ná vótálaithe traidisiúnta an pháirtí – ní daoine óga agus toghlaigh nua de chuid an phobail ghoirm, ach daoine geala de chuid an lucht oibre.
duine geal white person
" Ba í an t-aon duine geal a bhí ann agus “Cousin” ab ainm don díoltóir ticéad! Dúirt sí go raibh uirthi dul amach sa sneachta lena mún a dhéanamh mar go raibh drong fear gorm ag crochadh thart taobh amuigh de leithreas na mban.
go geal brightly
" Bhí Dónal Ó Liatháin agus na Sínigh istigh faoin chuntar ina sámhchodladh, lucht Ionad Buail Isteach sínte thall is abhus ar an urlár, agus an Tóirse Oilimpeach athbhreoslaithe le trí bhuidéal de 12 Year Old Jameson ag soilsiú go geal agus é ag gobadh aníos as fualán i leithreas na bhfear.
an fhir ghil of the white man
" Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.
stair an chine ghil abhus the white man's history here
" Mar a tharla go minic i stair an chine ghil abhus, bhí ganntanas oibrithe i gceist.
chuireann an dubh ina gheal turns the tables
" Scannán a chuireann an dubh ina gheal is an geal ina dhubh agus an liath go tiubh tréan dá phailéad sin.
chine geal Caucasian
" Ní raibh cead ag inimircigh, nár den chine geal iad, faoin mbeartas seo, teacht chun na hAstráile.
fhear geal white man
" Níor líonadh an loch ina iomlán ach trí huaire ó chonaic an chéad fhear geal é céad is seasca bliain ó shin, cé go sceitheann 16 faoin gcéad d’aibhneacha na tire isteach ann.
geal bright
" Táim i mo shuí i gcistin duine eile, i gcontae duine eile ag breathnú amach ar thírdhreach a bhíos uaireanta fliuch, uaireanta fiáin, uaireanta geal, uaireanta glas ach i gcónaí neamhaithnid.
éirí go geal succeeding brilliantly
" Agus tá ag éirí go geal leis na cruinnithe, is cosúil.
dubh ina geal black is white
" Ina bhfuil an bán ina dhubh, agus an dubh ina geal – nó an bhfuil??? (http://www.
chuimhní geala happy memories
" Cad iad na cuimhní is fearr atá agat le linn an ama seo? Uachtarán na hÉireann: Tá liosta fada de chuimhní geala agam, ach dá mbeadh orm ceann amháin a roghnú as a measc, bheadh orm searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Speisialta i bPáirc an Chrócaigh a lua.
chine ghil white people
" Meastar go raibh idir 300,000 agus 750,000 duine sa tír go díreach roimh theacht an chine ghil, agus creidtear go raibh idir 600-700 treibh éagsúla ann.
d’ógra geal white youths
" Ba dheasghnáth aistrithe saoil é d’ógra geal na hAstráile le blianta fada an t-achar fada intíre a thaisteal leis an gcarraig a dhreapadh.
gile brightness
" Sníonn an dubh trí gach gile inti, agus tá lorg éigin na gile i ngach dubh.
níos gile brighter
" Tá creperie iontach deas istigh sa gcoill sin inar féidir galettes (pancóga traidisiúnta dorcha) agus crepes (atá níos gile agus níos siúcrúla) a ithe.
a ghrá geal his beloved
" Baineann *Lowlands Away* le hamhrán caointeach Albanach, a insíonn scéal faoi mhairnéalach a thagann ar ais chuig a ghrá geal mar spiorad chun insint dí gur bádh amuigh ar an fharraige é.
cheantar Shliabh na Gile the Kilimanjaro region
" Tá an-tóir ar an Tansáin mar láthair thurasóireachta anois, idir cheantar Shliabh na Gile, nó Kilimanjaro, oileán coimhthíoch Sainsibeár agus ar ndóigh, na turasanna safari.
mná geala amháin white women only
" (Bhí an ceart seo ag mná geala amháin, le bheith beacht, mar níor tugadh aon cheart daonna do mhuintir dhúchais na tíre faoin am sin.
an-gheala very bright
" Forbrófar círín ar an droim agus ar an eireaball le linn am an ghoir agus feictear dathanna an-gheala air faoin am seo chomh maith.
ar ghile an lae because of the bright daylight
" B'éigean dúinn ár spéaclaí cumhdaigh a chuir orainn, ar ghile an lae agus an tsneachta.
muintir an chine ghil the White people
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
úinéirí geala white owners
" Ní raibh ina gcónaí iontu ach daoine gorma bochta, iad ina dtionóntaí ag úinéirí geala nach raibh ina gcónaí sna ceantracha iad féin níos mó.
gheal bright
" Cuma agus Dearadh ========= Tá cuma gheal, taitneamhach ar an treoir ghramadaí seo.
d’éirigh go geal liom I got on perfectly
" Caithfidh mé a admháil nach bhfuil bang láidir snámha agam féin ach bhí flúirse snámhán ar fáil agus d’éirigh go geal liom faoin uisce le cabhair na snámhán.
héisc is gile brightest of fish
" Nuair a bhí mé faoin uisce b’iomaí iasc agus sliogiasc a ghluais thar bráid, gach ceann acu ar na héisc is gile agus is ildaite dá bhfaca mé riamh.
gheal bright
" Trá gheal, fholamh í an trá seo a shíneann níos mó ná seacht gciliméadar ar chósta an oileáin atá mar chuid de Pháirc Mhuirí na Mórsceire Bacainní.
ba ghile brightest
" Toisc méid na gcrann ar an oileán féin, ba iad dathanna an Fhómhair na dathanna ab áille agus ba ghile dá bhfaca mé riamh.
theacht an chine ghil the arrival of the whites
" Meastar go forleathan san Astráil fós nach mbíodh i muintir dhúchais na tíre roimh theacht an chine ghil ach sealgairí/cnuasaitheoirí diúide.
Gealadh Breá faoi things are looking good for
" Is iad na cásanna is gaire do mo chroí iad na healaíona dúchais, agus Oireachtas na Gaeilge, agus na dabhcha séarachais; agus an drámaíocht, dar ndóigh; agus na dabhcha séarachais; agus tithe a bheith saor ó tháillí; agus na dabhcha séarachais …” Gealadh Breá faoi Fhoraois na Gaeilge ================= “Is cuma daoibhse cé mé,” a d’fhreagair an duine anaithnid.
i lár an lae ghil in broad daylight
" Scaoileadh le gach duine de na híospairtigh san aghaidh i lár an lae ghil agus na gunnadóirí gan ach cúpla slat uathu.
dathanna geala bright colours
" Seachas na dathanna dorcha a bhí in ionad na bhfear, bhí spleodar mór agus dathanna geala ann.
clúdaithe le brat geal covered with a bright carpet
" Bhí urlár an tí clúdaithe le brat geal, agus brait bheaga bhána thall agus abhus leis na soithí a leagan orthu.
An Dubh ina Gheal mistruths
" An Dubh ina Gheal ======== Bíodh nach bhfuil an bhagairt de bheith á chiapadh ag daoine gránna ar líne chomh coitianta céanna le cibearbhulaíocht, is ann don chontúirt fós.
nach gcuirtear an geal ina dhubh orthu they’re not fooled
" Tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil bealach fós ag na suímh seo chun cinntiú nach gcuirtear an geal ina dhubh orthu i dtaobh aois na bpáistí.
buí geal bright yellow
" Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010.
geal agus te bright and warm
" Ach chonaic sé fíorfháilte Thír Conaill fosta ag deireadh an lae, nuair a bhí an aimsir geal agus te agus bhuail muid le bus Sheosaimh Uí Eochaidh ar an Mhálainn Bhig.
lena ghrá geal do his fond love for
" Ní furaist éalú ó scáth drúiseach Whitman agus úrscéal conspóideach Vidal The City and the Pillar (1948), nó na chéad chaibidilí dhraíochtúla sin ina chuid cuimhní cinn, Palimpsest (1995) a bhaineas lena ghrá geal do Jimmy Trimble, ógánach caillte an chúil cheangailte dár cailleadh le linn chath Iwo Jima i 1945.
céad teacht i dtír an chine ghil the first arrival of the Caucasians
" Níor cuireadh tús le lonnaíocht bhuan Eorpach ann go dtí 1835, beagnach caoga bliain tar éis céad teacht i dtír an chine ghil.
Chroch sé suas a chuid seolta móra geala go barra na gcrann he stroke out to sea
" Chroch sé suas a chuid seolta móra geala go barra na gcrann.
chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala the white workers’ standard of living
" Mhaígh sé, áfach, go mbeadh na tréithe seo ina mbagairt do chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala agus gur chóir iad a choimeád amach as an tír dá bharr.
gaineamh geal a ndumhcha the bright sand of their dunes
" Tugtar “na brait bhána” orthu de bharr gaineamh geal a ndumhcha.
Go n-éirí go geal leo the best of good luck to them