Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is geall le hoileáin san aigéan iad they're like islands in the ocean
" Clocha aonair i ngairdín, ar sé, is geall le hoileáin san aigéan iad.
geall le bheith folamh nearly empty
" D'fhéadfadh a leithéid de bhreith an t-uafás airgid a chosaint ar an stát beag seo, a bhfuil a mhuicín airgid geall le bheith folamh faoi láthair.
Is geall le tionscal é it's nearly an industry
" Is geall le tionscal é a bheith ag aistriú fhilíocht na Gaeilge go Béarla.
ba gheall le réalta popcheoil é he was like a popstar
" Ní raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d'fhill sé abhaile i ndiaidh na hócáide (ní raibh an fhoireann fógartha roimh ré) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine.
geallta le engaged
" ” Deir Emily Darling, múinteoir Béarla tríocha bliain d’aois as Auburn, Massachusetts atá geallta le fear ar bhuail sí leis ar an idirlíon, mórán an rud céanna.
geall le bheith dodhéanta nearly impossible
" Mar a léirigh saineolaí leighis ag an am don bhinse, tá a leithéid geall le bheith dodhéanta.
is geall le suim soip í it is insignificant
" Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.
geallta le cumannach eile engaged to another communist
" Bhí Liam geallta le cumannach eile, Kathleen Walsh as Learpholl.
is geall le ráiteas misin é fosta it's nearly like a mission statement as well
" Cé gur geisfhocal margaíochta í an tsúil eile is geall le ráiteas misin é fosta.
geall le bheith dodhéanta nearly impossible
" Tá sé geall le bheith dodhéanta andá thrá seo a fhreastal.
Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, not because her choice of clothes was relevant,
" Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, ach mar gheall ar go raibh a fhios ag na nuachtáin go raibh suim as cuimse ag an bpobal sa triail áirithe sin.
is geall le dúchasach de chuid Chonamara he is like a native of Connemara
" Ach tá ag éirí go breá le Bishop ó thaobh na bhfuaimeanna de – is geall le dúchasach de chuid Chonamara anois é agus focail mar “bheadh” agus “cén chaoi” á rá aige! Níl aon fhadhb aige leis na fuaimeanna scornúla.
Is geall le It is almost a
" Is geall le* Rapid Revision on Issues pertaining to the Irish Language* é an saothar seo, ach ní ar bhealach díspeagúil a deirim sin agus tá súil agam nach gcuirfidh an cur síos olc orthu siúd a bhí bainteach leis.
ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor. it was like a miracle to get the paper at all
" Bhíodh sé lá nó dhó déanach i gcónaí agus ní bhíodh ann ach cúpla leathanach dubh agus bán ach ba gheall le míorúilt an nuachtán a fháil in aon chor.
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá the police of America are almost like an army
" Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas.
mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí because bullies can be cowards
" (Paragraf 7)Mar bharr air seo, mar gheall ar gur féidir le bulaithe a bheith ina gcladhairí agus a gcuid maslaí gan tuilleamh a thabhairt gan ainm, is féidir leo a bheith deich n-uaire níos nimhní ná mar a bheadh sé de chrógacht acu a bheith dá mbeidís ag tabhairt faoi dhuine aghaidh ar aghaidh.
is geall le clós páirceála it is almost a car park
" Cé nach bhfuil sé ach 100 míle ó Nua-Eabhrac, tá an smaoineamh céanna ag go leor de phobal Nua-Eabhrac agus is geall le clós páirceála an Parkway tar éis 8.
is geall le clós páirceála it is like a car-park
" Cé nach bhfuil sé ach 100 míle ó Nua-Eabhrac, tá an smaoineamh céanna ag go leor de phobal Nua-Eabhrac agus is geall le clós páirceála an Parkway tar éis 8.
is geall é le it is almost like
" Agus na leathanaigh phearsanta seo agat, a deir Mark, is geall é le stáisiún teilifíse de do chuid féin a bheith agat.
gur geall le it is almost
" ” An droim láimhe a thabhairtIs léir go mbraitheann Harris gur geall le géarleanúint an t-iompar seo.
ba gheall le (he) was like
" Bhí an-chraic againn, ba gheall le deartháir é i ndáiríre.
Ba gheall le it was just the same as
" Ba gheall le bua é an toradh ó thaobh foireann Átha Cliath de sa mhéad is gur éirigh leo rud a dhéanamh nár éirigh le Tiobraid Árann ná le Corcaigh a dhéanamh agus ba é sin Cill Chainnigh a chur faoi bhrú agus an lámh in uachtar a fháil orthu ar feadh tréimhsí suntasacha den chluiche.
geall le as good as
" Tá an bháisteach geall le bheith leanúnach tríd, ach, murab ionann agus in ‘Angela’s Ashes’, tá feidhm agus brí anseo leis! Maoithneach in áiteanna, pas beag ‘stáitsiúil’ in áiteanna eile, ach maithim na laigí sin air i bhfianaise buanna máistriúla Angelopoulos - dánaíocht, fís, misneach agus péacacht cineamúil.
Is geall le it's just the same as
"Is geall le hardéirim í an áilleacht.
ba gheall le foras almost an institution
" Ar nós Peter Allis atá ina thráchtaire don BBC le blianta fada ar chúrsaí gailf, ba gheall le foras é Bill McLaren lena ghuth sainiúil, seanchaíoch a samhlófá léargas agus tuiscint ar leith a bheith ag baint leis agus nach raibh le fáil in aon tráchtaire eile.
geall le much the same as
" An rud a chuirfidh cuid againn ag scairteadh gáire is geall le cóireáil cuas fréimhe ag an duine eile é.
Ba gheall le it was like
" Ba gheall le mantra é ag iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh i bhfad barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann agus go raibh cuid dá gcuid réimsí oibre ag teacht salach ar a chéile.
geall le bheith almost is
" Má tá na Stáit Aontaithe geall le bheith ina stát póilíneach anois, is ar Lieberman, thar éinne eile, is mó atá an locht.
is geall le it’s like
" *A Journey* atá ar leabhar Bhlair agus is geall le turas taobh istigh de thuras é an próiseas síochána: *“a complicated trek through a very dense and dangerous jungle, as we tried to get to the uplands where we could see our way to a negotiated deal.
is geall le it is equivalent
" Déanta na fírinne, is geall le faoiseamh é go bhfuil contae eile anois ag fógairt go bhfuilid fós beo agus go bhfuil an cluiche ársa fós á imirt le croí is le fuinneamh i gcontaetha eile.
geall le bheith is almost
" Le Janine ‘Smurf’ Cody tá bithiúnach cineamúil geall le bheith Shakespeareach cruthaithe ag Michot agus ag Weaver dúinn.
is geall le leadóg it's just like tennis
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
Ba gheall le galar It was like a disease
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
le geall a chur to place a bet
" Tá an fearas cearrbhachais, ar a dtugtar an meaisín pócair, ar an tslí is coitianta le geall a chur abhus.
a seal geall le bheith tugtha his time is almost up
" Conas mar a bheidh ag na páistí ina éagmuis? Níl fhios acu, ná ag éinne, go bhfuil a seal geall le bheith tugtha.
gur geall le that it was veritably
" Shíl scríbhneoirí idéalaíocha ar nós John Perry Barlow gur geall le teorainn úr don chine daonna é an t-idirlíon.
Is geall le he is akin to
" Is geall le píobaire aon phoirt é an tAire Éadóchais agus é ag gearán faoi chaighdeán íseal na matamaitice sa tír.
gur gheall le breith an bháis it was the same as a death sentence
" Ghlaoigh na cimí “an Guillotine tirim” ar an nGuáin, toisc gur gheall le breith an bháis a bheith daortha do théarma ann.
le fáil ar an ngeall to be had on the bet
" De ghnáth bhí idir 13/1 agus 20/1 le fáil ar an ngeall, ag brath ar cé bhí in aghaidh a chéile.
Leoga is geall le indeed it’s almost
" Leoga is geall le oibseisiún náisiúnta é.
gur geall le feathal tráchtála ag was like a trade mark
" Bhí áilleacht a mhná chéile ina fhoinse mhór tinfidh aige i rith a shaoil agus rinne sé breis is ceithre chéad pictiúr dí, rud a spreag lucht magaidh le rá gur geall le feathal tráchtála ag Lavery aon teideal a thosaigh le ‘Hazel….
is geall le it’s like a
" Easpa Gnímh i Leith an Straitéis Fiche Bliain:** Maíodh i gcónaí gur rás fadachair seachas ráibrás a bhí ann ach is geall le 'Straitéis Fiche Bomaite' í anois ó thaobh tiomantas an rialtais i leith fhorálacha na cáipéise thoirtiúla úd.
Is geall le corpán … is like a corpse
" " Bhí an port céanna ag saineolaí eile, an Dr John Walsh, in alt don iris *Comhar*: “Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”.
agus gealladh fúithi le tamall anuas while on the up
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.