Pota Focal Intergaelic
gint | grant | aint | gait | gan
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fathaigh giants
" Agus ní nach ionadh beidh fathaigh na Briotáine mar atá Alan Stivell agus Tri Yann páirteach arís i mbliana, mar aon le daichead *badad* nó píob-bhanna áitiúil.
an mórchú faoil Éireannach the giant Irish wolfhound
" An t-ainmhí atá mar shiombail na hÉireann, ar ndóigh, is é sin an mórchú faoil Éireannach.
fáthach giant
" Múchann an bheoir agus an t-uisce beatha m'anam; tugann siad orm dearmad a dhéanamh nach bhfuil aon duine inchurtha liom; gur fáthach i measc abhac mé.
fathach giant
" Tá sé ainmnithe as seandún cinntíre inar chónaigh fathach darbh ainm Caochán a bhí ar leathshúil.
Chlochán an Aifir The Giant's Causeway
" I gcuid de na fógraí tá pictiúir ina bhfuil cosa iománaithe le feiceáil agus iad ag imirt thar Chlochán an Aifir nó Aillte an Mhochair agus camáin á mbriseadh faoi chruas na coimhlinte.
fathaigh giants
" Is é an mana nó ráiteas ag bun gach pictiúir ná "ní fir iad, ach fathaigh".
i measc na bhfathach among the giants
" Agus má fhaigheann an fhoireann pheile áit i measc na bhfathach ar pháirceanna imeartha na Gaillimhe go gairid, beidh ceiliúradh acu sa teach altranais nua, agus ar fud an phobail uilig.
mar a bheadh fathach mór like a big giant
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
Fathach Formadach Envious Giant
" Cosa fuilteacha le taispeáint i gcruthú ar stadas oilithrigh!" Oilithreacht de shórt eile a bhí i gceist ag Balor: bhí sé ar a bhealach chuig Gleann Cholm Cille, áit a mbíodh na cúrsaí samhraidh dá rith ag Oideas Gael san am fadó: "Agus mé ag teacht amach as an Charraig bhí mé ábalta é a fheiceáil os mo chomhair amach," a mhaíonn Balor an Fathach Formadach.
arrachtach giant
" Nuair a d'fheictí lena bheart é ba mhinic strainséirí á chur i gcosúlacht le fear glanta simléirí nó le fear na gealaí lena bheartán brosna nó le harrachtach mór cruimhe.
fathach cosanta defensive giant
" Bhí go maith is ní raibh go h*incredibly* holc nó gur tháinig scéala lá go raibh fathach cosanta oirthear na hAfraice, Bod, tar éis titim as a sheasamh toisc an stró ar fad a bhíodh air.
Beirt fhathach gan amhras two giants, without doubt
a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh which finishes with the burning of a giant wickerman
" Agus is féidir dul ann Oíche Shamhna agus sult a bhaint as ceiliúradh na féile ársa Ceiltí, Samhain, a chríochnaíonn le dó fear ollmhór caolaigh.
Fathach peile football giant
fhathach giant
" Tá deontais faighte againn freisin ó fhathach Éireannach na hAstráile, Muiris Ó Súilleabháin, agus ó Rialtas na hÉireann.
sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste the best efforts of the Belfast Giants
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
an Fathach á dhó the Giant being burnt
" An-chuid draíochta ag baint leis an gceann seo – seoltóireacht, rásaíocht agus an Fathach á dhó sa bhá! Bígí ann! http://www.
na fathaigh mhóra mhillteacha the big huge giants
" Tá ag teip ar na comhlachtaí móra, na fathaigh mhóra mhillteacha a bhfuil goile ollmhór craosach acu.
Clochán na bhFomhórach. the Giant's Causeway
" Ar ndóigh, dúirt an tAire Comhshaoil, Arlene Foster ón DUP, go raibh sé "ar intinn" aici conradh mórluachach a thabhairt don Seymour céanna le hionad léirithe a thógáil ag Clochán na bhFomhórach.
Clochán na bhFomhórach the Giant's Causeway
" Stocaireacht Paisley Óg ar son Sweeney go bhfaigheadh an milliúnaí cead Ionad Cuairteoirí a thógáil ag Clochán na bhFomhórach ainneoin go raibh saineolaithe na Roinne Comhshaoil ina éadan; stocaireacht go ndíolfaí talamh le grúpa ina raibh Sweeney páirteach; stocaireacht ar son sé thionscadal, a raibh Seymour Sweeney páirteach in dhá cheann acu – le linn na hidirbheartaíochta i gCill Rímhinn.
na fathaigh the giants
" I gcórais mar sin, scuabann na fathaigh na pláinéid bheaga leo, ag cur deireadh le gach rud a bhí cosúil, ar bhealach ar bith, leis an Domhan.
ollcharranna giant cars
" Agus praghas na hartola íseal sna nóchaidí, thugadar neamhaird ar an ráta ‘mílte sa ghalún’ agus rinneadar ollcharranna mar an Cadillac Escalade agus an Hummer.
fathaigh giants
" B'iad seo fathaigh thionscal na gcarr tráth, ach rinneadar cónaí le fiche bliana anuas a fhad is a bhí na comhlachtaí eile as an Eoraip agus as an Áis ag breith orthu.
Fathach giant
" Ní mó ná sásta a bhí an t-eagarthóir úr eatramhach le Fathach na Súile Nimhe le tamall roimhe sin agus bhí sé i ndiaidh luathscor a bhagairt ar Laoch na Litríochta mura dtiocfadh feabhas ar a chuid scríbhneoireachta.
t-ollstocmhalartán leictreonach giant electronic stock exchange
" Rinneadh cathaoirleach NASDAQ (an t-ollstocmhalartán leictreonach) de sna nóchaidí.
Chlochán an Aifir the Giant's Causeway
" Thug muid cuairt ar Dhrioglann Old Bushmills gona uisce beatha blasta agus ar Chlochán an Aifir, áit a chuaigh i bhfeidhm orainn.
fathach fir a giant (of a man)
" Deich nóiméad dár gcionn bhí mé i mo shuí sa traein, an dá phláta goulash ag cur suain orm, an baklava ag leá i mo bhéal, mo chuid fichille imeartha agam le fathach fir sa domhan thoir, agus mé ag tabhairt aghaidh ar chathair aoibhinn Phrág áit a raibh Sasanach darb ainm David Vaughan ag feitheamh liom le clár raidió a dhéanamh maidir le gnéithe de litríocht na Breatnaise.
fathaigh pheile football giants
" Ina measc bhí fathaigh pheile ar nós Jerome O Shea (athair an imreoir rugbaí Conor), John Dowling, Páidí Sheehy agus Johnny Cullotty.
Fathach na Seacht gCeann the giant of the seven heads
" Cén fáth? Fathach na Seacht gCeann =============== Níl aon tír ar domhan a bhfuil ceannasaíocht chomh scaipthe is atá i Libia.
fathach giant
" Dinnius Mac Ginlicus, fathach na Gaeilge, fear feasa feachtnach fíréanta a bhí ann.
fáthaigh giants
" Ach dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, ní mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.
fathach peile a football giant
" Bhain cainteoirí agus scríbhneoirí leas as focail agus nathanna áirithe arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh acu ar Pháidí Ó Sé: fathach peile, gaiscíoch, laoch, uasal, dílis, tiomanta, láidir, fear cuideachta, fear Gaeltachta, fear spraoi, fear a thug uaidh ar son an phobail, Ciarraíoch go smior.
Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile giants of actors all in one small space
" Fathaigh aisteoirí in aon chúngach le chéile.
fathach giant
" Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.
na cillíní móra millteacha seo these giant churches
" Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.
fathaigh de chuid na hiomána agus na peile hurling and football giants
" Tá a leithéidí ann mar sin féin agus fathaigh de chuid na hiomána agus na peile is ea cuid acu: Nicky, Billy agus Bobby Mac Riocaird (Loch Garman); Dan, John agus Martin Ó Coigligh (Loch Garman); Dara, Tomás agus Marc Ó Sé (Ciarraí); John, Joe agus Michael Ó Conghaile (Gaillimh); Pat, Ger agus John Mac Éinrí (Cill Chainnigh); Joe, Johnny agus Billy Ó Dúlaoich (Uíbh Fháillí).
An dtitfidh an fathach shall the giant fall
" An dtitfidh an fathach? Más féidir stair Ghobharnóirí Nua-Gheirsí a úsáid mar threoir, tá port Christie seinnte.