Pota Focal Intergaelic
gifte | gilt | gint | girt | gist
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tréitheach talented, gifted
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
bua gift
" Agus déanann siad ar fad an iarracht chéanna! I ndeireadh na dála is í an cheist mhór atá á cur ná an bhfuil íocaíocht tuillte ag na himreoirí sin agus ar cheart dóibh bheith gairmiúil agus a gcuid fuinnimh agus tallainne go léir a chaitheamh leis an mbua atá tugtha ag Dia dóibh.
tíolachadh fileata poetic gift
" Má éilíonn seo dianiarracht ar an léitheoir ar uairibh is maith is fiú an tíolachadh fileata atá mar thoradh ar an iarracht chéanna.
bronntanas Nollag gan choinne an unexpected Christmas gift
" Mar shampla, fuair inimircigh gan cháipéisí ar fud na Stát Aontaithe bronntanas Nollag gan choinne an mhí seo caite ó oifigeach sinsearach i rialtas Bush.
Tabhartas gift
" Tabhartas di ó Dhia ba dh'ea a broinn dearg.
bua gift
" -Ná bí buartha, a deir sí, tóg bog é, tiocfaidh do lá, agus d'éirigh ina seasamh go réidh, na gloiní gréine uirthi, beag beann ar bhrothall ná ar bhás, gúna deas uirthi, mála deas ar a gualainn.
bua luachmhar valuable gift
" Lá éigin, cloisfear mo chuid amhrán as Gaeilge, le cúnamh Dé! Mar fhocal scoir, caithfidh mé a admháil go bhfuil mé in éad le muintir na Gaeltachta agus leo siúd a bhfuil bua luachmhar na teanga acu.
bua luachmhar precious gift
" Deir Calum Martin, Seanóir de chuid na heaglaise: “Dar linne gur bua luachmhar agus oidhreacht spioradálta ó Dhia í.
bua na cainte gift of speech
" Uachtarán gan bua na cainte ======= Faraor do na Stáit Aontaithe, níl uachtarán ag an tír a bhfuil bua na cainte aige.
phéintéir tréitheach gifted painter
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
féiríní gifts, valuable things
" Bhí féiríní eile le nochtadh ag an mbéile: fíorarán baile: “Sheboygan Hard Rolls” a cheannaigh Emil go speisialta ó bhácús Gearmánach i Sheboygan.
bua an cheoil the gift of music
" Bhí sé amhail is go rabhamar faoi gheasa agus go raibh bua an cheoil bronnta orainn ar fad ag an am amháin.
bronntanais ghuaisbheartaíochta. extreme gifts.
" Ag labhairt le cliant eile tar éis dúinn an balla a úsáid, fuair mé amach faoi fhaisean eile: bronntanais ghuaisbheartaíochta.
an bua is mó the biggest gift
" Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
a raibh féith an cheoil inti who had a gift for music
" Duine d’ochtar clainne ab ea í a raibh féith an cheoil inti riamh – ina croí, ina méara agus ina guth.
a bhfuil ardléann agus bua na dteangacha aige who is learned and has a gift for languages
" Tá an cluiche seo an-oiriúnach don léitheoir fásta a bhfuil ardléann agus bua na dteangacha aige ach ní fhéadfadh ach céatadán fíorbheag de dhaoine óga - iad siúd ar a bhfuil an leabhar seo dírithe - an t-imeartas focal a thuiscint ina iomláine.
tréitheach gifted, accomplished
" Imreoir tréitheach a bhí ann agus stíl dá chuid féin aige a mheall lucht mór féachana agus leanúna.
bua ceoil ar leith a particular gift for music
" Léacht dar teideal 'An Beirneach' ag tús na féile i halla na scoile náisiúnta ar an Chaiseal a bhí ann agus rinne sé cur síos ar shaol an fhir seo a raibh bua ceoil ar leith ann.
éirimiúil gifted, capable
" Teastaíonn uaim an chéim sin a bhaint amach agus feicfimid ansin cad a dhéanfaidh mé!” Is léir gur bean óg éirimiúil í Étaoin, ach tá smaoineamh ag Tadhg an mhargaidh gur cinn fholmha iad mainicíní i gcoitinne, go mbreathnaíonn siad go maith, ach seachas sin, nach mbíonn mórán le tairiscint acu.
mbua natural gift
" Bhí grásta eile ag Michael mar bhláth ar an mbua sin – d’aimsigh sé friotal teangan go luath a chuir ar a chumas coincheapanna casta ealaíne a cur i láthair an phobail.
bhua gift(s)
" Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta.
an-bhua a great gift, talent
" Bhí an-bhua ag an bhean a bhí i mbun na scoile.
nach bhfuil bua na cainte aige that he doesn’t have the gift of the gab
" Cibé locht is féidir a fháil ar Barack Obama, ní féidir a rá nach bhfuil bua na cainte aige.
diomailt bua wasting of a gift
" Dar le fear na sráide gur tubaiste a bhí os a chomhair: cur amú tallainne, ídiú sárchumas peile, diomailt bua ó Dhia cothaithe ag ragairne agus ragús.
tabhartas tábhacht fíorneamhghnách an important unusual gift
" ======= Shamhlófá ón méid sin, a chairde chaoin, gur tabhartas tábhacht fíorneamhghnách a bhí romhat thar táirseach Cineama Uimhir a hAon san IFI ar Shráid Eustace, Barra an Teampaill, agus géillim go mbeadh iarracht den cheart agat.
Ní nach Féidir a Fhoghlaim, Fonn a thing which is a gift from birth, a singing voice
ndéanfaidh an bronntanas maitheas the gift shall do good
" Cuirimid ár gcuid éadaí i mboscaí bailiúcháin agus sna málaí a chuirtear tríd an doras againn agus bímid ag súil go ndéanfaidh an bronntanas maitheas do dhuine éigin a dteastaíonn cabhair uaidh.
Is é an bua atá ag the gift that BÓC has
" Is é an bua atá ag Brian Mac Óda agus lucht Cill Chainnigh i gcoitinne go bhfuil éirithe leis agus leo an intinn a bheith dírithe i gceart tríd is tríd roimh gach cluiche.
amadán éirimiúla gifted idiot(s)
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
ag babhtáil bronntanas exchanging gifts
" Oh dear!” Ansin thosaigh siad ag babhtáil bronntanas.
traidisiún éirimiúil ‘diúltach (the) tradition of gifted negativity
" Is sláintiúla ar fad traidisiún éirimiúil ‘diúltach’ Stevens ná cur chuige Walsh agus Hogan a bhí, agus atá fós, bunaithe ar thírghrá agus ar mhothúchán a dhearbhaíonn gur córas dleathach speisialta é an córas Éireannach.
raibh cumas cainte who had the gift of the gab
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag iniúchadh scéal Cheiro, B’le Átha Cliathach, fáidh fir a raibh cumas cainte agus teacht i láthair ann agus fear a dhéanamh cat is dhá ruball air.