Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gioblach tattered
" Bhí m'anam féin chomh gioblach spíonta leis an éan féin.
gioblach ragged, tattered
" " Sa deireadh, bhí muid gioblach.
i mblaincéid ghioblacha in tattered blankets
" Spreag a phictiúr *To the Unknown British Soldier *conspóid mar gur léirigh sé cónra clúdaithe le bratach agus beirt saighdiúirí cráite ar an dá thaobh agus iad gléasta i mblaincéid ghioblacha.
gléasta go gioblach dressed in rags
" Agus í ag siúl na sráide a fhad leis an traein a bhéarfadh chun an ghéibhinn í, í gléasta go gioblach, tháinig na mná tí Gearmánacha amach as a gcuid tithe, áit a raibh siad ag déanamh giollachta ar an bhricfeasta, le stánadh orthu.
éide ghioblach an ghaineamhlaigh the ragged uniform of the desert
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
gioblacha tattered
" Tá an taispeántas roinnte i dtréimhsí deich mbliana, ag tosú sna 1950í nuair a thóg Henri Cartier Bresson íomhánna tochtmhara de pháistí gioblacha ag súgradh taobh amuigh de thionóntán i mBaile Átha Cliath.
Árasáin ghioblacha, bhrocacha tattered and dirty flats
" Codona – Don Cherry, Nana Vascanceoles, Collin Walcott ======= Árasáin ghioblacha, bhrocacha.
gioblach ragged
" B’as bailiúcháin príobháideach a tháinig an pictiúr seo den naomh a léiríonn mar fhíordhuine é, seachas mar fhigiúr idéalach – tá craiceann a láimhe, mar shampla, briste agus garbh le hobair chrua agus le bochtanas, agus tá a chuid éadaigh chomh salach agus chomh gioblach sin go dtiocfadh leat a shamhlú go raibh boladh bréan ag teacht as.
líon bróga gioblacha filled the ragged shoes
" Triúr réalta aisteoirí i mbun na seanmháistríochta – Tom Courtenay, Roger Allam, agus an té a líon bróga gioblacha ‘Estragon’ i ‘Godot’ ar chaoi a shásodh Beckett féin, déarfainn, Ian McKellan.