Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
giuirléidí personal belongings
" Ar aon chuma, ós rud é gur duine (cuibheasach) óg fuinniúil saor mé bhailigh mé mo chuidse giuirléidí agus abhae liom chun na háite coimhthíche seo chun an t-aiteas a iniúchadh.
ghiuirléid implement
" Bhí dúil aici sa tseanscian nó is cuma cén ghiuirléid úr a tharraing sí uirthi, phill sí i gcónaí uirthi.
giuirléidí implements
" Cibé sáitheadh a bhí ar an fhiaclóir lena chuid giuirléidí, agus cibé rud a bhuail sé, bhí pian uirthi anois a bhí ag baint bhlaosc an chinn di.
ár ngiuirléidí our bits and pieces
" Bhailíomar ár ngiuirléidí go ciúin agus d’imigh amach ar an tsráid arís, ag caitheamh corr-shracfhéachaint ar ais ar an bhfoirgneamh mór laistiar dínn a bhí clúdaithe le sreang dheilgneach.
mo ghiuirléidí beatha. with the personal belongings of my life.
" Chuir mé gach aon ní i mboscaí agus toisc nach mbeidh mé san tigh úr ach ar feadh tréimhse ghairid níor thóg mé gach rud as na boscaí – tá siad fós i gcúlseomra i dtigh mo thuistí lán go béal le mo ghiuirléidí beatha.
giuirléidí beaga little knick-knacks
" I measc na n-iarsmaí tá creatlach duine de na coilínithe a lámhachadh le piostal, agus giuirléidí beaga a thóg na coilínithe leo ó Shasana.
ngiuirléidí possessions
" Dá bhrí sin, is annamh nach ndéanann siad an réamhullmúchán oiriúnach lena dtithe agus lena ngiuirléidí a chosaint.
giuirléidí paraphernalia
" Mar sin, níos lú nó uair agus fiche bomaite de dhamhsa, gan buíon ná ceolfhoireann; dhá shos le deochanna agus giuirléidí a dhíol, rud a choinneoidh an amharclann sásta.
giuirléidí implements
" Bhí lamairní plódaithe le báid seoil, siopaí beaga deasa ag díol giuirléidí, bialanna le gach uile shórt bia acu, agus tábhairní beaga ina rabhthas in ann suí amach faoi chrainn ag ól.
giuirléidí thingamajigs
" Sa chás seo is é a deir Action Man ná: “Níl cainteanna ar siúl leis an IMF – níl ann ach ficsean!” Béal an Dá Smid ======== Don bheirt Bhrian – Biffo agus Brains – tá Balor i ndiaidh teacht ar cheann de na giuirléidí sin a úsáideann na bolgchainteoirí: na gléasanna sin a chuireann ar chumas duine a bheith ag caint as an dá thaobh den bhéal ag an am céanna.
giuirléidí órga golden accessories
" Ón am a tháinig tusa i gcumhacht níor chaith tú ach scoth na n-éadaí: síoda agus sról; agus giuirléidí órga a bhí thart ort i gcónaí.
ceannaigh na giuirléidí seo a leanas buy the following devices
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
aireagóir giuirléidí cistine kitchen utensil inventor
" Le teacht Kickstarter is a macasamhail, tá áit ann don aireagóir giuirléidí cistine agus níl mórán cúthaileachta orthu.
giuirléidí áiféiseacha seo these mad devices
" Is mé ag tabhairt faoin taighde don alt seo thug na giuirléidí áiféiseacha seo le tuiscint dom nach gcruthaíonn an gá ach crá inár gcroí agus gur chóir dúinn sásamh a fháil sa mhéad atá againn inár saol cheana.
Giuirléidí go barra bachaill tons of gadgets
" Giuirléidí go barra bachaill, tá siad ann agus chaith Roseanne Smith súil ar go leor acu, ach ní fios fós a ndeireadh.