Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag cur thairsti giving off
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
ag cur thairsti giving off
" Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce.
Ná bí ag scamhailéir orthu Don't be scolding/giving out to them
" " "Ná bí ag scamhailéir orthu Lá Nollag, anois," arsa Tadhg le Máire sular fhág sí an seomra.
ag déanamh ár mbarainne ar giving careful consideration to
" Thuig muid féin a chéile, chaon duine againn ag déanamh ár mbarainne ar an mí-ádh a chorraigh amach as ár nead te teolaí féin muid.
ag scamhailéir orthu giving out to them
" "Tá deireadh leis an lá a dtig linn a bheith ag úsáid an bhata agus ag scamhailéir orthu.
ag luí fúithi submitting to her, giving in to her
" Rinne Gerry gnúsachtach nach gcuirfeadh sásamh nó míshásamh in iúl ach a bhéarfadh le tuigbheáil nach raibh sé ag luí fúithi.
ag tabhairt tacaíochta ar bith giving any support
" An argóint a bhí acu siúd a bhí i mbun an ruda seo a dtabharfainnse cinsireacht air ná nach mbeadh sé ceart dá bhfeicfí go raibh muid ag tabhairt tacaíochta ar bith don fhoréigean paramíliteach.
fial flaithiúil generous and giving
" Bhí múinteoirí as Éirinn, an Bhreatain Bheag, Ceanada agus Albain ansin agus thaitin siad go mór liom mar go raibh siad fial flaithiúil.
ag dáileadh amach giving out
" Cúpla seachtain ó shin, nuair a bhí Comhairle Chathair Lios na gCearrabhach - an t-aon chathair ar domhan nach bhfuil teach ósta féin ann - ag dáileadh amach ardphostanna na comhairle, aontachtaithe uilig a fuair iad.
an scamhailéir the giving out
" Nuair a thosaigh an scamhailéir agus an cnádán an dara huair bhain Diarmaid amach a Walkman agus dhing sé isteach na cluasáin chomh maith agus a thiocfadh leis agus, ar dhóigh inteacht, chuaigh an t-am thart go dtáinig stop na trá.
ag clamhairt orm giving out to me
" Ar seisean, "Thosaigh mé ag scríobh i mBéarla mar bhí daoine i gcónaí ag clamhairt orm, ag rá, 'Cén fáth nach scríobhann tú rud éigin ab fhéidir le gach aon duine a thuiscint?'" Tá stíl ar dóigh aige sa Bhéarla chomh maith le sa Ghaeilge.
Géillstean don DUP giving in to the DUP
" "Géillstean don DUP" - céim rófhada, déarfainn, do ghluaiseacht na poblachta, ach tá Sinn Féin ag maíomh gur "lucht fuascailte fadhbanna" iad.
ag tabhairt na deise céanna dom giving me the same opportunity
" Cé go raibh deiseanna taistil iontacha agam le mo chairde Seiceacha ar fud na tíre, tá an Ghaeilge ag tabhairt na deise céanna dom, creid é nó ná creid.
ag tabhairt tacaíochta go hindíreach giving indirect support
" An rud is scáfara ná go bhfuil Bob Stoker luaite le heite fhorásach an UUP agus measann náisiúnaithe go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta go hindíreach d'fheachtas seicteach a bhfuil sé mar aidhm aige Caitlicigh a ruaigeadh amach as ceantracha Protastúnacha.
ag éirí astu giving them up
" "Tá mé ag éirí astu," a chuala mé arís agus arís eile, agus cé go raibh grúpaí beaga ag caitheamh taobh amuigh de na doirse, bhí neart iarchaiteoirí taobh istigh.
ag géilleadh do dhlí an tslua giving in to mob rule
" Dúirt na hOráistigh, áfach, go mbeifí ag géilleadh do dhlí an tslua dá ndéanfaí é sin.
ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith giving up all hope of any sort of rescue
" Nuair a bhí Fionntán ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith, dúirt Ruán: "Sílim go n-aithním an focal ar fheoil ansin - feoil rósta.
ag éirí as a phost giving up his job
" Mar a tharla, an lá a d'fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Breataine fiosrúcháin phoiblí a bhunú, d'fhógair an Coimisinéir John Stephens é féin go mbeadh sé ag éirí as a phost mar choimisinéir i gceann bliana ach go leanfadh sé air ag fiosrú líomhaintí claonpháirteachais.
ag cothú neart díospóireachta giving rise to plenty of debate
" Tá an chaint seo ag cothú neart díospóireachta, gan trácht ar neart imní, i measc fhostaithe na n-ollscoileanna.
ag géilleadh a neamhspléachais giving up its independence
" Ní bheadh aon eagraíocht ag géilleadh a neamhspléachais nó ag cailleadh cumhachta; bheadh siad uilig ag obair as lámh a chéile agus i dteagmháil lena chéile go laethúil.
ag baint deireadh dúile do chinneadh giving up all hope of a decision
" Ba thur an fháilte a chuir sé roimh an chur agus an cúiteamh seo uilig agus sa deireadh, nuair a bhí sé ag baint deireadh dúile do chinneadh, agus nuair a mheas sé go raibh sí ag dul thar an cheasaí, dúirt sé: "I ngeall ar Dhia, a Shiobhán, déan cinneadh.
Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí. You're always giving off.
"Bíonn tú ag cur do thóin amach i gcónaí.
ag dáileadh dí ar mhná dathúla giving out drink to beautiful women
" Sin roth mór an tsaoil duit: bomaite amháin tá tú ag dáileadh dí ar mhná dathúla, iad uilig gléasta go deas agus réidh le craic a bheith acu, agus an chéad bhomaite eile tá tú ag dáileadh ceapairí agus líomanáide i seomra lán le fir leathnochta, iad ag déanamh réidh don chéad rás eile.
ag éirí as an fhoréigean giving up violence
" Le cois iriseoirí, bhí daoine eile i láthair ar shuim leo an scannán, Danny Morrison, Jim Gibney agus Seana Walsh, an fear a d’fhógair don saol mór go raibh an IRA ag éirí as an fhoréigean, ina measc.
ag tabhairt aspalóide giving absolution
" Ach níl sé claonta – deir sé go ndearnadh coireanna uafásacha “ar an dá thaobh” – ag tabhairt aspalóide don tríú “taobh”, na Sasanaigh.
ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach giving outsiders a chance
" I dTír Chonaill, mar shampla, tá neart an phunta Sterling in éadan an euro ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach tithe saoire a cheannach agus a thógáil.
gus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse and giving the responsibility to a big television personality
" Níl aon samhlaíocht léirithe aige le dul i ngleic leis an slad atá á dhéanamh ar bhóithre na tíre, seachas pointí úra pionóis a thabhairt isteach agus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse.
ag tabhairt treoracha giving directions
" Gach seachtain i rith an tsamhraidh agus mé i nGleann Cholm Cille, bím ag tabhairt treoracha chuig tuamaí ursanacha agus ar uile do chuairteoirí.
ag tabhairt ceachta ar an bhodhrán giving a lesson on the bodhrán
" Phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé seanchairde mar Mháire Ní Chaiside agus Mairéad Ní Chuinneagáin ag amharc ar Phadaí Mór ag tabhairt ceachta ar an bhodhrán do bhean óg.
ag scaipeadh bileog giving out leaflets
" Bhí siad i mbun aisteoireachta ar ardáin bheaga, ag scaipeadh bileog nó ag seinm ceoil.
ag déanamh taispeántais giving an exhibition
" An mbíonn tú ag éisteacht le réimse leathan ceoil? HB: Tá an t-uafás téipeanna agam sa bhaile, cinn nach bhfuil ar an mhargadh ar chor ar bith! AÓF: Bhí tú ag rá liom nach maith leat gigeanna a dhéanamh, is é sin, tú féin a bheith ag déanamh taispeántais ar feadh uair an chloig agus daoine eile a bheith ina suí ag éisteacht leat.
bronnadh na nduaiseanna liteartha the giving out of the literary prizes
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
in éadan aitheantas a thabhairt against giving recognition
" In alt a bhí in *Lá Nua* an tseachtain seo caite, tuairiscíodh go raibh “baill aontachtacha de Chomhairle na Mac Léinn ag Ollscoil na Banríona tar éis vótáil in éadan aitheantas a thabhairt do Chumann Cheol Phobal na hÉireann.
ag tabhairt rabhaidh dúinn giving us a warning
" Os ár gcionn, agus muid ag dul i dtreo ár n-eitleán difriúil, tháinig fógra grágach torannach an aerfoirt ag tabhairt rabhaidh dúinn faoinár n-eitilt.
ag dáileadh amach an airgid giving out the money
" Tá troid inmheánach ar siúl agus cé a bheas ag dáileadh amach an airgid mar chnámh spairne.
ag cuimilt meala den lucht gnó giving sweeteners to the business people
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
ag tabhairt údar bróin giving a cause for sadness
" Mar sin, d’iompaigh na mic a máthair sa chaoi is nach mbeadh a haghaidh ag tabhairt údar bróin dá fear céile.
ag seanmóireacht giving a sermon
" “Níl mé ag iarraidh a bheith ag seanmóireacht sa scannán nó ag tabhairt léachta, agus ní deirim sa scannán é, ach ba mhaith liom dá gcuirfeadh daoine an cheist orthu féin, ‘Cá bhfuil Uncle Jimmy’, nó ‘Cá bhfuil Aunty Mary’.
ag tabhairt léachta, giving a lecture,
" “Níl mé ag iarraidh a bheith ag seanmóireacht sa scannán nó ag tabhairt léachta, agus ní deirim sa scannán é, ach ba mhaith liom dá gcuirfeadh daoine an cheist orthu féin, ‘Cá bhfuil Uncle Jimmy’, nó ‘Cá bhfuil Aunty Mary’.
ag tabhairt cead pleanála giving planning permission
" * Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
ag tabhairt bata agus bóthair giving the sack (getting rid of)
" Ach is é seo an cor is déanaí sa scéal, go bhfuil tabhairní ag tabhairt bata agus bóthair do na grúdlanna móra agus ag grúdú a mbeoracha féin.
fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí a man who never balked at giving opinions
" Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir *The Sun*, Kelvin MacKenzie – fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air – olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint.
ag tabhairt tacaíochta giving support
" ”MaoiniúAgus Darach ag tagairt thuas don chomplacht a bheith ag éirí níos rathúla, is é ceann de na rudaí atá i gceist aige ná gur fhógair an Chomhairle Ealaíon i mí Eanáir na bliana seo go mbeidís ag tabhairt tacaíochta d’Fhíbín ar bhonn leanúnach, rud atá ina fhaoiseamh mór dóibh.
a chur de chúram air giving him responsibility for
" An é sin an Frank Murray céanna a bhfuil an tAire Hanafin tar éis a chur de chúram air dul i mbun suirbhéireachta sa Daingean le cuidiú fadhb theanga teagaisc na Pobalscoile a fhuascailt?Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4/RTÉ é Breandán Delap.
bím ag tabhairt cuiridh dóibh I am giving them in invitation
" Mar sin, tá tuiscint eadrainn agus bím ag tabhairt cuiridh dóibh teacht isteach i mo spás pearsanta.
gan freagra a thabhairt dó. without giving him an answer
" An lá dár gcionn, d’fhill mé ar Bhaile Átha Cliath gan freagra a thabhairt dó.
ag tabhairt a óráide tromchúisí giving his serious, important speech
" Más fíor sin, tá an chuma ar an scéal gur éirigh leis an chleasaíocht sin a dhéanamh arís agus é ag tabhairt a óráide tromchúisí ar an 2 Aibreán.
ag tabhairt tacaíocht láidir giving strong support
" **Tacaíocht láidir**Is amhlaidh go raibh na Stáit Aontaithe ag tabhairt tacaíocht láidir d’arm treallchogaíoch na Batutsi – Rwandan Patriotic Front (RPF) – roimh an gcogadh cathartha i Ruanda.
ag tabhairt lántacaíochta giving full support
" Táthar ag tosú as an úr arís agus tá an tAire Cultúir Ealaíon agus Fóillíochta, Gregory Campbell, ag tabhairt lántacaíochta don ghrúpa.
ag tabhairt cuntais giving an account
" Scéalaí den scoth is ea John Ghráinne – nó John Phadaí Hiúdaí, mar a thugtar air chomh maith – agus baineann sé feidhm as an stíl chéanna scéalaíochta agus é ag tabhairt cuntais ar eachtraí a shaoil.
Ag tabhairt dúshláin giving a challenge
" Ag tabhairt dúshláin d’iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh a bhí Obama: "An mbeidh iar-uachtarán ar bith agatsa mar chainteoir an tseachtain seo chugainn? An mbeidh aisling agatsa freisin?" Níl a fhios ag aon duine go fóill.
tseanmóireacht lecturing or giving a sermon
" ”Is léir óna tuin chainte go gcreideann Roche go láidir sna prionsabail seo – níl rian ar bith den tseanmóireacht, den cheartaiseacht ná den bhéalchráifeacht ag baint léi.
cluas bhodhar á tabhairt giving a deaf ear, ie, not listening or ignoring
" Le tamall anuas, tá cluas bhodhar á tabhairt ag muintir na gcathracha don "mhé-féineachas" atá ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo.
ag tabhairt dídine giving refuge
" Tá sí féin agus a teaghlach i mbun na hoibre seo le tamall fada, ag tabhairt dídine dóibh siúd atá ag siúl an Camino.
ar an dé deiridh giving its last gasp
" Bhí an stíl ar an dé deiridh an uair sin, gan aon duine óg á chleachtadh.
ag tabhairt na méire giving the finger
" Feictear do lucht na gcarranna go bhfuil tú ag tabhairt na méire daofa cionn is gur féidir leat rothaíocht leat suas go barr an scuaine má tá trácht trom ann.
tugtha don amhránaíocht giving to singing
" An bhfuil Cathy Jordan san aicme chéanna den traidisiún le Dervish a d’fhiafraigh mé dí ansin? Deir Cathy go mbíodh a tuismitheoirí agus a muintir go léir tugtha don amhránaíocht agus don cheol nuair a bhí sí óg agus bhíodh an-mhórán seancheirníní sa teach, idir cheol traidisiúnta agus cheol tíre as Meiriceá.
i mbun aithisc giving a speech
" Ar chlár raidió Phat Kenny, breis is bliain ó shin, a chéadchuala mé Barack Obama i mbun aithisc.
Saorláithriú free-giving
" com/photos/wnprimages/2608004112/in/photostream/) Bord Saorláithriú an Leictreachais Is é an sruth AC (alternating current - sruth altéarnach) is bun agus barr ár gcóras aibhléise.
roinnt déirce alms giving
" Tuigim daofa, ach níl aon airgead sa tír le bheith ag roinnt déirce orthu.
tabhairt eolais giving information
" Tá both sa chríochfort le duine nó beirt ann ag tabhairt eolais amach ar an gcathair saor in aisce.
i luí seoil while giving birth
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
éirí as giving up
" Timpeall orm bhí na scórtha ag scaoileadh na mionnaí móra, ag dealú leis an diallait agus á shiúl! Bhí cuid eile ag éirí as ar fad agus ag casadh timpeall! Nuair a thagann tú amach as an mbóithrín arís (atá faoi chrainn), bíonn radharc iomlán nua romhat.
díol aon chorrlach giving any odds
" Deir *Paddy Power* gur rogha mhór na coitiantachta é agus nach mbeidh siad ag díol aon chorrlach ar a bhua dá bharr! Deireadh Fómhair 2008: An tAire Airgeadais, George Lee Fógraíonn George Lee clár sceanairte de cháinaisnéis.
ag breith giving birth
" Tá scéal ann go raibh bean ag breith linbh sa tsráid gar dá theach.
Sula ndearna sé a aitheasc deireanach before giving his last speech
" Sula ndearna sé a aitheasc deireanach i dTeach Laighean ar an 25ú Eanáir 2011, chonaic Michael D Páirtí an Lucht Oibre ag dul isteach i gcomhrialtas le Fine Gael.
ag tabhairt barróg cosanta di giving her a protective hug
" Tá sé cinn de phortráidí dá cuid le feiceáil sa taispeántas seo ina measc: ‘Féinphortráid le Moncaithe’ (1943) ina dtaispeánann sí í féin i bhforaois thrópaiceach agus moncaithe géagacha dubhmhalacha ag tabhairt barróg cosanta di.
nach ag cur na caoire thar an abhainn not just giving the appearance of doing something
" Tá súil agam nach bhfuil sé ag iarraidh dallamullóg a chur orainn agus nach ag cur na caoire thar an abhainn atá sé.
ag tabhairt di giving her
" Rosemary Nelson ========= Chuala muid glór an dlíodóra Rosemary Nelson agus í ag caint ag éisteacht de chuid Comhdháil na Stát Aontaithe, ag cur síos go mion ar an chiapadh a bhí na póilíní ag tabhairt di cionn is go raibh sí maith ag a cuid oibre, ag cosaint daoine a bhí os comhair na cúirte.
An misneach caillte agam I am giving up
" An misneach caillte agam, leagas uaim seanghiotár an trí chórda.
Welly ceart á thabhairt aige do giving it a real go
" Welly ceart á thabhairt aige do *‘Gonna Change My Way of Thinking’*, leagan símplithe 2003….
ag tabhairt ceardlann giving workshops
" Le linn an tráthnóna, chuaigh na bagadoù ag seinm agus ag tabhairt ceardlann in áiteanna éagsúla i lár an bhaile.
a fhearadh orthu siúd giving them
" Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
ag tabhairt trioblóide giving trouble
" Ach duine ar bith, speisialta nó gan a bheith, a bhí ag tabhairt trioblóide, cuireadh síos go rang Ray iad (gáire), ach bhain mé an-sult as sin.
i ndeireadh na feide giving their last gasp
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
ag tabhairt amach agus ag magadh ar giving out about and mocking
" Thosaigh sé ag tabhairt amach agus ag magadh ar an Ghaeilge.
de bharr am craolta a thabhairt over giving broadcasting time
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
ag tabhairt cuiridh oscailte giving an open invite
" Nuair a cháin an freasúra a mhíthrócaire, mhaígh Howard go raibh siadsan lag ó thaobh teorannacha a chosaint de agus go raibh siad ag tabhairt cuiridh oscailte do mhuintir na mbád teacht i dtír.
ag ligean leide giving a hint
" Seán Mac an tSaoi, Aire Stáit, go ndéana Dia a mhaith air, le linn freagraí sa Dáil ag ligean leide dúinn nach mbeadh sé fadmharthanach.
ag bagairt orainn is ina sólás dúinn are threatening us and giving us solace
" Sionfóin ins na críocha aisteacha sin atá idir aithnidiúil agus coimhthíoch san am céanna dúinn, ina bhfuil glóranna cian is congar na dúichí ag bagairt orainn is ina sólás dúinn san am céanna.
Bhí caint spreagúil á tabhairt ag was giving a spirited talk
" Bhí caint spreagúil á tabhairt ag Donncha Mac Fhionnlaoich, TD agus Aire Stáit na Gaeltachta, ag Scoil Gheimhridh Cholm Chille i nGartán ar na mallaibh.
ag tabhairt eolais faoin chine gorm giving information about the black people
" Bhí clár eolais sa tseanreilig i lár chathair Bhoston ag tabhairt eolais faoin chine gorm agus faoin gcaoi nach gcuirtí sa reilig sin iad mar bhí ceann dóibh féin i dtuaisceart an bhaile sa seanam.
ag cur díobh giving out
" Is cosúil nach raibh mórán thar thriúr den lucht cantail ag cur díobh in am ar bith ach gurb é an dóigh a raibh ainmneacha éagsúla á dtarraingt chucu féin le dul ina bhun.
dtugtar buntáiste iontrála giving an entrance advantage
" Tuigim fosta cad tuige go mbeadh an tAire Quinn ag iarraidh deireadh a chur leis an nós go dtugtar buntáiste iontrála do dhalta a bhfuil a chuid deartháireacha nó deirfiúracha ag freastal ar an Ghaelcholáiste.
thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach they started giving out immediately
" Bhí brón is scanradh orthu faoi na hionsuithe uafásacha i mBostún, níos lú ná 100 ciloméadar ón gcampas againne, ach fós féin thosaigh siad ag tabhairt amach láithreach faoi na meáin chumarsáide sa tír agus an tslí ar mhaith leo sceimlitheoir eachtrannach a ainmniú chun an foréigean a scaradh ó shochaí Mheiriceá.
ag tabhairt eolais dom faoin giving me info about
" Bhí mé leath ag éisteacht leis nuair a bhí sé ag tabhairt eolais dom faoin ngluaisteán – agus faoin gcaighdeán a bhain léi.
Goncanna a Thabhairt Fúm is Tharam giving rebuffs all around me
" Goncanna a Thabhairt Fúm is Tharam =============== Is é bun agus barr mo scéil anois, gur bheartaigh mé tabhairt faoin Pholannais.
beidh mé ag tabhairt goncanna go leor I’ll be giving plenty of rebuffs
" Faoi cheann bliana, tá súil agam, beidh mé ag tabhairt goncanna go leor do ‘bhuíon bhorb an Bhéarla Shacsanaigh’ amuigh ar shráideanna na hÉireann!
ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann giving a hint of a scandal
" “An bhfuil sé ag tabhairt leide go raibh oilbhéim ann?” a d’fhiafraigh mé de ag an tseoladh leabhair.
agus iad á saolú aici while she was giving birth to them
" Baineann an scéal le bean, Nóra, a chailleann cúigear de pháistí agus iad á saolú aici.
ag tabhairt leideanna beaga giving little hints
" Agus buamaí marfacha ag pléascadh gach lá san Íaráic, tá an Íaráin ag tabhairt leideanna beaga gach cúpla mí go bhfuil siad céim bheag eile ar aghaidh ina bhfeachtas chun buamaí eithneacha a thógáil.
An Síneadh Láimhe Riachtanach the necessary alms giving
" An Síneadh Láimhe Riachtanach =============== Bhí agus tá na meáin Ghaeilge éagsúil go maith ó na meáin Bhéarla sa mhéid is go bhfuil muid ag brath go huile is go hiomlán ar dhéirc an stáit.
ar fhíseanna a chur chun cinn on giving videos
" Le cúpla bliain anuas tá béím as cuimse curtha ag Google ar fhíseanna a chur chun cinn sna torthaí cuardaigh.
an dea-scéala a thabhairt dúinn giving us the good news
" Ar an drochuair ní dual do mheáin an Iarthair an dea-scéala a thabhairt dúinn ón Afraic.
in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht rather than giving them the duty of entertainment …
" An trí pobail éagsúla a chur ag iomaíocht in aghaidh a chéile, i gcomórtas seanchaite gan mórán toradh fadthréimhseach? Beidh an cúram ar Ghael-Linn dul ag plé le ‘oideachas in earnáil an bhéarla’, in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht trí mheán na Gaeilge a eagrú is a spreagadh is a chothú, rud a theastaíonns go géar, le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge í a úsáid go sóisialta.
troid bheag a chur suas giving a wee fight
" Is fiú troid bheag a chur suas in aghaidh an méid atá ag tarlú agus is léir anois go bhfuil fonn troda ar dhaoine.
ag éirí as oifig giving up his office that day
" ‘Slán le Seán’ ====== Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
trí ardán a thabhairt do by giving a platform to
" Ach caithfear an cheist a chur cén ghlór sainiúil a bheas ag an nuachtán úr agus é i gcomórtas leis na céadta míle suíomh eile atá ar fáil chomh furasta céanna? ’Sé an t-aon dóigh go n-éireoidh leis an nuachtán nua meas an phobail a bhfuil sé dírithe air a chothú ná trí ardán a thabhairt do scéalta atá ag dó na geirbe acu.
ag caitheamh anuas ar giving out about
" Seanphort a chuala mise go minic nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar Foinse le linn mo sheal mar eagarthóir ar an nuachtán, ná nach bhfeicfí an príomhscéal a bhí againn ar chéad leathanach an Irish Times.
Ag tabhairt fichille giving chess
" An Duais ==== **Cóip den leabhar: Ficheall** **Le Úna O Boyle** Ag tabhairt fichille chuig Gaeilgeoirí agus ag tabhairt Gaeilge chuig na ficheallaithe.