Pota Focal Intergaelic
glas | léas | gas | geas | glae
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghléas taistil means of transport
" Tá na busanna an-sean agus is minic a úsáidtear seanleoraithe, fiú amháin, mar ghléas taistil.
cruthaíodh gléas a device was created
" Le teacht ar an saol an Palm vii sa bhliain 1999, cruthaíodh gléas úr a sháraigh fadhb mhór na teicneolaíochta soghluaiste: an dóigh nach rabhthas ábalta ríomhairí neamhshreangaithe a cheangal leis an idirlíon.
gléasanna applications
" Ach is beag difear atá le tabhairt faoi deara idir ríomhairí le luasanna éagsúla toisc go mbíonn ar an micreaphróiseálaí cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna eile atá sa ríomhaire - gléasanna atá níos moille ná é.
do mo ghléasadh féin dressing myself
" Beidh mé do mo ghléasadh féin chomh luath agus a imíonn tú síos an staighre!" B'fhearr liom mura ndéanfadh Neain an oiread peataireachta orm.
gléasanna appliances
" Cé nach dtugtar mórán airde ar rogha printéara de ghnáth, is é ceann de na gléasanna ríomhaireachta is tábhachtaí é.
gléasanna fótachóipeála photocopiers
" Tá na printéirí léasair bunaithe ar theicneolaíocht gléasanna fótachóipeála agus bíonn caighdeán an chló dhuibh níos airde uathu sin.
gléasta dressed
" Tá méid millteanach eaglaisí sa cheantar agus ar an Domhnach feictear scataí daoine ag dul chucu, iad gléasta go deas.
gléasta chun gnímh prepared for action
" D'fhágfadh san go raibh, ar a laghad, píolóta amháin acu gléasta chun gnímh ag an am sin.
ghléas fótachóipeála daite colour copier
" Is féidir scanóir a úsáid le bogearraí oiriúnacha chun ríomhaire a chur ag obair mar ghléas fótachóipeála daite, mar ghléas faics agus chun gnáth-ghrianghrafanna a ionchur ar ríomhaire.
a chur as gléas to turn off
" "Rinne mé dearmad iarraidh ort an rud sin a chur as gléas sular thoisigh muid," arsa McAllister.
gléasanna scanála scanning devices
" Agus gléasanna scanála againn anois a léifidh téacsanna dúinn, níl leithscéal ar bith ann gan foclóir cuimsitheach a thiomsú ón ábhar atá againn cheana féin, é a fhoilsiú, agus é seo uilig a dhéanamh go fíorluath ar bheagán airgid.
gléasanna appliances
" Ní bhíonn caighdeán na bpictiúr ón saghas seo ceamara rómhaith toisc nach n-úsáideann na gléasanna mórán picseal chun na grianghrafanna a ghlacadh.
gléas beo means of livelihood
" Tógáil caorach an gléas beo atá ar mhórán sa cheantar, sin agus obair sna bailte móra máguaird, Bealach Féich agus Leitir Ceanainn.
ghléas ilfheidhmeach multi-function device
" Ach ní haon rud nua é an coincheap seo de ghléas ilfheidhmeach.
sa ngléas B maol in the key of B flat
" Bíonn seisiún an-bhreá ar fad ann chuile bhliain san iarnóin Dé Céadaoin, sa ngléas B maol, gléas atá ciúin, álainn agus séimh.
gléasta dressed
" Airm agus trealamh a d'úsáid an reisimint sa Tuaisceart atá le feiceáil sna cásanna taispeána, chomh maith le mainicín cuimsitheach de shaighdiúir (nó "Kingsman" mar thugann siad orthu féin) gléasta i dtrealamh círéibe.
ghléasanna appliances
" In alt ar "An teach nua-aoiseach ríomhaithe" deineadh cur síos ar conas a bhí comhlachtaí leictreonacha "go gnóthach i mbun oibre ar ghléasanna uile leictreacha agus fiú fuinnimh an teaghlaigh a eagrú agus a chaighdeánú chun an córas go léir a uathoibriú" agus gach rud a chur faoi smacht ríomhaire lárnaigh.
ghléas chord
" De bharr go bhfuil cúigear againn ann bhí guth breise againn le rud éicint breise a dhéanamh seachas an ceithre nóta sa ghléas, chun líonadh isteach mar uirlis cheoil.
gléas freagartha answering machine
" Nuair a rinne *Beo! *iarracht dul i dteagmháil leis na hollscoileanna ag an uimhir sin, ní bhfuair muid ach gléas freagartha a d'iarr orainn teachtaireacht a fhágaint.
ar an diabhal gléas on the damn appliance
" Tá fístaifeadán ag mórán daoine in Éirinn, ach níor bhuail mé riamh le duine a thuig conas taifeadadh a dhéanamh ar an diabhal gléas.
ar an diabhal gléas on the damn appliance
" Tá fístaifeadán ag mórán daoine in Éirinn, ach níor bhuail mé riamh le duine a thuig conas taifeadadh a dhéanamh ar an diabhal gléas.
gléasta dressed
" Téann na heaspaig agus na sagairt agus scata mór den phobal thart, agus bíonn daoine gléasta in éadaí traidisiúnta agus ag iompar bratacha móra maisithe agus dealbha na naomh.
gléasta dressed
" * Gluais • Glossary sprioctarget ní túisce anseo thúno sooner are you here iontach slachtmharvery tidy beathalife mórphearsa ficsingreat fictional character dílleachtaorphan sa tsraithin the series uaighgrave an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work oilithreachtpilgrimage clúiteachrenowned a mhaíomhto boast iarsmalannmuseum tairgtear camchuairteannatours are offered bantreoraífemale guide díomhaoinidle ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life troscánfurniture sprúillí mionsonraíochaminor fragments col ceathrachacousins ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it adhlacthaburied i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors iad a rangúto categorise them SeapánaighJapanese díograiseachenthusiastic searmanasceremony a fhiafraí deto ask dúilliking luachannavalues chomh patuar intias apathetic towards her smidword, syllable carrchlóscarpark mionsamhailminiature éalúescape proinntitherestaurants camchuairt oidhreachtaheritage tour baiste asnamed after a cuid pearsanher characters bunchlochfoundation-stone straitéis mhargaíochtamarketing strategy uimhirphlátaínumber plates gléastadressed príomhsheómain show Oileánaighisland-people mórtasach asproud of dúchasachnative mangairísellers ollúna mórluachachaself-important professors tionscalindustry débhríochambiguous bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on tuairiscítearit is reported frith-Anneanti-Anne Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged fonóidmockery d'íomhá fholláin Anneof Anne's clean image casadhtwist is barrúlafunniest cúiseamhaccusation leispiachaslesbianism (chuir sí(she nuair a d'áitighwhen she argued comhdháilconference leispiachas folaithehidden lesbianism cairdeasfriendship cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love oirirceminent flúirse tagairtílots of references homa-anghráchhomo-erotic traidisiúnaithetraditionalists ábhar a stoitheadhto take material comhthéacscontext náireachshameful scannalachscandalous nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis i dtólamhalways treoraí ar leitha separate guide na sluaite leispiachathe crowds of lesbians díoltas DéGod's revenge mallaithedamned go mear ocrachquickly and hungrily páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park tithe itheacháineating houses tuirlingtto alight ar an drochuairunfortunately níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of ag foghlúplundering ag creachlooting fáilteachwelcoming go gealgháireachcheerfully le teann diabhlaíochtaout of devilment sé glúinesix generations dubh le turasóirípacked with tourists cárgrimace níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips oineachhonour freastalaíwaitress babhla seabhdairbowl of chowder ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk diúilicínímussels breallachclam portáncrab gliomachlobster trosccod róshrónachtoo nosey meascthamixed glasraívegetables diúgann tú an t-anraithyou drain the soup an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet
gléas speisialta special appliance
" Bhain na fóin satailíte a bhí cuid mhaith de na hiriseoirí ag úsáid leis an tsatailít Thuraya, agus bhí gléas speisialta iontu a cheangal iad leis an gcóras loingseoireachta satailíte GPS nó Global Positioning System.
gléasta dressed
" Agus bunadh Nua-Eabhrac ag fanacht leis an Ghobharnóir Pataki a bhreith a thabhairt ar an cheist, tá Finucane agus a lucht tacaíochta i mbun feachtais ag Ground Zero, iad gléasta in éide fir dhóiteáin agus ag tabhairt amach eolais a thacaíonn lena gcúis.
gléasanna leictreonacha electronic devices
" com/, áit a mbíonn gléasanna leictreonacha á n-úsáid chun an fad idir rudaí a thomhas.
a ghléasann iad féin who dress themselves
" Tá siad ar nós daoine a ghléasann iad féin mar Lochlannaigh nó mar Ghaeil chun seanchathanna a athchruthú.
gléasanna appliances
" Bhí scéim phíolótach ann in Éirinn cheana féin chun triail a bhaint as an gcóras ach, dar le daoine a bhí ag obair leis na gléasanna sin, bhí fadhbanna ag baint leo.
gléasta go maith well-dressed
" Tábhairneoir agus fear gnó ab ea é, fear flaithiúil, a bhíodh i gcónaí gléasta go maith.
gléasta dressed
" D'aontaigh dream Albanach leis, iad gléasta i bhfilltí beaga, *tam-o'shanter *ar gach duine acu agus iad ag screadaíl "Freedom" an lá go léir.
dhea-ghléasta well-dressed
" Bean dhóighiúil, dhea-ghléasta seasca a dó bliain d'aois i lár uafáis eile de chuid an tuaiscirt.
gléas leictreonach éigin some electronic device
" Bíonn eagla orm féin i gcónaí go ngoidfear é nó go ndéanfar cóip de le gléas leictreonach éigin nuair nach bhfuil mé ag coimeád súil air.
gléas gearrtha cutter
" Mar a dúirt Jorunn Christoffersen, duine den fhoireann: "Bhí gléas gearrtha leo a ghearr an tsreang.
gléasta mar phóilíní dressed as policemen
" D'éalaigh beirt ghadaithe, a bhí gléasta mar phóilíní, le saothar arbh fhiú $300 milliún é ó Dhánlann Isabella Stewart Gardner i ndiaidh dóibh glais lámh a chur ar na gardaí.
gléasanna appliances, machines
" Tá an próiseas seo tapa agus beagnach chomh héasca le húsáid leis na gléasanna a dhíolann ticéid Luas agus traenach.
a ngléas taistil féin their own means of transport
" Ba chuma i gcás na ndaoine a raibh carranna acu, ach bhí na sluaite seandaoine, máithreacha le gasúir óga agus daoine eile ann nach raibh a ngléas taistil féin acu, nach raibh in ann siúl go dtí an príomhbhóthar (má bhí seirbhís ann dóibh ansin) agus a bhí fágtha ar an trá thirim, scoite amach ón saol.
gléas apparatus
" Tá sé an-deacair é a aimsiú, ach bhí gléas ag David Thompson, maor an Iontabhais Náisiúnta, a aimsíonn rudaí le cuidiú satailíte.
seomra gléasta the dressing room
" Cén míniú atá air mar scéal, má tá? An é go ndeachaigh fear óg éigin le báiní ar fad sa chluiche úd i gcoinne na Gaeltachta agus gur chaill sé smacht iomlán air féin? Agus, más ea, cén fáth ar tharla sé sin? Nó an é gur dúradh leis roimh ré, istigh sa seomra gléasta nó ar pháirc na traenála, gan aird a bheith aige ar stádas réaltach, idirchontae-ach mhuintir Uí Shé ach, ina ionad sin, a dhéanamh cinnte nach mbeadh tionchar rómhór acu ar thoradh an chluiche an Satharn dár gcionn? B'fhéidir go raibh an fear óg céanna sin i bPáirc an Chrócaigh coicís roimhe sin agus gach liú agus béic aige ag tabhairt tacaíochta d'fhoireann Chiarraí.
gléasta in uaine dressed in green
" Tagann fear gealgháireach, gléasta in uaine, i mo threo.
gléas ceoil musical instrument
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
gléasta go proifisiúnta dressed professionally
" Na céadta duine gléasta go proifisiúnta, cuid acu ar chapaill, cuid acu le drumaí, cuid acu le ga nó píce.
dea-ghléasta well-dressed
" Duine deas dea-ghléasta a bhí ann, thart fá sheasca bliain d'aois.
gléasta dressed
" Spreag a phictiúr *To the Unknown British Soldier *conspóid mar gur léirigh sé cónra clúdaithe le bratach agus beirt saighdiúirí cráite ar an dá thaobh agus iad gléasta i mblaincéid ghioblacha.
dea-ghléasta well-dressed
" Bhí mná dea-ghléasta ag rothaíocht leo, mar aon le seandaoine, agus daoine agus páiste ar cúl acu nó madadh i gciseán chun tosaigh.
gléasta dressed
" Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stop leosan fosta.
gléas appliance
" ** Conas a bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil siad ag glaoch ag an am is measa? An bhfuil gléas éigin sa ghuthán a aithníonn go bhfuil tú sa phictiúrlann nó, níos measa fós, sa leithreas? Níl aon rud níos measa ná do ghuthán a chloisteáil ag bualadh go tobann in áit chiúin – go háirithe nuair nach féidir leat teacht air chun é a mhúchadh.
gléasta dressed
" Mar gheall ar an dóigh a raibh na fir gléasta, an áit ina raibh siad agus an t-am a chonacthas iad, creidtear go láidir gur ag teitheadh i ndiaidh dhúnmharú an Uasail Fullerton a bhí an triúr.
gléasta go maisiúil dressed glamorously
" Bíonn an teiripeoir seo gléasta go maisiúil, mar a bheadh amhránaí ceoil tuaithe ann.
na crainn gléasta i nduilleoga úra the trees dressed in fresh leaves
" Radharc aoibhinn a bhí ann: na crainn gléasta i nduilleoga úra, an sceach gheal faoi bhláth, agus clocha méithe phálás an easpaig agus abhainn ghléigeal dhonn ag rith fúthu.
an gléas oiliúna the teaching tool
" Ón am sin amach ba í an litríocht an gléas oiliúna *par excellence* le luachanna agus fiúntais an náisiúin a sheachadadh ó ghlúin go glúin; leis an ghlúin óg a oiliúint ionas go neartófaí na luachanna agus na fiúntais chéanna, agus an náisiún féin dá thoradh sin (lgh 1-7).
an gléas oiliúna the teaching tool
" Ón am sin amach ba í an litríocht an gléas oiliúna *par excellence* le luachanna agus fiúntais an náisiúin a sheachadadh ó ghlúin go glúin; leis an ghlúin óg a oiliúint ionas go neartófaí na luachanna agus na fiúntais chéanna, agus an náisiún féin dá thoradh sin (lgh 1-7).
dea-ghléasta well-dressed
" Chonaic mé radharc ait, truamhéalach an lá cheana: fear óg, dea-ghléasta ina chnap ar chéimeanna foirgnimh i lár Bhaile Átha Cliath.
gléasta go gioblach dressed in rags
" Agus í ag siúl na sráide a fhad leis an traein a bhéarfadh chun an ghéibhinn í, í gléasta go gioblach, tháinig na mná tí Gearmánacha amach as a gcuid tithe, áit a raibh siad ag déanamh giollachta ar an bhricfeasta, le stánadh orthu.
gach saghas gléas leictreonach every type of electronic apparatus
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
ó ghléas not working
" Bhí súil aige nach raibh an diabhal idirlín ó ghléas mar a bhíodh go minic agus é ar daoraí le rud inteacht a chuardach.
gach saghas gléas leictreonach every type of electronic apparatus
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
seomra gléasta changing room
" Fan san áit a bhfuil tú a Bhaloir agus rithfidh mé isteach sa seomra gléasta sin.
gléasanna daora leictreonacha expensive electronic devices
" Ní raibh sé ródheacair an cárta a chur isteach sa ríomhaire, cé nach mbím riamh ar mo shuaimhneas ag baint gléasanna daora leictreonacha as a chéile.
an gléas ilmheánach boise sin that hand-held multimedia device
" Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an *BlackBerry*, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.
gléasta dressed
" “Bhí Dee sa Choláiste Ealaíne amuigh i nDún Laoghaire agus bhíodh na *lads* ón gcoláiste ag teacht isteach agus ag caitheamh uibheacha ar an *projector screen* agus muidne gléasta suas i *motorbike gear* nó inár n-éadaí snámha.
gléasanna daora leictreonacha expensive electronic devices
" Ní raibh sé ródheacair an cárta a chur isteach sa ríomhaire, cé nach mbím riamh ar mo shuaimhneas ag baint gléasanna daora leictreonacha as a chéile.
an ghléas bheag liath the small grey appliance
" Bhí aige leis an ghléas bheag liath a chroitheadh agus a chur go béal dhá uair.
gléasta dressed
" Bhínn gléasta le aghaidh agallamh foirmeálta agus mé ag cur isteach ar chlár siamsaíochta.
gléasta go fóill still dressed
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
fhoréigean mar ghléas violence as an instrument
" “Is cuma céard a cheapann tú den fhoréigean mar ghléas, is gléas é a úsáideann daoine measúla ar fud an domhain.
gléasta i gceart propertly dressed
" Agus, dar ndóigh, ní mhothaím go mbím gléasta i gceart ar chor ar bith gan m’Uzi i mo phóca clé agus m’Armalite i mo bhosca.
gléasta dressed
" £73 an cead isteach a bhí i gceist go dtí an Princess Royal Stand, an áit a raibh mé féin ag obair, agus cé go raibh radharc maith ón ardán, ní dheachaigh cuid mhaith de na *punters *amach air mar go raibh sé rófhuar dóibh agus iad gléasta i ngúnaí beaga nó i gcultacha.
seomra gléasta dressing room
" seomra gléasta na marcach a bhí sa Seomra Meáite, mar bhí meá ann fosta leis an mheáchan roimh rásaí a sheiceáil.
gléasta go galánta beautifully dressed
" Mná ab ea an chuid is mó acu, iad uilig gléasta go galánta agus aoibh mhaith orthu tar éis cúpla Pimms a fháil ag an doras.
seomra gléasta dressing room
" Tráthnóna amháin, áfach, agus muid sa dara bliain, d’imíomar isteach chuig an seomra gléasta a bhí ar chúl na scoile in aice na foraoise – seanfhoirgeamh *pre-fab* lán le macallaí a rinne damhsa timpeall orainn.
sa chaoi a ngléasann daoine in the way people dress
" Tá éagsúlachtaí le feiceáil sa chaoi a ngléasann daoine, sa bhia a itheann siad, sna rudaí atá ar díol ar na sráideanna agus, go mór mór, sa taobh tíre féin.
gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach dressed in UVF and Black and Tans uniform
" B’amhlaidh a bhí i gcás na bparáidí: Cé go raibh baill de bhannaí ceoil feadóige na nOráisteach le feiceáil go rialta agus iad gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach, ní dhearna na póilíní faic faoi go dtí gur tháinig an Jim Larkin Republican Flute Band (JLRFB) ar an saol i 1997.
an-ghléasta well dressed
" Nuair a thaispeáin mé an pictiúr *Tom Trubert’s Blues* ar an “Late Late Show” dúirt mé, mar mhíniú air, go bhfaca mé an bheirt seanfhear seo ina seasamh ar an phromanáid i mBré – duine amháin acu agus cuma an-ghléasta shnasta air agus an duine eile, i gcodarsnacht leis, agus cuma bhriste chráite air.
gléasta dressed
" Gasúir agus girseacha gléasta don oíche.
gléasta dressed
" Le dul i ngleic leis an fhadhb, chaith muid ár mbuataisí agus, mar sin de, bhí cuma ait orainn sa scuaine in Aerfort Learphoill i measc na ndaoine eile agus iad gléasta le haghaidh laethanta saoire sa “chathair rómánsach”.
gléas raidió radio appliance
" I 1945 nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta.
go ndáilfí gléasanna raidió that radios be distributed
" I 1945 nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta.
gléasanna cumarsáide communications devices
" Is éard atá ann ná tromaíocht a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, an guthán soghluaiste agus gléasanna cumarsáide eile.
gléasta dressed
" Johnny Fingers ar an bpianó agus é gléasta ina éadaí oíche.
gléas leictreonach an electronic device
" Ní rabhas róchinnte faoi seo, ach i ndeireadh báire ní raibh ann ach go raibh orainn gach rud inár bpócaí a fhágáil sa bhforhalla, cead a thabhairt do na bairdéirí cuardach trínár mbróga, agus cinntiú nach raibh gléas leictreonach farainn ar ár mbealach tríd an bpríosún.
gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, dressed as the Picts used to be,
" Taobh amuigh, bhí buachaillí óga ag rith thart gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, agus sleánna agus sciatha acu, agus bhí bean gléasta sa stíl Lochlannach i mbun cócaireachta i bpota mór dubh os cionn tine oscailte.
gléasanna suimiúla, interesting devices,
" Ní hé nach bhfeicim gléasanna suimiúla, ach chun an fhírinne a rá is beag rud atá ar díol sna siopaí sin atá úsáideach – agus tá líon níos lú fós atá sa chatagóir “riachtanach”.
gléasta dressed
" D’amharc mé ar an triúr ar feadh bomaite, iad gléasta i raonchulaith de chuid Everton, agus ansin chuaigh muid tríd an slua le chéad chluiche an lae a fheiceáil.
ghléasanna seafóideacha éagsúla. various stupid devices.
" San alt deireanach a scríobh mé san iris seo, chaith mé go leor ama ag déanamh gearáin faoi ghléasanna seafóideacha éagsúla.
gléasta i mionsciortaí dressed in mini-skirts
" Dá bhfeicfeá na forránaigh! Bhí cuid mhór acu gléasta i mionsciortaí agus cíochbhearta dathannacha.
go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce that radio sets be distributed free of charge
" I 1945, nuair a thug státseirbhísigh le fios don Taoiseach, Éamon de Valera, nach mbeadh aon éileamh ar stáisiún raidió Gaeltachta cionn is nach raibh gléas raidió ach ag 10% de thithe Gaeltachta, mhol de Valera go ndáilfí gléasanna raidió saor in aisce ar phobal na Gaeltachta.
gléasta dressed
" Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d'amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.
agus flúirse gléasanna mar é and an abundance of appliances like it
" Tá an iPod – agus flúirse gléasanna mar é – ar fáil anois, ar féidir leat do bhailiúchán iomlán ceoil a stóráil orthu.
leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna. with the next generation of devices
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
ón ngléas fóin féin go dtí na bogearraí atá air. from the phone apparatus to the software that is on it
" Tá éirithe le Google roinnt den aird a ghoid ó iPhone Apple freisin toisc go bhfuil siad tar éis an bhéim a bhogadh ón ngléas fóin féin go dtí na bogearraí atá air.
gléasanna soghluaiste tapa fast mobile devices
" Ba mhaith leo go mbeadh i bhfad níos mó saoirse ag daoine dul ag brabhsáil ar an idirlíon le gléasanna soghluaiste tapa agus tá siad ag iarraidh teacht timpeall ar na constaicí atá cruthaithe ag leithéidí Vodafone agus O2.
chuig an ngléas taifeadta. to the recording device
" Tá sé faoi gheasa anois agus tá a chuid mothúchán uile ar nós srutha dhiamhaire – iad ag taisteal óna chroí chuig a mhéara, chuig a ghiotár agus amach chuig an ngléas taifeadta.
gléasadh mar is cóir dress appropriately
" Ach, ar na saolta deireanacha seo níl dabht ar bith ach go bhfuil sé ag éirí níos deacra na séasúir a aithint óna chéile, rud a fhágann muid gan a bheith ábalta gléasadh mar is cóir fá choinne doininne ná soininne, ná fiú an doineann a aithint ón soineann, nó an bhó riabhach a aithint ón bhó mhire in amanna; rud a fhágann fosta go bhfuil cuid mhór aicídí úra ag teacht inár dtreo, agus mórán acu anseo cheana féin.
tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine. the police are dressed in British police uniforms
" Is é an chéad rud atá le feiceáil agus duine ag dul thairsti ná Winston Churchill Avenue, agus tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine.
gléasta go lonrach. brightly dressed.
" I mbliana, mar shampla, ghlac 9,000 duine páirt sa pharáid agus, mar is iondúil, bhí siad go léir gléasta go lonrach.
gléasanna céasta implements of torture
" Agus na gléasanna céasta seo á gcur ort den chéad uair, bíonn gach duine ag rá leat go mbeidh tú i bpian, ach ní bhíonn tú cinnte cad é chomh pianmhar agus ba cóir dó a bheith.
gléasta dressed
" Agus trí lá ina dhiaidh sin, ag tórramh Chaoimhín Mhic Bhrádaigh, an t-óglach a rinne iarracht Michael Stone a stopadh, mharaigh an IRA beirt bhall d’arm na Breataine a bhí gléasta in éadaí sibhialta.
ghléas bolscaireachta propaganda device
" Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
gléas device
" Beidh an gléas ar fáil ar raon leathan seirbhísí – Vodafone, O2 agus Meteor ina measc.
gléasanna nua teicneolaíochta new technological devices
" (Paragraf 10) GléasannaBhí an bhulaíocht riamh mar ghné de shaol na scoile, ach sa lá atá inniu ann tá gléasanna nua teicneolaíochta ag cur ar chumas na mbulaithe a gcuid íospartach a chiapadh ar bhealaí níos sofaisticiúla.