Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag glacadh seilbhe ar taking possession of
" Is léir go bhfuil déagóirí agus daoine óga áirithe ag glacadh seilbhe ar cheisteanna cearta teanga agus go bhfuil dreamanna mar na Gaeil Óga, eagraíocht réasúnta nua, chun dul i ngleic leis na dúshláin nár éirigh leis an ghlúin a tháinig rompu a shárú.
seilbh a ghlacadh ar na holacheantair uilig to take possession of all the oil fields
" Níl aon chinnteacht ann, áfach, go mbeadh cead acu seilbh a ghlacadh ar na holacheantair uilig siocair go bhfuil oiread infheistíochta déanta ag tíortha eile iontu.
i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach after possession was taken of their house
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
seilbh a ghlacadh ar an micreafón take possession of the mic
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
seilbh a ghlacadh ar taken possession of
" Measaim féin go raibh na fir óga seo tar éis seilbh a ghlacadh ar thodhchaí airgeadais na treibhe toisc go raibh oideachas foirmeálta agus an Beárla acusan, rud a bhí de dhíth ag a n-aithreacha is dócha.
ghlac siad seilbh ar they took possession of
" Nuair a bhunaigh an Bhreatain coilíneach san Astráil sa bhliain 1788 ghlac siad seilbh ar na hoileáin chóngaracha sa Teiscinn Chiúin, an chuid ba mhó den Nua-Shéalainn san áireamh.
ghlac sé seilbh ar he took possession of
" Aghaidh ar na Stáit ========= Meán Fómhair 1956, Nua-Eabhrac, nocht Fuller a uaillmhianta domhanda nuair a ghlac sé seilbh ar an Manhattan City Centre Ballroom.
seilbh a ghlacadh ar thionscadal na hatógála to take possession of the project of rebuilding
" Chlis orthu seilbh a ghlacadh ar thionscadal na hatógála, chlis orthu réiteach glinn ar fhadhb an neamhionannais a chur in iúl, agus chlis orthu aon bhealach cruinn a leagan síos a cheartódh cultúr na hiomarca agus na caimiléireachta atá i smior an chórais chaipitlíoch.
a ghlac seilbh ar who took possession of
" Bhí daoránach Éireannach darb ainm Éamonn Ó Riain ar an gcéad Eorpach a ghlac seilbh ar Galong thiar sna 1820í.
sásta seilbh a ghlacadh ar an tionscal content to take command of the industry
" Cén t-iontas é seo nuair nach bhfuil an stát sásta seilbh a ghlacadh ar an tionscal.
seilbh a ghlacadh ar chumhacht taking power
" D'fhás Bashar aníos saibhir i nDamaisc gan mórán foinn seilbh a ghlacadh ar chumhacht.
ag glacadh seilbhe ar an slua taking control of the crowd
" Ansin, d'iompaigh an láthair go dtí an tSile i 1973 agus an tArm arís ag glacadh seilbhe ar an slua ar ardán os ár gcionn.
ag glacadh seilbhe ar an teanga taking possession of Irish
" Ar deireadh feictear domsa go bhfuil daoine ag glacadh céimeanna, go bhfuil coistí pleanála teanga ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht, go bhfuil an pobal féin ag glacadh seilbhe ar an teanga.
Tar éis seilbh a ghlacadh ar having occupied
" Tar éis seilbh a ghlacadh ar an tír go léir agus rialtas Siach a bhunadh a bhí báúil do mhianta na Stát Aontaithe, d’admhaigh siad nach raibh airm ollscriosúla ar bith sa tír.
mar aidhm acu seilbh a ghlacadh ar they have the aim to control
" Tugann siad ‘Stát Ioslamach san Iaráic agus sa Leiveaint’ (SIIL) orthu féin agus tá sé mar aidhm acu seilbh a ghlacadh ar an talamh uilig idir Cósta na Meánmhara agus Bagdad (áit a bhfuil cónaí ar thromlach mór Sunnaíoch).