Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gleoite pretty
" Bhí cuma iontach gleoite ar na hasail, lena n-aghaidh fhionnaitheach agus a gcrúba beaga bídeacha.
gleoite delightful
" Agus ansin rian 14, "The Green Fields of Mayo" atá á chasadh ag Mary Staunton - gleoite! Má cheannaíonn tú an dlúthdhiosca seo beidh tú ag déanamh gníomh fiúntach, ag cabhrú le hOspidéal Naomh Lúcás ina gcuid oibre le daoine a bhfuil ailse orthu.
taispeántas gleoite delightful exhibition
" Bailiúchán ollmhór de phíosaí ealaíne an chéad toradh atá ar an tionscadal seo agus tá taispeántas gleoite den saothar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair agus ag fáil ardmholadh gach áit a dtéann sé.
gleoite pretty, charming
" Thiontaigh muid ó thuaidh ag Dún Geimhin, ansin thiomáin muid trí ghleann gleoite, Gleann na Ró, go dtí Léim an Mhadaidh.
gleoite pretty
" Níl sé chomh gleoite sin mar bhaile, measaim, ach tá atmaisféar breá réidh ann, leis na báid sa chuan agus aonach seó beag agus bialanna ag tairiscint iasc úr.
gúna gleoite pretty dress
" Is fada freisin ó tugadh béile na Nollag dom ar phláta plaisteach - caithfidh go rabhas breá sábháilte i gcathaoir ard, gúna gleoite na Nollag agus bibí beag daite orm agus mo thuistí, aintíní agus uncailí ag rá liom gur cailín beag maith mé.
gleoite pretty
" Tógadh an foirgneamh seo i bhfad ó shin agus tosaíodh óstán ann sna seascaidí nuair a bhí na *hippies, *teachtairí na mbláthanna agus an ghrá, ag teacht anseo ina slóite gleoite .
sráidbhaile gleoite a beautiful village
" Tá sé suite ag Port na hAbhann, sráidbhaile gleoite ar chósta thiar Íle.
sráidbhaile gleoite charming village
" Agus mé ag taisteal ar an Black Isle ar thaobh Linne Mhoireibh, atá taobh thoir d'Inbhir Nis, tháinig mé ar an Groam House Museum i sráidbhaile gleoite darb ainm Rosemarkie.
an-ghleoite very pretty
" Tá an tseanchathair uilig an-ghleoite.
gleoite delightful
cé gleoite a pretty quay
" Bhuail muid le chéile ag cé gleoite darb ainm Ringhaddy, atá cúpla míle ó Chill Ó Laoch.
chnoic ghleoite pretty hills
" Traein mhall a bhí inti, a chuaigh trí chnoic ghleoite na Tuscáine, a bhí glas go fóill cé gur mí na Samhna a bhí ann, agus tithe breátha tógtha go hard orthu.
gleoite pretty
" Bhí sí tuairim is daichead, í beag agus gleoite.
gleoite pretty
gleoite pretty
" "Is breá liom a bheith ag iascaireacht, ag siúl cois cladaigh, ag seoltóireacht," a deir sé, agus tá pictiúir de húicéirí gleoite na Gaillimhe ag maisiú bhallaí a thí.
gleoite pretty, delightful
" Chríochnaigh muid ag Port an Pheire, an baile beag gleoite ag béal Loch Cuan, os comhair Bhaile Loch Cuan.
gleoite charming
" Cé go raibh sé dubh le turasóirí, bhíomar in ann éalú ón slua síos sráideanna beaga cúnga, áit a raibh tithe gleoite agus radharc iontach ar an gcathair ar fad.
gleoite charming
" Cé go raibh sé dubh le turasóirí, bhíomar in ann éalú ón slua síos sráideanna beaga cúnga, áit a raibh tithe gleoite agus radharc iontach ar an gcathair ar fad.
gairdín gleoite bláthbhreac beautiful flower-filled garden
" Moltar, lena chois sin, cuairt a thabhairt ar thuama naomhphátrún na heaglaise, Santa Eulalia, agus ar an chlabhstra álainn ón 14ú céad agus an gairdín gleoite bláthbhreac atá in aice leis.
sráidbhaile gleoite charming village
" Is sráidbhaile gleoite é Ros Maircnidh, atá suite in aice le trá mhór fhada dheirceach ar Linne Mhoireibh ar chósta thoir na hAlban.
Gleo gleoite. A lovely noise.
samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta the lovely examples of sculpture and architecture
" Ach, seachas sin go léir, fágann na samplaí gleoite dealbhóireachta agus ailtireachta atá le feiceáil gur fiú cuairt a thabhairt ar an reilig seo.
gleoite pretty
" D’fhan mé thar oíche i mbrú óige san Òban, baile gleoite atá suite ar bhá mór idir cnoic agus oileáin.
cuan gleoite. a beautiful harbour.
" Tá sraith sráidbhailte iascaireachta ann, Cathair Aile, ina measc, áit a bhfuil cuan gleoite.
gleoite pretty
" Tá go leor rún eolaíochta á gceilt ag bosca gleoite bán an iPod! Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel ((www.
faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae under the lovely lively sun of mid-day
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
gleann gleoite glas a beautiful green valley
" Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.
féile ghleoite. a lovely festival.
" com/ Agus an líne bhán sroichte, sé mhíle is fiche agus 385 slat curtha dínn againn 3/9/07: The Electric Picnic – féile ghleoite.
grianghrafanna gleoite, lovely photographs,
" * Is í an Dr Ríonach Uí Ógáin a chuir an leabhar in eagar – grianghrafanna gleoite, leagan amach ealaíonta agus nótaí an-chuimsitheacha.
draíocht ghleoite charming magic
" Go tobann, tá draíocht ghleoite ag teacht tríd an gcóras fuaime.
sruth gleoite cruthaitheach a lovely creative stream
" Thug sí caiséid de cheol Alan Stivell dom – b’in uile! Ach a leithéid de cheol! *Live Á Dublin* nó *Á l’Olympia* – a bhanna ar mire le fuinneamh agus sruth gleoite cruthaitheach ag snámh trí gach píosa ceoil.
i gcultacha áille gleoite in lovely charming outfits
" Is ealaín dhúchasach é Kathakali ina mbíonn aisteoirí ag meascadh ceoil, rince agus míme, iad gléasta i gcultacha áille gleoite.
go gleoite perfectly
" D’éirigh go gleoite liom is fuair mé léirmheasanna maithe.
gleoite lovely
" Stair ealaín chloch ghreanta na hÉireann is ábhar don scannán gleoite seo.
gleoite beautiful
" Déan an chéim seo arís agus arís eile, go dtí go bhfuil tú dubh dóite de ar aon nós – sa chruth mar a bhfuil cur síos déanta air ag Koch leantar leis na céimeanna go deo! Áille Mhór sa Mhiondúil =========== Mar is léir, faightear íomhánna gleoite as na halgartaim seo, ach ní raibh mórán measa ag lucht na matamaitice orthu roimh theacht Mandelbrot.
go gleoite really nice
" Tá siad monachróim ach tá roinnt díbh go gleoite, roinnt díbh greannmhar, roinnt meonach, ach tá siad go léir uathúil.
go gleoite lovely
" Féiríní fíoraisteacha agus bronntanais bharrúla! Tuilleadh seoda fileata ó Áine Ní Ghlinn léirithe go gleoite ag Carol Betera.
aghaidh bheag ghleoite a lovely small face
" Leis an rón beag, ní bhreathnaíonn sé cosúil leis an madra céanna! De ghnáth, bíonn aghaidh bheag ghleoite air gan smut, ach le srón craptha agus an-chosúil le spáinnéar shéarlais san aghaidh i ndáiríre.
radharcanna gleoite lovely views
" Tá cuid de na bailte cois aille le radharcanna gleoite an Atlantaigh féin le feiceáil.
chuma ghleoite lovely appearance
" Tá cuma ait ar an gcóála mar gheall ar a cheann mór, a chluasa móra gruagacha agus a shrón ollmhór, ach is léir go dtéann an chuma ghleoite seo i gcion go mór ar dhaoine.
gleoite agus dírithe ar beautiful and directed towards
" Agus muna dtaitníonn YouTube leat ar fáth éigin, tabhair aird ar Vimeo, atá gleoite agus dírithe ar cheardaithe físeáin in ionad chuile dhuine beo.
bhí dóigh ghleoite aici she had a great way
" Bhí guth den chéad scoth aici agus, anuas air sin, bhí dóigh ghleoite aici le lucht éisteachta a mhealladh.
ba anseo a bhí seoda beaga gleoite this was where the lovely wee gems
" Is ar éigean atá slí suí do cheithre scór sa seoimrín seo, ach ba anseo a bhí seoda beaga gleoite le fáil don té ar spéis leis an ealaín a dhéantar ar bheagán airgid gan mórán cainte.
an tséipéil ghleoite a tógadh of the beautiful church which was built (in his honour)
" I bhfad ón Laplainn a nochtadh a scéal dom agus a bhfaca mé iarsmaí an tséipéil ghleoite a tógadh ina onóir.
leabhar gleoite beautiful book
" Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku.
maisithe go gleoite beautifully festooned
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.
an ngaidhrín gleoite sin that beautiful wee mutt
" Osclaítear an brabhsálaí agus tosnaíonn an cíoradh agus sula i bhfad tá do chroí istigh sa chuardach, curtha faoi gheasa ag súile nó ag an meangadh beag atá ag an ngaidhrín gleoite sin.
duine gleoite charming person
" Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.
gleoite cute
" Is eagras iontach é Ciste Fiadhúlra an Domhain, nach ea? Más é sin do bharúil, bainfidh an t-alt seo siar asat: níl an t-eagras féin chomh gleoite céanna leis an bpanda ar a lógo, dar le Maidhc Ó Cathail.