Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar fud na cruinne all over the globe
" Baisteadh sráideanna ar fud na cruinne as cuid de na stailceoirí ocrais.
timpeall na cruinne around the globe
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
ar fud na cruinne across the globe
" Tharraing an comórtas aird ar fhadhb na ndaoine gan dídean agus ar na hiarrachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne le dul i ngleic léi.
cruinne globe, world
" Glactar leis gur triail bhréige a bhí ann agus tógadh conspóid ar fud na cruinne mí na Samhna 1995 nuair a crochadh Saro-Wiwa agus ochtar eile, an ‘Ogoni 9’ mar a baisteadh orthu.
cruinne world, globe
" Agus mé ag taisteal na cruinne, buailim le daoine in áiteanna eile nach bhfuil a leithéid de ghníomhaíocht phobail acu, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht shóisialta acu, agus ar bhreá leo é a bheith ina dtíortha féin.
cruinne globe
" Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
cruinneachán a globe
" Le cruinneachán ar a bharr a osclaíonn amach mar oculus chun na spéire, níl ceann ar bith eile chomh mór leis ar an domhan atá déanta ina iomlán as coincréit neamhthreisithe.
timpeall na cruinne around the globe
" Tharla gur fionnadh agus go ndearnadh uirlisí agus innill agus mar sin de in áiteanna éagsúla, ag amanna éagsúla timpeall na cruinne, ach níor tharla ar chor ar bith go dtí an lá inniu féin in áiteanna eile.
na cruinne of the globe
" Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus an-chosúil lena chéile um an dtaca sin.
a thriallann ar na ceithre hairde which travel the four corners of the globe
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
go bhfuil sé teoranta go maith mar chruinne that it’s fairly limited as a globe
" Cé nach raibh sé i bhfad siar ón domhan, bhí sé soiléir go bhfuil sé teoranta go maith mar chruinne.
gceantair íogara na cruinne touchy parts of the globe
" An fáth nach bhfuiltear á dteilgean thart i gceantair íogara na cruinne faoi láthair, siocair lucht an ionsaithe a bheith éiginnte faoi theicneolaíocht a namhad.
ar feadh an bheatha bhraonaigh across the globe
" Bhí an t-ionsaí tochtmhar ina fhíseán mearscaipthe ar YouTube ar feadh an bheatha bhraonaigh.
ar dhromchlár na cruinne across the globe
" Tarlaíonn eachtraí lámhaigh anseo chomh maith le háiteanna eile ar dhromchlár na cruinne, faraor, ach ní hí an tír seo is measa.
fud na cruinne around the globe
" An Crusher Casey ======== Curaidh, sáriomaitheoirí spórtúla ab ea deartháireacha Uí Chathasaigh agus is mó duais, gradam agus craobh a bhuadar ar fud na cruinne sna blianta úd sa chéad leath den 20ú aois.
gach cearn den domhan every part of the globe
" Bhí sráideanna Dhoire ag preabadh arís le 430,000 duine a tháinig ó gach cearn den domhan le bheith páirteach i bhFleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa, an Fhleadh is mó go dtí seo i stair Chomhaltas Ceoltoirí Eireann.
ar fud an domhain go caithréimeach victoriously across the globe
" Scaipfeadh an córas a raibh an lá aige ar fud an domhain go caithréimeach.
Is beag áit ar dhromchla an domhain few places on the globe’s surface
" Is beag áit ar dhromchla an domhain nach bhfuil a chos (agus a lorg) leagtha ag an duine.