Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina ghlóire ar fad in all its glory
" Cá bhfuil an seomra folctha agus an cith? Ar ais amach sa chlós, isteach doras eile, agus sin é - ina ghlóire ar fad.
ré órga glory days
" Bhí Frank McCourt, Dennis Duggan agus naoimh is peacaithe eile Éireannacha i láthair chun comhghairdeas a dhéanamh le McEvoy, fear a raibh eolas maith aige féin ar an "Head" le linn ré órga an tábhairne.
mura raibh áthas ná glóire ach oiread even if there wasn't joy and glory either
" D'fheilfeadh liombó go seoigh; áit nach raibh pian ná fulaingt mura raibh áthas ná glóire ach oiread.
dá mhéad a ghlóir in all his glory
" Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóir, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.
onóir agus glóire honour and glory
" Ba shagart agus bainisteoir Gael-Mheiriceánach a threoraigh Wilkins agus a chuir ar a chumas onóir agus glóire a bhaint amach leis an National Basketball Association (NBA).
Ar son glóire Dé for the glory of God
" Ar son glóire Dé agus onóra na hÉireann, tógfaidh.
iar-ghlór na Polainne Poland's former glory
" Cúpla seachtain ó shin bhí mé i siopa bláthanna agus nuair a d’aithin an freastalaí orm nach de bhunadh na háite mé rinne sé iar-ghlór na Polainne a mhíniú dom.
laethanta glórmhara na nóchaidí the glory days of the Nineties
" Faoi mar atá sé faoi láthair, tá Uíbh Fhailí, an Clár, Luimneach agus Loch Garman tite ar gcúl ó laethanta glórmhara na nóchaidí agus is ábhar buartha é sin do mhuintir na hiomána.
buaic na glóire pinnacle of glory
" Tá an spórt chomh dian sin, agus an iomaíocht chomh géar idir rothaithe aonaracha chomh maith le foirne, agus airgead mór le gnóthú, go ndeirtear nach féidir buaic na glóire a bhaint amach gan na drugaí a chuidíonn leis an rothaí teacht chuige féin tar éis lá fada ar an diallait.
glóire glory
" Cronaímid uainn glóire an tsamhraidh: boladh na mbláth, saoirse an fheileacáin, loise na gréine, agus gártha na bpáistí.
an sméar mullaigh the crowning glory
" Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici agus cá bhfios nach é an sméar mullaigh a bheas ar an scéal an bonn óir a bhuachan?
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna in all its glory throwing colour and shade
" Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
do chum ghlóir for the glory
" Dream barbartha, aineolach, trodach, fiáin a bhí sna Gaeil, mar dhea, agus sin an fáth go raibh “bunaitheoir Bhéal Feirste” ábalta seo a rá:  “*I burned all along the Lough, (Loch nEachach) within four miles of Dungannon and killed one hundred people, sparing none of what quality, age or sex soever, besides many burned to death; we kill man, woman and child; horse, beast and whatsoever we find*,” Ba shin caint Sir Arthur Chichester, agus é ag trácht ar ghlanadh eitneach a chleacht sé ar na Gaeil sna bólaí thart ar Bhéal Feirste, do chum ghlóir Eilís I agus d’onóir Shasana.
cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo the strength and crowning glory of this collection
" Saibhreas Tiomsaithe ======== Is iad na nótaí a théann leis na hamhráin seo, agus atá tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta ar an sean-nós - ar amhránaithe cuid mhór díobh - (Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, Lillis Ó Laoire, Ann Mulqueen, Treasa Ní Mhiolláin agus Róisín Nic Dhonncha i measc daoine eile) cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo.
Bheadh sé mar sméar mhullaigh it’d be a crowning glory
" Bheadh sé mar sméar mhullaigh ar iarracht dochreidte a bhí déanta ag pobal agus is dóigh liom go raibh pobal na Gaeltachta ar fad tugtha linn againn an uair sin.
an féinghlóire personal glory
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
buaic na glóire seo a bhaint amach reach this height of glory
" Dar le Feilim Mac an Iomaire, urlabhraí Paddy Power, go gcuireann ráth Clarke in iúl “gur féidir le haon díograiseoir pócair buaic na glóire seo a bhaint amach.
blianta fada glórmhara long glory years
" Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.