Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scriosadh gnáthóige habitat destruction
" Is ainmhí é atá i mbaol anois de bharr scriosadh gnáthóige agus an sléacht a rinneadh orthu ag tús an chéid seo caite.
gnáthóg haunt
" Tá comóradh déanta cheana ar McEvoy agus ar a leabhar san áit sa Village ina mbíodh gnáthóg na scríbhneoirí, The Lion's Head, suite.
ina ngnáthóg nádúrtha in their natural habitat
" Ach fós féin cuirtear Kruger os comhair an tsaoil mar áit ina bhfuil na hainmhithe sábháilte ina ngnáthóg nádúrtha.
gnáthóg habitat
" Tá sé d’aidhm acu ar a laghad 1% den Astráil a bheith acu faoi cheann 20 bliain le gnáthóg agus ainmhithe dúchasacha a chosaint.
Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992. EU Habitats Directive 1992.
" Tá 381 LCS in Éirinn agus bunaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1992.
na gnáthóga tábhachtacha the important habitats
" Ar an dea-uair, níor leagadh chun talaimh an fhoraois i gcúlchríoch na Síre, agus tá na gnáthóga tábhachtacha fós ansin.
raon gnáthóg agus speiceas range of habitats and specis
" Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú.
caillteanas gnáthóige loss of habitat
" Deir sé gurb é caillteanas gnáthóige cionsiocair a ndíothaithe, ach go bhfuil locht nach beag ar ligean isteach ainmhithe andúchasacha freisin.
ghnáthóga habitats
" Tá sé ina scrios i dtír ann anois, agus tá an-dochar déanta acu do ghnáthóga sobhriste an fhásaigh.
gnáthóg habitat(s)
" Tá an SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú.
ngnáthóg habitat
" An comhartha eile é “Oileán Oighear Peterman (2010)”, mar a dtugtar air anois, go bhfuilimid ar chonair chaoch a chríochnóidh i réabadh ár ngnáthóg féin? Deir Andreas Muenchow, a bhfuil taighde déanta aige ar oighearshruth Petermann leis na blianta, go bhfuil sé deacair ceangal cinnte a dhéanamh idir an sceitheadh seo agus athrú aeráide an domhain.
gnáthóg of habitats
" Bíodh is go bhfuil an t-ainm ‘inbhear’ ar an gcineál crogaill eile, cónaíonn sé i réimse leathan gnáthóg, mar shampla sna huiscebhealaí fionnuisce, sna hinbhir sáile agus san fharraige.
ngnáthóga habitats
" Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.
ghnáthóg habitat(s)
" Oireann an dá ghnáthóg dóibh araon.
ghnáthóga habitats
" Bhain sé feidhm ina thaighde as tuairiscí ar shochaí an mhuintir dhúchais agus as eolas ar ghnáthóga lusanna éagsúla freisin.
caillteanas gnáthóige loss of habitat
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
míníonn sin an ghnáthóg it explains the habitat
" Seo an chéad uair go bhfuarthas coiscéimeanna den aois seo taobh amuigh den Afraic! Ach tá an flora agus fauna an-tábhachtach fosta, mar go míníonn sin an ghnáthóg a mbíodh na daoine ina gcónaí ann, agus b’fhéidir go bhfaighfear déantáin orgánach as seo amach.
Treoir maidir le Gnáthóga the habitats guide
" De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga 1992, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na scothaicmí atá liostaithe acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana.
raon gnáthóg a range of habitats
" Tá an SPNF ina cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú.
ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha the marram/bent grass sand dune habitat
" Bhí ‘drochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall.
chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg the preservation of our habitat heritage
" Dá mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg.