Pota Focal Intergaelic
| glé | gnó | gnú | en
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gné aspect
" Is í aidhm na Comhdhála bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
gné aspect
" Seo gné amháin den chiníochas nach bhfuil athrú dá laghad tagtha uirthi i Meiriceá.
an ghné aspect
" Dar leis féin gurb é an coincheap féin an ghné is tábhachtaí den ealaín agus gur rud tánaisteach é an ealaín féin a chruthú.
ghné aspect
" Deir Neasa go raibh coimhlint i gcónaí idir an dá ghné seo dá saol a raibh sí ag plé leo sa Ghaillimh, "an saol acadúil ar thaobh amháin agus saol na meán ar an taobh eile".
gné aspect
" Ach níl a fhios agam an bhfuil árachas sláinte príobháideach acu agus, fiú má tá, ní chlúdaíonn sé sin gach gné d'aon tinneas.
gné aspect
" Is gné amháin den duine atá freagrach as formhór a chlú ach, ar an drochuair, ní hé an ghné sin a chuid filíochta ná a chuid amhrán.
gnéithe suntasacha noticeable aspects
" Is gnéithe suntasacha dá gcultúr corparáideach an col le machnamh, le hathmheas agus le nuálaíocht.
gné aspect
" Agus sin gné amháin nach mbíonn riamh in easnamh ag an nGóilín! Tugtar, mar a dúirt mé, tus áite don amhrán agus don amhránaí agus tugtar cluas éisteachta nach bhfuil a shárú le fáil in áit ar bith.
gné aspect
" Ar an drochuair, bíonn an chlaontacht chéanna le feiceáil i gcás an phionóis seo is a bhíonn i gceist i ngach gné eile den saol - agus nuair a dhéantar botún, ní féidir an scéal a chur ina cheart.
ghné aspect
" Bhí rannpháirtíocht na Gaeltachta ina fhís ag John Gleeson (as Inse Cóir i mBaile Átha Cliath) agus a chomhleacaithe ar choiste na féile blianta ó shin agus tá an ghné seo den fhéile faoi bhláth anois.
gné spéisiúil interesting aspect
" Is gné spéisiúil den tír é go mbíonn saol na meánaoiseanna agus saol na ríomhaireachta le feiceáil taobh lena chéile mar seo go minic.
gnéithe aspects
" Beartaíodh i 1980 ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne a bhunú chun gnéithe d'oidhreacht an cheantair a fhorbairt agus a chur faoi bhráid an phobail áitiúil agus na gcuairteoirí a thagann anseo ag triall ar an nGaeilge.
gnéithe aspects
" Deir sé go dtéann Riverdance i bhfeidhm ar dhaoine i dtíortha eile mar go bhfeiceann siad gur iarracht atá ann gnéithe den chultúr Gaelach a chaomhnú, gnéithe atá caillte nó á gcailleadh acu féin.
gné aspect
" Thug mé faoi gach gné den tsochaí chomhaimseartha agus chuir mé mo bhróg go putóg ann.
ghnéithe aspects
" Dar leis go bhféadfaí é a úsáid le haghaidh teagaisc agus comhairle a chur ar dhaoine faoi cheird an aistriúcháin (rud a dhéantar faoin gceannteideal "Oideas") agus fóram a sholáthar a ligfeadh do dhaoine ceisteanna agus comhairle a chur ar a chéile faoi ghnéithe den Ghaeilge (rud a dhéantar san Fhóram Ríomhphoist).
ghné aspect
" Tá dhá ghné de pholasaí an rialtais maidir le cúrsaí spóirt ag tarraingt aird an phobail i láthair na huaire agus tá an dá ábhar sin ag cur brú nach beag ar an gCumann Lúthchleas Gael ethos an chumainn a athrú ó bhonn.
ghnéithe aspects
" Táthar ag súil go mbeidh beirt fhilí Breatnacha ag teacht ar cuairt chugainn chun a gcuid filíochta a léamh, go mbeidh cainteanna ó aíonna eile ar ghnéithe d'ealaín agus de litríocht na Gaeilge agus na hÉireann, agus go mbeidh buíonta ceoil ann a bheidh ag casadh cheol na hÉireann i rith na hoíche.
ghnéithe aspects
" ar fáil dóibh agus go dtarlóidh athshealbhú ar réimse leathan de ghnéithe an chultúir agus go ndéanfar athbhreithniú ar luachanna bunúsacha an chultúir.
gné aspect
" Cad é an míniú is fearr a thabharfá ar Zen, an creideamh a bhfuil a rian chomh láidir sin ar gach gné de shaol is de chultúr na Seapáine? Ná smaoinigh air mar chreideamh, sa chéad áit.
ghnéithe aspects
" Tá an éabhlóid ag dul ar aghaidh, go malltriallach, i dtreo pháirtithe uile-Éireann ach cén t-eolas atá ag an ghnáthnáisiúnaí féin ar na hinstitiúidí, ar an phearsanra, nó ar ghnéithe de shaol sóisialta na 26 Chontae? Fíorbheagán.
ghné aspect
" Tá an fhealsúnacht ann, a deir sí, "má bhíonn ar dhuine díriú isteach ar thrí ghné éagsúla dá shaol nó dá saol go mbíonn ar an duine sin gné amháin a bhrú ar leataobh.
gné aspect
" Is léir, mar sin, go raibh gach gné den ghluaiseacht náisiúnta ann, idir na réabhlóidithe agus an lucht bunreachtúil, agus go minic bhí forluí ann leis an lucht cultúrtha.
ghné aspect
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht? Is í an phríomhlaige ná an easpa acmhainní daonna sa dá ghné den obair: ceapadh na téarmaíochta: tagann na coistí le chéile lá amháin sa mhí ach bíonn i gcónaí i bhfad níos mó le déanamh ná mar is féidir a chríochnú taobh istigh den achar sin.
gnéithe aspects
" Chuige sin ba chuidiú é gnéithe áirithe den chóras gramadaí a bheith tugtha chun simplíochta.
ghné thábhachtach an important aspect
" Tá sin mar ghné thábhachtach de theanga ar bith.
ghnéithe aspects
" Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d'fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb'fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.
gné aspect
" Tá siad páirteach sna círéibeacha seicteacha in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste, ach ní fheiceann Trimble gné ar bith polaitiúil anseo.
gné bhunúsach basic aspect
" Ceapaim gur éagóir mhór é ó thaobh cúrsaí oideachais de nach dtugtar aon bhuneolas do ghasúir faoi chúrsaí dlí agus iad ag dul amach sa saol mór, mar is gné bhunúsach é d´ár saol.
gné aspect
" Tair agus fiafraigh dúinn mar gheall ar Thig Mhóire, ar "Bhád na nGort nDubh", ar an "Santa Maria de La Rosa", ar "Dhóiteán Bhailícín" agus na gnéithe sin ar fad de shaol agus de stair an pharóiste atá fós ar bhéalaibh daoine.
gnéithe aspects
" Ach tá gnéithe eile den socrú arbh fhiú aird a tharraint orthu, agus ina dhiaidh sin is gá an bhunloighic atá taobh thiar den Chomhpholasaí Iascaireachta a cheistiú ina iomláine.
gné aspect
" Sin gné den chóras dlí s'againne, ar ndóigh - ní bhíonn mórán suime san íospartach nó ní thugtar mórán airde air/uirthi.
gnéithe aspects
" Ceann de na gnéithe ar chuir mé féin suim ann ná an méid a bhí le rá ag imreoirí a chaill a n-áit ar an bhfoireann agus ar an bpainéal sna blianta sin.
gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail strong cross-border and cross-community aspects
" Inár dtuairim féin, tá muidne ag déanamh obair mhór leis an teanga seo a chaomhnú ar dhóigh straitéiseach agus tá gnéithe láidre trasteorann agus trasphobail le feiceáil inár gcuid gníomhaíochtaí.
gnéithe eile den tsochaí other aspects of the society
" Scrúdaítear an nasc idir cultúr na ngunnaí agus gnéithe eile den tsochaí, mar an t-impiriúlachas agus an ciníochas, agus easpa córais mhaith leasa shóisialaigh.
ghné aspect
" Na laethanta seo, agus sceon ar an bpobal faoi ghalair den uile chineál, cheapfá go mbeadh an ghné sin den cheist ar bharr an chláir oibre ag an Roinn.
i ngach gné in every aspect
" Bhí triúr ag obair sa Scoil Ghnó a raibh Gradam Nobel san eacnamaíocht bronnta orthu agus bhí béim mhór i gcónaí ar chaighdeáin arda a bhaint amach i ngach gné den obair a bhí ar bun acu, rud a mheas Allen a bheith an-tábhachtach, "níos tábhachtaí b'fhéidir ná na teoiricí acadúla a d'fhoghlaimíos.
ghné aspect
" Beidh sé deacair an ghné seo dár gcultúr a athrú chomh maith.
gné aspect
" Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht.
ghnéithe áithrid certain aspects
" Má ghlactar leis an stráitéis seo, beidh maolú ar an mbéim a bhí ar ghnéithe áithrid den turasóireacht - an cangarú, an cóála, an Sydney Opera House agus mar sin de.
chóir a bheith gach gné nearly every aspect
" Comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
ghné aspect
" Is deacair a thuiscint uaireanta céard tá ar bun ag na heagrais atá freagrach as todhchaí agus slánú an dá ghné seo dár n-oidhreacht Ghaelach.
ghnéithe áirithe certain aspects
" Tig le ballstát ar bith moill a chur ar ghnéithe áirithe den chur i bhfeidhm go dtí 2007.
gné áirithe a certain aspect
" Uaillmhian agus fuath ======= Is é préamh na faidhbe dáiríre ná gné áirithe de chúltúr na gcluichí ag gach leibhéal, cultúr a chruthaíonn paisean agus uaillmhian agus fuath, uaireanta, in imreoirí agus i bhfoirne agus a théann thar fóir rómhinic.
leis na gnéithe sin uilig a iniúchadh to study all those aspects
" " Rithimí na teanga ======= Sa lá atá inniu ann tá sé ag amharc ar an teanga féin, an ceol a mhaireann inti, a rithimí agus a beocht nádúrtha, agus tá sé ag glacadh ama leis na gnéithe sin uilig a iniúchadh.
ghné aspect
" Tá na báid seoil mar ghné eile de shaol agus de sheanchas Thír an Fhia.
trí ghné three aspects
" De réir an Ollaimh le Dlí in Ollscoil Uladh, Fionnuala Ní Aoláin, bhí trí ghné ag baint leis na trialacha ollbhrathadóra a chothaigh deacrachtaí: de ghnáth, ní raibh aon fhinné eile ann le tacú leis an fhianaise a thug na brathadóirí, agus chaith an tslí ar mealladh daoine le fianaise a thabhairt, mar aon le carachtar na mbrathadóirí féin, amhras ar an fhianaise a thug siad.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Rinne mé dianmhachnamh ar ghnéithe éagsúla den fhile, a shaol misteach, a spioradáltacht, Maud Gonne.
gné aspect
" Deir campa amháin nach bhfuil le déanamh ach corrcheartúchán anseo is ansiúd, agus deir an taobh eile - Éire ina measc - gur comhlacht flaitheasach an chomhdháil idir-rialtasach agus nach mbeadh sé "bunreachtúil" gan gach ceist agus gach gné de gach ceist a oscailt don athphlé.
gné aspect
" D'fhág sé an nasc iarnróid idir an Bhruiséil, Strasbourg agus Lucsamburg as an áireamh, toisc gur mheas sé nár bhain gné "phanEorpach" leis.
achan ghné den tsochaí every aspect of society
" " Nuair a tháinig Aled go dtí na Sé Chontae, ba é an chéad rud a thug sé faoi deara, ní nach ionadh, ná an scoilt pholaitiúil a ritheann fríd achan ghné den tsochaí anseo.
gné aspect
" In Oirialla bhí suim ag na bailitheoirí i ngnéithe éagsúla den traidisiún: duine amháin, bhailigh sé focail na n-amhrán agus na scéalta; duine eile rinne sé na hamhráin a thaifeadadh; duine eile foghraíocht, agus mar sin de.
i ngnéithe éagsúla in various aspects
" In Oirialla bhí suim ag na bailitheoirí i ngnéithe éagsúla den traidisiún: duine amháin, bhailigh sé focail na n-amhrán agus na scéalta; duine eile rinne sé na hamhráin a thaifeadadh; duine eile foghraíocht, agus mar sin de.
gné trasphobail cross-community aspect
" D'aithin siad go raibh gné trasphobail leis.
gné bhunúsach basic aspect
" Sin gné bhunúsach de shaothrú ealaíne ar bith.
gné aspect
" org/) is féidir na socruithe codarsnachta sna pictiúir a athrú agus píosaí de na pictiúir a mhéadú chun gné faoi leith a dhéanamh níos soiléire.
gné spéisiúil interesting aspect
" uk)) Is gné spéisiúil eile dá chuid oibre é an t-aistriúchán, a deir sé: "Spéisiúil ach doiligh - agus ní miste liom a admháil go bhfuil Sarah i bhfad níos fearr ná mise ina bhun, ach beidh liom, lá éigin!" "An nua-théarmaíocht an fhadhb is mó atá againn anseo.
Gné thábhachtach important/key aspect
" Gné thábhachtach eile den oideachas i Manhattan International ná na ranganna a mbíonn sé mar aidhm acu Béarla a theagasc do na daltaí.
gné aspect
" Is iad na ceoltóirí is fearr liomsa ná iad siúd a chleachtaigh agus a raibh grá acu do gach gné den traidisiún - daoine mar Shéamus Ennis, Willie Clancy, Breanndán Ó Beaglaoigh - agus tú féin, ar ndóigh! AÓF: Agus cén rud dearfa is mó a phiocfá amach? TM: Bhuel, ceapaim gur cheart dúinn a thuiscint, má bhí ré órga riamh ann do cheol traidisiúnta na hÉireann, gur anois atá sé ann.
gné aspect
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Go ndaingneofaí an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh, oibre, sóisialta agus i ngach gné de shaol na Gaeltachta.
gné aspect
" Ó thaobh rannpháirtíocht an phobail in imeachtaí an Árais, tá an t-ionchur deonach an-tábhachtach ach, arís, is gné é seo nach bhfuil aon smacht againn air, agus tá laghdú mór go ginearálta i líon na ndaoine atá sásta obair dheonach a dhéanamh.
gach gné den oidhreacht every aspect of heritage
" Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 chun díriú ar gach gné den oidhreacht - abair an oidhreacht fhisiciúil agus an oidhreacht teangan.
gnéithe aspects
" " Ceapadh McLaughlin mar Oifigeach Ceoil Thraidisiúnta sa Chomhairle agus ina dhiaidh sin bhí baint aige le gnéithe eile d'obair na Comhairle, ina measc pleanáil straitéiseach agus cúrsaí pearsanra.
gné thrítheangach trilingual aspect
" Dár ndóigh, is mór ag McLaughlin go bhfuil gné thrítheangach ag baint leis an tionscadal, is é sin go bhfuil an Ghaeilge, an Bhreatnais agus an Béarla i gceist.
gnéithe aspects
" Tá Faróis an lae inniu i bhfad níos gaire don Íoslainnis ná don Danmhairgis agus tá gnéithe de chuid na Sean-Ioruaise le fáil inti.
ghné labhartha oral aspect
" Tá an ghné labhartha mar chuid thábhachtach den damhsa seo agus, ós rud é go raibh an damhsa i gcónaí lárnach sna féilte traidisiúnta, chabhraigh seo leis an teanga a choimeád beo.
Gné thábhachtach an important aspect
" Gné thábhachtach d'aon chomhdháil, ar ndóigh, ná taitneamh a bhaint as - is cinnte go mbainfidh tú sult as Tóstal na Gaeilge 2004.
gnéithe éagsúla various aspects
" Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, "Katie agus Rookie", crochta in aice lena dheasc.
gné aspect
" Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, "Katie agus Rookie", crochta in aice lena dheasc.
ghnéithe aspects
" Díreach roimh an Nollaig, labhraíos faoi ghnéithe den Dán Díreach, agus ní gá dom a rá gur cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romham ansin.
gné aspect
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
gné aspect
" "An lorg a fhágann pearsantacht an údair ar a shaothar" an dara gné atá i gceist aigesean (*Litríocht agus Léitheoireacht* (1973), lch 21) ach níl ansin ach cuid de, dearcadh amháin ar an litríocht, cé gur slán an deighilt aige í.
an dá ghné the two aspects
" Is é an chéad rud eile a mbeadh dúil ag an léitheoir leis sa scéal ar léamh na n-abairtí tosaigh sin dó - ós rud go gcastar Bullaí Mhártain air agus é ag imeacht as baile ag fógairt catha ar shaol sin an rince nár casadh ar an léitheoir go fóill - go léireofar sa scéal contrárthacht a bheith fada buan idir an dá ghné de shaol Bhullaí Mhártain, idir saol an bhaile agus saol an rince.
gnéithe aspects
" Le tamall anuas freisin, tá an díospóireacht faoi scannán mór-ráchairte Mel Gibson, *The Passion of The Christ*, tar éis aird daoine a tharraingt ar na gnéithe is measa de chúrsaí reiligiúin - an éadulaingt agus an fuath seanbhunaithe.
ghné aspect
" Is é an ghné de na torthaí is mó gur údar imní í ná go dtugann siad le fios go bhfuil ceithre chontae i bhfad taobh thiar den chuid eile agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ach ocht gcontae *ar a mhéid* ann dáiríre atá in ann dul in iomaíocht ag an leibhéal is airde.
an ghné is conspóidí den chaidreamh the most controversial aspect of the relationship
" Bheadh sé deacair teacht ar dhá ábhar cainte is mó a bhíonn i mbéal an phobail seachas oideachas agus sláinte! Bhí moltaí eile ann maidir leis an trádáil i seirbhísí leis na tíortha neamhfhorbartha - an ghné is conspóidí den chaidreamh a bhíonn ag na tíortha forbartha leis na tíortha bochta.
chuile ghné den saol every aspect of life
" Deintear clúdach ar chuile ghné den saol go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
ghné aspect
" Bíonn deacrachtaí ann, bíonn amantaí iontacha ann, bíonn amantaí nach mbíonn chomh hiontach sin ann ach, ag an am céanna, faighimse i bhfad níos mó sásaimh as an saol sa ngnó príobháideach ná mar a fuair mé ó ghné ar bith eile de mo shaol oibre.
gné lárnach central aspect
" Tá an chuma air go n-aontaíonn Microsoft leis an gcur chuige comhoibríoch seo agus is gné lárnach den chlár bunú Suíomh Gréasáin Gluaise Pobail don Ghaeilge ag http://members.
gné aspect
" "Ní hé go bhfuil an oiread sin faoi chúrsaí gnéis ann .
gné aspect
" B'fhéidir nach iontas ar bith é ar an ábhar sin aiste a bheith anseo agam tá cúpla mí ó shin ar *thús *'Bullaí Mhártain' ná gur chuir mé sonrú speisialta i gclúdach na leabhar agus sna blurbaí in aistí eile a scríobh mé roimhe seo! Is beag gné de shaothar litríochta is tábhachtaí ná an tús.
gné aspect
" Ach bhí gné eile de seo nach raibh soiléir ag an am sin.
gné aspect
" Ach bhí gné eile den raic seo, a bhain le cártaí leighis.
ghnéithe aspects
" Breatnach ar ghnéithe de sheachadaíocht na n-amhrán traidisiúnta sa Ghaeilge, ag díriú go speisialta ar "Caoineadh Liam Uí Raghallaigh" agus "Táim Sínte ar do Thuama".
gné aspect
" Grian gheall… Trá the… Farraige fhionnuar… Cuimhní curtha i dtaisce ag trealamh teicneolaíochta - trealamh a raibh tionchar an-mhór aige ar beagnach gach gné de na laethanta saoire iad féin.
gné aspect
" Amannta is míbhuntáiste é an córas daonlathach seo toisc go mbíonn athruithe tábhachtacha mall ag teacht i bhfeidhm, ach is gné thábhachtach é freisin den CLG toisc go dtugann sé úinéireacht an chumainn do na gnáthbhaill, agus ar an gcaoi sin Cumann Lúthchleas Gael a choinneáil láidir sa phobal.
ghnéithe éagsúla den scannánaíocht different aspects of film-making
" " Thosaigh O'Hara ansin i 1997 ar chúrsa a mhair ar feadh bliana acadúla, agus a dhírigh ar ghnéithe éagsúla den scannánaíocht.
gnéithe aspects
" Le cúpla bliain anuas, tá dhá leabhar fhíorspéisiúla scríofa aige chomh maith ar chuid de na gnéithe is tábhachtaí den pholaitíocht Ghael-Mheiriceánach.
ghné chomh tábhachtach sin such an important aspect
" Cén fáth go bhfuil sé seo mar ghné chomh tábhachtach sin den cheol daoibh? LK & YK: Tá níos mó taitnimh le baint as a bheith ag roinnt an cheoil, idir a bheith ag éisteacht leis agus a bheith á sheinm.
an ghné is tábhachtaí ar fad the most important aspect of all
" AÓF: Nuair atá duine ag foghlaim conas seinm, céard atá tábhachtach, dar libh? Cén chomhairle a chuirfeadh sibh ar dhuine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a c(h)uid seanma? LK & YK: Is í an éisteacht an ghné is tábhachtaí ar fad, go cinnte, sa seinm.
gné aspect
" Ach is é sin an fhadhb ná nach maith le CLG éinne a bheith ró-neamhspleách - is maith leis an eagraíocht smacht a choinneáil ar gach gné d'imeachtaí an Chumainn.
an ghné is amaidí the silliest aspect
" Is í an ghné is amaidí den scéal seo ar fad ná go ndeir beagnach chuile dhream údarásach gur chóir go mbeadh ospidéal i dTuaim.
gné aspect
" Má tá fadhbanna agat le clár nó gné éigin, imíonn an chuid sin tar éis tamaill agus bogann tú ar aghaidh go dtí an chéad rud eile.
gnéithe aspects
" Is léir go bhfuil gnéithe den pholaitíocht "ar an talamh" - sláinte, cultúr, an tslándáil féin - ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda.
gné aspect
" Sin gné den scéal nach dtugtar dóthain airde air, sílim.
gné aspect
" Tá mé freagrach as gach gné d'obair na Comhairle faoi stiúir Chathaoirleach na Comhairle, Breandán Mac Cormaic.
gné aspect
" Chiallaigh sin go raibh níos mó agus níos mó páistí cáilithe don oideachas speisialta, gné atá an-chostasach.
gné aspect
" Tá mé freagrach as gach gné de riarú an Bhrainse, agus as leaganacha Gaeilge na logainmneacha a réiteach ach go háirithe, i gcomhar leis an hoifigigh taighde eile.
Gné aspect
" Fágadh ar lár é i l994 de bharr locht sa chóras ballóide faoi rún, ach an bhliain chéanna sin, roghnaigh na himreoirí é mar "Imreoir na Bliana" agus ba é an rogha leis do dhuais Texaco, "Iománaí na Bliana"! Gné eile de scéim na Réaltaí a thug uchtach agus spreagadh d'imreoirí ná turas na Réaltaí.
i mórán chuile ghné in virtually every aspect
" Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann.
gnéithe difriúla den mheasanú teanga different aspects of language assessment
" Tá stádas breathnadóra bainte amach ag Ionad na dTeangacha in ALTE (Association of Language Testers in Europe), eagraíocht a bunaíodh i 1989 agus é mar aidhm aici caighdeáin thrasnáisiúnta a fhorbairt maidir le gnéithe difriúla den mheasanú teanga, mar shampla, forbairt scrúduithe agus marcáil scrúduithe.