Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gnéasach sexy
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
mhí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Bhí cur síos sa tuairisc imscrúdaitheach ar an dóigh ar aistríodh sagart ó pharóiste go paróiste ar feadh tríocha bliain, agus líomaintí faoi mhí-úsáid ghnéasach á leanúint gach áit dá ndeachaigh sé.
ainteagmháil ghnéasach sexual molesatation
" Maidir leis an dream traidisiúnta san eaglais, tá siadsan ag teacht ar an tuiscint go bhfuil sé in am éirí as a bheith ag féachaint ar ainteagmháil ghnéasach agus cúrsaí eile a bhaineann le gnéas mar "thinnis" a gcaithfear déileáil leo go síceolaíoch.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Ní scéal nua é mí-úsáid ghnéasach a bheith á cur i leith sagairt.
áit a raibh ainteagmháil ghnéasach aige le buachaillí óga where he sexually molested young boys
" Roghnaigh Daily Shanley mar riarthóir agus tréadaí gníomhach i bparóiste Newton i 1984, áit a raibh ainteagmháil ghnéasach aige le buachaillí óga, de réir líomhaintí atá déanta.
ionsaithe gnéasacha sexual assaults
" Tá fadhb na n-ionsaithe gnéasacha ar pháistí ar eolas ag na heaspaig le blianta agus fós tá drogall orthu é seo a admháil.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Ansin, i mí Dheireadh Fómhair, léirigh an clár "Prime Time" ar RTÉ gur chosain an Cairdinéal Connell é féin sagairt a bhí ag déanamh mí-úsáid ghnéasach ar pháistí.
mhí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.
ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach rattling away in ugly/sexy Irish
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? An fhís atá agam féin ná go mbeidh vaimpír álainn baineann ag siúl shráideanna na cathrach istoíche ag baint plaiceanna as daoine agus, in áit vaimpír a dhéanamh astu, go dtosnóidh siad ag spalpadh Gaeilge ghránna/ghnéasach agus nach fada go mbeidh pobal iomlán na cathrach claochlaithe.
foréigean gnéasach nó fisiciúil sexual or physical violence
" Is minic leis gur géarchéim phearsanta i saol duine, ar nós briseadh caidrimh, bás, nó foréigean gnéasach nó fisiciúil sa bhaile, a bhrúnn duine amach ar na sráideanna.
mhí-úsáid ghnéasach sex abuse
" Rinne sé dhá chlár fosta ar Chogadh na mBórach agus léirigh sé dráma dar teideal "Care", a rinne plé ar mhí-úsáid ghnéasach i ndílleachtlanna sa Bhreatain Bheag.
réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha a wide range of sexual activities
" I gcás True Love Waits, tagraíonn "staonadh ó ghnéas" do réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha.
híonacht ghnéasach sexual purity
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
spreagann tú go gnéasach which excites you sexually
" Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná "diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach"; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad.
mhiangas ard gnéasach high sexual libido
" "Nuair a chruthaigh Dia daoine daonna, thug sé inchinní níos mó dóibh … agus bíonn muid ar dáir an t-am go léir, 24/7 … agus is mar gheall ar an mhiangas ard gnéasach seo a mhair muidne nuair a fuair an mamat ollach agus an tíogar claíomh-fhiaclach bás, agus ar éirigh linn maireachtáil san Oighearaois.
cathú gnéasach sexual temptation
" Agus sa dóigh is gur féidir le daoine óga na cinntí is fearr a dhéanamh nuair a thig cathú gnéasach orthu, níor cheart dúinn teorainn a chur lena gcuid oideachais nó lena gcuid eolais; ina ionad sin, ba cheart dúinn oiread eolais agus is féidir a thabhairt dóibh sa chaoi is go dtig leo an cinneadh is fearr a dhéanamh.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Cuireann scéal Buckley i gcuimhne do dhaoine an chumhacht a bhaineann le creideamh, ag am nuair atá go leor ag ceistiú cuid d'airteagail bhunúsacha an Chaitliceachais; cuireann sé i gcuimhne do dhaoine chomh maith gurb é atá i gceist leis an Eaglais Chaitliceach ná friotháil ar na daoine breoite, na bochtáin agus na díbeartaigh, seachas líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach agus cur i bhfolach coireanna amháin.
mí-úsáid ghnéasach sex abuse
" Tá cáineadh géar déanta ag Caitlicigh de shliocht Éireannach ar oifigigh de chuid na hEaglaise, áfach, de bhrí go bhfuil siad dian ar Kerry ach nár bhac siad le dul sa tóir ar pheacaithe sa tsagartóireacht a bhí ciontach as mí-úsáid ghnéasach.
ainteagmháil ghnéasach molestation
" "Agus é ag obair mar thuairisceoir, thug sé cuairt ar go leor íospartach a ndearna sagairt ainteagmháil ghnéasach leo agus chonaic sé daoine a raibh a saol ina chíor thuathail.
ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí the tragic sexual-abuse crisis
" McBrien, Ollamh le Diagacht in Ollscoil Notre Dame, a dúirt: "As na leabhair ar fad atá tar éis a theacht chun cinn mar gheall ar ghéarchéim thragóideach na mí-úsáide gnéasaí san Eaglais Rómhánach Chaitliceach, tá niche dá chuid féin ag leabhar Jimmy Breslin.
mí-úsáid ghnéasach leanaí child sexual abuse
" Mar a dúirt an tAthair Brian Darcy le déanaí, ní nach ionadh nach bhfuil muinín níos mó ag daoine ina bhfuil le rá ag an eaglais, nuair a chuireann tú san áireamh chomh mór ar strae is a bhí compás morálta na heaglaise agus iad ag plé le líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí.
ionsaithe gnéasacha sexual assaults
" Bhain ceann le hionsaithe gnéasacha ar pháistí, cuid acu an-óg, bhain tuilleadh le foréigean agus círéibeacha agus tuilleadh le gnéas á dhíol ag cailíní óga ar pheitreal.
íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach a very attractive and young and sexy image
" Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
gnéasach sexy
" An aidhm atá acu ná gluaisteáin leictreacha a dhéanamh “gnéasach”.
Raon de bhodhrán domhain gnéasach a track of deep, sexy bodhrán
" “Beidh mé libh i gceann sé huaire an chloig!” Raon de bhodhrán domhain gnéasach ó Rónán ar dtús.
mí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Tá siad á dtógáil mar gheall ar na fadhbanna uafásacha a bhaineann le caighdeán maireachtála na mBundúchasach – go háirithe drochthithíocht, mí-úsáid alcóil agus drugaí, agus mí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil a bheith a dtabhairt ar na páistí.
a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí who was convicted in 1998 of sexually abusing boys
" Is amhlaidh gur chaith an tAthair Dónal Collins -a fuarthas ciontach i 1998 i mí-úsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaillí - cúpla lá i dteach mo thuismitheoirí i Nua-Eabhrac samhradh amháin.
bródúil as a gclaonadh gnéasach proud of their sexual orientation
" Theastaigh ó na daoine a bhí páirteach inti a rá os ard go poiblí go bhfuil siad bródúil as a gclaonadh gnéasach agus as a bhféiniúlacht.
gur tugadh mí-úsáid ghnéasach do pháistí. that children were sexually abused
" Bhí iontas ar go leor daoine i mí Aibreáin i mbliana nuair a d'úsáid póilíní in Texas tanc agus armáin uathoibríocha agus iad i mbun oibríochta chun páistí a thógáil ó ghrúpa ceartchreidmheach Mormannach mar gheall ar líomhaintí a bheith déanta gur tugadh mí-úsáid ghnéasach do pháistí.
go nochtfar a gclaonadh gnéasach that their sexual orientation will be uncovered
" Mar gheall air seo, bíonn faitíos ar go leor múinteoirí aeracha go nochtfar a gclaonadh gnéasach ar eagla go mbrisfí as a bpost iad dá bharr.
a gclaonadh gnéasach. their sexual orientation.
" **Ach déarfadh formhór na ndaoine aeracha nach rogha stíle maireachtála é a gclaonadh gnéasach.
Coinnigh gnéasach é keep it sexy
" Is é seo a dúirt sí liom: “Coinnigh gnéasach é, a Phóil.
gnéasach sexy
" Agus buíochas le Dia, ’s iad na daoine ar comhaois liom féin a amharcann dóighiúil agus gnéasach i mo shúilese agus ní na tachráin lushúla agus foirfe a fheiceann tú i bpubanna faiseanta Bhaile Átha Cliath.
ghnéasaí sexier
" ’ Má thagann tú ar scannán atá níos ghnéasaí ná ‘*Bright Star*’ i mbliana, cuirigí ar mo shúilibh dom é.
ghnéasach sexual
" D’fhéadfadh roinnt daoine i dtíortha forbraíochta a bheith den tuairim go gcuireann imircigh luachanna abhaile a chuireann ceadaíocht ghnéasach chun cinn, a bhaineann an bonn den saol teaghlaigh is a chuireann béim ar chúrsaí tomhaltachais.
groí gnéasach hefty sexy
" Ach ní haon bhuachaill tusa, a Bhaloir; is fear mór groí gnéasach thú, agus má bhaineann tú an ghairleog sin, míneoidh mé duit cén fáth gur thug mé oíche off, chomh maith le lá off do gach duine sa chaisleán.
seachas an teacht i dtír gnéasach apart from the sexual exploitation
" Ach seachas an teacht i dtír gnéasach, bíonn orthu tabhairt faoi obair i dtithe príobháideacha agus san earnáil chúraim, leis.
thar a bheith gnéasach very sexy
" Agus níor éirigh le Alfa dul go Meiriceá fós! Tá an 159 thar a bheith gnéasach mar charr, agus is rud é seo atá an-choitianta i ngluaisteáin de chuid Alfa Romeo.
ionsaí gnéasach sexual assault
" Bhí ar Ardeaspag Caitliceach Sydney éirí as a chuid cúraimí le déanaí tar éis d'fhear cur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach air breis is daichead bliain ó shin.
ionsaithe gnéasacha sexual assaults
" Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.
an mhí-úsáid ghnéasach sexual abuse
" Loic an Eaglais Chaitliceach mar institiúid ar na páistí a bhí thíos leis an mhí-úsáid ghnéasach i nDeoise Fhearna ach ní hiad an chléir amháin a bhíonn ciontach as an choir seo.